15 Feabhra, 2006 - Leoithne Gaoithe: Leabhar litríochta don Scrúdú le haghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge
Dfhoilsigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta Leoithne Ghaoithe: Leabhar litríochta don Scrúdú le haghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge. Múinteoirí a oiltear lasmuigh den Stát, bíonn orthu an scrúdú seo a sheasamh dfhonn a chruthú go bhfuil an caighdeán Gaeilge acu is gá chun teagaisc i mbunscoileanna in Éirinn. Den chéad uair tá na dánta agus an prós atá riachtanach don scrúdú le fáil laistigh de chlúdach leabhair amháin.
Baineann cuid de na dánta ar an gcúrsa leis an ochtú haois déag, baineann cuid acu le ré na hAthbheochana agus an chuid is mó leis an nuafhilíocht. Dánta atá oiriúnach do dhaoine óga cuid mhaith acu, mar Cúl an Tí, Asailín Pharis agus an Gleann inar Tógadh Mé. Tá dánta le húdair aithnidiúla mar Nuala Ní Dhomhnaill, Máire Mhac atSaoi agus Áine Ní Ghlinn ann freisin. Sa phrós tá gearrscéalta le nua-údair mar Sheán Mac Mathúna, Aingeal de Búrca agus Pádraig Ó Siadhail chomh maith le sleachta as Peig agus Fiche Blian ag Fás.
Dfháiltigh an tAire Mary Hanafin roimh an bhfoilseachán agus dúirt sí: Beidh sé seo ina áis an-chabhrach diarrthóir scrúdaithe agus tá súil agam go gcuirfeadh léitheoirí eile suim sa litríocht atá ann freisin. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh eolas ceart, ní amháin ar an nGaeilge ach ar shaoithiúlacht na teanga, ag gach múinteoir dfhonn a n-oidhreacht a roinnt leis na daltaí.