Soláthar Múinteoirí don Iarbhunscolaíocht LánGhaeilge

Ár dTaithí ar na Deiseanna agus Dúshláin atá ann d'Iarbhunscoileanna LánGhaeilge agus Scoileanna Gaeltachta

An Dr. Harold Hislop, Príomhchigire

Jacqueline Ní Fhearghusa, Cigire Sinsearach Iarbhunoideachais

Helen Ní Chatháin, Cigire Iarbhunoideachais

Dia dhaoibh, a chairde.

I dtús báire, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gcomhchoiste oideachais don earnáil gaelscolaíochta as cuireadh a thabhairt don chigireacht cur i láthair a dhéanamh ag an seimineár seo.  Is deis iontach dúinn ar fad í an ócaid seo chun plé a dhéanamh ar

  • na héachtaí atá bainte amach ag an earnáil an ghaeloideachais le blianta anuas, agus
  • ar na dúshláin agus na deacrachtaí a thagann leis an bhfás sin.

Tá léargas an-mhaith tugtha ag Nóra agus Fíona dúinn

  • ar an bhfás agus ar an bhforbairt atá tagtha ar an earnáil ag an dara leibhéal agus,
  • ar an staid reatha maidir le soláthar agus earcú múinteoirí do scoileanna lánGhaeilge.

Teastaíonn uaim, mar Phríomhchigire, tacaíocht na cigireachta d’earnáil an ghaeloideachais a dhearbhú anseo inniu. Tá bhúr ndíograis le moladh go mór. Mar is eol daoibh, táimidne sa chigireacht lánthiomanta don fheabhsú scoile agus teastaíonn uainn tacú leis an obair fíor-fhiúntach atá ar siúl agaibhse chun barr feabhais a bhaint amach i réimsí éagsúla d’fheidhmniú bhúr scoileanna, agus go háirithe i gcás cáilíocht an teagaisc agus na foghlama. Chuige seo caithfidh sibh a bheith cinnte go bhfuil soláthar cuí ann de mhúinteoirí ar féidir leo feidhmiú gan stró i suíomh lánGhaeilge agus, tá súil agam go gcabhróidh an Chomhdháil seo chun an sprioc sin a bhaint amach.

Tríd na cuairteanna meastóireachta agus tacaíochta a thugann cigirí ar bhúr scoileanna, feictear an obair an-mhaith a bhíonn ar siúl  sna scoileanna.  Chomh maith leis seo, faightear tuiscint ar na dúshláin bhreise a bhíonn le sárú agaibh ar bhonn laethúil de bharr gurb í an Ghaeilge teanga na scoile.

Tá Helen chun léargas a thabhairt daoibh ar na dea-chleachtais atá feicthe ag Cigirí sna scoileanna le linn dúinn a bheith i mbun meastóireachtaí agus ar an gcaoi a ndéanann cigirí cur síos ar an obair seo ina dtuairiscí. Ag éirí as sin, díreoidh Jacqueline ar chuid de na dúshláin atá roimh na scoileanna agus ar roinnt slite inar féidir le bainistíocht agus foirne scoileanna teacht i dtír ar na dúshláin sin ag leibhéal scoile.

Tá súil agam

  • gur cabhair daoibh é léargas a fháil ar na deiseanna atá á dtapú sna scoileanna úd atá dáiríre faoin feabhsú scoile, agus  
  • go gcabhróidh an cur i láthair seo leis an gcomhphlé a bheidh ann níos déanaí

Agus sinn i mbun meastóireachtaí agus cuairteanna tacaíochta, tagaimid ar an oideachas lánGhaeilge i bhfoirmeacha éagsúla : 

  • Gaelcholáistí atá lonnaithe i gceantachra uirbeacha agus a mbíonn gaelscoileanna mar scoileanna friothálacha acu chomh maith le tuismitheoirí a thugann lántacaíocht don ghaelscolaíocht,
  • Scoileanna Gaeltachta atá lonnaithe i limistéir leochaileacha, atá ag iarraidh dul i ngleic le hiliomad dúshlán, caomhnú agus cur chun cinn na teanga mar cheann acu. Sa chás seo, ní féidir talamh slán a dhéanamh do go bhfuil na tuismitheoirí uile tiomanta do chur chun cinn na teanga mar theanga an phobail,
  • Ina theannta seo, tá na hAonaid agus na Sruthanna lánGhaeilge. stádas fíorláidir ag cuid de na hAonaid - sáraíonn líon scoláirí na nAonad an líon iomlán a bheadh i guid de na Gaelcholáistí nó scoileanna Gaeltachta.  I gcásanna eile, áfach, de bharr cúinsí éagsúla, soláthar múinteoirí ina measc, dúshlán leanúnach is ea é ardchailíocht an tsoláthair a chinntiú.

Dá bhrí sin, ní miste dúinn na comhthéacsanna difriúla a chur san áireamh:

  • Próifíl scoláirí
  • Próifil teanga na scoile / an bhaile
  • Raon ábhar / clár a sholáthraítear
  • Ceantracha tuaithe / uirbheacha
  • Tiomantas don / báidhiúlacht leis an nGaeilge

Ábhar misnigh é, gur iomaí tuairisc atá fíormholtach. Gan amhras, aithnítear roinnt réimsí forbartha leis (agus labhróidh Jacqueline air seo), ach roimhe sin, táim féin chun díriú isteach ar an obair fíor-fhiúntach atá ar siúl agaibhse agus roinnt samplaí den chaoi ar tuairiscíodh ar an obair seo a luadh libh.  

Suimiúil go leor, sna scoileanna ina raibh cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sa réimse idir mhaith agus an-mhaith sna ranganna uile, fuair gnéithe eile d’obair na scoile ardmholadh leis.

Ag féachaint ar na snáitheanna thuas, déarfá go mbíonn a leithéid i gceist i gcás in aon scoil atá an-éifeachtach agus, go deimhin, bíonn. An difríocht i gcás na scoileanna lánGhaeilge seo, agus díol suntais ab ea é, ná  go raibh cúram na Gaeilge fite fuaite san obair a bhí ar siúl i gcás gach ceann de na snáitheanna seo.  Laistiar díobh bhí múinteoirí, múintoirí fé leith:

  • Múinteoirí atá tiomanta dá n-ábhar teagaisc féin agus é ar a gcumas an t-eolas agus na scileanna cuí a fhorbairt ina gcuid scoláirí
  • Múinteoirí atá inniúil go leor ar an nGaeilge le gur féidir leo an t-ábhar a theagasc trí mheán na Gaeilge
  • Múinteoirí a aithníonn gur múinteoiri teangan iad i dteannta a bheith ina múinteoirí ar a n-ábhar teagaisc aitheanta
  • Muinteoirí atá inniúil go leor ar an nGaeilge agus feasach go leor ar chruinneas, ar chanúintí, ar mhúnlaí cainte na teanga, le gur féidir leo scileanna litearthachta scoláirí a fhorbairt
  • Múinteoirí ar féidir leo oibriú as a stuaim féin ós rud é gur minic gurb iad an t-aon bhall den roinn ábhar
  • Múinteoirí, atá ar bheagan Gaeilge i dtús baire, ach a bhfuil sé d’fhéinmhuinín acu iad féin a thumadh i dteanga na scoile

Gach seans nach mbeidh iarrthóir leis na tréithe uile seo ós bhúr gcomhair ag an mbord agallamh, ach

  • tá ag éirí le scoileanna múinteoirí a earcú a léiríonn dílseacht d’fhís na scoile i leith an ghaeloideachais, agus
  • leis na struchtúir agus tacaíochtaí cuí, forbraíonn na múinteoirí seo agus cumasaítear iad chun oideachas atá ar ardcháilíocht a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. 

Ni chuirfidh an tagairt d’fhís aon ionadh oraibh.

Níos tábhachtaí fós, áfach, ná go mbeartaíonn sibh de réir briathair:

  • gníomhaíonn sibh de réir na físe,
  • seasann sibh an fód
  • feidhmíonn sibh mar eiseamláir luachmhara do phobal na scoile : labhraíonn sibh an teanga, gríosann sibh daoine chun í a labhairt libh, tá cuid agaibh i mbun múinteoireachta i gcónaí, le daoine áirithe páirteach i scéimeanna piarbhreathnadóíreachta.

Agus sinn istigh i bhúr scoileanna, molaimid é nuair a bhíonn:

1. Fís shoiléir ag údaráis a leagann ionchais arda do mhúinteoirí maidir le húsáid na Gaeilge le scoláirí agus lena chéile

  • tuisceanach i gcás daoine ar bheagán Gaeilge ach é soiléir go gcaifear feabhsú
  • suíomh tacúil cruthaithe ionas gur féidir le daoine feabhsú

2.Seasamh láidir ag an mbainistíocht shinsearach i leith úsáid na Gaeilge i ngach réimse de shaol na scoile

  • Caighdeán sásúil Gaeilge ag an bhfoireann rúnaíochta (an chéad phointe teagmhála), airíoch, is rl.
  • Aithnímid an dúshlan a bhaineann i gcás earcú múinteoirí, aoi-chainteoirí, turais scoile, imeachtaí forbairt ghairmiúil leanúnach, comhfhreagras leis an Roinn ach muna loirgítear é ní leanfar leis an soláthar

3. Plean feabhsúcháin d’úsáid na Gaeilge, go minic fé stiúir Coiste Gaeilge nó Oifigeach Gaeilge

  • Sna scoileanna ina mbíonn ceannaireacht láidir agus deiseanna ar an gceannaireacht á gcruthú do mhúinteoirí, glacann baill foirne freagracht as cur i bhfeidhm feabhsuithe áirithe

4.Is eiseamláirí ar úsáid na Gaeilge mar theanga bheo iad na múinteoirí uile

    Ta na múinteoirí go huile is go hiomlán ar a gcompórd ag úsáid na Gaeilge agus leathnaíonn an úsáid a bhaineann siad as an teanga lasmuigh de shaol na scoile.

    Go deimhin, is eiseamláir iontach é/í an múinteoir atá ar bheagán Gaeilge ach atá ag dul i bhfeabhas diaidh ar ndiaidh

Tosnaíonn an comhoibriú seo sa seomra foirne. Go deimhin, murach seomra foirne ina mbíonn sé de mhuinín ag gach ball foirne pé Gaeilge atá acu a úsáid, ní féidir le daoine cur lena gcumas. Labhróidh Jacqueline faoin seomra foirne arís libh.

dúshlán ar leith ag baint leis an ngné seo den obair do na scoileanna Gaeltachta de bharr go bhfuilid lonnaithe i gceantracha atá iargúlta. Is iontach iad na deiseanna a chruthaíonn TFC chun dul i ngleic leis seo (scéal Eac. Talamhaíóchta) agus is minic a roinneann múinteoirí ábhar atá forbartha acu le COGG.

Is údar díomá é nach bhfuil na tátail mholtacha chomh forleathan sa chás seo.

Cé go mbíonn líon maith múinteoirí ar gach foireann atá líofa sa Ghaeilge, tá sé ag éirí níos deacra múinteoirí leis an inniúlacht chuí a earcú. Dá bharr san, táthar ag brath ar ghairmiúlacht anmhúinteora nua-cheaptha chun dul i ngleic leis an dteagasc trí mheán na Gaeilge i dteannta na ndúshlán eile ar fad a bhaineann le post nua.

Agus is iomaí duine díobh a dheineann amhlaidh toisc go mbíonn córais agus cleachtais éifeachtacha i bhfeidhm (seomra foirne, ceannaireacht láidir, béim scoile uile ar an bhfeasacht teanga, ionchur FGL…)

Ina dhiaidh seo is uile, fíordheacracht is ea é, go bhfuilimid ag brath níos mó ar dhaoine gur beag, nó gur teoranta, an teagmháil a bhí acu leis an teanga sular tháinig siad chun na scoile. Ardaíonn seo saincheisteanna suntasacha maidir le cáilíocht na Gaeilge a bhíonn mar eiseamláir laethúil ag scoláirí agus na himpleachtaí atá aige seo do chumas na scoile chun litearthacht na scoláirí a fhorbairt ar bhonn scoile uile.

Éiríonn le scoileanna uairenta múinteoirí cáilithe le caighdeán maith Gaeilge a fháil ach tuigtear go maith dúinn go mbíonn dúshláin agus deacrachtaí leanúnacha ag baint le hearcú múinteoirí go minic san earnáil gaelscolaíochta. Tuigtear dúinn freisin go bhfuil deacrachtaí suntasacha ag baint le múinteoirí a fháil i gcuid de na hábhair thar ábhair eile. Le linn dúinn cuairteanna a thabhairt ar scoileanna cloisimid na scéaltá go léir a bhaineann le

  • easpa múinteoirí ag cur isteach ar phostanna,
  • ar phríomhoidí agus boird bhainistíochta ag cur fógraí sna nuachtáin faoi dhó agus faoi thrí agus fiú amháin ansin is minic nach mbíonn toradh ar an earcaíocht.

Tá sé níos deacra fós mar a bhaineann le sé le conraí pairtaimseartha nó conraí gearra bainteach le tréimhsí tinnis nó saoire máithreachais. Uaireanta níl aon dul as ag bord bainistíochta ná duine éigin a fhostú ar an gcoinníoll go gcuireann siad feabhas ar a gcuid Gaeilge. Ciallaíonn sé seo go minic go mbíonn scoláirí agus a dtuismitheoirí ag gearán, go mbíonn príomhoidí agus baill foirne eile faoi bhrú ag cur soláthar tacaíochta ar fáil don té atá tagtha isteach ar bheagán Gaeilge.  Agus ar ndóigh, ní easpa Gaeilge amháin a bhíonn i gceist ach easpa tuisceana agus cur amach ar éilimh an oideachais trí mheán an dara teanga agus don chiall a bhaineann leis an bhfíorthumoideachas.

Fágann na cúinsí seo go mbíonn ualach oibre ar bhainistíocht shinsearach na scoile maidir le tacaíocht leanúnach a chur ar fáil ó thaobh na gnáthmheantóireachta de agus ó thaobh feabhsú cháilíocht an mhúinteora i dteanga na scoile. Agus baineann seo go léir le múinteoirí nua a earcú ach ar ndóigh tá tacaíocht leanúnach ó thaobh feabhsú teanga de ag teastáil ó mhúinteoirí eile sa scoil chomh maith.

B’inmholta é gur áiríodh, sa dréachtpholasaí ar an oideachas Gaeltachta, bearta praiticiúla chun líon na múinteoirí a réitítear chun a bheith ag teagasc i scoileanna lánGhaeilge a fheabhsú agus is cinnte gur fáiltíodh roimh na moltaí seo sa chomhairliúchán. Táthar ag súil leis gur féidir na bearta seo a bhrú ar aghaidh a luaithe is a fhoilsíonn an Rialtas an polasaí féin.

Tá tionscnaimh agus treoracha feabhsaithe an Rialtais agus na Roinne Oideachais agus Scileanna i leith forbairt na litearthachta agus na huimhearthachta tar éis teacht i bhfeidhm i scoileanna le blianta beaga anuas.

  • Don chéad uair ní mór do gach scoil aird a dhíriú ar fhobairt na litearthachta agus na huimhearthachta ag leibhéal uile scoile.
  • Ceangailte go dlúth leis seo tá ar scoileanna tabhairt faoi chúrsaí féin mheastóireachta agus faoi chúrsaí feabhsúchán arís ar bhonn uile scoile.

Tuigtear go maith dúinn go mbaineann dúshláin bhreise leis na tionscnaimh seo do scoileanna a mhúineann trí mheán na Gaeilge.  Sa dá suíomh, Gaeltacht agus Gallacht táimid ag caint ar mhúinteoirí ar cainteoirí dúcháis iad agus ar mhúinteoirí ar cainteoirí T.2 iad agus mar an gcéanna leis na scoláirí.  Ní beag iad na dúshláin agus na castachtaí a bhaineann leis an scéal sin ar fad, agus táimid, sa Chigireacht, san airdeall ar na castachtaí sin. Tá Helen tar eis roinnt a rá cheana faoi na dúshláin sin.  Ach tuigimid go léir cé chomh tábhachtach is atá sé go mbeadh caighdeán maith Gaeilge ag na múinteoirí agus feastacht teanga acu ionas gur féidir leo na scoláirí a mhúineadh sa tslí is fearr agus is éifeachtaí ní amháin ionas go mbeidh teacht acu ar pé ábhar atá i gceist ach ionas go mbeimid ag cur lena gcuid scileanna teanga.

Is múinteoir teanga gach múinteoir, tuigimid go léir é sin.  Múintear an t-ábhar trí an teanga agus an teanga trí an ábhar.  Bunphrionsabal CliL nó Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha.  Ach is gá go mbeadh an fhoireann ar fad ar aon tuiscint agus ar aon fhocal faoi seo.  Ní mór an fhoireann teagaisc a thabhairt leat mar phríomhoide nó mar leasphríomhoide agus ní mór múinteoirí nua a chur ar an eolas faoi na prionsabail seo. Ar ndóigh, na múinteoirí a thagann ón gcúrsa d’oidí ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, beidh tuiscint shoiléir acu siúd air seo agus a lán eile nach iad.  Ach beidh múinteoirí eile, ar bheagán Gaeilge b’fhéidir nó ar bheagán tuisceana faoin gaeloideachas nach bhfuil ar an eolas faoi na bunphrionsabail seo.

Ní mór mar sin tacaíochtai éagsúla a chur ar fáil don fhoireann ar fad le cur ar a gcumas feidhmiú sa suíomh casta teangeolaíoch ina bhfuil siad ag feidhmiú:

Ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh múinteoirí nua, fiú iad siúd a bhfuil Gaeilge mhaith labhartha acu, a tháinig b’fhéidir ón nGaeltacht nó ón earnáil Ghaelscoíochta, ar an eolas faoi ghramadach na Gaeilge.  Seans gurbé an uair dheireannach gur thánadar trasna ar théarmaíocht ar nós an Tuiseal Ginideach, nó an chopail, nuair a bhíodar féin i mbun na Gaeilge don Ardteist.  Ní mór mar sin tacú leo chun tuiscint a fháil ar an bhfeasacht teanga agus cabhrú leo lena gcuid scileanna féin a fhorbairt chun dul i ngleic le gramadach na Gaeilge sa seomra ranga:

  • i  gcomhthéacs litearthacht na Gaeilge,
  • i gcomhthéacs soláthar nótaí agus téacsanna eile do scoláirí,
  • i gcomhthéacs cheartú obair bhaile srl.

Caithfear treoir a chur orthu faoi rudaí bunúsacha ar nós:

  • conas foclóirí a úsáid,
  • conas brí a bhaint as leabhair ghramadaí,
  • rialacha gramadaí a iniúchadh.  Nil sé deacair teacht ar na rialacha cuí má tá fhios agat cén áit le breathnú.
  • Conas áiseanna ar líne a úsáid
  • Cén áit le teacht ar áiseanna breise 

Tá leabhair ghramadaí áirithe níos so-léite ná cinn eile agus bheadh sé tábhachtach go gcuirfeadh duine éigin le heolas na múinteoirí ar a suaimhneas maidir le húsaid na n-uirlisí sin.  Cloisimid múinteoirí agus scoláirí ag gearán go minic faoi na deacrachtaí a bhaineann le téarmaíocht nua a fhoghlaim agus is ualach breise é gan dabht ach is féidir téarmaíocht a fhoghlaim. Ní féidir gramadach a fhoghlaim nó í a thabhairt leat mura dtuigeann tú í agus cuireann sé imní ar dhaoine dá bharrr.

  • Is féidir laethanta inseirbhíse scoile a úsáid chun oiliúint foirne a chur ar fáil ar ghnéithe éagsúla den ghramadach.
  • díriú ar na gnéithe den ghramadach atá faoi réir ag an bplean feabhsúchán scoile i gcomhthéacs litearthacht na Gaeilge.
  • Is féidir riail Ghaeilge a bhfuil deacrachtaí ag daoine leo a chlúdach ag tús cruinnithe foirne – múinteoirí éagsúla á léiriú seachas an príomhoide an t-am go léir – fiú má ta leisce orthu.

Dóibh siúd ar bheagán Gaeilge tá an iliomad cúrsaí ann chun cabhrú le múinteoirí lasmuigh d’am scoile – cúrsaí cónaithe, cúrsaí oíche, cúrsaí ar líne agus tá os cionn 70 múinteoirí ag freastal ar chúrsa samhraidh COGG i naghaidh na bliana agus an t-éileamh sin ag méadú.  Tá a lán nótaí agus ábhair eile in airde ar shuíomh COGG atá cruinn agus ar féidir iad a úsáid sa rang.  Ní mór múinteoirí nua a chur san airdeall ar na háiseanna seo.

Luaigh mé níos tuisce an seomra foirne tacúil.  Is den riachtanas é go mothódh múinteoirí gur féidir leo cabhair a lorg:

  • le téarmaíocht,
  • le profáil cáipéisí nótaí srl.
  • le treoir agus comhairle a lorg –  tá córas meantóireachta thar a bheith tábhachtach sa chomhthéacs seo. Ní féidir leis an mbainistíocht shinsearach a bheith gach áit agus ar fáil an t-am ar fad.

Mar a fheicfidh sibh ón dá shleamhnán seo ó thuairiscí a foilsíodh ón earnáil ghaeloideachais luaitear ceist na Gaeilge agus cáilíocht na Gaeilge mar mholadh lárnach sna tuairiscí go minic. Mar a dúirt Helen, is minic a mholtar an sárchleachas mar a bhaineann sé le go leor gnéithe den soláthar gaeloideachais ach is minic go mbíonn moltaí ann faoi cháilíocht na Gaeilge a fheabhsú – idir cháilíocht Ghaeilge na múinteoirí agus na scoláirí.

Cé go bhfuil dúshláin mhóra le sárú go minic, ar a laghad anois is féidir le bainistíocht scoileanna ceist cháilíocht na Gaeilge a ardú, rud a bhí deacair go leor roimhe seo  - bímid go léir b’fhéidir cosainteach faoi chaighdeán ár gcuid Gaeilge – leisce ar phríomhoidí an cheist seo a ardú le múinteoirí – go háirithe má tá siad ag múineadh sa scoil le tamall de bhlianta agus gan aon fheabhas tagtha ar chúrsaí – an leithscéal a chloisimid go minic – “níl céim sa Ghaeilge agam”.  Cinnte is gá a bheith tuisceannach agus daoine ag tosú amach ach tagann an lá nuair is gá do gach múinteoir sa scoil freagracht a ghlacadh as a c(h)aighdeán Gaeilge féin.

Tugann Féinmheastóireacht Scoile agus an Aistear i dtreo feabhsúcháin deis na ceisteanna seo a ardú ar bhealach neamhbhagrach ach ar bhealach cinnte.  Caithfear a chinntiú go bhfuil atmaisféar oscailte tacúil i bhfeidhm i scoileanna ach go bhfuil ionchais arda ann freisin agus go bhfuil freagracht phearsanta ar gach ball foirne i leith forbairt a gcuid scileanna teanga féin.

‘Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine’ agus is de bharr na comhpháirtíochta atá an earnáil ghaeloideachais ag dul ó neart go neart. Tá gréasáin fiúntacha cruthaithe agaibh féin ag éirí as riachtanais atá aitheanta agaibh. Molaim coiste na comhdhála seo, COGG, NAPD, An Foras Patrúnachta agus Gaelscoileanna ina measc; gur eagraigh siad comhdháil an lae inniu agus gur thapaigh siad an deis plé a dhéanamh ar an sár-obair atá déanta go dtí seo agus ar na dushláin atá romhainn go léir i nGaelscoileanna agus i nGaelcholáistí na tíre seo.

Údar misnigh is ea an raon leathan de láidreachtaí atá aitheanta le linn ár meastóireachtaí. Tugann an léargas ar dheiseanna atá á dtapú i bhur scoileanna le fios go bhfuiltear ag dul i ngleic leis na dúshláin i scoileanna ina bhfuil ceannaireacht láidir agus comhphairtíocht éifeachtach.

Mar a dúirt mé ag an tús, táimidne sa chigireacht lántiomanta don fheabhsú scoile agus táimid an-bhuíoch go bhfuil deis tugtha dúinn inniu ar ár dtaithí a chur i bhur láthair. Tá súil againn go gcuirfidh sé leis an gcomhphlé a bheidh agaibh ar ball.

Go n-éirí go geal le bhur saothar agus go raibh míle maith agaibh!