Buiséadú FeidhmíochtaI gcomhréir le Cinneadh Rialtais, ó 2012 ar aghaidh éilítear ar an Roinn Oideachais agus Scileanna a Meastachán bliantúil a tháirgeadh i bhformáid nua Buiséadaithe Feidhmíochta.Is é aidhm an phróisis seo fócas an phróisis Mheastacháin a neartú le go mbeidh níos mó béime ar an aschur agus ar na torthaí a sheachadfaidh an Roinn le cistí poiblí, in ionad an fhócais thraidisiúnta ar an aschur airgeadais.Tá an fhormáid nua bunaithe ar an méid a gheall an Roinn ina Ráiteas Straitéise go ndéanfadh sí agus go seachadfadh sé. Léireoidh an Ráiteas Straitéise ceangaltais atá sa Chlár don Rialtas i ndáil leis an Roinn seo.Tá Buiséadú Feidhmíochta ina fhorbairt bhreise ar phróiseas na Ráiteas Bliantúil Aschuir (AOS), trína raibh AOS ag gabháil leis na Meastacháin i stíl thraidisiúnta, agus an dá dhoiciméad mar bhonn den bhreithniú ar na dréacht-Mheastacháin ag coiste ábhartha an Oireachtais roimh vótáil ar na meastacháin sa teach.Naisc ghaolmhara: http://per.gov.ie/ agus http://www.finance.gov.ie/
Tuarascálacha Airgeadais
Ciste Sóisialta na hEorpa
Is í an Roinn Oideachais agus Scileanna (an Roinn) a bhainistíonn Ciste Sóisialta na hEorpa (an Ciste) in Éirinn. Tacaíonn an Ciste le réimse cúrsaí oiliúna, scéimeanna agus tionscadal ar fud na tíre trí chomhchistiú (50/50) ón gCoimisiún Eorpach agus ó Ranna Rialtais (an Ciste Náisiúnta Oiliúna ina measc). Dháil an Roinn €28.5 milliún, a fuarthas ón gCoimisiún Eorpach, faoin gCiste in 2016 mar seo a leanas:
Íoc Amach Fháltais Chiste Sóisialta na hEorpa (an Ciste) in 2016
| An Clár Oibriúcháin um Infheistíocht Caipitil Dhaonna (COICD) | An Clár um Infhostaitheacht, Ionchuimsiú agus Foghlaim (CIIF) |
| €m | €m |
An Roinn Oideachais agus Scileanna | 13.0 | 2.7 |
An Roinn Coimirce Sóisialaí | 2.7 | 0.8 |
An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais | | 0.5 |
An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil | | 0.2 |
An Ciste Náisiúnta Oiliúna | 7.0 | 1.6 |
IOMLÁN | 22.7 | 5.8 |
Éilíodh an leithdháileadh iomlán de €375 milliún a cuireadh i leataobh d’Éirinn faoin gCiste le himeacht shaolré an COICD.