Bileog Eolais Tuismitheoirí

Cad is aidhm leis an mbileog seo?

Ba mhian leis an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn TD, go n-inseodh sibh dó cén chaoi a measann sibh gur féidir linn a chinntiúgo n-urramófar cearta agus creidimh na bpáistí agus na dteaghlach go léir as cúlraí éagsúla cultúrtha agus reiligiúnacha inár mbunscoileanna.

Cén chaoia n-inseoidh mé mo chuid tuairimí duit?

Is féidir leat do chuid tuairimí a chur chugainn tríd an ríomhphost nó tríd an bpost. Tá ár sonraí teagmhála le fáilag bun na bileoige seo. Tá cead agat teagmháillinnidir seo agus Dé hAoine22 Samhain 2013.

Cén chaoia bhfuil bunscoileanna na hÉireann eagraithe faoi láthair?

Tá formhór (96%)na mbunscoileanna in Éirinn faoiúinéireachtpátrún reiligiúnach. Tá 90% de na scoileanna seo faoi úinéireacht agus pátrúnacht na hEaglaise Caitlicí.

Bíonn pátrún páirteach i mbunú scoile agus idtacaíocht a thabhairt do Bhord Bainistíochta na scoile ina chuid oibre ó lá go lá.  Le blianta fada bhí na hoird reiligiúnacha agus na paróistí áitiúla an-ghafa le scoileanna abhunú agus a reáchtáil in Éirinn agus sin é an fáth go bhfuil an oiread sin scoileanna faoi phátrúnacht reiligiúnach. Is minic a bhronn na pátrúin seo talamh ar na scoileanna lena húsáid agus a rinne siad ranníocaíochtaí ileith costas tógála agus reáchtála scoileanna. 

Cén tionchar a bhíonn ag sochaí na hÉireann ar na scoileanna de réir mar a athraíonn sí?

Tá fhios againn go léir go bhfuil athrú mór tar éis teacht ar shochaí na hÉireann leis na blianta deireanacha. Tá teaghlaigh a bhaineannlena lán reiligiún, creideamh agus náisiúntachtaí éagsúla ina gcónaí anseo. Is gá an córas oideachais againn a churin oiriúint dóibh seo chun a chinntiúgo n-urramófar na traidisiúin agus na creidimh éagsúla go léir gur as dóibh na daltaí faoi láthair agus, ag an am céanna,go mbeifear ag fónamh igcónaí ar pháistí na gcreideamh traidisiúnta (ar pháistí as teaghlaigh Chaitliceacha nó teaghlaigh Phrotastúnacha, mar shampla).

Cad mar gheall ar cheantair nach bhfuil ach scoil áitiúil amháin iontu?

Taobh amuigh de na ceantair uirbeacha, téann páistí chuig an scoil áitiúil acu go hiondúil, agus is minic gur scoil faoi úinéireacht agus pátrúnacht na hEaglaise Caitlicí í sin.

Tá tuairim is 1,700 de na scoileanna seo ann nach bhfuil lonnaithe gar do bhunscoil ar bith eile.  Dá bharr seo, bíonn orthu fónamh ar raon iomlán na dtraidisiún, na reiligiún agus na gcreideamh ina gcuid pobal áitiúil. Tá sé ina dhúshlán do na scoileanna seo cothromaíocht abhaint amach chun a chinntiú go n-urramófar creidimh reiligiúnacha na bpáistí go léir sa phobal áitiúil.

Céard is féidir a dhéanamh chun cabhrú leis an gcóras atá ann faoi láthaira oiriúnú?

Rogha amháin atá ann ná machnamh ar chuid de na scoileanna atá faoi phátrúnacht na hEaglaise Caitlicí a aistriú go comhlachtaí eile pátrúnacht scoile. Tá obair ar siúl cheana féin i gcomhar leis an Eaglais Chaitliceach i gceantair roghnaithe le súil leis an gcaoi is fearr chuige seo a aimsiú. Beidh a lán de na scoileanna faoi phátrúnacht Chaitliceach i gcónaí, áfach, agus beidh orthu fónamh ar dhaltaí gur as traidisiúin, religiúin agus creidimh éagsúla iad. Is éard tá igceist leis an bpróiseas comhairliúcháin seoná bheith ag éisteacht le tuairimí na ndaoine lena mbaineann faoin gcaoi is féidir leis na scoileanna seo fónamh igcónaí ar pháistí gur as teaghlaigh Chaitliceacha iad, agus fónamh ag an am céanna ar pháistí gur as traidisiúin, reiligiúin agus creidimh eile iad.

Céard tá déanta cheana féin?

Chuir an tAire Oideachais agus Scileanna grúpa saineolaithe ar bunin 2011 chun dul igcomhairle le daoine agus moltaí a dhéanamh faoingcaoi gur féidir le bunscoileanna teacht chun bheith níos uileghabhálaí ina leith seo a leanas:

  • traidisiúin éagsúla;
  • reiligiúin éagsúla; agus creidimh éagsúla.

Tá tuarascáil an ghrúpa saineolaithe seo le fáilar shuíomh gréasáinna Roinne Oideachais agus Scileanna ag www.education.ie. Tuarascáilan Ghrúpa Chomhairligh ag an bhFóramfaoi Phátrúnacht agus Iolrachas san EarnáilBhunscoile anteideal atá air.

Rinne an grúpa saineolaithe breis is 50 moladh agus tácinnte ag an Aire cheanaféin cuid díobh seo a chur ingníomh.

Céard iad na moltaí atá á gcur i bhfeidhm?

Tá tús curthaag an Aire le próiseas faoina ndéanfar machnamh ar chuid de na scoileanna atá faoi phátrúnacht na hEaglaise Caitlicí a aistriú go comhlachtaí eile pátrúnacht scoile i 28 ceantar ar fud na tíre. Mar chéad chéim sa phróiseas seo iarradh ar thuismitheoirí uile na bpáistí i 43 ceantar a rálinn cén cineál scoilear mhaith leo go bhfreastalódh a gcuid páistí uirthi.  Sonraíodh éileamh ar an athrú ó thuismitheoirí i 28 ceantar de na ceantair andearnadh suirbhé orthu agus is iad seo na ceantair ina bhfuil an tAire ag iarraidh foirgnimh scoile aaistriú chuig comhlachtaí eilepátrúnacht scoile.

Dhéileáilmuid leis an éileamh ar Ghaelscoileanna sna suirbhéanna seo chomh maith.Tá tuilleadh sonraífaoi thoradh na suirbhéanna le fáilar ár suíomh gréasáin www.education.ie.

Tá iarrtha ag anAire go bhforbrófaí ábhar nua bunscoile.  Múinfear na páistí faoin eitic agus tabharfar eolas dóibh i dtaobh reiligiún agus creideamh éagsúil leis an ábhar sin.

Céard eile atáthar á dhéanamh?

Mar aonlena bhfuil thuas, is gá a chinntiú go mbeidh na scoileanna go léir uileghabhálach i leith gach traidisiúin, reiligiúin agus creidimh, creidimh reiligiúnacha thraidisiúnta agus creidimh eile araon, goháirithe na scoileanna áitiúla a mbíonn orthu fónamh ar phobail ina n-iomláine. Tá sé ar intinn ag an Rialtas Páipéar Bán a fhoilsiúagus a pholasaí faoin gcaoi len é seo a dhéanamh a leagadh amach.

Is é sin an fáthgo bhfuil an tAire ag iarraidh bhur dtuairimí anois agus ag fiafraí cad é bhur meas ar mholtaí an ghrúpa saineolaithe.

Tuairimí an ghrúpa saineolaithe

Mhol angrúpa saineolaithe gurb éan bealach is fearrchun a chinntiú go gcuirfear san áireamh a dtuairimí siúd go léir atá gafa le scoileanna a reáchtáil agus le freastal ar scoileanna sin,ná go bhforbródh scoileanna, i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, mar aon le tuismitheoirí agus pobail, polasaithe agus cleachtais mhaithe, soiléirea léiríonngo n-urramaíonn siad cearta na bpáistí go léir sa scoil.

Mhol an grúpa saineolaithe go ndíreodh scoileanna ar na ceisteanna seo a leanas:

Rollú

Is ceart do scoileanna polasaithe soiléire, córa rollaithe a bheithacu i dtreo is go mbeidh a fhios ag na tuismitheoirí cén chaoia leithdháilfear ionaidsa scoil. Tá tábhacht ag baint leis seo nuair nach mbíonndóthain ionad ann do na páistí go léir atá ag iarraidh rollú sa scoil.

An ceartchun ‘roghnú amach’ as an rang reiligiúin a urramú

Is ceart do scoileanna:

  • ceart tuismitheora a urramú chun a iarraidh go bhfanfadh páiste amach as an rang reiligiúin; agus
  • soláthar cuí a dhéanamh do pháistí fad is atá an rang reiligiúin ar siúl.

Bíodh is go bhfuil cuid de na scoileanna ag caitheamh go héifeachtach agus go híogair leis na ceisteanna seo, tá buarthaícurtha in iúl maidir leis an gcaoi afhónann roinnt de na scoileanna ar thuismitheoirí nach mianleo go mbeadh abpáistí páirteach i rang reiligiúin. Tá sé moltaag roinnt daoine go bhféadfadh scoileanna amchlár na scoile a athrú agus oideachas reiligiúnach a churar fáil ag tosachnó deireadh an lá scoile chun cúrsaí a dhéanamh níos éasca do pháistí nach nglacann páirt sarang reiligiúin.

Eitic agus oideachas faoi reiligiún agus creideamh

Is ceart do scoileanna a chinntiú go múintear na páistí go léir faoi eitic agus faoireiligiúin agus creidimh éagsúla.  Cabhróidh an t-ábhar nua bunscoile a luadh roimhe seo le scoileanna é seo adhéanamh.

Am ullmhúcháin do shacraimintí reiligiúnacha

Uaireanta caitheann scoileanna a lán ama le linn an lá scoile ag ullmhúna bpáistí do shacraimintí reiligiúnacha ar nós na Chéad Chomaoineach. Bhí an grúpa saineolaithe buartha faoi gan na páistí a bheith ag caitheamh dóthain ama ag foghlaim ábhar ar nós Mataagus Béarla agus mhol siadnár cheart go laghdódh an t-am a chaitear ar scoil ag ullmhú páistí do shacraimintí reiligiúnacha den saghas sinan méid ama a bhíonn ag na páistí chun ábhair eile a fhoghlaim.

Cheana féin, i gceantair áirithe, tá tuismitheoirí agus an paróiste agglacadh róil níos móin ullmhú na bpáistí don Chéad Chomaoineach, rud a fháganngo gcaitear níos lú ama leis seo le linn an lá scoile agus molann an grúpa saineolaithe go gcuirfí leis seo i bpléanna le tuismitheoirí agus leis an gcléir.

Féilte reiligiúnacha a cheiliúradh

Tá cuid de na scoileanna cheana féinag ceiliúradh féilte as cultúir éagsúla dhomhanda chomh maith leis na féilte traidisiúnta Éireannacha ar nós Lá Fhéile Phádraig agus na Cásca agus na Nollag.

Mhol an grúpa saineolaithe gur cheart do scoileanna polasaí scríofa a bheith acu faoi fhéilte reiligiúnacha agus cultúrtha. Chinnteodh sé seona nithe seo aleanas maidir leis na féilte:

  • go gcuirfí na páistí go léir san áireamh;
  • go mbeidís oideachasúil; agus
  • go n-urramófaí traidisiúin éagsúla na bpáistí sna scoileanna.

Dealbha agus siombailí

Bíonnpictiúir reiligiúnacha agus cultúrtha, dealbha agus siombailí éagsúla ar taispeáint i roinnt scoileanna i bpasáistí, rangsheomraí agushallaí.  Mhol an grúpa saineolaithe gur cheart go léireoidís seo i mbealachcothromaithe, creidimh agus cultúir na bpáistí go léir atá ag freastal ar an scoil. Ba cheart go mbeadh sé seo ina

chuid de pholasaí na scoile agus ba cheart go míneofaí tábhacht na dtaispeáintí agus na bpictiúr éagsúil do na páistí.

Tionóil agus paidreacha

Is ceart go dtagródh polasaí na scoile don chaoi inar féidir creidimh agus cultúr na bpáistí go léir sa scoil a urramú ag tionóil agus paidreacha coiteanna na scoile, áit a dtarlaíonn siad.

Bord Bainistíochta na scoile

Bíonnochtar ar Bhord Bainistíochta bunscoile de ghnáth, ina measc beirt thuismitheoirí, beirt ionadaithe pobail, agus beirt a d’ainmnigh pátrún na scoile. Mhol an grúpa saineolaithe gur ceart go léireodh an Bord Bainistíochta éagsúlacht an phobail áitiúil.

Gearáin agus achomhairc

Mhol an grúpa saineolaithe gur cheart go mbeadh nósanna imeachtasoiléire, sothuigthe do ghearáin agus achomhairc ar fáil do na tuismitheoirí má mheasann siadnach bhfuil an scoilag urramú cheartana bpáistí. Dúirt an grúpa go mba cheart go mbeadh

sé indéanta formhór na ngearán a réiteach ag leibhéal na scoile le nósanna imeachta cearta. Mhol siad chomh maith, áfach,go bhforbrófaí córas achomharc éifeachtach, reachtúil a fhéadfadh na tuismitheoirí é a úsáid.

Roinndo chuid tuairimí linn

Cuirimid fáilte roimh do thuairimí faoi na ceisteanna aardaíodh sa bhileog seo. Cabhróidh siad le Páipéar Bán a ullmhú a chuirfidh polasaí an Rialtais in iúl maidir lena chinntiú go gcuimseoidh nabunscoileanna an pobal ar fad. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoinbpróiseas seo chomh maitharár suíomh gréasáin,www.education.ie

Cad é do mheas ar mholtaí an ghrúpa saineolaithe?

Ba mhian linn achloisteáil cad é do mheas ar na moltaí a rinne an grúpa saineolaithe. An measann túgurb é seo an bealach is fearr le gabháil ar aghaidh?  Nó an bhfuil tú buartha faoi cheann ar bith dena moltaí agus go mba mhaith leat é sin a rá linn?

Bhfuil scéala agat faoi scoil ata go maith mar scoil uileghabhálach?

Tá cuid de na scoileanna áitiúla ag déanamh jab maith cheana féin ag fónamh do pháistí as traidisiúin éagsúla cultúrtha, reiligiúnacha agus creidimh. Mar chuid den chomhairliúchán mar sinba mhian linn scéala a fháil ó thuismitheoirí aguspáirtithe leasmhara eile faoin gcaoi len é seo a dhéanamh go héifeachtach i scoileanna.

An bhfuil moltaíar bith eile agat?

Chuirfimis fáilte chomh maith roimh do thuairimí maidir le hathruithe ar bith eile a fhéadfaí a dhéanamh sna scoileanna áitiúla agaibh chun go mbeidís níos uileghabhálaí agus níos fáiltí i gcomhair páistí phobal na háite go léir.

Cuir chugainn do thuairimí le do thoil faoi Dé hAoine 22 Samhain 2013:

An Roinn Oideachais agus Scileanna Meán Fómhair 2013