Ollscoileanna chun sciar den chiste nua €40m a fháil i gcomhair oibreacha tógála ar scála beag - An tAire O'Keeffe
Gheobhaidh seacht n-ollscoil na tíre maoiniú don chéad uair i gcomhair oibreacha ar scála beag agus uasghrádaithe ardteicneolaíochta mar chuid de scéim €40 a d'fhógair an tAire Oideachais agus Eolaíochta, Batt O'Keeffe TD inniu.
Go dtí seo, níor chumhdaigh an maoiniú ach oibreacha in Institiúidí Teicneolaíochta na tíre amháin. Anois táthar tar éis é a leathnú chuig na hollscoileanna.
I measc na dtionscadal a cuireadh i gcrích cheana tá athchóirithe, soilsiú, comharthaíocht, oibreacha slándála, athdhromchlú bóthar agus cosán, draenáil agus oibreacha sláinte agus sábháilteachta.
Ach tá scóip na n-oibreacha faoin scéim leathnaithe anois chun uasghrádú teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide agus infheistíocht in áiseanna eolaíochta a chuimsiú.
Ag fógairt an scéala dó, dúirt an tAire O'Keeffe: 'Féadfaidh mic léinn bheith ag súil le filleadh ar champais níos nua-aimseartha i Meán Fómhair de bharr an mhaoinithe de €40 milliún atáim ag fógairt inniu.
'Bhí an scéim ag soláthar maoinithe de tuairim is €15 milliun gach bliain chun cabhrú leis na hinstitiúidí teicneolaíochta raon oibreacha caipitil ar scála beag a chur i gcrích.
'Mar sin tá áthas orm a fhógairt go bhfuil an ciste méadaithe faoi thrí againn, beagnach, agus go bhfuil a scóip leathnaithe againn chun ollscoileanna agus institiúidí teicneolaíochta araon a chuimsiú.
'Faigheann gach institiúid oideachais leithdháileadh bunata de €68,500 agus ansin €235 in aghaidh gach mhic léinn rollaithe.
'Íoctar an méid breise i gcomhair trealamh ardteicneolaíochta agus infheistíocht in áiseanna eolaíochta ag ráta €80 in aghaidh an mhic léinn.
'Leithdháilfear trí cheathrú den deontas thar na seachtainí le teacht, agus íocfar an fuílleach i nDeireadh Fómhair agus i Mí na Samhna.
'Táthar ag súil go gcuirfear formhór na n-oibreacha i gcrích thar mhíonna ciúine an tsamhraidh chun aon bhriseadh isteach ar na mic léinn a choinneáil chomh íseal agus is féidir.
'Toisc go mbeidh an maoiniú déabhlóidithe, beidh ar chumas na n-institiúidí a dtionscadail féin a bhainistiú gan dul i muinín na Roinne.
'D'iarrfainn, áfach, ar gach aon institiúid a chinntiú go bhfaigheann siad an luach is fearr ar airgead maidir le praghasanna ar jabanna sa mhargadh iomaíoch tógála.'
CRÍOCH
http://www.education.ie/servlet/blobservlet/PR09-05-18A.doc