Fóram faoi Phátrúnacht agus Iolrachas san Earnáil Bhunscoile
Nuacht is Déanaí
I mí an Mhárta 2011, d’fhógair an tAire Quinn bunú an Fhóraim ar Phátrúnacht agus ar Iolrachas san Earnáil Bhunscoile. Cheap an tAire Grúpa Comhairleach chun na tuairimí agus na dearcthaí éagsúla arna gcur isteach a fháil agus a mheas, lena n-áirítear na tuairimí agus na dearcthaí siúd ó thuismitheoirí, ó phátrúin, ó mhúinteoirí agus ón bpobal níos leithne. Cuireadh de chúram ar an nGrúpa comhairle maidir le beartas a thabhairt don Aire laistigh de Théarmaí Tagartha an Fhóraim
Thug an Grúpa Comhairleach faoi roinnt cruinnithe poiblí agus d’iarr sé aighneachtaí ó na príomhghrúpaí leasmhara agus ón bpobal mar chuid dá obair. Fuarthas 215 aighneacht scríofa agus rinne an Grúpa Comhairleach scrúdú orthu. Tionóladh seisiúin oibre phoiblí leis na príomhghrúpaí leasmhara ar an 22, ar an 23 agus ar an 24 Meitheamh 2011 agus tionóladh seisiún iomlánach eile ar an 17 Samhain 2011.
Fuarthas 32 aighneacht eile tar éis an tseisiúin i mí na Samhna. Craoladh na seisiúin oibre seo go beo ar an Idirlíon agus tá taifeadtaí na seisiún oibre ar fáil ón suíomh gréasáin seo. Chomh maith leis sin, thionóil an Grúpa Comhairleach seisiúin chomhairliúcháin le daltaí bunscoile agus meánscoile chun a áirithiú go measfaí a dtuairimí mar chuid de phlé an Ghrúpa.
Tuarascáil | Clár | Cuirí |
Aighneachtaí | Cur i láthair | Preaseisiúint reatha |
Taifeadtaí na Seisiúin OibreDé Céadaoin 22 Meitheamh 2011 | Taifeadtaí na Seisiúin OibreDéardaoin 23 Meitheamh 2011Dé hAoine 24 Meitheamh 2011 | Taifeadtaí na Seisiúin OibreDéardaoin 17 Samhain 2011 |