Saoire Uchtála do Chúntóirí Riachtanas Speisialta
Is ionann saoire uchtála agus cineál ceada neamhláithreachta reachtúil ó fhostaíocht do chúntóirí riachtanas speisialta ar tuismitheoirí uchtála iad.
Tá gach tuismitheoir uchtála i dteideal saoire uchtála ar feadh tréimhse 24 seachtaine as a chéile. Tá rogha acu leas a bhaint as saoire uchtála gan íoc ar feadh tréimhse bhreise 16 seachtaine freisin.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Theidlíochtaí Saoire Uchtála do Chúntóirí Riachtanas Speisialta, féach an ciorclán thíos:
Conas Iarratas a Dhéanamh
Ní mór do chúntóirí riachtanas speisialta an fhoirm iarratais in Aguisín A a chomhlánú agus í a sheoladh chuig a bhfostóir sé seachtaine ar a laghad roimh thús na saoire.
Teagmháil- R-phost:teachersna@education.gov.ie
- Seoladh: Múinteoirí agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta - Aonad Téarmaí agus Coinníollacha, An Roinn Oideachais, Corr na Madadh, Baile Átha Luain, Contae na hIarmhí, N37 X659
- Fón: (090) 648 3734
|