Tuarascálacha Bliantúla
Tuarascálacha Bliantúla ina mionsonraítear gníomhaíochtaí na Roinne do bhliain ar leith agus ina dtuairiscítear ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme ár Ráitis Straitéise.
Faoi Alt 22 den Acht um Nochtadh faoi Chosaint, 2014, éilítear ar gach comhlacht poiblí tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú ina leagtar amach an líon de nochtadh faoi chosaint a fuarthas sa bhliain roimhe agus an gníomh a rinneadh (más ann). Leis an tuarascáil seo níor chóir go ndéanfaí nochtadh inaitheanta do dhaoine dá barr.