Cuireann an Roinn seirbhís phárolla ar fáil do bhaill foirne teagaisc agus neamhtheagaisc i mbunscoileanna, i meánscoileanna deonacha agus i scoileanna pobail agus cuimsitheacha. Íoctar le pearsanra scortha tríd an tseirbhís seo freisin.
Seirbhísí Párolla agus Airgeadais
Coróinvíreass (COVID19)
Socruithe Teagmhasacha Gnó na Rannóige Párolla
De bharr Chinneadh an Rialtais ar bhainistíocht na héigeandála sláinte sna suíomhanna oideachais, tá cianobair ón mbaile curtha i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais & Scileanna (ROS) d’fhoireann na Roinne. Clúdaíonn sé seo feidhmiú phárollaí foirne na scoileanna ar bhonn cianda.
Leanfaidh an Roinn ag íoc tuarastal agus pinsean le foireann na scoileanna mar is gnách gach coicís.
Covid-19 Socruithe Párolla
Ráitis airgeadais
Ní bhfaighidh tú P60 a thuilleadh ó d’fhostóir le haghaidh 2019 nó blianta ina dhiaidh sin.
Ina áit sin, ó 1 Eanáir 2010 beidh teacht agat ar Achoimre Sonraí Fostaíochta ar moChúrsaí. Féadtar teacht air tríd an nasc ‘Déan athbhreithniú ar do cháin’ faoin gcluaisín ‘Seirbhísí ÍMAT’.
Beidh do shonraí pá agus asbhaintí reachtúla don bhliain seo mar a thuairiscigh d'fhostóir nó do sholáthraí pinsin iad, ar fáil san achoimre seo. Féadtar doiciméad a chruthú le féachaint air nó le priontáil más gá. Féadtar an doiciméad a úsáid mar chruthúnas ar ioncam do thríú páirtithe chomh maith.
Seirbhís do Chustaiméirí
I gcomhréir leis an gcinneadh seo, ní féidir na línte teileafóin a fheidhmiú faoi láthair. Dá réir sin, ba chóir d’údaráis na scoileanna agus foireann na scoileanna fiosruithe a sheoladh ar ríomhphost chuig na seoltaí ríomhphoist atá sonraithe do phárolla ar an liosta thíos. Luaigh do UPSP, uimhir párolla, uimhir theileafóin agus uimhir rolla do scoile i d’fhiosrú ríomhphoist le do thoil.
Teagmháil
Sonraí Teagmhála na Rannóige Párolla
Féach freisin
Faisnéis maidir le Seirbhísí
Cuireann an Roinn na seirbhísí seo a leanas ar fáil:
Nóta eolais maidir leis na hathruithe ar an Sochar Tinnis/Díobhála
D'iontrálaithe nua tar éis 01 Eanáir 2013
Poist Fhreagrachta
Naisc Úsáideacha: