Cigireachtaí ar Chúrsaí Choláistí Gaeilge
Cuireann Cigireacht na Roinne Oideachais agus Scileanna (ROS), ar iarratas na Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, clár bliantúil cigireachta i gcrích ar rogha shamplach de na cúrsaí a eagraíonn coláistí Gaeilge ar leith. Maireann na cúrsaí Gaeilge seo ar feadh trí seachtaine de ghnáth agus eagraítear iad do scoláirí iarbhunscoile agus do dhaltaí sinsearacha bunscoile le linn mhíonna an tsamhraidh den chuid is mó.
Déantar an chigireacht ar chúrsaí Gaeilge chun cáilíocht an oideachais a chuirtear ar fáil do na scoláirí a dhearbhú agus chun comhairle agus tacaíocht a thabhairt do na múinteoirí, na príomhoidí agus coistí bainistíochta na gcoláistí. Eascraíonn na tuairiscí cigireachta seo as breathnóíreacht an chigire ar theagasc, foghlaim agus imeachtaí cultúrtha, as idirghníomhú le scoláirí, as an gcomhphlé leis an mbainistíocht, agus as iniúchadh ar cháipéisíocht ábhartha. I ndeireadh gach cigireachta, tugann an cigire aiseolas do na múinteoirí agus do phríomhoide an chúrsa Gaeilge maidir le cáilíocht an tsoláthair oideachais sa suíomh.
Bíonn tuairiscí ar chúrsaí a sholáthraíonn coláistí Gaeilge faoi réir ghnáth-nósanna imeachta dearbhú cáilíochta na Cigireachta. Tugtar an dréacht-tuairisc do chathaoirleach choiste stiúrtha an choláiste Gaeilge chun na fíricí inti a sheiceáil. Eisítear an tuairisc dheiridh ansin chun go dtabharfaidh lucht an choláiste freagra uirthi. Foilsítear na leaganacha Gaeilge agus Béarla den tuairisc chigireachta ar an gcúrsa Gaeilge ina dhiaidh sin ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna agus ar shuíomh na Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.