23 Meitheamh, 2006 - Foilsíonn an tAire Hanafin suirbhé ar an nGaeilge sna Bunscoileanna

"Is é aidhm na mbeartas nua ná Grá don Ghaeilge a chruthú sa chéad ghlúin eile de mhuintir na hÉireann" - Hanafin

D'fhoilsigh an tAire Oideachais agus Eolaíochta, Mary Hanafin, T.D. an tuarascáil taighde 'An Ghaeilge sna Bunscoileanna:  Treochtaí Náisiúnta Fadtéarmacha in Inniúlacht' leis an Dr John Harris, Coláiste na Tríonóide inniu. Díríonn an tuarascáil ar chaighdeán na Gaeilge i measc sampla de dhaltaí rang a sé i scoileanna éagsúla agus pléann sí le caighdeáin éisteachta, labhartha agus léitheoireachta. Sa bhliain 2002 a cuireadh na trialacha i bhfeidhm agus bhí sampla ramdamach de 219 scoil ar fud na tíre. Bhí gnáthscoileanna, scoileanna Lán-Ghaeilge agus scoileanna Gaeltachta páirteach sa suirbhé.

Agus í ag trácht ar na príomhchinní dúirt an tAire Hanafin " is cúis díomá go bhfuil gnóthachtáil daltaí sa Ghaeilge i ngnáthscoileanna tite le fiche bliain anuas. Ábhar imní é an titim i ngnóthachtáil daltaí i nGaeilge i scoileanna sa Ghaeltacht. Tá na Gaelscoileanna ag leanúint orthu ag baint ardchaighdeán amach i líofacht teanga. Tá ar a laghad gaelscoil amháin i ngach contae um an dtaca seo agus tá méadú faoi chúig tagtha ar an líon daltaí ag freastal ar ghaelscoileanna sa tréimhse idir an dá staidéar.

Is é an rud a bhfuilim tiomanta dó ná tacaíochtaí leanúnacha d'abhair oidí sna Coláistí Oideachais chun go mbeadh an mhuinín acu chun barr feabhais a bhaint amach i modhanna múinte agus foghlama na teanga. Is den ríthábhacht é freisin go mbeadh béim láidir ar an teanga labhartha, rud a dhéanann teanga bheo den Ghaeilge do na leanaí."

Dhearbhaigh an tAire béim ar Caithfear cuimhneamh nach raibh tionchar ag an gCuraclam Bunscoile (1999) ar na daltaí a cuireadh faoi thriail sa bhliain 2002 mar nach raibh sé i bhfeidhm tríd an scoil fós.  "Bheinn an-dóchasach go dtiocfaidh feabhas suntasach i ngach gné de theagasc agus d'fhoghlaim na Gaeilge amach mar thoradh ar an 'gCur chuige Cumarsáideach' rud atá mar dhlúth agus inneach de Churaclam na Bunscoile." arsa an tAire.

De bhreis air sin thrácht an tAire Hanafin ar shraith beartas a d'fhógair sí le déanaí chun cabhrú le teagasc agus foghlaim na Gaeilge sna bhunscoileanna. "Tá an próiseas ar bun cheana féin chun tríocha Cuiditheoir, nó saineolaí teanga breise a fhostú chun treoir agus comhairle a chur ar oidí sna scoileanna faoi mhúineadh na Gaeilge. Is mór an t-éileamh a bhíonn ag scoileanna, go háirithe scoileanna ilranganna, ar sheirbhís na gCuiditheoirí atá ann cheana féin. De bhreis air sin, cuirfear cúrsaí tráthnóna, cúrsaí deireadh seachtaine agus cúrsaí i rith na laethanta saoire ar fáil do mhúinteoirí chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Beidh oiliúint inghairme ar bun i mbliana faoin gClár Tacaíochta don Churaclam Bunscoile agus caithfear lá den oiliúint sin le drámaíocht as Gaeilge.

Tháinig feabhas suntasach sa soláthar ábhair agus acmhainní le haghaidh teagasc na Gaeilge. An bhliain seo
caite, dháil an Roinn breis is €700,000 ar an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, agus bhí €300, 000 de sin dírithe ar sholáthar téacsleabhar agus acmhainní eile mar thacaíocht don teagasc agus don fhoghlaim.

Tionscnamh eile atá beartaithe chun taitneamh don teanga a thabhairt do leanaí agus beocht a chur sa teanga dóibh ná  campaí samhraidh trí mheán na Gaeilge ón mbliain seo chugainn amach. "Soláthróidh na campaí spraoi samhraidh seo gníomhaíochtaí fiúntacha  trí Ghaeilge do dhaltaí sinsearacha bunscoile ó cheantair faoi mhíbhuntáiste ar feadh coicíse i rith laethanta saoire an tsamhraidh. Tá fúm scoláireachtaí a chur ar fáil chun cuidiú le leanaí ó na ceantair sin freastal ar choláistí Gaeilge atá bunaithe cheana féin." a dúirt an tAire

Dúirt an tAire Hanafin gurb é an príomhchuspóir ar deireadh thiar ná go mbainfeadh oidí "sásamh as múineadh na Gaeilge agus go mbainfeadh na daltaí taitneamh as í a fhoghlaim  mar theanga bheo agus mar dhlúthchuid dá n-oidhreacht agus dá gcultúr  sainiúil.

Ghabh an tAire Hanafin buíochas leis an Dr John Harris as an tuarascáil seo agus as an taighde a rinneadh. "Is é an Dr John Harris, an taighdeoir is cáiliúla i gcúrsaí síctheangeolaíochta sa tír. Fáiltím roimh na tátail taighde is déanaí uaidh. Táim buíoch den údar as an obair a ghabháil idir lámha agus an tuarascáil bhreá taighde seo a chur inár láthair. Ba mhaith liom mo bhuíochas agus mo mhórmheas a ghabháil leis na taighdeoirí ar fad a chuidigh leis chomh maith.

(Féach nóta ar Leith maidir le príomhchinní agus príomh-mholtaí na tuarascála) Download report

CRÍOCH

Tuarascáil Harris ar chaighdeáin Gaeilge labhartha dhaltaí rang a sé

Tá an tuarascáil seo bunaithe ar shuirbhé ar labhairt na Gaeilge a rinneadh sa bhliain 2002. Athshuirbhé atá ann sa mhéid go ndearnadh an chéad cheann sa bhliain 1985. Ba í an Roinn Oideachais agus Eolaíochta a choimisiúnaigh an dá thuarascáil.

Ba é an Dr John Harris an príomhthaighdeoir ar an dá shuirbhé agus an té a bhí ina údar orthu. Baineann an suirbhé le trí shaghas scoile atá ag freastal ar na comhthéacsanna éagsúla teanga ina múintear an Ghaeilge.

Dhírigh an suirbhé ar chumas i scileanna éisteachta, labhartha, agus léitheoireachta agus baineadh feidhm as trialacha ar phár, bhéaltrialacha agus chomhlánú ceistneoir oide.

Soláthraíonn tátail an tsuirbhé mórdhúshlán d'athnuachan beartais i gcur chun cinn agus leathnú na Gaeilge ag gach leibhéal den chóras oideachais agus, ar bhonn níos leithne, sa chomhphobal mór.

Príomhchinní maidir le Gaelscoileanna

  • D'fhan feidhmíocht daltaí ar na príomhchuspóirí éisteachta agus labhartha mórán mar an gcéanna ó 1985 go 2002. Ghnóthaigh céatadán os cionn 90% de dhaltaí máistreacht i líon eochairchuspóirí mar ?Thuiscint ghinearálta ar an teanga labhartha', chumarsáid' agus ?foclóir éisteachta'.
  • Ainneoin a bhfuil ráite ansin, tá deacracht ag líon suntasach daltaí máistreacht a bhaint amach i ngnéithe de dheilbhíocht an bhriathair i gcuspóirí éisteachta. I bhfocail eile tá claonadh láidir ag daltaí meancóga teanga a chaomhnú agus iad ag tuiscint agus ag úsáid na foirmeacha éagsúla aimsirí na mbriathra  ainneoin go gcloiseann siad na heiseamláirí is fearr
  • Thit máistreacht daltaí ar ?Chruinnaithint ar dheilbhíocht na mbriathra' ó 76.1% i 1985 go 61.3% i 2002
  • Ní bhraitheann chomh maith agus a éiríonn leis na scoileanna lán-Ghaeilge leibhéil arda a bhaint amach i dteagasc na Gaeilge in aon tslí bhunúsach ar fhachtóirí a bhaineann le cúlra sóisialta daltaí, leibhéal oideachais a dtuismitheoirí ná úsáid na Gaeilge sa teaghlach.
  • Is bealach sáréifeachtach chun líofacht sa dara teanga a dhaingniú an curaclam a chur i bhfeidhm tríd an dara teanga.

Príomhchinní maidir le scoileanna Gaeltachta

  • Tá feidhmíocht daltaí ar gach cuspóir foghlama ard i gcoitinne ach níos isle ná scoileanna lán-Ghaeilge. Is iad na céatadáin de dhaltaí a bhain máistreacht amach i tuiscint ghinearálta ar an teanga labhartha ná 73.3% i gcomparáid le 96.3% i scoileanna lán-Ghaeilge.
  • Tháinig titim shuntasach ar fheidhmíocht fhoriomlán daltaí i labhairt (ach ní in éisteacht) i scoileanna Gaeltachta ó 1985. Mar shampla, thit an céatadán daltaí a bhain máistreacht amach i ?líofacht cainte' ó 86.7% i 1985 go 72.9% i 2002, titim de bheagnach 14% i leibhéil mháistreachta. Is údar imní é sin.
  • Ar na fachtóirí le cur san áireamh agus titim na gcaighdeán sa Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta á léirmhíniú tá an chaoi a bhfuil lion suntasach breise de dhaltaí i scoileanna Gaeltachta arb é an Béarla a dteanga dhúchais agus an lion forásach de scoileanna Gaeltachta a dhéanann cinneadh gan gach gné den churaclam a mhúineadh trí Ghaeilge.

Príomhchinní maidir le gnáthscoileanna

  • Tharla titim shuntasach san fheidhmíocht i bhformhór chuspóirí labhartha agus éisteachta ó 1985.  Is é an céatadaán daltaí a fuair máistreacht i ?gCumarsáid' i 2002 ná 32.9%. Ba é 54% an figiúr sa bhliain 1985. I ?líofacht cainte' is é an céatadán daltaí a fuair máistreacht i 2002 ná 29.9% fad a bhí céatadán de 50.3% ann sa bhliain 1985.
  • Is é an céatadán daltaí a fuair máistreacht i ?gcruinnúsáid chomhréir ráiteas' i 2002 ná 7.5% i gcomparáid le 19.7% i 1985. Is é an céatadán daltaí a fuair máistreacht i ?gcruinnúsáid dheilbhíocht na mbriathra' i 2002 ná 3.7% i gcomparáid le 12.1% i 1985.
  • Tháinig ardú ar an ráta teipe thar na cuspóirí labhartha ar fad sa bhliain 2002 ó 7.4% go 16.6%
  • De réir an Dr Harris daingníonn torthaí an tsuirbhé chomh fada is a bhaineann le gnáthscoileanna tuairim an Choimisinéara Teanga  ?go bhfuil géarghá le hathbhreithniú cuimsitheach neamhchlaonta ar gach gné d'fhoghlaim agus de theagasc na Gaeilge sa chóras oideachais'.

Moltaí le haghaidh feabhais

Tá fócas mholtaí an Dr Harris le haghaidh feabhais laistigh den chóras bunoideachais. Is iad seo na príomh-mholtaí:

  • Leag amach plean gníomhaíochta náisiúnta láidir
  • Cuir le méid an teagaisc trí mheán na Gaeilge i ngnáthscoileanna agus faigh tacaíocht na dtuismitheoirí nuair is féidir ar bhonn áitiúil.
  • Déan forbairt ar fhoirmeacha de thumoideachas i ngnáthscoileanna mar a bhfuil 3-5 ábhar á múineadh trí Ghaeilge agus tabhair tacaíocht dóibh.
  • Déan forbairt ar fhoirmeacha idirmheánacha de thumoideachas mar a bhfuil gach ábhar á mhúineadh trí Ghaeilge ar feadh cuid de chlár ocht mbliana an bhunoideachais agus tabhair tacaíocht dóibh.
  • Déan infheistiú ar dhianchláracha oideachais d'oidí ar an tumoideachas.
  • Féach an féidir athshannadh/ aistriú a dhéanamh ar chuid den phearsanra atá gafa le scéimeanna mar Fhorbairt Phleanáil scoile, Clár Tacaíochta don Churacam Bunscoile, scéim na ndearthóirí, tionscnamh na nuatheangacha chun oibriú go dlúth le scoileanna chun caighdeáin Ghaeilge a ardú.
  • Déan samhlacha teaghlach/scoile a dhearadh chun suim thuismitheoirí a mhealladh chun cuidiú lena leanaí ag foghlaim na Gaeilge.
  • Déan forbairt ar dheiseanna inghairme do mhúinteoirí chun go mbeidh teagmháil acu leis an nGaeilge ar feadh tréimhsí gearra sa Ghaeltacht.
  • Déan dlúthmhonatóireacht ar fheidhmiú an churaclaim nua Ghaeilge i gcomhthéacs taighde oideolaígh.
  • Déan ionstraimí nua tástála a dhearadh, ina measc trialacha caighdeánaithe, chun monatóireacht a dhéanamh ar fhoghlaim na Gaeilge ag leibhéil an ranga agus na scoile.
  • Bunaigh buíon ardleibhéal sa Roinn Oideachais agus Eolaíochta chun pleanáil, comhordú agus feidhmiú a dhéanamh ar phlean don Ghaeilge sa chóras oideachais. Ba chóir don bhuíon seo páirtnéireacht bonnleathan agus cur chuige idir-ghníomhaireacht a ghlacadh chucu féin agus plean gníomhaíochta a dhearadh acu.