Scéim Saoire Uchtála do Mhúinteoirí atá fostaithe i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna aitheanta
Tugtar Saoire Uchtála do mhúinteoirí ar máithreacha iad atá ag uchtáil nó ar fir aonair iad atá ag uchtáil, a thosaíonn ar dháta socrúcháin an linbh leis an múinteoir atá ag uchtáil.
Is é atá i gceist ná tréimhse 24 seachtain i ndiaidh a chéile de shaoire reachtúil íoctha agus suas le huasmhéid de 16 seachtaine i ndiaidh a chéile de shaoire reachtúil neamhíoctha sa bhreis. D’fhéadfadh múinteoir iarratas a dhéanamh freisin ar Shaoire Uchtála Neamhíoctha reachtúil sa bhreis go dtí deireadh na scoilbhliana i.e. 31ú Lúnasa.
Le haghaidh tuilleadh eolais féach Scéim Saoire Uchtála atá i gCiorclán 0054/2019 dar teideal “Scéimeanna Saoire do Mhúinteoirí Cláraithe atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna Aitheanta”.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Ní mór do mhúinteoir an Fhoirm Iarratais in Aguisín A a chomhlánú agus a chur isteach go dtí a f(h)ostóir 6 seachtaine ar a laghad roimh an dáta tosaithe atá beartaithe.
Teagmháil- R-phost:teachersna@education.gov.ie
- Seoladh: Rannóg Téarmaí agus Coinníollacha Múinteoirí/SNA, An Roinn Oideachais, Corr na Madadh, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí, N37 X659
- Fón: (090) 648 3734
|