Cur Síos
Tá ceithre Institiúid Ardoideachais (HEIanna) maoinithe ag an stát a thairgeann cláir d'oideachas tosaigh múinteoirí bunscoile atá creidiúnaithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta do mhúineadh bunscoile.
Institiúid | Seoladh Gréasáin |
Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9 | www.mie.ie |
Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach | www.mic.ul.ie |
Institiúid Oideachais, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Campas Choláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9 | www.dcu.ie |
Roinn Froebel don Bhun- agus Luath-Oideachas, Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, Co. Chill Dara | www.maynoothuniversity.ie |
Clár Baitsiléir Oideachais (B.Ed) sa Bhunmhúinteoireacht
Bíonn cúrsa 4 bliana lánaimseartha le haghaidh céim Baitsiléir Oideachais (Bunmhúinteoireacht) i ngach ceann de na ceithre HEIanna thuas.
Baitsiléir Oideachais (Teanga Chomharthaíochta na hÉireann)
Cuirfear tús le Clár B.Ed (Teanga Comharthaíochta na hÉireann) (ISL) don Oideachas Tosaigh do Mhúinteoirí (ITE) in DCU i Meán Fómhair 2019. Is é cuspóir an chláir seo bealach iontrála CAO ar leith a thabhairt isteach i dteagasc bunscoile go sonrach do mhic léinn atá bodhar agus a bhfuil moill éistigh orthu agus a dhéanann cumarsáid trí ISL. Ceadóidh an B.Ed seo go nglacfar le ISL mar mhalairt ar an nGaeilge mar riachtanas iontrála nuair a bheidh critéir áirithe le chéile Mar sin féin, ní mór na buncheanglais iontrála riachtanacha i Matamaitic agus Béarla a chomhlíonadh chun dul isteach sa chlár seo.
Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (PME) sa Bhunmhúinteoireacht
Tairgeann na ceithre Institiúidí Ardoideachais atá maoinithe ag an stát thuas Clár Máistreachta Gairmiúla san Oideachas (PME) dhá bhliain d'Oideachas Tosaigh do Mhúinteoirí.
Ina theannta sin, soláthraíonn Hibernia College Clár Máistreachta Ghairmiúla san Oideachas sa Bhunmhúinteoireacht freisin. Is cuideachta faoi úinéireacht phríobháideach, neamh-mhaoinithe é Hibernia College. Déantar an clár foghlama cumaisc seo thar 2 bhliain agus tá sé creidiúnaithe ag an gComhairle Múinteoireachta don bhunmhúinteoireacht.
Féadfaidh daoine a dhéanann an cúrsa seo a chomhlánú go rathúil a bheith cláraithe ag an gComhairle Múinteoireachta.
Íosriachtanais Iontrála
Chomh maith leis na pointí a theastaíonn i gcomhair iontráil ar chláir Bhaitsiléir Oideachais don oideachas tosaigh múinteoirí, sainíonn an Roinn Oideachais agus Scileanna íosriachtanais iontrála nach mór do mhic léinn a chomhlíonadh sna croí-ábhair: Mata, Béarla, Gaeilge. Tá sé seo amhlaidh chun a chinntiú go mbíonn de chumas ag múinteoirí bunscoile dul i gceannas ar an bhfoghlaim sna réimsí ríthábhachtacha seo.
I nDeireadh Fómhair 2017, fógraíodh athruithe a shocraigh íoschaighdeáin iontrála níos airde ar chláir bhunscolaíochta oideachas tosaigh múinteoirí don Ardteistiméireacht Ghnáthleibhéil sa Mhata agus sa Bhéarla agus don Ghaeilge ag Ardleibhéal.
Cuireadh na hathruithe seo siar do mhic léinn a bheidh ag cur isteach ar an Máistir Gairmiúil san Oideachas (PME) agus beidh siad i bhfeidhm anois ó Mheán Fómhair 2021 (uasdátú 10ú Meitheamh 2019).
Leanfar d'fheidhmiú na n-íosriachtanas iontrála níos airde, a fógraíodh i nDeireadh Fómhair 2017 ó Mheán Fómhair 2019 do mhic léinn atá ag beartú iontrála ar an gclár fochéime Bhaitsiléir Oideachais (Bunscolaíocht).
Leagtar amach i dTáblaí 1 agus 2 Íosriachtanais Iontrála reatha agus feasta don Bhaitsiléir Oideachais agus don Mháistir Gairmiúil san Oideachas.
CLÁR 1 Bunriachtanais Iontrála sa Chéim Baitsiléir Oideachais Bunscoile
Bliain Iontrála sa Choláiste | 2017 & 2018 | | 2019 ar aghaidh | |
Ábhar | Grád | % | Grád | % |
Gaeilge | H5 | 50<60 | H4 | 60<70 |
Béarla | O5 | 50<60 | O4 | 60<70 |
nó | nó | |
H7 | 30<40 | H7 | 30<40 |
Matamaitic | O6 | 40<50 | O4 | 60<70 |
nó | nó | |
H7 | 30<40 | H7 | 30<40 |
| | | | |
CLÁR 2 Bunriachtanais Iontrála sa Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas
Bliain Iontrála sa Choláiste | 2019 agus 2020 | | 2021 ar aghaidh | |
Ábhar | Grád | % | Grád | % |
Gaeilge | H5 | 50<60 | H4 | 60<70 |
Béarla | O5 | 50<60 | O4 | 60<70 |
nó | nó | |
H7 | 30<40 | H7 | 30<40 |
Matamaitic | O6 | 40<50 | O4 | 60<70 |
nó | nó | |
H7 | 30<40 | H7 | 30<40 |
| | | | |
| | | | |
Chomh maith leis na ceanglais a bhaineann le hábhair atá leagtha amach thuas, tá ceanglais eile iontrála ginearálta ann do na cláir
Chun na ceanglais iontrála is déanaí don Chéim Baitsiléir Oideachais agus don Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas a fheiceáil, cliceáil ar na naisc seo a leanas;
Tá na ceanglais chun clárú mar mhúinteoir bunscoile leagtha amach i mBealach 1 de Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta [Clárú], 2016, Rialacháin chun Clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta
13 Samhain, 2018 - Athruithe leis an bpróiseas iontrála iarchéime don mhúinteoireacht bunscoile ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Ollscoil Mhaigh Nuad, Institiúid Oideachais Marino agus Coláiste Mhuire gan Smál
24 Eanáir, 2019 - Seolann an tAire clár nua Baitsiléir Teanga Comharthaíochta na hÉireann do dhaltaí atá bodhar.
30 Eanáir 2019- Preaseisiúint ag an Aire Oideachais agus Scileanna agus an tAire Ardoideachais ag fógairt go gcuirfí na Bunriachtanais Iontrála nua do mhic léinn ITE bunscoile ag tosú ar Mháistreacht Ghairmiúil Oideachais siar ó 2019 go 2020.
Teagmháil
R-phost: TES@education.gov.ie
Seoladh: An Roinn Oideachais agus Scileanna, An Rannóg Oideachais Mhúinteoirí, Corr na Madadh, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí, N37 X659