An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

Department of Education and Science

 

Cigireacht Ábhair ar Ghaeilge

TUAIRISC

  

 Coláiste Cholmchille, Aille Thiar,

 Indreabhán,Co. na Gaillimhe

Uimhir rolla: 71250A 

  

Dáta na cigireachta: 26/27 Deireadh Fómhair 2006

Dáta eisiúna na tuarascála: 21 Meitheamh 2007

 

 

 

An Tuairisc Chigireachta seo

Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile

Pleanáil agus Ullmhúchán

Teagasc agus Foghlaim

Measúnú agus Gnóthachtáil

Achoimre ar na Príomhchinntí agus Moltaí

 

 

 

 

 

Tuairisc ar Chaighdeán na Foghlama agus an teagaisc sa Ghaeilge

 

An Tuairisc Chigireachta seo

 

Scríobhadh an tuairisc seo tar éis chigireacht ábhair a bheith déanta ar Choláiste Cholmchille, Aille Thiar, Indreabhán, Co. na Gaillimhe, mar chuid de Mheastóireacht Scoil Uile.  Leagann sí amach tátail mheasúnachta maidir le caighdeán an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge agus déantar moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair seo sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht seo thar dhá lá inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim.Bhí teagmháil ag an gcigire leis na mic léinn agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na mac léinn agus rinneadh plé leis na múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúchán scríofa na múinteoirí.Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na measúnachta don phríomhoide agus do na múinteoirí ábhair. 

 

Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile

 

Is é polasaí aontaithe na scoile gurb í Gaeilge gnáth-theanga oibre na scoile. Tugann bainistíocht na scoile gach tosaíocht do chaomhnú agus bhuanú na Gaeilge sa scoil agus sa cheantar. Faigheann scoláirí Choláiste Cholchille lán tumadh sa Ghaeilge mar go múintear na hábhair go léir trí Ghaeilge, rud a thugann an tacaíocht do mhúineadh na Gaeilge féin mar ábhar.

 

Is de réir gnéis atá na ranganna deighilte sa chéad bhliain.  Rinneadh an bhainistíocht an cinneadh seo i mbliana in áit scoláirí na céad bliana a roinnt de réir cumais bunaithe ar scrúdú tús bliana.  Is scéim phíolóta é an soláthar seo agus déanfar athbhreithniú uirthi um Nollag.  Moltar an bhainistíocht as a gcuid iarrachtaí leanúnacha an soláthar is fearr a chur ar fáil do lucht na céad bliana.  Tá an dara bhliain, an Idirbhliain agus rang na Ardteiste Bliain a haon roinnte de réir cumais.  Is de réir léibhéil scrudaithe a eagraítear na ranganna téistiméireachta.  Cuirtear ranganna breise tacaíochta ar fáil do scoláire nuair is gá.  Tá na ranganna breise seo á sholáthar i gcomhar le ‘Cumas’.  Is cúig huaire sa tseachtain ar feadh sé seachtainí is fiche atá i gceist.  I mbliana tá naonúr scoláirí ag baint tairbhe as an scéim seo.

 

Sa timhthriall sóisearach bíonn ceithre thréimshe Gaeilge sa tseachtain, trí thréimshe san Idirbhliain agus cúig thréimshe sa timhthriall sinsearach. Is thréimhsí singil ar fad atá i gceist dáilithe amach thar an seachtain.

 

Níl díolúine ón nGaeilge ag scoláire ar bith sa scoil.  Tugtar spreagadh agus tacaíocht do dhaltaí a thagann ag an scoil ar bheagán Gaeilge, tabhairt faoin teanga a fhoglaim.  Tá ardmholadh ag dul don scoil as an fealsúnacht seo.

 

Tá cúigear múinteoirí Gaeilge i gColáiste Cholmchille. Tá beirt ag múineadh ranganna sóisearacha amháin.  Tá idir ranganna sóisearacha is sinsearacha ag an mbeirt mhúinteoirí eile.  Moltar go dtugtar deis do na múinteoirí go léir taithí a fháil ag múineadh sa dá timhthriall.

 

Déantar gach iarracht an múinteoir céanna a bheith ag gach bliain ghrúpa  ón gcéad bhliain go dtí an triú bliain agus sa dá  bhliain den timhthriall sinsearach  ar mhaithe lena dheimhniú go ndéanfar freastal iomlán ar riachtanais na ndaltaí ó bhliain go bliain agus go mbíonn leanúnachas ann ó thaobh múinteoirí de.

 

Tá raon fairsing acmhainní do mhúineadh agus d’fhoghlaim na Gaeilge.  Tá seomraí dá gcuid féin ag fórmhór na múinteoirí Gaeilge.  Cuireann ciste tacaíochta de chuid an choiste ghairmoideachais  buiséad ar fáil d’imeachtaí Gaeilge go bliaintiúl agus déantar soláthrú ar aon riachtanais a bhíonn ann don ábhar.  Lorgaíonn roinn na Gaeilge urraíocht agus airgead ó go leor foinsí chun imeachtaí Gaeilge a reachtáil sa scoil.  I measc na n-acmhainní atá in úsáid do theagasc agus d’fhoghlaim na teanga, tá seinnteoirí dlúthdhioscaí, áiseanna closamhairc, léaráidí, cairteanna gramadacha, uasteilgeoirí, nuachtáin, irisí agus fearas taifid físeáin. Tá ríomhaire le ceangal leathan bhanda i bhfórmhór na seomraí Gaeilge.  Tá stóras substaintiúil leabhair Ghaeilge i seomra duine de na múinteoirí Ghaeilge.  Úsáidtear na leabhair mar chuid do na cúrsaí teistiméireachta agus leabhair eile mar fhoinse taighde do thionscnaimh éagsúla.  I mbliana beidh scoláirí céad bliana agus lucht na hIdirbhliana Gaeilge páirteach i bhfeachtas ‘Léigh Leabhair’ de chuid Pléarácha.  Tá moladh ag dul don roinn atá ag cur lena stóras leabhair Ghaeilge go leanúnach agus atá ag cothú nós na léitheoireachta ina ndaltaí. Aithníonn na múinteoirí Gaeilge, ó bheith ag caint leo agus óna bpleananna scríofa don teanga, na féidireachtaí atá ann d’úsáid teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide (TEC) i múineadh na Gaeilge.  Gríosaítear scoláirí le húsáid a bhaint as acmhainní Ghaeilge atá ar fáil ar an idirlíon.  Moltar an tús seo atá curtha le TEC i dteagasc agus i bhfoghlaim na Gaeilge a leathnú.  Tá liosta de na háiseanna agus na hacmhainní teagaisc atá ann do scoláirí iarbhunscoile ar fáil ag eolas@cogg.ie . Moltar leis an Vicipéid, leagan Gaeilge do shuíomh ciclipéidigh ag www.wikepedia.org . Beidh an fhorbairt seo ag teacht le  cuspóir an phlean Ghaeilge sa scoil ‘an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daltaí agus a léiriú dóibh gur teanga nua-aimseartha bheo í’.

 

Is suntasach an soláthar atá i gColáiste Cholmchille  d’imeachtaí comh-churaclaim agus seach-churaclaim. Tugtar gach spreagadh do na scoláirí go léir páirt a ghlacadh i réimse fairsinge gníomhaíochtaí comh-churaclaim. Eagraítear na scoláirí le páirt a ghlacadh i gcomórtais éagsúla scríbhneoireachta, díospóireachta, filíochta, léitheoireachta, tráth na gceisteanna agus scileanna raidió. Baineann scoláirí de chuid Choláiste Cholmchille duaiseanna amach sna comórtais seo bliain i ndiaidh bliana. Cuirtear ceardlann scríbhneoireachta ar fáil sa scoil faoi chúram scríbhneoirí aitheanta. Reachtáiltear ceardlanna drámaíochta agua ceardlann scileanna scrúdaithe freisin. Cuireann an soláthar leathan seo go mór le heispéireas chultúrtha agus oideachasúla na scoláirí.  Tá an obair chomh-churaclaim seo an luachmhar i mbuanú agus i bhforbairt an chultúir sa scoil agus in abhantrach na scoile. Tá ardmholadh ag dul do Choláiste Cholmchille atá ag cothú traidisiúin saibhir d’imeachtaí chomh-churaclaim thar na blianta. Treaslaítear leis na múinteoirí as ucht a ndúthracht agus as a bhflaithiúlacht  agus déantar comhghairdeas leis an mbainistíocht faoin tacaíocht a thugtar do na himeachtaí seo gach bliain.          

 

Tá na múinteoirí go léir mar bhaill de Chomhar na Múinteoir Gaeilge agus bhíodh said ag freastail ar chainteanna áitiúla a bhíodh á n-eagrú i gcomhar le Comhar na Múinteoirí Gaeilge gur tháínig deireadh leo  le gairid.  Tá taithí ag triúr de na múinteoirí mar scrúdaitheoirí do na scrúduithe cainte.  Bhí seminéar ar fhoghlaim comhoibritheach don scoil iomlán anuraidh.  Tugann an bhainistíocht gach tacaíocht do fhoireann na Gaeilge freastail ar chúrsaí forbartha gairmiúla phearsanta. Tugadh suntas don  díomá  atá ar  mhúinteoirí na scoile seo i ndáil leis an easpa  cursaí inseirbhíse atá ar fáil don Ghaeilge.

 

 

 

 

        

Pleanáil agus Ullmhúchán

 

Tá plean Ghaeilge na scoile mar chuid lárnach de phlean uile scoile Choláiste Cholmchille.  Is é ceann d’aidhmeanna ráitis mhisin na scoile ná ‘meas a chothú ar ár n-oidhreacht Ghaelach, an teanga Ghaelach agus ár gcultúr Gaelach’.  Aithnítear sa phlean Ghaeilge an ról tábhachtach atá ag an scoil i gcaomhnú agus i mbuanú sainchultúr agus teanga an cheantair.  Is é polasaí aontaithe na scoile gurb í Gaeilge gnáth-theanga oibre na scoile. Tá sé aitheanta sa pholasaí go bhfuil gá plean gníomhaíochta teanga a chur le chéile chun polasaí teanga na scoile a chur i bhfeidhm.  Déantar mar mholadh  plean gníomhaíochta teanga a fhorbairt chun stáid reatha na Gaeilge sa scoil anois agus mianta  na bpáirtithe leasmhara, tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an nGaeilge, a chur i gcrích.

 

Thosaigh foireann teagaisc na Gaeilge i gColáiste Cholmchille ar an bpróiseas um phleanáil fhorbartha scoile dhá bhliain ó shin ag cur  leis an bpleanáil neamhfhoirmiúil a bhí á chleachtadh roimhe seo.  Bíonn cruinniú foirmiúil ag  roinn na Gaeilge gach mí, maraon le teagmháil neamhfhoirmiúil ar bhonn rialta. Tréaslaítear leis an bhfoireann as an gcur chuige comhoibritheach seo. Tá plean ábhair don Ghaeilge curtha le chéile ag an roinn ina bhfuil pleananna fadtéarmacha do na bliain ghrúpaí go léir.  Tá comhthathú déanta sna pleananna seo ar na ceithre mhór scil teanga maraon le gnéithe éagsúla de na cúrsaí ag teacht le bunphrionsbail na siollabas.  Tá cur síos ann freisin ar aidhmeanna agus cuspóirí na roinne, pleanáil don timpeallacht fhoghlama agus do thionscnaimh thras-churaclaim, pleanáil d’imeachtaí comh-churaclaim, nascanna le tacaíocht foghlama chomh maith le modhanna tuairisce, cuntais agus measúnaithe.  Tréaslaítear leis an bhfoireann as an bplean cuimsitheach seo.  Aineoinn go bhfuil stráitéisí teagaisc idirdhealaithe luaite sa phlean moltar go gcuirfear leis an gcuid seo den phlean trí na modheolaíochtaí idirdhealaithe a imlíniú, na hacmhainní a bheidh in úsáid a lua, chomh maith le tascanna idirdhealaithe chun measúnú a dhéanamh ar thorthaí foghlama thar raon cumais na scoláirí.  Moltar freisin na nascanna leis an bhfoireann tacaíochta foghlama a dhéanamh níos foirimiúla ag na cruinnithe pleanála míosúla.

 

Tá comhordaitheoir ábhair ceapaithe sa scoil. Moltar go ndéanfar rothlú ar an gceapúchán  amach  anseo, ionas go bhfuil taithí agus tuiscint ag níos mó ná duine amháin ar na cúraim agus na freagrachtaí a ghabhann leis an gcomhordú.

 

 

Teagasc agus Foghlaim

 

Léirigh na ranganna a breathnaíodh orthu go raibh pleanáil chuí déanta ina gcomhair agus bhí ábhar agus aidhmeanna na gceachtanna go léir soiléir, ábhartha agus ag teacht le riachtanais na siollabas.  Bhí de thoradh ar an bpleanáil agus an t-ullumhúchán críochnúil seo go raibh struchtúr, luas agus gluaiseacht bhríomhar faoi na ceachtanna.  I measc na bhfearais teagaisc agus fhoghlama a bhí in usáid ag na múinteoirí bhí bileoiga oibre, ceisteanna scrúdaithe, script rólghlacadh, téacsleabhair, póstaeir, pictiúr, grianghrafanna, uasteilgeoirí agus píosa ceoil réamhroghnaithe.

 

Bhí ard chaighdéan stráitéisí teagaisc ag na múinteoirí go léir i gColáiste Cholmchille. Bhí chomhtháthú déanta ar na ceithre mhór scileanna teanga trí thascanna éagsúla i ngach rang le linn na cigireachta.  Bhí cothromaíocht i gconaí idir gníomhaíocht na múinteoirí agus gníomhaíocht na ndaltaí. I rang amháin bhí meascán idir obair bheirte is obair aonair, a bhí struchtúrtha le bileoga oibre, is dán á scagadh ag an rang.  I ranganna eile bhí díospóireacht ar dhá theicnic fileata i ndán.  Lean seisiún ról ghlachadh an plé seo ina raibh na scoláirí ina mbeirteanna ag dul i ngleic le hábhar an dáin. Cheangail an múinteoir téama an dáin le taithí saoil daoine óga agus chríochnaigh an rang le comhrá breá bríomhar ar an mbrú atá ar dhaoine óga sa lá atá inniu ann.  I rang eile bhí na scoláirí ag ullmhú cláir raidió do chomórtas raidió Ghael Linn.  Bhí an múinteoir ag feidhmniú mar eascaitheoir ar an seisiún tobarsmaointeoireachta seo ina raibh na scoláirí ag obair i ngrúpaí ar chodacha éagsúla an chláir.  B’érbh iad na scoláirí féin a roghnaigh na téamaí don chlár, a chum an fhilíocht agus roinnt den cheol.  I rang filíochta eile, bhí béim arís ar an gcumadóireacht.  Ar mhaithe leis na scoláirí a threorú conas feabhas a chur ar na dánta a bhí scríofa acu cheana féin  bhí an múinteoir ag plé an idirdhealaithe idir  prós agus  filíocht leis an rang.  Go sciliúil threoraigh an múinteoir  an rang chun teacht ar roinnt difríochtaí trí shamplaí agus trí fhearas foghlama concréideach. Bhain na múinteoirí go léir úsáid éifeachtach as straitéisí eagsúla ceistiúcháin.  I mbealach tógálach, ceist ag tógáil ar cheiste, treoraítear na scoláirí dul níos doimhne sa phlé agus bhí deis ag  gach duine a bheith páirteach sa rang. Is eiseamláir de dhea-chleachtas na modhanna múinte seo go léir, b’fhiú go mór do na múinteoirí a dtaithí agus a scileanna a roinnt ar a chéile mar chuid den phróiseas um pleanáil forbartha scoile.

 

I ranganna áirithe d’úsáideadh an clár dubh/osteilgeoir chun creatlach an cheachta a chlárú.  Is cleachtas an mhaith é seo mar bhí achoimre ar an gclár ar mhór phointí an cheachta agus bhí deis ag na scoláirí iad a bhreacadh síos.  I ranganna eile áfach níor baineadh an tairbhe céanna as cláir bhána/dhubha chun eochair fhocail na gceachtanna a chlárú.  Moltar do mbainfear gach leas as an áis teagaisc agus foghlama seo chun litearthacht fhisiúil na scoláirí a fhorbairt go leanúnach.

 

Tugadh faoi deara ins na ranganna ar fad a breathnaíodh orthu le linn na cigireachta go raibh atmaisféar fáilteach oscailte idir na scoláirí agus na múinteoirí.  Bhí caidreamh réidh ag na múinteoir agus ag na daltaí lena chéile.  Bhí an-chur amach ag na múinteoirí ar shaol agus ar chaithimh aimsire na scoláirí. Chuir an caidreamh ionbhách seo go mór leis an gcomhoibriú a bhí le feiscint i bpróiseas na foghlama agus an teagasc a bhí ar bun.  Tugadh aiseolas dearfach spreagúil d’iarrachtaí agus do thuairimí na scoláirí i gconaí.  Ba léir go raibh na scoláirí sásta a bheith rannpháirteach ina bhfoghlaim féin agus go raibh tuiscint leathan agus spéis acu san ábhar.

 

Bhain na múinteoirí úsáid tairbheach as buntáiste a seomra buana trí thimpeallacht ghríosúil a chruthú.  Bhí póstaeir le hobair na ndaltaí féin, cairteanna gramadacha, léirscáileanna agus fearais fhoghlama eile.  Tá an cur chuige seo inmholta mar ní hamháin go ndéanann sé athdhaingniú ar an bhfoghlaim go físiúl ach cuireann sé le féin mhuinín na scoláirí a gcuid oibre a bheith ar taispeáint.  I seomra ranga amháin bhí grianghrafanna ag dul siar i bhfad do scoláirí ag baint duaiseanna amach  ag comórtais éagsúla. Sa seomra seo freisin bhí gradaim do na haistí ab fhearr sna scrúduithe Stáit don bhliain 2003 agus 2004.  Cuireann an ceiliúradh seo ar obair na scoláirí sa teanga go mór le stádas na teanga in aigne na scoláirí chomh maith le misneach a thabhairt dóibh siúd atá ag  tabhairt faoi na comórtais nó na scrúduithe céanna i mbliana.

 

Maraon leis na seomraí ranga don Ghaeilge bhí taspeáintas pictiúir agus fógraí i nGaeilge le feiceáil timpeall na scoile ina hiomláine. <0}

 

 

Measúnú agus Gnóthachtáil

 

Déantar measúnú múnlaitheach ar bhonn neamhfhoirmiúil agus foirmiúil.  I measc na modhanna neamhfhoirmiúla a bhí in úsáid le linn na cigireachta bhí measúnú béil i bhfoirm ceisteanna, tobarsmaointeoireacht, obair bheirte agus obair aonair. Tá polasaí obairbhaile uile scoile i bhfeidhm. Tá córas dialanna obairbhaile in úsáid agus ba shoiléir uathu go raibh raon leathan obairbhaile á dtabhairt go rialta.  Déanann na múinteoirí ranga monatóireacht rialta ar na dialanna oibre bhaile maraon le síniú seachtainiúil ó thuismitheoirí/chaomhnóirí agus síniú  míosúil ó phríomhoide cúnta. Léirigh sampla de na cóipleabhair  a breathnaíodh orthu le linn na cigreachta go raibh obair chuimsitheach déanta ar raon ábhar a bhí ag gabháil le riachtanais na Siollabas.  Bhí leanúnachas le feiceáil in obair na gcóipleabhar a thaispeáin leibhéal maith forbartha.  Bhí obair na scoláirí á cheartú go rialta le nótaí mínithe forbraithe, a thug léargas do na daltaí ar a ndearmaidí chomh maith le haitheantas  d’obair a bhí déanta go maith. Tá an cur chuige seo inmholta agus moltar go ndéanfadh roinn na Gaeilge cinneadh an dea-chleachtas seo a úsáid sna ceartúcháin go léir.  Bhí cur síos sna cáipéisí pleanála ar obair bhaile a bheith tugtha ar na ceithre scil teanga.  Is dea-chleachtas é seo in áit obair bhaile i bhfoirm obair scríofa amháin. Cuirtear scrúduithe ranga go rialta ar na scoláirí ar na scileanna teanga go léir agus ar ghnéithe éagsúla de na cúrsaí. Déantar taifead córasach ar thorthaí na scrúduithe seo go léir.  

 

Déantar measúnú coimreach foirmiúil ar gach scoláire faoi Nollaig. Reachtáiltear trial scrúdaithe san Earrach do scoláirí teistiméireachta agus scrúduithe deireadh bliana dóibh siúd nach bhfuil ag dul faoina scrúduithe Stáit.  Cuirtear tuairisc abhaile tar éis na scrúduithe seo. Tuairiscíodh go ndéantar cinnidh faoi mheasúnú comónta agus scéimeanna marcála aontaithe ag cruinnithe pleanála i gcaitheamh na  bliana má bhíonn an cur chuige seo feiliúnach. Casann múinteoirí agus tuismitheoirí ar a chéile dhá  uair sa bhliain do scoláirí teistiméireachta agus uair amháin do na ceithre bhliain ghrúpaí eile. Déanann na múinteoirí plé ar na comparáidí idir torthaí a scoláirí féin agus na meán-mharcanna náisiúnta sna scrúduithe Stáit. Úsáidtear an léargas ón anailís mar threoir chun a bpleananna a fheabhsú. Tá an cleachtas seo inmholta mar coimeádann an díospóireacht seo gné reatha na bpleananna chun cinn i gcónaí. Moltar go gcuirfidh an roinn lena n-uirlísí measúnaithe don Ghaeilge trí na prionsabail measúnú chun foghlama, mar atá forbartha ag Comhairle Curaclaim agus Measúnachta ag www.afl.ncca.ie  a chomhtháthú sna pleananna don mheasúnú.

 

Tugtar ceistiúcháin do scoláirí na hIdirbhliana tar éis gach modúil chun a dtuairimí a mheas. Úsáidtear an léargas ón eolas seo chun na modúil a fheabhsú. Tá an cur chuige seo le moladh.

 

Déanann na múinteoirí measúnú míosúil ar a ndul chun cinn féin mar fhoireann teagaisc. 

 

Déantar ceiliúradh bliantúil  ar an ngnóthachtáil is fearr sa Ghaeilge trí oíche duaiseanna a bheith ann. <0}

 

 

Achoimre ar na Príomhchinntí agus Moltaí

 

Is iad seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh sa mheastóireacht:   

                

 

 

Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint:  

 

 

 

Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Gaeilge agus leis an bPríomhoide ag deireadh na meastóireachta nuair a cuireadh na dréacht-chinntí agus na moltaí i láthair agus nuair a pléadh iad.