05 Bealtaine, 2015 - Aire Oideachais agus Scileanna- Seoladh Moltaí don Oideachas i Limistéir Ghaeltachta

A Chairde,

Tá an-áthas orm fáilte a chur romhaibh chuig an ócáid thábhachtach seo nuair a bheidh moltaí don oideachas Gaeltachta á seoladh agam. Ba mhaith liom fáilte ar leith ar chur roimh mo chomhghleacaí, Joe McHugh agus roimh Sheosamh Ó hÁghmaill ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Creidim go bhfuil an-tábhacht ag baint leis an nGaeilge sa lá atá inniu ann. Is cuid dár gcultúr í an teanga álainn seo. Tá go leor daoine ó chúlraí difriúla in a gcónaí in Éirinn inniu. Is nasc comónta aitheantais í an Ghaeilge eadrainn ar fad. Baineann go leor buntáistí freisin le bheith dhátheangach. Tá a fhios againn freisin go bhfuil an Ghaeilge ag teastáil i bpostanna san oideachas, sna meáin, sa dlí agus san Eoraip. Mar sin, tá sé fíorthábhachtach go bhfuil an Ghaeilge láidir in ár scoileanna.

Faoin Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, tá alán ar siúl ag mo Roinn chun an Ghaeilge a láidriú sa chóras oideachais. Tá curaclaim nua á n-ullmhú don bhunscoil agus don tSraith Shóisearach. Tá scileanna Gaeilge múinteoirí óga á láidriú sna cúrsaí oiliúna nua. Bíonn deis ag múinteoirí óga tréimhse níos faide a chaitheamh sa Ghaeltacht.

Creidim go bhfuil an-tábhacht ag baint leis an nGaeltacht don teanga agus don chultúr. Is tobar í an Ghaeltacht do na foghlaimeoirí Gaeilge. Tá cuimhní geala againn go léir de thréimhsí a chaitheamar mar scoláirí sa Ghaeltacht. Caithfimid a chinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar theanga bheo sna ceantair Ghaeltachta.

Tá ról lárnach ag na scoileanna Gaeltachta chun tacú leis an nGaeilge sa Ghaeltacht. Ach tuigim freisin go bhfuil dúshláin mhóra roimh na scoileanna Gaeltachta. Bíonn cúlraí éagsúla teanga ag scoláirí. Tá úsáid an Bhéarla ag méadú i gcónaí sa Ghaeltacht. Mar sin, tá laghdú mór tagtha ar líon na bpáistí atá á dtógáil le Gaeilge. Tá brú ar scoileanna freisin aistriú go teagasc tríd an mBéarla.

Tá an-áthas orm moltaí polasaí a sheoladh inniu chun tabhairt faoi na dúshláin seo. Ceapaim gur féidir leis na moltaí seo cabhrú leis na scoileanna sár-oideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil. Ceapaim freisin gur féidir leis na moltaí cabhrú leis an nGaeilge a chur chun cinn sna pobail Ghaeltachta.

Creidim gur tograí uaillmhianacha forleathana iad na tograí atáimid ag lainseáil inniu i gcomhair oideachas Gaeltachta agus go bhfuil sé de chumas acu fíordhifríocht a dhéanamh i leith scoileanna Gaeltachta agus pobail Ghaeltachta.  Tá sé de chumas acu bheith ar an bhforbairt is suntasaí san oideachas Gaeltachta ó na 1970óidí i leith nuair a chuaigh an saoroideachas dara leibhéal chun leasa na Gaeltachta agus chun leasa na tíre ar fad.   

Cuireann siad deis luachmhar ar fáil do scoileanna bheith gafa go gníomhach lena gcuid pobal áitiúil agus réitigh áitiúla a spreagadh ar na dúshláin atá rompu.

D’eascair na tograí as taighde forleathan a rinne mo Roinnse le tuairim is bliain anuas.  Mar chuid den taighde sin rinneadh mionscrúdú ar eispéiris na scoileanna Gaeltachta agus scoileanna eile atá ag feidhmiú i gcomhthéacsanna mionteangacha.  Agus is mian liom a admháil an t-ionchur a bhí ag Muireann Ní Mhóráin, COGG, ag an Dr Pádraig Ó Duibhir agus ag taighdeoirí as Coláiste Oideachais Naomh Phádraig, as an gCigireacht agus as an Aonad Pleanála Chun Cinn agus an Aonad Curaclaim i mo Roinnse mar gheall ar an obair a rinne siad ar an taighde seo.

Inniu, táimid ag lainseáil sraith tograí chun scoileanna Gaeltachta a neartú.  Tá an taighde atá déanta againn mar bhonn eolais faoi na tograí seo.  Ach níl iontu ach tograí, ní réitigh socraithe iad.  Is mian leis an Rialtas tuairimí phobail na Gaeltachta a chloisteáil faoi na tograí.  Seo iad na daoine a bhfuil sibhse in bhur n-ionadaithe dóibh.  Sin é an fáth go bhfuil mé féin agus an tAire McHugh ag lainseáil sraith tograí ach ní sraith tograí amháin ata á lainseáil againn ach comhairliúchán forleathan libhse agus leis na pobail Ghaeltachta faoi na smaointe sa doiciméad.

Cloisfimid tuilleadh faoi mhionsonraí na dtograí i gcionn cúpla nóiméad.  Moltar bealaí leis na tograí seo ina bhféadfaimis cur ar chumas na scoileanna Gaeltachta a bhféiniúlacht Ghaeilge a chur ar bhonn daingean agus a gcumas a neartú chun oideachas ar ardchaighdeán a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Mar is eol daoibh, tá an-chuid phobal áitiúil Gaeltachta ag gabháil le próisis pleanála teanga faoi láthair de réir Acht na Gaeltachta, faoi choimirce Údarás na Gaeltachta agus Roinn an Aire McHugh. Creidim go bhfuil sé de chumas ag scoileanna leis an obair a dhéanfaidh siad agus iad ag cur na dtograí polasaí i bhfeidhm, forlíonadh a dhéanamh ar na próisis pleanála teanga a mbeidh pobail áitiúla Ghaeltachta ag gabháil leo.

Agus tá sé soiléirithe leis na tograí go mbeidh tacaíocht bhreise ag teastáil go sonrach ó scoileanna na Gaeltachta má tá siad chun na tograí uaillmhianacha seo a chur i bhfeidhm.  Moltar sa doiciméad go soláthródh an Roinn Oideachais agus Scileanna pacáiste d’acmhainní breise chuig na scoileanna sin sa Ghaeltacht a mhúineann an curaclam trí Ghaeilge.  Moltar freisin go dtacófaí le scoileanna sa Ghaeltacht atá ag múineadh trí Bhéarla faoi láthair chun bogadh ar bhonn céimnithe i dtreo an oideachais trí Ghaeilge.

Moltar go mbeadh na hacmhainní seo mar thaca do na foghlaimeoirí uile i scoileanna Gaeltachta, ach leo siúd ach go háirithe gur cainteoirí dúchais iad.  Táim cinnte go mbeidh fáilte ag pobail Ghaeltachta agus ag na tuismitheoirí siúd atá ag tógáil a gclainne le Gaeilge roimh thacaíochtaí breise dá leithéid.

Moltar leis na tograithe polasaí go bhféadfaí acmhainní breise a úsáid chun cur le forbairt ghairmiúil múinteoirí agus príomhoidí i scoileanna Gaeltachta.  Léirítear sa taighde go bhfuil gá lena chinntiú go mbíonn soláthar múinteoirí ann a bhfuil an t-eolas agus na scileanna teanga acu a theastaíonn chun múineadh i scoileanna Gaeltachta.  Is gá chomh maith tacú le príomhoidí chun go mbeidh siad in ann dul i gceannas ar scoil Ghaeltachta agus í a bhainistiú.

Tá moltaí sna tograí chomh maith faoin gcaoi lena chinntiú go mbíonn an curaclam teanga oiriúnach d’fhoghlaimeoirí i scoileanna Gaeltachta, go háirithe cainteoirí dúchais.  Mar iar-mhúinteoir réamhscoile mé féin, tá fhios agam chomh tábhachtach is atá sé go mbeadh forchéimniú agus leanúnachas ann in eispéiris na bpáistí agus iad ag bogadh ón réamhscoil go dtí an bhunscoil.  Tá sé seo thar a bheith tábhachtach ó thaobh na teanga dhe i gcomhthéacs na Gaeltachta i dtreo is go mbeidh eispéireas saibhir tumoideachais ag na páistí sa Ghaeilge.  Léirítear leis na tograí freisin na bearta lena féidir na naisc sin a chur ar bun agus aibhsítear chomh tábhachtach is atá sé cur le scileanna cleachtóirí i naíonraí.

Creidim go bhfuil na dréacht-thograí don oideachas Gaeltachta ag iarraidh dul i ngleic leis na fíorcheisteanna agus na fíorfhadhbanna atá roimh scoileanna agus pobail Ghaeltachta.  Níl amhras orm ná go mbeidh cuid de na tograí ina n-ábhar díospóireachta.  Mar shampla, ardaítear iontu an cheist ar cheart soláthar trí Bhéarla a chur ar fáil taobh le soláthar trí Ghaeilge, má tá dóthain éilimh air sin.  Ardaíonn siad freisin an cheist ar cheart soláthar scoile a athstruchtúrú i gceantair Ghaeltachta.  Agus ní mór dúinn breathnú go cúramach ar chostas agus leas féideartha gach ceann de na tograí agus sinn ag breithniú cén togra díobh atáimid chun a chur i bhfeidhm.

Is maith an rud é na ceisteanna sin a phlé.  Cuireann sé deis luachmhar ar fáil chomh maith do phobail Ghaeltachta gabháil le próiseas machnaimh agus athbhreithnithe ar ról na Gaeilge ina gcuid pobal agus ina gcuid scoileanna.  Is den tábhacht ar fad é go ngabhfadh na páirtithe go léir i gceantair Ghaeltachta – scoileanna, scoláirí, tuismitheoirí, eagraíochtaí pobail agus daoine aonair - leis an díospóireacht seo.

Is mian liom a admháil an t-ionchur a bhí ag an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta agus ag comhlachtaí ar nós COGG i bhforbairt na dtograí seo.  Is mian liom scéala a chloisteáil ó eagraíochtaí Gaeltachta agus ón líon mór daoine ar fud an oileáin atá , mar is eol dom, tiomanta don Ghaeltacht a chaomhnú mar cheantar den tír ina labhraítear an Ghaeilge.  Beidh mo Roinnse ag gabháil go forleathan le comhairliúchán faoi na tograí ag an leibhéal náisiúnta agus ag an leibhéal áitiúil.

Ba mhaith liom an polasaí ceart a bheith agam do scoileanna Gaeltachta. Mar sin, ba mhaith liom tuairimí pobail Ghaeltachta, eagraíochtaí agus daoine aonair sa Ghaeltacht a chloisteáil. Beidh go leor deiseanna ag daoine a dtuairimí a thabhairt, mar shampla tríd an suirbhé nó trí scríobh chuig mo Roinnse. Ag éirí as an gcomhairliúchán, beidh fóram ar siúl san fhómhar.

Cabhróidh na smaointe seo ar fad le polasaí na Roinne a fheabhsú. Táim an-bhuíoch díbh go léir as bheith linn inniu. Is léir ón slua mór atá anseo an spéis atá san ábhar seo. Ag eascairt as an gcomhairliúchán, táim ag súil go mbeidh polasaí oideachais don Ghaeltacht againn a rachaidh chun tairbhe na teanga, na bhfoghlaimeoirí, agus na bpobal Gaeltachta.

Ar ndóigh, Ní neart go cur le chéile

Go raibh maith agaibh go léir.

CRÍOCH