
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Department of Education and Science
Cigireacht Ábhair ar an nGaeilge
TUAIRISC
St. Mary’s Diocesan School
Drogheda
Co. Louth
Uimhir rolla: 63841E
Dáta na cigireachta: 26 Deireadh Fómhair 2006
Dáta eisiúna na tuairisce: 21 Meitheamh 2007
Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile
Achoimre ar na Príomhchinntí agus Moltaí
Tuairisc
ar Cháilíocht
na Foghlama agus an teagaisc sa Ghaeilge
Scríobhadh an tuairisc seo tar éis chigireacht ábhair in St. Mary’s Diocesan School mar chuid de Mheastóireacht Scoile Uile. Leagann sé amach tátail mheasúnachta maidir le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair seo sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht seo thar lá amháin inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim. Bhí caidreamh ag an gcigire leis na mic léinn agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis an múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúcháin scríofa na múinteoirí. Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na measúnachta do mhúinteoirí an ábhair agus don phríomhoide.
Tuigeadh ó na múinteoirí go ndéanann bainistíocht ns scoile dáileadh ama réasúnta do chruinnithe ábhair sa Ghaeilge. Cuirtear am ar fáil chuige seo ceithre nó cúig huaire i gcaitheamh na bliana – ar laethanta tosaigh na scoilbhliana agus ar laethanta inseirbhíse scoile eile a reáchtáltar i rith na bliana. De bhreis ar na himeachtaí seo tuairiscíodh go mbuaileann na múinteoirí Gaeilge le chéile ar bhonn neamhfhoirmiúil am lóin ar mhaithe le cúrsaí a bhaineann le hábhar a phlé. Ainneoin dhá ábhar a bheith faoina gcúram ag formhór na múinteoirí Gaeilge bhíothas sásta le dáileadh an ama don chomhphleanáil. Áirítear na socruithe seo a bheith sásúil.
Cuireadh in iúl go raibh comhordaitheoir ar roinn na Gaeilge seachas ceann roinne agus gur ar bhonn uainíochta a dhéantar an cúram seo. Bhíodh post freagrachta ag gabháil leis an gcúram seo go dtí blianta beaga ó shin. Téarma dhá bhliain a bhíonn ag an gcomhordaitheoir ar bhonn uainíochta. Moltar an socrú seo i measc na múinteoirí Gaeilge féin a chinntíonn go ndéantar idir fhreagracht agus thaithí a roinnt go cothrom ar bhaill uile roinn na Gaeilge.
Ochtar múinteoirí Gaeilge atá sa scoil agus tá taithí fhairsing ar mhúineadh an ábhair ag na leibhéil ar fad ag an gcuid is mó díobh. Déantar iarracht leanúnachas a chinntiú do na scoláirí agus coimeádtar an múinteoir céanna leis an rang céanna ó bhliain go chéile oiread agus is féidir. Is í an príomhoide a chinneann ar deireadh ar an leibhéal san ábhar a bhíonn faoi chúram na múinteoirí in aon bhliain ar leith. Cuirtear breithmheas an phríomhoide ar cháilíocht an teagaisc agus na foghlama san áireamh sa chinneadh sin. Áirítear na socruithe seo, ar léiriú iad ar spéis an phríomhoide sa cheannaireacht theagascach, a bheith trédhearcach, cóir, agus do chun leasa mhúineadh an ábhair sa scoil.
Maidir le freastal ar chúrsaí inseirbhíse san ábhar, tuigeadh go raibh an méid sin teoranta cuid mhaith do chúrsaí scrúdaithe sa mhéid is go ndírítear ar chúrsaí scrúdaithe ag cruinnithe chumann an ábhair. Tá taithí ábhartha ag triúr de na múinteoirí mar scrúdaitheoirí comhairleacha ag scrúdú Gaeilge an Teastais Shóisearaigh agus ag beirt mhúinteoirí mar scrúdaitheoirí cúnta ag na béaltrialacha i scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta. Léirigh idir mhúinteoirí agus lucht bainistíochta suim i bhforbairt ghairimiúil san ábhar agus d’fhreastail beirt mhúinteoirí ar cheardlann le déanaí ar an scannán roghnach atá anois ar chúrsa Gaeilge na hArdteistiméireachta.
Tá méid an ama a dháiltear ar an ábhar ar thráthchlár na scoile an-sásúil. Cúig thréimhse ranga in aghaidh na seachtaine atá i gceist i gcás na ranganna sa tsraith shóisearach, ceithre thréimhse i gcás na hIdirbhliana, agus sé thréimhse i gcás ranganna na hArdteistiméireachta. Fágann sin go ndéantar soláthar, ar an meán, de bhreis agus trí huaire an chloig in aghaidh na seachtaine do theagasc na Gaeilge sa tsraith shóisearach, dhá uair an chloig go leith san Idirbhliain, agus trí huaire agus trí cheathrú i gcás na ranganna Ardteistiméireachta.
Tá éagsúlacht á cur i bhfeidhm le blianta beaga anuas ar thraidisiún fadbhunaithe sa scoil faoina ndéantaí na ranganna a shruthú ó thús na chead bhliana ar aghaidh. Déantar dhá bhanda a chur ar bun sa chéad bhliain anois mar a mbíonn trí rang a dhíríonn ar an ardleibhéal agus trí rang a dhíríonn ar an ngnáthleibhéal ón gcéad lá amach – bunaithe ar scrúdú iontrála san ábhar. Déantar athbhreithniú ar na ranganna sin bunaithe ar scrúdú comónta a chuirtear ar siúl roimh bhriseadh lár-téarma Oíche Shamhna. Ó thús an dara bliain amach eagraítear ranganna cothrom leis na leibhéil a chuirtear ar fáil sna scrúduithe teistiméireachta.
Moltar athmhachnamh a dhéanamh ar an gcur chuige reatha faoina ndáiltear scoláirí ar ranganna sa chéad bhliain. Moltar machnamh a dheanamh ar ranganna cumais mheasctha a thriail sa chéad bhliain. Chuige sin b’fhiú clár comónta teagaisc a thionscnamh a dhíreodh ar labhairt na Gaeilge a chur chun cinn ón gcéad lá ar mhaithe le deis a thabhairt do scoláirí iad féin a chruthú i sealbhú na teanga labhartha. Meastar an socrú atá ann faoi láthair a bheith an-righin ar na scoláirí sin sa dara banda go háirithe nach bhfaigheann deis ar dhul i ngleic leis an ábhar ach ag leibhéal an ghnáthleibhéil ón gcéad lá.
Bhí soláthar maith acmhainní ar fáil do na múinteoirí i múineadh an ábhair lena n-áirítear teilifíseán soghluaiste, seinnteoirí dlúthdhioscaí, foclóirí do na múinteoirí, stór leabhar gramadaí do na scoláirí. Bhí cuma na seomraí ranga le moladh as an ábhar i nGaeilge a bhí ar taispeáint ar na ballaí, taispeántais a chuir le hatmaisféar na foghlama san ábhar. Bhí seomraí ranga faoina gcúram ag an gcuid ba mhó de na múinteoirí Gaeilge agus bhi na seomraí sin geal, glan, agus dea-mhaisithe le fógraí i nGaeilge, cuid a bhain le hobair na scolairí féin agus cuid eile a ceannaíodh as buiséad an ábhair.
Tuigeadh go gcuireann bainistíocht na scoile míle euro in aghaidh na bliana ar fáil mar bhuiséad don ábhar, suim airgid atá suntasach. Moltar machnamh a dhéanamh ar chuid den airgead seo a chur i leataobh le teilifíseáin agus seinnteoirí DVDanna a cheannach do na seomraí ranga ar fad ar an tuiscint go n-oibreodh múinteoirí i gcomhar le chéile le cláir chuí a thaifeadadh agus a úsáid sa rang. B’fhiú chomh maith machnamh a dhéanamh ar chuairteoirí a thabhairt chun na scoile mar spreagadh do na scoláirí, ar nós chompántas drámaíochta nó scríbhneoirí Gaeilge faoi scéim na Comhairle Ealaíon. B’fhiú chomh maith stór leabhar comhaimseartha i nGaeilge do dhéagóirí a chruinniú de réir a chéile leis an léitheoireacht a chur chun cinn. Is féidir catalóga leabhar a fháil díreach ó na foilsitheoirí nó iad a aimsiú ar shuímh ghréasáin. B’fhiú na leabhair sin a thriail leis na scoláirí de réir a chéile ar dtús seachas infheistíocht mhór a dhéanamh i dtús ama.
Cé go bhfuil ríomhaire sa seomra ranga ag múinteoir amháin, tuigeadh ó na múinteoirí i gcoitinne go raibh éileamh ró-mhór ar sheomraí na ríomhairí ó ábhair eile agus nach mbíonn Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) san áireamh don chuid is mó i múineadh ná i bhfoghlaim na Gaeilge sa scoil. Moltar athbhreithniú a dhéanamh ar an scéal seo, go háirithe ós rud é go bhfuil ceangal idirlín leathanbhanda le fáil anois i ngach seomra ranga agus mír TFC a aontú le ranganna sóisearacha i dtús ama chun go bhféadfadh scoláirí blaiseadh ar fháil ar úsáid chomhaimseartha na Gaeilge ar shuímh ghréasáin áirithe.
Eagraíonn duine de na múinteoirí club comhrá am lóin uair sa tseachtain ar mhaithe le labhairt na Gaeilge a chur chun cinn i measc na scoláirí. Tá an tionscnamh seo le moladh go mór.
Cuireadh plean scríofa roinn na Gaeilge i láthair a bhain leis na blianta éagsúla sa scoil. Bhí an phleanáil faoi réir ag an tionscnamh pleanála le haghaidh forbairt scoile (SDPI), cur chuige atá le moladh, agus is léir go bhfuil an obair seo i mbéal forbartha. Moltar cóip leictreonach den cháipéis seo a dhéanamh agus cóip chrua a bhronnadh ar bhaill uile roinn na Gaeilge. Bhí eolas cuimsitheach le léamh sa doiciméad pleanála lena n-áirítear an méid seo a leanas:
Ø na múinteoirí atá i mbun na ranganna éagsúla don scoilbhliain reatha 2006-2007
Ø leibhéal gach ranga Gaeilge don scoilbhliain reatha
Ø dáileadh an ama ar na ranganna ar fad
Ø na socruithe atá i bhfeidhm do scoláirí le leibhéal san ábhar a athrú
Ø na socruithe reatha do mhúineadh an ábhair ar thráthchlár na scoile
Ø na téacsleabhair agus acmhainní eile atá in úsáid le gach rang sa scoilbhliain reatha
Ø nósanna imeachta maidir le hobair bhaile agus le measúnú ar obair na scoláirí
Ø nósanna maidir le taifid a choimeád ar dhul chun cinn leis an obair sna ranganna
Ø nósanna imeachta maidir le dul chun cinn na scoláirí a thuairisciú
Bhí suímh ghréasáin a bhain leis an nGaeilge cláraithe i measc na n-acmhainní sin mar aon le cláir TG4, cláir Raidió na Gaeltachta agus cuairt ar an nGaeltacht. Bhain nuálacht leis na hiontrálacha sin agus bhí siad le moladh. De bhreis ar an méid sin bhí cur síos ar phleanáil ábhar an teagaisc go fadtéarmach leis na blianta éagsúla. Bhain fiúntas leis an obair phleanála seo ar mhaithe le forbhreathnú a thabhairt ar an obair a bhí le cur i gcrích agus bhí léiriú le fáil ar an rogha topaicí éagsúla a rinneadh. Bhí an cur síos an-dílis do riachtanais na scrúdpháipéar teistiméireachta, rud atá riachtanach ann féin agus le moladh. Os a choinne sin b’fhiú aidhmeanna agus spriocanna an teagaisc a chlárú mar a shonraítear sna siollabais Ghaeilge, lena n-áirítear go sonrach sealbhú labhairt na Gaeilge.
Bhí achoimre le léamh ar mhodheolaíochtaí éifeachtacha teagaisc lenar áiríodh caint, léamh, seinnt téipeanna, seinnt dlúthdhioscaí, seinnt físeán, scríbhneoireacht shoiléir ar an gclár bán, obair bheirte, obair ghrúpa, taighde aonair, comhráite beirte, díospóireachtaí ranga, rólimirt i ndrámaí beaga, obair na scoláirí a chur ar taispeáint sna seomraí ranga. Bhí an méid sin ar fad le moladh. Níor léir áfach cad é an cur chuige aontaithe a bhí ann i measc na muinteoirí maidir leis na modheolaíochtaí seo a chur i bhfeidhm nó an liosta roghnach a bhí ann a bhféadfadh múinteoirí tarraingt as mar ba mhian leo. B’fhiú an méid sin a shoiléiriú sa phlean le go mbeadh obair ghníomhach i measc na scoláirí ina cuid dhílis den obair phleanála. B’fhiú chomh maith tagairt chuí a chur sa phleanáil do na mórscileanna teanga agus don riachtanas a bhaineann leis na scileanna sin a theagasc agus a chleachtadh ar bhealach comhtháite.
Bhí plean Gaeilge na hIdirbhliana le moladh as an úire a bhain leis. Bhain an plean le gnéithe oidhreachta agus cultúir, le logainmneacha, le hamhráin, le paidreacha, agus le scríbhneoireacht chruthaitheach, le hiriseoireacht i nGaeilge, le comhráite a chur chun cinn, agus le scannáin i nGaeilge.
Bhí an phleanáil ghearrthéarmach a rinne na múinteoirí éagsúla dílis don obair a cuireadh i gcrích leis na ranganna. B’fhiú machnamh a dhéanamh i gcónaí i dtús ranga maidir leis an sprioc a bhaineann ó thaobh an fhoghlaimeora de don tréimhse áirithe sin agus a réasúnta is a bhí an sprioc sin a athbhreithniú i ndeireadh an ranga sin. Moltar do na múinteoirí machnamh a dhéanamh ar bhonn roinne ar chuireadh a thabhairt dá gcomhghleacaithe teacht chuig ranganna a chéile ar ócáidí éagsúla sa bhliain le meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht an teagaisc agus na foghlama. Déantar an moladh sin as a fheabhas is a bhí an teagasc i ranganna áirithe agus as an oscailteacht agus as an gcomhar a tugadh faoi deara i measc na múinteoirí Gaeilge.
Breathnaíodh sé cinn de ranganna ar fad in imeacht na cigireachta. Bhain ceithre cinn de na ranganna sin leis an tsraith shóisearach agus ba leis an tsraith shinsearach a bhain an dá cheann eile. Bhain cothromaíocht leis na sé ranganna idir an gnáthleibhéal agus an t-ardleibhéal.
Bhain atmaisféar an-dearfach leis na ranganna ar fad agus ba léir ar na scoláirí go raibh fonn orthu gach iarracht a dhéanamh le dul i ngleic leis an ábhar a bhí rompu. Mar léiriú ar an meas a léirigh scoláirí agus múinteoirí ar a chéile baineann an tuairim seo le scoláirí i ranganna mar a raibh cumas teoranta acu sa teanga chomh maith céanna le scoláirí a bhí ar a gcompord sa teanga. Bhain díograis le hobair na múinteoirí sa teagasc sna ranganna ar fad a breathnaíodh. Bhain éagsúlacht leis an gcaoi ar thug múinteoirí éagsúla faoi idirghníomhaíocht leis na scoláirí. I gcásanna áirithe bhí na scoláirí go gníomhach sa rang agus i gcásanna eile níor ghlac scoláirí páirt ghníomhach sa rang ach amháin nuair a cuireadh ceist ar an scoláire go haonair.
Don chuid ba mhó b’iad na múinteoirí a bhí go hiomlán nach mór i mbun stiúradh obair an ranga agus b’iad na múinteoirí chomh dá réir a rinne an chuid ba mhó den chaint. D’fhág sin go raibh cuma thraidisiúnta ar mhúineadh an ábhair don chuid ba mhó, sa mhéid is go raibh an múinteoir ag saothrú go díograiseach i rith an ama agus na scoláirí ag freagairt do cheisteanna. Ba cheisteanna dea-roghnaithe a bhí i gceist don chuid ba mhó a d’fhéach leis na scoláirí a spreagadh le dul i ngleic le hábhar an ranga. I gcásanna áirithe cuireadh obair ghníomhach roimh na scoláirí agus d’éirigh go maith leis na hiarrachtaí sin na scoláirí a chur i mbun cainte. Rinneadh na gníomhaíochtaí sin a stiúradh go cumasach agus ba léir gur bhain na scoláirí taitneamh agus tairbhe as an obair.
I gcásanna áirithe le ranganna sóisearacha measadh go raibh ualach ró-mhór oibre á bheartú ag an múinteoir le cur i gcrích leis na scoláirí. Rinneadh an-iarracht san obair réamhullmhúcháin i gcás amháin ar mhaithe le foclóir a chur roimh na scoláirí a bhain le topaic a bhí tráthúil agus dea-roghnaithe. Cuireadh léaráidí maithe ar taispeáint ar an osteligeoir mar spreagadh don bhfoclóir agus rinneadh cleachtadh maith ar an bhfoclóir céanna ag druidim le deireadh an ranga. D’fhreagair na scoláirí go maith don chur i láthair. Díríodh aird mhaith ar an bhfoclóir riachtanach a bhain le gnéithe siamsaíochta na féile. Chomh maith leis sin bhí lúbra focal mar dhúshlán roimh na scoláirí le hathchleachtadh a dhéanamh ar na focail bhunúsacha. I gcás eile, mar a raibh an t-ábhar céanna á chur i láthair bhain ualach mór leis an bhfoclóir a bhí á chur i dtreo na scoláirí. B’fhiú an foclóir a scagadh agus aidhm na foghlama a shoiléiriú i dtús an cheachta mar threoir do na scoláirí.
Moltar ina leithéid de chás go ndéanfaí aidhm an cheachta a thomhas go cruinn ó thaobh na bhfoghlaimeoirí agus méid an fhoclóra a bheadh réasúnta a shealbhú, cothrom le cumas na scoláirí sa teanga, a chur rompu. B’fhiú chomh maith iarracht a dhéanamh ar chomhrá a bhunú leis na scoláirí ar ghnáthimeachtaí na féile, mar a bhaineann le saol na scoláirí féin. B’fhearr a leithéid de chur chuige ná ualach foclóra le sealbhú gan é a chleachtadh i bhfoirm chomhrá. Bhainfeadh úire chomh maith le mír ó nuacht na teilifíse nó an raidió a úsáid sa rang i dtaca le himeachtaí na féile mar a bhíonn go fírinneach. Theastódh dlúth-chomhoibriú san obair chomhphleanála chuige seo mar nach mbeadh scéal da leithéid le fáil ar na meáin chraolta roimh an bhféile féin. Chaithfí mír dá leithéid a thaifeadadh bliain roimh ré agus é a chlárú.
I gcás eile díríodh ar dhá thasc éagsúil, píosa léamhthuisceana ón téacsleabhar agus litir a scríobh chuig cara pinn. Cuireadh ceisteanna dea-roghnaithe ar na scoláirí maidir leis an bpíosa léamhthuisceana, ceisteanna a raibh éagsúlacht ag baint leo maidir le leibhéal an fhreagra a rabhthas ag súil leis ó na scoláirí. Ba léir go raibh tuiscint mhaith ag an múinteoir do chumais éagsúla na scoláirí. Ba mhaith ab fhiú deis a thabhairt do na scoláirí ar mhíreanna den sliocht a léamh os ard seachas an múinteoir féin a bheith i mbun na hoibre seo. B’fhiú chomh maith mír chomhrá a dhéanamh ar ghnáthimeachtaí de shaol na scoláirí mar ghnáthchuid d’obair an ranga. Cé gur fhreagair na scoláirí seo go maith don obair a cuireadh i gcrích leo, bhí an obair sin dírithe ar an téacsleabhar agus ar obair a sholáthraigh an múinteoir dóibh. B’fhiú go mór acmhainní eile a thriail mar spreagadh do na scoláirí seo le cumarsáid a spreagadh ina measc.
I rang eile sa tsraith shóisearach rinneadh athmheabhrú cumasach ar cheann de na scéalta próis a léadh do scrúdú an Teastais Shóisearaigh. Rinneadh cíoradh maith ar na téamaí éagsúla a bhain leis an scéal agus léirigh na scoláirí leis na freagraí go raibh siad lán-inniúil ar cheist ar bith a fhreagairt sa scrúdú. B’fhiú go mór téama an scéil a leathnú amach agus tagairt a dhéanamh do chúrsaí shaol na scoláirí féin ar mhaithe le cumarsáid a chur ar bun ina measc féin, go háirithe ó bhí cumas labhartha le sonrú ar iarrachtaí na scoláirí.
Chonacthas obair chruthaitheach ar bun le rang sa tsraith shinsearach mar a raibh scoláirí ag teacht os comhair an ranga agus píosa réamhullmhaithe cainte á aithris acu ar chaitheamh aimsire a bhain le hÉirinn in anallód. Rinne na scoláirí an-iarracht leis an aisteoireacht agus leis an gcur i láthair. Ba mhór an chabhair chuige sin an cur i láthair spreagúil, moltach a bhí le fáil ón múinteoir. Rinneadh cleachtadh chomh maith ar amhrán nua-aimseartha i nGaeilge a bhain le ceann de sheanscéalta na hÉireann. Ba léir go raibh an-chur amach ag na scoláirí ar an amhrán agus bhí siad breá sásta é a chanadh amach. Sheinn scoláire eile fonn traidisiúnta ar an bhfeadóg stáin. Tríd is tríd bhain taitneamh agus úire leis an rang.
Rinneadh cúram cuí den chluastuiscint le rang sa tsraith shinsearach a léirigh go raibh cleachtadh maith ar an ngné seo de na scileanna teanga agus de scrúdú na hArdteistiméireachta a fháil ag na scoláirí. Chomh maith leis an obair chluastuisceana féin rinneadh cleachtadh maith ar ball ar an bhfoclóir a bhí i gceist leis na sleachta éagsúla, foclóir a raibh comhthéacs dó sna fógraí agus sna comhráite éagsúla. Bhain an-eagar leis na nótaí a bhí ullmhaithe ag an múinteoir do ghnéithe uile an chúrsa le scaipeadh ar na scoláirí agus bhain eagar le hobair na gcóipleabhar agus na leabhar nótaí de chuid na scoláirí. Bhí obair chuí le léamh sna cóipleabhair a breathnaíodh sna ranganna éagsúla agus bhí aitheantas le léamh ar iarrachtaí na scoláirí.
Leagtar síos scrúdú iontrála sa Ghaeilge do scoláirí nua na chéad bhliana, scrúdú scríofa a chinntíonn don chuid is mó cé acu banda den dá bhanda cumais sa chéad bhliain ina gcuirfear an scoláire. Déantar moladh i leith an chur chuige seo ar leathanach a trí sa tuairisc seo.
Eagraítear scrúduithe tí um Nollaig agus sa samhradh chomh maith le trialscrúduithe do scoláirí na ranganna scrúduithe teistiméireachta san earrach. Tá tagairt i bplean roinn na Gaeilge do scrúdú míosúil mar rogha do na múinteoirí de réir mar a chríochnaítear gach aonad sa téacsleabhar. B’fhearr an cur chuige seo a chomhaontú agus a chlárú sa phlean. Cé go mbíonn béalscrúduithe san áireamh leis na ranganna sa tsraith shinsearach tugadh le fios go raibh saoirse ag na múinteoirí measúnú a dhéanamh ar labhairt na Gaeilge sa tsraith shóisearach. B’fhiú go mór cur chuige a aontú ina leith seo agus aird a dhíriú ar mheasúnú a dhéanamh ar labhairt na Gaeilge sa tsraith shóisearach chomh maith céanna leis an tsraith shinsearach.
Tuigeadh ó na múinteoirí go gcoimeádann siad súil ghéar ar dhul chun cinn na scoláirí san ábhar agus go bpléitear an méid seo go rialta ag cruinnithe comhphleanála. Tuigeadh leis go mbíonn eolas ag na múinteoirí Gaeilge ar fad ar ghnóthachtálacha na scoláirí i gcoitinne san ábhar. B’fhiú taifead ar ghnóthachtálacha na scoláirí san ábhar sna scrúduithe teistiméireachta a chlárú i bplean roinn na Gaeilge. Ba mhaith ann an t-eolas sin mar phointe tagartha agus mar bhonn comparáide leis na meánfhigiúirí náisiúnta agus mar threoir le hathbhreithniú a dhéanamh ar phleananna teagaisc agus foghlama.
Tá polasaí obair bhaile ag an scoil a leagann síos idir fiche agus tríocha nóiméad don ábhar gach oíche agus obair scríofa ar a laghad dhá uair sa tseachtain. Ba léir ar na cóipleabhair a breathnaíodh go raibh aird ar an treoir sin.
Is iad seo a leanas na príomhbhuanna agus na réimsí le haghaidh forbartha a aithníodh sa mheastóireacht :
Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint:
Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Gaeilge agus leis an bPríomhoide ag deireadh na meastóireachta nuair a cuireadh na dréacht-chinntí agus na moltaí i láthair agus nuair a pléadh iad.