
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Department of Education and Science
Cigireacht Ábhair ar Ghaeilge
TUAIRISC
Meánscoil na Toirbhirte
Trá Lí, Contae Chiarraí
Uimhir rolla: 61450C
Dáta na cigireachta: 30 Samhain agus 1 Nollaig /
Dáta eisiúna na tuairisce: 21 Meithmeah 2007
Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile
Achoimre ar na Príomhchinntí agus Moltaí
Tuairisc
ar
Cháilíocht na Foghlama agus an teagaisc sa ghaeilge
Scríobhadh an tuairisc seo tar éis chigireacht ábhair i Meánscoil na Toirbhirte, Trá Lí, Co. Chiarraí. Leagann sé amach tátail mheasúnachta maidir le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair seo sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht seo thar dhá lá inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim. Bhí caidreamh ag an gcigire leis na mic léinn agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis na múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúcháin scríofa na múinteoirí.< Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na measúnachta don phríomhoide, don phríomhoide tánaisteach agus do na múinteoirí ábhair.
Ranganna chumais mheasctha, de réir na haibítre, a bhíonn sa chéad bhliain i Meánscoil na Toirbhirte, Trá Lí. Téann an scoil i gcomhairle leis na bunscoileanna agus déantar measúnú ar chumas na scoláirí ag tosach na bliana. Úsáidtear scrúdú Gaeilge Dhroim Conrach agus an measúnú seo ar siúl acu. Roinntear na scoláirí de réir cumais ag deireadh na céad bliana agus is ar bhonn bandála a eagraítear na ranganna ón dara bliain ar aghaidh. Éascaítear solúbthacht maidir le leibhéil a athrú, trí chomhamchlárú ón tríú bliain ar aghaidh. Is é polasaí inmholta na scoile go mbíonn gach deis ag gach scoláire an leibhéal is airde a bhaint amach san ábhar agus nach mbíonn níos mó ná rang amháin Gaeilge in aghaidh an lae ag na scoláirí. Moltar go leanfaí leis an bpolasaí seo de bhrí gur fearr do na scoláirí ionchur rialta laethúil a fháil. Tréaslaítear leis an scoil faoin tacaíocht a thugtar don ábhar mar atá léirithe san amchlár.
Ag am na cuairte áiríodh, de réir fhorálacha Imlitir M10/94, díolúine ón nGaeilge a bheith ag líon mór scoláirí. Tugadh le fios go gcuirtear ranganna breise tacaíochta sa litearthacht agus san uimhearthacht ar fáil do na scoláirí le díolúine fad is atá na ranganna Gaeilge ar siúl. É sin ráite cuireadh in iúl go mbíonn scoláirí ann le díolúine acu, ag foghlaim na Gaeilge ó am go ham agus moltar, nuair is cuí, go leathnófaí an dea-chleachtas seo. Téann an rannpháirtíocht seo i bhfeidhm go mór ar fhoghlaim is ar fhéinmheas gach scoláire sa rang agus mar a léiríonn an taighde is déanaí is minic a bhíonn bua na teanga ag scoláirí ó thíortha eile. Chomh maith le sin tugann na ceachtanna Gaeilge deis do chách teacht isteach ar theanga is cultúr na tíre trí oideachas uileghabhálach.
Tá naonúir múinteoirí ag múineadh na Gaeilge i mbliana agus leanann na múinteoirí na scoláirí agus iad ag bogadh ón dara agus cúigiú bliain go dtí an tríú agus an séú bliain. Tuigeadh ón mbainistíocht go bhfuil sé mar pholasaí sa scoil oiread taithí agus is féidir ar na leibhéil éagsúla a roinnt go cothrom ar na múinteoirí ar fad agus tá an polasaí seo le moladh. Cé nach gcuirtear aon bhuiséad faoi leith ar fáil do mhúineadh na Gaeilge, tuigtear ó labhairt leis na múinteoirí agus leis an mbainistíocht, go gcuirtear aon riachtanais a bhíonn acu ar fáil, ach iad a chur in iúl. Bhí raon sásúil áiseanna agus acmhainní le feiceáil sa scoil, ina measc áiseanna ríomhaireachta agus clos-amhairc. Cuirtear réimse leathan d’imeachtaí comh-churaclaim is seach-churaclaim ar fáil do na scoláirí, ina measc, Seachtain na Gaeilge, tráth na gceist, turais is scoláireachtaí Gaeltachta agus turais go dtí drámaí faoi leith ar nós ‘An Triall’. Eagraítear drámaí agus lá idirchultúrachais sa scoil freisin. Tá an cur chuige atá ar bun ag an scoil chun an teanga a fhorbairt is a chur chun cinn laistigh is lasmuigh den seomra ranga inmholta.
Tugadh le fios go mbaintear, ar mhaitheas an teagaisc agus na foghlama, úsáid as foilseacháin dhílse chomh maith le fístéipeanna is cláir ó TG4. Tá fáil ar sheomra ríomhaireachta sa scoil ach is léir nach mbaineann na múinteoirí Gaeilge úsáid rialta as teicneolaíocht eolais is chaidrimh i dteagasc agus i bhfoghlaim na Gaeilge. Moltar go ndéanfaí athbhreithniú ar seo mar is ceart go dtuigfeadh na scoláirí gur teanga bheo í an Ghaeilge sna meáin nua-aimseartha chomh maith.
Tá ballraíocht ag an scoil i gComhar na Múinteoirí Gaeilge agus tugadh le fios go bhfreastalaíonn roinnt múinteoirí go rialta ar chruinnithe eolais an Chomhair agus scaiptear an t-eolas ar na múinteoirí eile. Freastalaíodh le déanaí ar chúrsa ionghairme eagraithe ag an Seirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal agus is léir go bhfuil suim ag na múinteoirí ina bhforbairt phroifisiúnta agus go mbíonn siad de shíor ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid ceardaíochta.
Tréaslaítear leis an scoil faoin soláthar don ábhar agus tacaíocht na scoile uile di.
Is léir go bhfuil aird dírithe ar an tábhacht bhunaidh a bhaineann le pleanáil san ábhar. Is ar bhonn foirmeálta a fheidhmíonn na múinteoirí Gaeilge mar roinn, le comhordaitheoir foirmeálta ann. Bíonn cruinnithe foirmeálta is neamhfhoirmeálta ann le linn na scoilbhliana. Roghnú téacsleabhar, roghnú chláir chomónta, buiséad, roinnt scoláirí i ranganna, agus a n-oiriúnacht don leibhéal ag a mbíonn siad ag tabhairt faoin nGaeilge, an phríomhaidhm a bhíonn leis na cruinnithe. Cuirtear eolas agus cáipéisíocht ar na cruinnithe sin ar fáil don bhainistíocht. Bhí rian an dianmhachnaimh is féin-mheastóireachta le sonrú ar cháipéisí pearsanta is ar dhoiciméid na roinne a breathnaíodh.
Tugadh suntas do na hiarrachtaí a rinneadh chun miondíriú a dhéanamh ar nithe faoi leith a bhaineann le teagasc agus le foghlaim na Gaeilge. Chonacthas go bhfuil iarracht déanta siollabais na Roinne a leagadh amach ionas go bhfuil fhios ag cách faoi mhionspriocanna foghlama éagsúla is ceart a bheith ar eolas in aon bliainghrúpa faoi leith. Tá an-mholadh tuillte don fhoireann theagaisc as an bhfeachtas seo. Is léir go bhfuil cur chuige scoile uile tosaithe ag na múinteoirí trí ghiotaí téipe a chur ar fáil dá chéile agus trí leas a bhaint as spléach chártaí. Chomh maith le sin cuirtear scrúduithe comónta ar na scoláirí nuair is cuí. Is iontach an rud é nuair atá múinteoirí ar aon fhocal faoi obair na bliana. Bheadh gaisce eile déanta ag an bhfoireann dá mbeifí ábalta teacht le chéile agus plean a leagadh amach a bheadh dírithe ar ní hamháin clár na hoibre, ach ar mhodhanna teagaisc a bheadh oiriúnach don chlár roghnaithe sin a chur chun críche. Moltar scagadh a dhéanamh ar ghné éigin de mhúineadh na teanga agus díriú ar ní hamháin ‘cad tá le múineadh’ ach ar ‘conas é a mhúineadh?” agus dar ndóigh “conas é a mheasúnú?” is ciorcal na foghlama a thosú athuair.
Aithnítear sna cáipéisí scoile agus i dteagasc na Gaeilge an ríthábhacht a bhaineann leis an teanga labhartha i múineadh na Gaeilge agus moltar, chun cur leis an méid déanta go dtí seo, miondíriú a dhéanamh ar mhodheolaíochtaí chun teanga labhartha na scoláirí a chur chun cinn sna ranganna Gaeilge. D’fhéadfaí iniúchadh a dhéanamh ar an gcothromaíocht idir teagasc uile-ranga agus teagasc grúpa nó ar na modhanna difreálaithe atá in úsáid agus a d’fhéadfadh a bheith in úsáid sa seomra ranga. D’fhéadfaí plean ceachta a chumadh le chéile mar roinn is a chur i bhfeidhm sna ranganna cuí agus teacht le chéile ina dhiaidh agus meastóireacht a déanamh ar an gceacht is na torthaí foghlama a tháinig as do na scoláirí agus don mhúinteoir. Leis an gcomhamchlárú tá rogha ann leis ag na múinteoirí obair lena chéile in aon rang. Is ceart an deis a thapú, go háirithe nuair is léir go bhfuil sprid chomhoibritheach den scoth i measc na múinteoirí Gaeilge sa scoil seo agus is múinteoirí díograiseacha machnamhacha iad ina gcuid oibre. Chomh maith le sin léiríonn an taighde is déanaí go mbíonn tionchar níos doimhne ar chuspóirí foghlama, is saol níos faide ag cleachtais nua theagaisc, nuair a cuireadh i bhfeidhm iad trí chomhoibriú na múinteoirí.
Tá pleanáil agus ullmhúchán de chaighdeán ard sa scoil seo agus tá an-mholadh tuillte ag an gcomhordaitheoir, na múinteoirí agus ag an mbainistíocht.
Ag am na cuairte bhí ábhar na gceachtanna ag teacht le siollabais na Roinne agus le raon suime is cumais na scoláirí. Tugadh faoi deara ins na ranganna ar fad ar tugadh cuairt orthu go raibh atmaisféar fáilteach oscailte ann. Léirigh na scoláirí go raibh siad sásta a bheith rannpháirteach agus go raibh tuiscint acu ar an ábhar. Léiríodh ins na cóipleabhair go raibh leanúnachas ann idir na ceachtanna. I mbeagnach gach rang a breathnaíodh bhí ceartú cneasta ar dhearmaid na scoláirí le féinmheas is féinmhuinín na scoláirí chun tosaigh. Bhí caidreamh réidh ag na múinteoirí agus ag na scoláirí lena chéile le féith an ghrinn ann uaireanta. Bhí an gramadach fite fuaite go nádúrtha sna ceachtanna le béim, mar is ceart, ar thábhacht na gramadaí don chumarsáid seachas aon ní eile.
Bhí de thoradh ar phleanáil chríochnúil phearsanta na múinteoirí go raibh struchtúr agus gluaiseacht bhríomhar faoi thromlach de na ceachtanna. Ba í an Ghaeilge a bhí in úsáid mar mhéanteagaisc agus mar ghnáththeanga cumarsáide ranga. Tugadh faoi deara go raibh roinnt de na scoláirí sásta soiléiriú a lorg as Gaeilge agus moltar an dea-chleachtas seo a leathnú tríd an teanga ranga, a bhíonn de dhíth ar na scoláirí, a chur san áireamh agus pleanáil ar bun do mhúineadh an ábhair.
I ngach rang a breathnaíodh ba léir gur chaith na múinteoirí an-dua leis an réamhullmhúchán agus bhí leanúnachas sna ceachtanna le feiceáil i ngach rang. Thosaigh gach ceacht leis an rolla agus le hiniúchadh ar an obairbhaile ón lá roimhe agus chríochnaigh an ceacht le hobairbhaile a d’éirigh go nádúrtha as an obair ranga. Uaireanta mealladh na scoláirí isteach sa cheacht trí cheisteanna a chur ar na scoláirí faoi chúrsaí an tsaoil agus aon scéal a bheadh acu féin.
Moladh na scoláirí chomh minic agus ab’fhéidir le linn na gceachtanna agus bhí féin-mheas is féinmhuinín na scoláirí chun tosaigh i ngach rang. I bhformhór de na ranganna a breathnaíodh baineadh úsáid as tascanna éagsúla, mar shampla ag éisteacht, ag léamh, ag scríobh, ag freagairt ceisteanna an mhúinteora ó bhéal, agus uaireanta ag obair i mbeirteanna. Moltar an modh oibre seo a chur i bhfeidhm chomh minic agus is féidir mar luíonn sé le réasún, nuair atá tascanna éagsúla ann, go mbeifí ábalta comhtháthú a dhéanamh ar na scileanna teanga go léir laistigh de rang amháin. Chomh maith le sin is ceart, mar chuid den cheacht, deiseanna cumarsáide a thabhairt do gach scoláire i ngach rang an teanga labhartha a chleachtadh lena chéile agus chabhródh obair bheirte, obair ghrúpa, piartheagasc, rólghlacadh agus araile chun é seo a chur i gcrích. Tugadh faoi deara nach ró-mhinic a tapaíodh na deiseanna cumarsáide seo.
Sna ranganna sóisearacha ar tugadh cuairt orthu bhí ábhar na gceachtanna bunaithe ar ‘cártaí poist’ a scríobh, an dán ‘Géibheann’, ‘an aimsir’ agus giotaí léitheoireachta. Faoi stiúir chliste an mhúinteora cruthaíodh atmaisféar iontach foghlama sa rang ag plé ‘an cárta poist’. Trí bhéim a chur ar shaol na scoláirí, ar an méid Gaeilge a bhí acu cheana agus ar cad ba mhaith leo a rá seachas ar an gceist scrúdaithe lom, tháinig na scoláirí isteach ar an tasc fiú i ngan fhios dóibh fhéin. Is trí thriall is aththriall a fhoghlaimítear teanga agus moltar fealsúnacht an mhúinteora ina leith. Bhí rang eile ag léamh an dáin ‘Géibheann’. Ba léir go raibh tuiscint ag na scoláirí ar fhriotal, íomhánna agus mothúcháin an dáin. Thug an bhileog oibre le híomhá ón dán cabhair do gach scoláire sa rang mar a thug míniú an mhúinteora ar an dán. Bhí atmaisféar sábháilte foghlama leis sa rang seo agus ba dheas le feiceáil go raibh na scoláirí sásta ceist a chur chomh maith le ceist a fhreagairt. Sa rang seo cuireadh na scoláirí ag obair lena chéile i mbeirteanna ar feadh tamaillín bhig. Is ceart an dea-chleachtas seo a leathnú do gach rang mar tugann sé deis do na scoláirí a scileanna cumarsáide sa teanga a úsáid lena chéile ar aon dul, agus chomh maith le sin, bíonn deis ag an múinteoir teacht i gcabhair ar scoláirí faoi leith agus dul chun cinn indibhidiúla a mheas. Ba dheas le feiceáil i rang eile, ag plé leis an ‘aimsir’, go raibh na bileoga oibre lán d’íomhánna seachas aistriúchán. Fiú nuair a bhí an t-aistriúchán in úsáid b’iad na scoláirí a bhí ag labhairt na Gaeilge leis an múinteoir. I rang eile, faoi luas bríomhar, tháinig gach scoláire isteach ar an gceacht trí cheisteanna an mhúinteora a fhreagairt ó bhéal nó trí a bheith ag léamh os ard sa rang. Bunaíodh an rang ar théama ‘An Léitheoireacht’ agus cuireadh le saibhreas foclóra na scoláirí trí leas a bhaint as an gclárdubh is spléach-chártaí chun aird na scoláirí a choimeád ar an obair idir lámha. Ba dheas le feiceáil sa rang seo leis gur spreagadh na scoláirí chun a gcuid smaointe féin a nochtadh dá stuaim féin sa teanga agus gur baineadh leas as póstaeir na scoláirí chun iad a chur ag cumadh ceisteanna chomh maith le bheith á bhfreagairt..
Sna ranganna sinsearacha cuireadh béim i rang amháin ar scileanna cluastuisceana trí ghiotaí téipe ó na scrúduithe stáit a chasadh. Tugadh na príomhfhocail roimhré do na scoláirí agus moltar an dea-chleachtas seo a leathnú le linn an cheachta agus cumas na scoláirí a neartú trí na focail is nathanna cainte ón téip a athúsáid agus na scoláirí i mbun cainte nó scríbhneoireachta. Moltar leis gan ceacht iomlán a chaitheamh ar obair théipe agus go mbeadh sé bunaithe ar an téama céanna idir lámha ag an rang. I rang eile ba dheas le cloisteáil múinteoir á rá “an bhfuair gach aon duine ceist?”. Mar a mholtar bhí éagsúlacht tascanna ar siúl ag na scoláirí sa cheacht seo. Bhí na scoláirí ag léamh sleachta faoi leith, ag léamh a n-abairtí féin agus cuireadh ceisteanna orthu ó bhéal. Trí bhéim a chur ar na spriocanna foghlama teanga faoi chaibidil sa cheacht bheadh deis ag na scoláirí nasc níos soiléire a dhéanamh idir na tascanna idir lámha acu sa rang agus a gcuid foghlama phearsanta. Mar ab’amhlaidh leis an gceacht seo d’éirigh le ceacht eile, bunaithe ar phleanáil aiste, comhtháthú a dhéanamh ar na scileanna teanga go léir. Maraon leis na ranganna eile baineadh leas fiúntach as bileoga oibre chun fráma tacaíochta a thabhairt do na foghlaimeoirí. Sa cheacht seo roinneadh na scoláirí ina mbeirteanna chun go bhféadfaidís tuairimí a phlé agus chuir an múinteoir an t-aiseolas a fuarthas ó na scoláirí ar an gclár dubh. Is dea-chleachtas é seo sa chaoi is go gcruthaíonn sé deis cainte do scoláirí agus go dtugann sé tús áite do thaithí agus do thuairimí pearsanta na scoláirí. Chomh maith le sin cuireann sé cruth ar an aiste idir lámha.
Mar a dúradh ó chianaibh tá an-mholadh tuillte ag na múinteoirí sa scoil seo don síormhachnamh atá ar bun acu ar mhaitheas le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama ina scoil. Moltar go leanfaí ag scaipeadh dea-chleachtais na múinteoirí lena chéile, go ndéanfaí athbhreithniú ar mhodhanna múinte cumarsáide chun freastal ar riachtanais fhoghlama ilchumais na scoláirí agus nuair is cuí, go leanfaí ag baint leas as na seirbhísí tacaíochta atá ar fáil ag www.slss.ie agus ag www.sess.ie.
Moltar leis iniúchadh a dhéanamh ar na modhanna is fearr chun úsáid a bhaint as teicneolaíocht eolais agus chaidrimh sa rang Gaeilge. Ní ceart áibhéil a dhéanamh i leith forbairtí ríomhaireachta, ní hionann ríomhairí agus dea-mhúinteoireacht, ach bhainfeadh na scoláirí taitneamh is tairbhe as an teanga a úsáid is a fhoghlaim trí mheán nua-aimseartha. Chonacthas samplaí d’obair na scoláirí ar na ballaí i gcuid de na seomraí agus moltar, más féidir é, go ndéanfaí amhlaidh sna seomraí eile. Dar ndóigh chabhróidh na ríomhairí an obair seo a chur i gcrích. Téann timpeallacht tharraingteach spreagúil fhoghlama i bhfeidhm go mór ar fhoghlaim na scoláirí agus tugann sé deis do na múinteoirí féinmheas an dalta a chothú agus ag an am céanna freastal ar riachtanais fhoghlama idirdhealaithe na scoláirí.
Tá cáilíocht na foghlama agus an teagaisc sa Ghaeilge de chaighdeán maith sa scoil seo.
Chomh maith leis an measúnú laethúil is leanúnach sna ranganna, déantar measúnú ar na scoláirí trí scrúduithe rialta i rith na bliana. Cuirtear scrúduithe leanúnacha sna ranganna ar na scoláirí agus bíonn scrúduithe foirmeálta um Nollaig agus le teacht an tsamhraidh. Reáchtáiltear réamhscrúduithe stáit freisin san earrach. Mar a luadh cheana bíonn scrúduithe comónta ag scoláirí agus cuirtear scrúdú Dhroim Conrach ar scoláirí agus iad ag tosú sa chéad bhliain. Tá an cur chuige seo inmholta agus b’fhiú an scrúdú seo a chur ar na scoláirí arís chun a ndul chun cinn a thomhas. D’fhéadfaí leas chun na foghlama a bhaint as an scrúdú leis toisc go bhfuil scileanna faoi leith roinnte ann. Nuair a bhíonn scrúduithe comónta ann moltar an scrúdú a chur le chéile ag tús an téarma oibre agus na cuspóirí foghlama agus na modhanna múinte chun iad a chur i gcrích a phlé ó thosach.
Tugtar le fios gur ar scileanna scríbhneoireachta, léitheoireachta agus éisteachta a bhíonn na scrúduithe dírithe don chuid is mó sa tsraith shóisearach. Mar ba léir sna ranganna ar tugadh cuairt orthu is í an teanga labhartha croílár an tsiollabais agus, dar ndóigh, ní lú tábhacht atá le héisteacht agus le labhairt ná atá le léamh agus le scríobh. Moltar, dá bharr, go ndéanfaí measúnú níos leithne ar an teanga labhartha freisin. Séard ab’fhearr a dhéanamh chun é seo a chur i gcrích ná trí bhreathnú is trí mheasúnú leanúnach sa seomra ranga. D’fhéadfaí aitheantas a thabhairt ar thábhacht na teanga labhartha trí mharcanna a shní isteach san ollmharc um Nollaig agus sa samhradh agus nóta a bheith ann sa tuairisc a théann abhaile. Tráchtadh ar na scrúduithe thuas agus coimeádann na múinteoirí cuntas ar na torthaí ina ndialanna féin. Seoltar cuntas ar na torthaí a ghnóthaíonn na scoláirí abhaile chuig na tuismitheoirí dhá uair sa bhliain. Tugtar deis do na tuismitheoirí dul i dteagmháil leis na múinteoirí le linn na bliana.
Tá polasaí obairbhaile ag an scoil agus léirigh na cóipleabhair a breathnaíodh go raibh obair fhairsing is néata clúdaithe ar raon leathan ábhar a bhí ag gabháil le riachtanais na siollabas. Bhí obair déanta d’ardchaighdeán, ar théamaí éagsúla a bhain le gnáthshaol na scoláirí. Ba léir go raibh leanúnachas ann idir obair ranga agus obair bhaile. Bhí forbairt fhoclóra ar siúl i ngach rang agus bhí cóipleabhar nó fillteáin ranga ag na scoláirí ina raibh na scoláirí ábalta stór focal, pointí gramadaí agus araile a scríobh isteach. Foghlaim conas nótaí a dhéanamh is eagar a chur orthu, sin ceann de na céimeanna tosaigh san fhoghlaim neamhspleách. Tugadh aird i roinnt de na cóipleabhair ar na nótaí pearsanta is treoir a bhí ann ón múinteoir ag míniú na gceartúchán. Tá an obair seo inmholta agus téann sé i bhfeidhm go mór ar na scoláirí. Is mar chuid den fhoghlaim é an ceartúchán agus moltar go leanfaí ag seiceáil obair scríofa na scoláirí go rialta ionas go mbíonn dearbhú is treoir le fáil ag na scoláirí ar conas a gcuid oibre a fheabhsú.
Is iad seo a leanas na príomhbhuanna agus na réimsí le haghaidh forbartha a aithníodh sa mheastóireacht
Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint:
Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Gaeilge agus leis an bPríomhoide ag deireadh na meastóireachta nuair a cuireadh na dréacht-chinntí agus na moltaí i láthair agus nuair a pléadh iad.