Comórtas Staire do Scoileanna
Deich mBliana na gCuimhneachán
Ainmníodh an deich mbliana ó 2012- 2022 mar 'Deich mBliana na gCuimhneachán' mar déantar comóradh céad bliain ar roinnt ócáidí stairiúla tábhachtacha a tharla sa tréimhse ó 1912-1922 agus a chuir go mór le múnlú stáit na hÉireann ó dheas agus ó thuaidh.
Mar chuid d'imeachtaí 'Deich mBliana na gCuimhneachán' tugtar cuireadh do scoileanna agus scoláirí ag gach leibhéal bunscoile agus iarbhunscoile ar fud oileán na hÉireann a bheith páirteach sa dara comórtas staire uile-oileán.
Comórtas staire uile-oileáin do scoileanna
Tá an comórtas staire uile-oileáin do bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna 'Deich mBliana na gCuimhneachán' á urrú ag ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, Mercier Press agus ag Scoil Staire Choláiste Ollscoile Chorcaí.
Tugtar cuireadh do scoileanna agus scoláirí tionscadal a chur isteach a bhaineann le gné ar bith atá i gcuraclam staire na scoileanna. Is féidir ábhar ar bith a roghnú a bhaineann le gné ar bith de stair na hÉireann nó le stair idirnáisiúnta a phléitear sa churaclam staire. Ní mór do thionscadail baint a bheith acu le ceann den cheithre chatagóir seo a leanas, áfach:
- ‘Deich mBliana na gCuimhneachán’ - staidéar ar dhuine aonair, eachtra nó forbairt a bhaineann leis an tréimhse 1912-1922. (Ní mór d’iontrálacha a chuirtear isteach faoin chatagóir seo baint a bheith acu le stair na hÉireann sa tréimhse seo nó tionchar a imirt ar stair na tréimhse sin);
- Beathaisnéis - staidéar ar dhuine aonair;
- Saincheisteanna áitiúla nó réigiúnacha - staidéar ar eachtra staire ar leith a bhain le do cheantar áitiúil nó le do réigiún; nó
- Saincheisteanna náisiúnta - staidéar ar eachtra nó ar fhorbairt a bhain leis an oileán, stair shóisialta agus chultúrtha, ‘mná sa stair’ srl. san áireamh.
Is é atá i gceist leis an gcomórtas staire uile-oileáin ná an curaclam staire ag an leibhéal bunscoile agus iarbhunscoile a chomhlánú. Comórtas roghnach is ea an comórtas seo agus níl i gceist aon ualach breise a chur ar scoileanna.
Féach a litir a eisíodh chuig scoileanna do na sonraí iomlána ar an gcomórtas agus na duaiseanna.
Tionscadail a chur isteach agus buaiteoirí a fhógairt
Is é an 3 Aibreán 2015 an spriocdháta chun tionscadail chríochnaithe a chur isteach, agus fógrófar na buaiteoirí agus bronnfar na duaiseanna orthu roimh dheireadh mhí Bealtaine 2015.
Ní mór tionscadail a chur isteach ar líne chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: historyaward@mercierpress.ie
Ní mór do gach tionscadal bileog chumhdaigh a chur isteach ag an tosach
Teagmháil
Seolfar ceist ar bith maidir leis an imlitir seo chuig historyaward@mercierpress.ie