
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Department of Education and Science
Cigireacht Ábhair ar Ghaeilge
TUAIRISC
Coláiste Bhreandáin Naofa
Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo
Uimhir rolla:72050U
Dáta na cigireachta: 27 Meán Fómhair 2006
Dáta eisiúna na tuarascála: 26 Aibreán 2007
Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile
Achoimre ar na Príomhchinntí agus Moltaí
Tuairisc ar Chaighdeán na Foghlama agus an teagaisc sa Ghaeilge
Scríobhadh an tuairisc seo tar éis cigireacht ábhair i gColáiste Bhreandáin Naofa, Béal an Mhuirthead, Contae Mhaigh Eo mar chuid de Mheastóireacht Scoile Uile. Leagann sé amach tátail mheasúnachta maidir le caighdeán an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge agus déantar moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair seo sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht seo thar lá amháin inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim. Bhí caidreamh ag an gcigire leis na mic léinn agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na mac léinn agus rinneadh plé leis na múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúchán scríofa na múinteoirí. Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na measúnachta do na múinteoirí ábhair.
Tugann bainistíocht na scoile gach taca do chur chun cinn na Gaeilge sa scoil. Tá an teanga le feiceáil timpeall na scoile ina hiomláine. Tá cur chun cinn na Gaeilge mar chuid de dhá phost dualgais speisialta beirt de na múinteoirí Gaeilge. Tá an tosaíocht seo don Ghaeilge inmholta.
Tá trí rang cumais mheasctha sa chéad bhliain agus is ar bhonn leibhéil difriúla sna scrúduithe teistiméireachta a eagraítear na ranganna do gach bliain ghrúpa eile. Is ranganna comhreathacha iad na ranganna Gaeilge sa Timthriall Sinsearach agus i rang an teastais shóisearaigh. Tá grúpáil déanta ar ranganna ar leith sa chéad agus sa dara bhliain chun ranganna comhreathacha a sholáthar. Cuirtear ranganna breise tacaíochta sa Ghaeilge ar fáil do scoláire ar bith nuair is gá. I mbliana tá ranganna tacaíochta foirmiúla sa bhreis ag lucht na céad bliana agus grúpa beag atá ag gabháil don Teastas Sóisearach. Tréaslaítear don bhainistíocht as an riar fabharach seo.
Sa timthriall sóisearach bíonn ceithre ranganna Gaeilge sa tseachtain, ceann in aghaidh an lae. Tá trí rang thar trí lá i gcaitheamh na seachtaine ag lucht na hIdirbhliana. Tá na scoláirí roinnte ina dhá ghrúpa de réir cumais struchtúrtha san Idirbhliain. Sa timthriall sinsearach tá cúig rang in aghaidh na seachtaine. Tá dhá rang singil ar lá amháin, rang dúbailte san iarnóin ar lá eile agus rang singil ar lá eile. Déantar moladh athbhreithniú a dhéanamh ar an soláthar seo. Tá sé tábhachtach go mbeadh ionchur laethúil á fháil sna bunábhair agus d’fhoghlaim teanga ach go háirithe. Tuairiscíodh go mbeadh athrú ar an soláthar seo don timthriall sinsearach an bhliain seo chugainn.
Áirítear 18 scoláire den mhóriomlán a bhfuil faomhadh tugtha ag an scoil dóibh maidir le díolúine ón nGaeilge de réir fhorálacha Imlitir M10/94. Tugadh le fios gur scoláirí nach bhfuair a gcuid scolaíochta sa Stát 14 acu agus scoláire a bhfuil deacrachtaí aitheanta foghlama acu an ceathrar eile. Tuairiscíodh go ndéanann na múinteoirí gach iarracht na daltaí le díolúine ón nGaeilge a spreagadh páirt a ghlacadh sna ranganna Gaeilge agus in imeachtaí comh-churaclaim maraon le gníomhaíochtaí seach-churaclaim. Tá an cur chuige uileghabhálaigh seo inmholta.
Tá raon leathan acmhainní do mhúineadh agus d’fhoghlaim na Gaeilge i gColáiste Bhreandáin Naofa. Tá seomraí buana ag na muinteoirí go léir a tugadh cuairt orthu le linn na cigireachta. Ainneoin nach bhfuil aon bhuiséad foirmiúil le haghaidh na Gaeilge, soláthraítear aon riachtanais a bhíonn don ábhar. I measc na n-áiseanna teagaisc atá in úsáid ag an roinn tá seinnteoirí dlúthdhioscaí, áiseanna closamhairc, léaráidí, uasteilgeoirí, nuachtáin agus irisí. Bíonn fáil ag na múinteoirí ar cheann de na ríomhaireachta ach é a chur in áirithe. Tuairiscíodh go n-úsáideann na múinteoirí www.skool.ie agus www.scoil.net mar fhoinse taighde agus moltar na suímh seo do na scoláirí mar thacaíocht don fhoghlaim. Moltar an tús seo atá curtha le húsáid teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide i múineadh is i bhfoghlaim na Gaeilge a fhorbairt. Tá liosta de na háiseanna agus na hacmhainní teagaisc atá ann do scoláirí iarbhunscoile ar fáil ag eolas@cogg.ie . Moltar leis an Vicipéid, leagan Gaeilge do shuíomh ciclipéid ag www.wikepedia.org . Chuirfeadh úsáid na n-acmhainní seo go mór le feasacht na scolairí ar an nGaeilge mar theanga bheo sna meáin nua-aimseartha.
Cuirtear réimse fairsinge imeachtaí comh-churaclaim is seach-churaclaim ar fáil do na scoláirí. Tá traidisiún láidir díospóireachta sa scoil. Glacann dhá foireann, sóisir agus sinsir, ón scoil páirt i gcomórtas díospóireachta Gael Linn gach bliain. Tá babhta leath cheannais na hÉireann sroichte go minic ag an scoil. Tá ardmholadh ag dul do na múinteoirí díograiseacha a thugann a gcuid ama chun na foirne a réiteach bliain i ndiaidh a chéile. Tá an scoil páirteach i gCeardlann Scríb Cléite a éagraíonn Údarás na Gaeltachta i gcomhar le Cumann Ealaíne Mhaigh Eo. Tá scéim phinn cara tosaithe i mbliana le scoil i mBaile Átha Cliath. Eagraítear Seachtain na Gaeilge gach aon bhliain sa scoil.I measc na n-imeachtaí a eagraítear bíonn tóraíocht taisce, tráth na gceisteanna, bingo agus Oíche Ghaelach. Rachtáiltear an Oíche Ghaelach le hurraíocht ó Údarás na Gaeltachta. Freastalaíonn tuismitheoirí, iar-scoláirí agus muintir na háite ar an ócáid bhliantúil seo. Bíonn rincí, óráidí, ceol, amhránaíocht agus anuraidh rinneadh léiriú ar an ngearrscéal Fiosracht Mhná. Leis an mbrabús a dhéantar ar an oíche seo cuirtear cúig nó sé scoláireachtaí Gaeltachta ar fáil. Cuirtear roinnt scoláireachtaí Gaeltachta eile ar fáil freisin i gcomhar le Coláiste Gaeilge áitiúil; Coláiste Uisce. Tréaslaítear leis an bhfoireann as a ndúthracht beocht agus beatha na teanga agus an chultúir a thaispeáint dá scoláirí lasmuigh den seomra ranga.
Tugann an bhainistíocht gach tacaíocht d’fhoireann na Gaeilge freastail ar chúrsaí forbartha leanúnaigh phroifisiúnta. Le déanaí, d’fhreastail duine de na múinteoirí ar chúrsa faoin bhfoghlaimeoir drogallach. Moltar go leanfaí ag freastail ar chúrsaí dá macasamhail agus ar chúrsaí faoin nGaeilge féin mar atá curtha ar fáil ag an Seirbhís Tacaíochta don Dara Leibhéil ag www.slss.ie . Tá taithí ag cuid de na múinteoirí mar scrúdaitheoirí do na scrúduithe scríofa agus don scrúdú cainte. Déantar mar mholadh faisnéis ó chúrsaí inseirbhíse, ó thaithí scrúduithe agus ó thaithí múinteoireachta a roinnt ar an bhfoireann Ghaeilge trí chéile mar chuid den phróiseas phleanáil ábhair sa scoil.
Thosaigh foireann Ghaeilge Choláiste Bhreandáin Naofa ar an bpróiseas um phleanáil fhorbartha scoile dhá bhliain ó shin ag tógaint ar an bpleanáil neamhfhoirmiúil a bhí á chleachtadh roimhe seo. Casann roinn na Gaeilge ar a chéile uair amháin gach mí. Tá taifead á choinneáil ar na cruinnithe seo ó mhí Bealtaine 2006. I measc na bpointí a dhéantar cur is cúiteamh orthu ag na cruinnithe; tá saincheisteanna ar nós roghnú téacsleabhair, rothlú múinteoirí ar na leibhéil éagsúla scrúdaithe, socraithe scrúduithe comónta, an idirbhliain maraon le cúrsaí comh-churaclam agus seach churaclam don ábhar. Chomh maith leis an bpleanáil fhoirimiúil buaileann múinteoirí lena chéile go neamhfhoirmiúil. Tréaslaítear leis an bhfoireann as an gcur chuige comhoibritheach seo. Tá comhordaitheoir ábhair don Ghaeilge sa scoil. Moltar go ndéanfar rothlú ar an gcúram amach anseo, ionas go bhfuil taithí agus tuiscint ag níos mó ná duine amháin ar na freagrachtaí a ghabhann leis an gcomhordaitheoireacht.
Tá na pleananna fad-téarmacha agus gearr-théarmacha atá dearaithe ag an roinn cuimsitheach agus le moladh. I measc na ngnéithe den ábhar atá sna pleananna fad-téarmacha tá aidhmeanna agus cuspóirí na roinne, pleanáil tras-churaclaim leis an roinn Gnó, naisc le tacaíocht foghlama, ábhar na múinteoireachta, cur chuige do mhúineadh na gramadaí agus modhanna measúnaithe. Cé go bhfuil tagairt déanta d’úsáid teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide sna doiciméid phleanála, is teoranta í an úsáid seo. Moltar polasaí agus plean cinnte, le céimeanna réadacha praiticiúla, a cheapadh chun teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide a chomhtháthú i múineadh agus i bhfoghlaim na Gaeilge. Tá plean fad-téarmach chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa scoil ina hiomláine, le straitéisí praiticiúla atá á fhorbairt agus ag fás bliain i ndiaidh bliana. Tá an plean seo inmholta agus tréaslaítear le gach éinne atá bainteach le seo.
Tá scéimeanna oibre de réir téarmaí pleanáilte do gach bliain ag gach leibhéal. Tá mion-chur síos iontu ar an ord ina múintear na topaicí, polásaí aontaithe obair bhaile, modhanna measúnaithe coimreacha chomh maith le haidhmeanna is cuspóirí do mhúineadh na Gaeilge ag na leibhéil difriúla. Tá tagairt déanta do stráitéisí múinteoireachta idirdhealaithe. Tá sé inmholta go gcuirfear leis an gcuid seo den phlean trí na modheolaíochtaí idirdhealaithe a imlíniú, na hacmhainní a bheidh in úsáid a lua, chomh maith le tascanna idirdhealaithe chun measúnú a dhéanamh ar thorthaí foghlama thar raon cumais na scoláirí. Moltar go ndéanfar forbairt ar an gcuid measúnaithe de phlean na hIdirbhliana sa chaoi is nach rannpháirtíocht sa rang an t-aon chritéar amháin a bheidh in úsáid chun dul chun cinn na scoláirí a mheas. Tá tagairtí freisin sna scéimeanna do naisc leis an soláthar comh-churaclaim agus seach-churaclaim. Tá an phleanáil comhtháite seo le moladh.
Is de réir míosa atá an scéim oibre leagtha amach don Idirbhliain. Tá cur i láthair an churaclaim roinnte ina trí chuid; rang litríochta, rang teanga agus rang cultúrtha. Tá réimse leathan ábhair le béim ar éagsúlacht agus ar chur chuige atá spreagúil le cúig naisc le himeachtaí comh-churaclaim agus seach-churaclaim. Tá céimeanna cinnte sa phlean na scoláirí a nascadh lena bhféiniúlacht Ghaelach féin, le hoidhreacht shaibhir na háite agus le tobar an dúchais mar atá sa cheantar inniu. Tá ardmholadh ag dul don fhoireann a cheap an phlean dúshlánaigh seo.
Ar an iomlán, ba léir óna pleananna go bhfuil an fhoireann ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo bhríomhar agus go bhfuil gach iarracht déanta go mbaineann na scoláire gach sult as an ábhar laistigh is lasmuigh den seomra ranga.
Bhí ard chaigdéan phleanála agus ullmhúchán aonair ag formhór na múinteoirí i gColáiste Bhreandáin Naofa. Ba léir ó thromlach na ranganna a rinneadh measúnú orthu go raibh torthaí teagaisc agus foghlama cinnte iontu agus gur baineadh amach iad.
Tugann an fhoireann Ghaeilge imlíne den chúrsa staidéir do na daltaí ag tús gach scoil bhliain. Is dea-chleachtas é seo mar tugann sé treoirlínte soiléir ar na torthaí foghlama atá mar cheann scríbe ag na scoláirí i gcaitheamh na bliana. Bhí ábhar na gceachtanna go léir ag teacht le riachtanais na Siollabas. Go ginearálta, bhí cleachtas éifeachtach múinteoireachta le feiceáil sna ranganna go léir le linn na cigireachta. Bhí tionchar dearfach ag an dea-phleanáil agus an dea-ullmhúchán gearr-théarmach ar struchtúr, luas agus leanúnachas i dtromlach na gceachtanna a breathníodh orthu le linn na cigireachta. Bhí cúspóirí foghlama soiléire i bhformhór na gceachtanna Gaeilge agus roinn na múinteoirí iad leis na scoláirí. Tá an cleachtas seo inmholta mar go dtugann sé soiléireacht agus fócas do na daltaí agus cabhraíonn sé le cothú tréith an fhoghlaimeora neamhspléach.
I measc na n-acmhainní feiliúnacha a bhí in úsáid chun cuidiú leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim bhí bileoigí oibre, píosa ceoil réamh-roghnaithe, téacsleabhair, uasteilgeoirí, pictiúrí, agus póstaeir ar dháin, ar úrscéal agus ar scéal béaloidis. Cabhraíonn úsáid acmhainní closamhairc agus bileoigí oibre le scoláirí dul i ngleic leis an téacs i mbealach níos bríomhaire agus déanann an cur chuige seo freastail níos fearr ar an raon stíleanna foghlama atá i ngach rang. D’úsáideadh na cláir dhubha/bhána go héifeachtach ó thaobh eochair fhoclóir na gceachtanna a chlárú, chun pointí gramadacha a mhíniú agus chun struchtúr a chur ar an gceacht. Ba chleachtas maith é seo mar is eiseamláir do dhaltaí conas eagraíocht a chur ar a smaointe féin is iad ag ullmhú do thasc scríofa. Tugann clárú chomh maith le fuaimniú foclóra nó pointe gramadaí nua deis do dhalta taifead a dhéanamh ar an eolas nua.
Bhí meascán modheolaíochtaí teagaisc sna ranganna Gaeilge i gColáiste Bhreandáin Naofa. I bhformhór na ranganna choimeád na múinteoirí cothromaíocht idir gníomhaíocht na ndaltaí a ngníomhaíocht féin. I ranganna áirithe bhí comhtháthú déanta ar na ceithre mhór scil teanga. Thosaigh na ceachtanna seo le hobair uile ranga ina chuir na múinteoirí an t-eolas nó an cheist a bhí le scagadh i láthair. Ansin bhí deis ag na scoláirí dul i ngleic leis an ábhar trí obair scríofa nó labhartha i mbeirteanna nó tasc éisteachta nó scríofa ina n-aonair. Lean seisiún aiseolais an tréimhse seo den rang inar fiafraíodh agus freagraíodh ceisteanna ilghnéitheacha a d’éiligh eolas ag leibhéil éagsúla cumais. Ansin chabhraigh na múinteoirí téama an ranga a cheangail le heispéireas na scoláirí. Mar shampla i rang amháin rinneadh anailís ar dhán, ansin bhí ar dhaltaí dialann pearsanta a scríobh ar a gcuid mhothúcháin i leith an bháis ag déanamh athdhaingniú ar an gcuspóir foghlama. Sa rang áirithe seo ní hamháin go raibh éagsúlacht sna modhanna múinte, comhtháthú déanta ar na scileanna teanga, ach bhí comhtháthú de réir téama déanta idir an fhilíocht agus an prós freisin. I rang eile bhí díospóireacht téamúil ar dhá dhán. Ansin bhí tréimhse bhríomhar tobar-smaointeoireachta ar na codarsnachtaí idir saol na cathrach agus saol an oileáin nuair a bhí na scoláirí ag obair i ngrúpaí. Is samplaí de dhea-chleachtas iad seo go léir a b’fhiú go mór iad a scaradh amach ar roinn na Gaeilge trí chéile.
Bhí an Ghaeilge in úsáid mar mheán teagaisc agus gnáth-theanga cumarsáide na ranga sna ceachtanna go léir. Bhí caighdeán maith Gaeilge ag na scoláirí. Ba léir go raibh forbairt ag teacht ar a gcumas agus ar a muinín i labhairt na Gaeilge. Bhí gach iarracht á dhéanamh ag na scoláirí an Ghaeilge a úsáid san obair bheirte agus i ngnáth idirbheartaíocht an ranga. Ba léir sna ranganna agus sna pleananna don Ghaeilge an bhéim ar Ghaeilge labhartha ionas gur féidir na ranganna a riaradh trí mheán na Gaeilge. Tá an cur chuige seo inmholta agus moltar go ndéanfar forbairt ar seo mar chuid den phróiseas um phleanáil fhorbartha scoile chun freastail níos dúshlánaí a sholáthar do dhaltaí le hardchaighdeán Gaeilge chomh maith le spreagadh a thabhairt do scoláirí ar bheagán Gaeilge. Is féidir é seo a chur i gcrích ach pleanáil a dhéanamh chun cur leis an méid úsáide atá á bhaint as obair ghrúpa, tascanna idirdhealaithe ranga, obair bhaile (scríofa is labhartha) agus uirlisí measúnaithe idirdhealaithe. Chabhródh an soláthar idirdhealaithe seo go mór le haidhm na siollabas agus na roinne Gaeilge; ‘na daltaí a fhorbairt i dtreo is go mbeidh gach scil teanga acu de réir a n-acmhainní páirt ghníomhach a ghlacadh i saol dhá theangach na tíre’. Moltar cúrsaí inseirbhíse de chuid Seirbhís Tacaíochta don Oideachas Speisialta ag www.sess.ie maidir leis an bhforbairt seo.
Bhí atmaisféar comhoibritheach a bhí tacúil don fhoghlaim le sonrú sna ranganna. Bhí ardchumas riar ranga ag na múinteoirí go léir. Bhí na múinteoirí ag súil leis an ngnóthachtáil ab airde agus leis an iompair ab fhearr. Bhí caidreamh comhbhách idir na múinteoirí agus na daltaí agus ba rí-shoiléir an meas a bhí acu ar a chéile. Ghlac na scoláirí páirt go toilteanach san idirphlé ranga nuair a bhí deis acu. Ba léir an tuiscint mhaith a bhí ag na scoláirí ar an ábhar agus go raibh tuairimí na scoláirí féin á chothú san ábhar, i múineadh na filíochta ach go háirithe. Tugadh moladh go seasta d’iarrachtaí agus do thuairimí na scoláirí. Ar an iomlán, bhí an timpeallacht fhoghlama don Ghaeilge i gColáiste Bhreandáin Naofa gríosúlach agus spreagúil ag teacht le cuspóir na roinne go mbeadh na daltaí ag baint suilt agus taithnimh as an nGaeilge.
Bhain na múinteoirí feidhm thairbheach as buntáiste a seomraí buana trí thimpeallacht phrionta spreagúil a chruthú. Is dea-chleachtas é seo mar ní hamháin go gcuireann sé leis an timpeallacht fhoghlama, déanann sé athdhaingniú ar an bhfoghlaim go físiúil freisin. Maraon leis na seomraí ranga don Ghaeilge bhí an teanga le feiceáil timpeall na scoile. Tréaslaítear leis an bhfoireann agus leis an mbainistíocht as an bhfealsúnacht seo. Moltar go gcuirfí leis an ábhar a bhí ar taispeáint trí ghaisce a dhéanamh as samplaí breise d’obair na ndaltaí féin a chuirfeadh lena bhféinmhuinín sa Ghaeilge.
Déantar measúnú múnlaitheach ar bhonn neamhfhoirmiúil agus foirmiúil. I measc na modhanna neamhfhoirmiúla a bhí in úsáid le linn na cigireachta bhí measúnú béil i bhfoirm ceisteanna, obair bheirte agus obair aonair ar bhileoigí oibre. Tá polasaí obairbhaile uile scoile i bhfeidhm i gColáiste Bhreandáin Naofa ó Mheán Fómhair na bliana 2005. Tá córas dialanna obairbhaile in úsáid agus ba léir uathu go raibh obair bhaile á dtabhairt go rialta. Déanann na múinteoirí ranga monatóireacht rialta ar na dialanna oibre bhaile maraon le síniú nó stampa seachtainiúil ón timire bliana. Léirigh sampla de na cóipleabhair agus na leabhair foclóra/gramadaí a breathnaíodh orthu le linn na cigreachta go raibh obair chuimsitheach déanta ar raon ábhar a bhí ag gabháil le riachtanais na siollabas. Bhí leanúachas le feiceáil san obair sna cóipleabhair a thaispeáin leibhéal maith forbartha. Bhí obair na scoláirí á cheartú go rialta le nótaí mínithe forbraithe, a thug léargas do na daltaí ar a ndearmaidí. Tá an cleachtas seo inmholta. Tuairiscíodh go ndéantar taifead ar dheacrachtaí gramadacha agus comhréire na scoláirí ó cheartúcháin chóipleabhar agus go múintear ranganna bunaithe ar seo. Moltar an cur chuige seo. Ba léir óna scéimeanna de réir téarma go gcuirtear grád don obair bhaile i ndialann an mhúinteora ar a laghad uair sa tseachtain. Bhí cur síos sna cáipéisí pleanála ar obair bhaile a bheith tugtha ar na ceithre scil teanga. Is dea-chleachtas é seo in áit obair bhaile i bhfoirm obair scríofa amháin. Cuirtear scrúdaithe ranga go rialta ar na scoláirí ar na scileanna teanga agus trial scrúdú cainte i rang na hArdteiste. Moltar trial scrúdú cainte a úsáid níos túisce i measúnú na teanga i saol daraleibhéil na ndaltaí. Reáchtáiltear scrúduithe lár agus deireadh téarma freisin. Déantar taifead ar thorthaí na scrúduithe seo go léir. Tá leibhéal measúnaithe munlaithigh cuimsitheach i gColáiste Bhreandáin Naofa..
Déantar measúnú coimreach foirmiúil ar na scoláirí nach bhfuil ag dul faoi scrúdú teistiméireachta faoi dhó i gcaitheamh na bliana, faoi Nollaig agus scrúdú deireadh bliana. Tá an measúnú foirmiúil seo comónta le scéimeanna marcála aontaithe. Tuairscíodh go ndéantar cinnidh faoi mheasúnú comónta agus scéimeanna marcála aontaithe ag cruinnithe pleanála i gcaitheamh na bliana. Tá an phleanáil comhoibriththeach seo don mheasúnú le moladh. Reachtáiltear trial scrúdaithe san Earrach do scoláirí scrúdaithe. Cuirtear tuairisc abhaile tar éis scrúduithe na Nollag, an Earraigh agus ag deireadh na bliana. Casann múinteoirí agus tuismitheoirí ar a chéile dhá uair sa bhliain do gach bliain ghrúpa agus níos minice nuair is gá. Eagraítear seimineár ar scileanna agus straitéisí staidéir is scrúduithe gach bliain. Tugtar moladh don soláthar seo. Déanann na múinteoirí plé ar na comparáidí idir torthaí a scoláirí féin agus na meán-mharcanna náisiúnta sna scrúduithe Stáit. Déantar anailís ar thorthaí a bhaintear amach idir na ranganna freisin. Úsáidtear an léargas ón anailís mar threoir chun a bpleananna a fheabhasú. Tá an cleachtas seo inmholta mar cabhraíonn an díospóireacht seo gné reatha na bpleananna a choiméad chun cinn i gcónaí. Moltar go gcuirfidh an roinn lena n-uirlísí measúnaithe don Ghaeilge trí na prionsabail measúnú chun foghlama, mar atá forbartha ag Comhairle Curaclaim agus Measúnachta ag www.afl.ncca.ie a chomhtháthú sna pleananna don mheasúnú.
Déantar ceiliúradh bliantúil ar an ngnóthachtáil is fearr sa Ghaeilge trí uimhir áirithe scoláireachtaí a bhronnadh. Bronntar na scoláireachtaí ar mhaithe le haitheantas a thabhairt don iarracht agus don dul chun cinn atá déanta ag na scoláirí sa teanga. Tréaslaítear leis an scoil as an dea-chleachtas seo.
Is iad seo a leanas na príombhuanna a aithníodh sa mheastóireacht:
Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint:
Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Gaeilge ag deireadh na meastóireachta nuair a cuireadh na dréacht-chinntí agus na moltaí i láthair agus nuair a pléadh iad.