03 Meitheamh 2020 - Teachtaireacht Chuig Daltaí Rang A Sé Ón An Uachtarán Micheál D. ÓhUigínn

Teachtaireacht dóchais agus buíochais taifeadta ag an Uachtarán Ó hUigínn do dhaltaí bunscoile

Tá teachtaireachtaí físeáin speisialta do dhaltaí bunscoile eisithe inniu ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn.

Tá scoileanna ar fud na hÉireann dúnta ó thráthnóna Déardaoin 12 Márta , rud a chuir isteach ar shaol na mílte dalta ar fud na tíre.

Ina theachtaireacht do dhaltaí rang 6, thug an tUachtarán aitheantas don chur isteach mór ar shaol na ndaltaí agus don díomá a bhain leis an oiread sin imeachtaí a bhí pleanáilte curtha ar ceal. Chuir an tUachtarán a dhea-ghuí in iúl do na daltaí agus iad ag fágáil sláin lena mblianta sa bhunscoil.

Tá teachtaireachtaí an Uachtaráin ar fáil anseo