Cigireachtaí Leantacha

Déanann cigireacht leantach meastóireacht ar an dul chun cinn atá déanta ag scoil ar fheidhmiú moltaí a rinneadh i gcigireacht níos luaithe nuair a foilsíodh nó nuair a eisíodh tuairisc scríofa chuig an scoil. Is iad na moltaí sa tuairisc a foilsíodh nó a eisíodh a chinneann formáid na cigireachta.

Ceadaíonn an próiseas solúbthacht imleor chun fianaise a bhailiú maidir leis an dul chun cinn atá déanta ar chur i bhfeidhm roinnt de na príomh-mholtaí, nó iad uile, a rinneadh sa tuairisc chigireachta bhunaidh. Soláthraímid aiseolas ó bhéal ag deireadh na gcigireachtaí agus soláthraímid tuarascáil scríofa a fhoilsítear ar ár suíomh gréasáin.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil roinnt foilseachán ar fáil i mBéarla amháin. Féach ar na foilseacháin Bhéarla uile.

Cigireacht Cuardach