Tuairiscí Cigireachta
Foilsíonn an Chigireacht raon tuarascálacha agus foilseacháin eile chun comhairle agus tacaíocht a thabhairt do scoileanna, don lucht déanta beartas agus don phobal oideachais níos leithne. Seo a leanas na príomhchineálacha d’fhoilseacháin:
- Tuarascálacha náisiúnta ar ghnéithe éagsúla den chóras scoile: tugann na tuarascálacha seo torthaí agus moltaí a eascraíonn as ár n-anailís ar mheastóireachtaí scoile agus as an taighde a dhéanaimid ar théamaí nó ar ábhair ar leith. Áirítear leo go minic samplaí den dea-chleachtas agus is féidir le scoileanna iad a úsáid chun feabhas a chur ar theagasc agus ar fhoghlaim.
- Treoracha agus nótaí faisnéise faoin dóigh a ndéanaimid ár gcigireachtaí: tugann siad seo faisnéis ar chineálacha éagsúla de chigireachtaí, amhail Meastóireacht Scoile Uile (WSE), cigireacht ábhair, cigireacht theagmhasach
- Cód Cleachtais na Cigireachta a leagann amach na caighdeáin atá againn maidir lenár gcuid oibre
- Nósanna Imeachta maidir le hAthbhreithniú ar Chigireachtaí is féidir le múinteoir nó le Bord Bainistíochta atá míshásta le cigireacht a úsáid
- Foilseacháin chun tacú le féin-mheastóireacht scoile
- Oideas: iris acadúil na Roinne Oideachais agus Scileanna. Tá Oideas á fhoilsiú ar bhonn rialta ó 1968.
Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil roinnt foilseachán ar fáil i mBéarla amháin. Féach ar na foilseacháin Bhéarla uile.
Féach Freisin: