11 Iúil, 2006 - Ceapacháin Nua dá bhFógairt ag Hanafin don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta
D'fhógair an tAire Oideachais agus Eolaíochta, Mary Hanafin, T.D., na ceapacháin inniu don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta do nua-théarma oifige ceithre bliana a thiocfaidh chun deiridh i Meitheamh 2010.
Bunaíodh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta faoin Acht Oideachais 1998 chun cabhair agus comhairle a thabhairt ar sholáthar oideachais trí Ghaeilge agus ar mhúineadh na Gaeilge.
Is iad seo a leanas na baill nua:-
|
Name | Nominating Body |
Breandán MacCormaic, Cathaoirleach | Aire Oideachais agus Eolaíochta |
Liam Ó Rócháin Míchael Mac Aodha Máire Ní Fhlaithbheartaigh | Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta |
Fionnuala Ní Chaisil Nóra Ní Loingsigh Niamh Ní Mhaoláin | Gaelscoileanna |
Máiréad Ní Chualáin | Múinteoirí i scoileanna Gaeltachta |
Mícheál Ó Broin | Múinteoirí i nGaelscoileanna |
Máire Treasa Mhic Dhonncha | Tuismitheoirí i scoileanna Gaeltachta |
Dónal Ó hAiniféin | Tuismitheoirí i nGaelscoileanna |
Seán Ó Tuairisg | Bainistíocht i scoileanna Gaeltachta |
Donal Ó Conaill | Bainistíocht i nGaelscoileanna |
Máire Ní Chuinneagáin Deirbhile Nic Craith | Cumann Múinteoirí Éireann |
Robbie Cronin | Cumann na Meánmhúinteoirí, Éire |
Seosamh Ó Dómhnaill | Aontas Múinteoirí Éireann |
Clodagh Bean Uí Riagáin Máire Uí Chonghaile | Aire Oideachais agus Eolaíochta |
Ferdie Mac an Fhailigh | Foras na Gaeilge |
Pádraig Ó Ceithearnaigh | Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge |
Ghuigh an tAire Hanafin gach rath ar obair na mball nua agus adúirt sí "Tá ról lárnach ag an gComhairle i bhforbairt na Gaeilge agus i múineadh na Gaeilge agus is iadsan a dheimhníonn go mbíonn na scoileanna trealmhaithe go maith le hábhar foghlama den scoth chun freastal ar riachtanais múinteoirí agus macléinn. Is mór an t-ionchur a bheidh ag an gComhairle do athnuachan na Gaeilge mar theanga bheo agus mar mheán foghlama."
Críoch