Malartú Múinteoirí do Mhúinteoirí Bunscoile
Scéim um Athshannadh Sealadach do Mhúinteoirí Bunscoile atá fostaithe i mbunscoileanna aitheanta
Is é atá i gceist leis an Scéim um Athshannadh Sealadach le haghaidh Múinteoirí Bunscoile ná socrú a éascú idir beirt mhúinteoirí incháilithe, le cead óna bhfostóirí faoi seach, inar féidir leo iarratas a dhéanamh ar athshannadh sealadach chuig scoil éagsúil chun críocha oideachasúla. Is é an tréimhse is lú d’athshannadh sealadach faoin Scéim seo ná scoilbhliain amháin agus is é an uastréimhse ná trí scoilbhliana.
Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Scéim um Athshannadh Sealadach do Mhúinteoirí Bunscoile atá i gCiorclán 0054/2019 dar teideal ”Scéimeanna Saoire do Mhúinteoirí Cláraithe atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna aitheanta”.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Ní mór do mhúinteoir, gach bliain, an Fhoirm Iarratais in Aguisín A a chomhlánú agus í a chur isteach go dtí a f(h)ostóir chomh luath agus is féidir, ach tráth nach déanaí ná an 1ú Feabhra sula dtosaíonn an scoilbhliain ina bhfuil i gceist aige/aici tús a chur (nó i gcás múinteora atá ag iarraidh cur le socrú atá ann cheana féin) nó leanúint ar aghaidh leis an athshannadh sealadach.
Féach Freisin
Teagmháil
R-phost:teachersna@education.gov.ie
Seoladh: Rannóg Téarmaí agus Coinníollacha Múinteoirí/SNA, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Corr na Madadh, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí, N37 X659
Teil: (090) 648 3734