An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

Department of Education and Science

  

Cigireacht Ábhair ar Eacnamaíocht Bhaile

 TUAIRISC

  

Coláiste Cholmcille

Indreabhán,

Co. Na Gaillimhe

 

Uimhir rolla: 71250A

  

Dáta na cigireachta: 16 Deireadh Fómhar 2006

Dáta eisiúna na tuarascála: 21 Meitheamh 2007

 

 

 

 

 

An Tuairisc Chigireachta seo

Soláthar an ábhair agus tacaíocht na scoile uile

Pleanáil agus ullmhúchán

Teagasc agus foghlaim

Measúnú

Achoimre ar na Príomhthátail agus na Moltaí

 

  

Tuairisc ar Cháilíocht na foghlama agus an Teagaisc san Eacnamaíocht Bhaile

An Tuairisc Chigireachta seo

 

Scríobhadh an tuairisc seo tar éis chigireacht ábhair a bheith déanta ar Choláiste Cholmchille, Aille Thiar, Indreabhán, Co. na Gaillimhe, mar chuid de Mheastóireacht Scoil Uile.  Leagann sí {amach tátail mheasúnachta maidir le cáilíocht  an teagaisc agus na foghlama san Eacnamaíocht Bhaile agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair seo sa scoil. Rinneadh an mheasúnacht seo thar lá amháin. Thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim.  Bhí caidreamh  ag an gcigire leis na scoláirí agus leis an múinteoir. Scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis an múinteoir. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúcháin scríofa na múinteoirí.Tar éis na cuairte measúnachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na measúnachta don phríomhoide agus don mhúinteoir ábhair.  

Soláthar an ábhair agus tacaíocht na scoile uile

 

Is ábhar roghnach í an Eacnamaíocht Bhaile agus riamh anall ba iad na cailíní ba mhó a roghnaíodh  í cé go roghnaíonn mionlach beag buachaillí an ábhar chomh maith.  Ranganna cumais mheasctha atá i gceist ag an timthriall sóisearach agus an timthriall sinsearach araon, agus mar thoradh air sin múintear daltaí an ardleibhéil agus an ghnáthleibhéil le chéile. Bíonn an múinteoir ag súil le hardchaighdeán agus roghnaíonn formhór na ndaltaí, go háirithe sa timthriall sóisearach, an cúrsa ardleibhéil dá bharr. Tá moladh tuillte ag foireann agus ag bainistíochta na scoile as uchtach agus spreagadh a thabhairt do na daltaí an leibhéil seo a bhaint amach. 

 

Sa chéad bhliain, roghnaíonn na daltaí Eacnamaíocht Bhaile nó Obair Mhiotail. Ar an meán, roghnaíonn 43% na ndaltaí sa timthriall sóisearach an Eacnamaíocht Bhaile, agus de ghnáth cruthaítear rang amháin dá thoradh sin. Is suntasach an líon é seo. Sa timthriall sinsearach is ábhar roghnach í Eacnamaíocht Bhaile laistigh de chóras ina dtugtar rogha do dhaltaí idir Eacnamaíocht Bhaile nó Innealtóireacht nó an Fhoirgníocht. Ag an leibhéal seo roghnaíonn 42% de na daltaí an Eacnamaíocht Bhaile, ar an meán, agus de ghnáth cruthaítear rang amháin. Is inmholta an líon é sin. Mar chuid de phleanáil leanúnach churaclaim moltar don bhainistíocht athbhreithniú a dhéanamh ar na socruithe atá ann faoi láthair maidir le roghnú ábhar sa timthriall sóisearach agus sa timthriall sinsearach le féachaint an féidir rogha níos oscailte neamhtheoranta a thabhairt do dhaltaí ar na hábhair inroghnaithe i gcomhthéacs na n-acmhainní atá ar fáil.  Bheadh a leithéid de rogha oscailte ábhar dírithe níos mó ar dhaltaí agus d’fhéadfadh sé cabhrú dul i ngleic leis an éagothroime inscne i rannpháirtíocht san Eacnamaíocht Bhaile is léir faoi láthair.

 

Is inmholta an dóigh inar cuireadh Eacnamaíocht Bhaile san áireamh mar mhodúl i gcuraclam na hIdirbhliana do gach dalta toisc go dtugann sé deis do dhaltaí nach ndearna staidéar ar an Eacnamaíocht Bhaile sa timthriall sóisearach taithí a fháil agus de bharr sin rogha eolasach a dhéanamh ar na hábhair don Ardteistiméireacht. Tugtar rang dúbailte amháin in aghaidh na seachtaine don mhodúl seo. Bunaítear an modúl ar scileanna praiticiúla cistine agus bia chomhaimseartha agus déantar iarracht éagsúlacht scileanna a mhúineadh do dhaltaí maidir le pleanáil, ullmhú agus dáileadh bia. Táthar ag súil go gcuirfear le suim san ábhar agus go roghnóidh níos mó daltaí an Eacnamaíocht Bhaile don Ardteistiméaracht.

 

Tá fianaise ann go mbíonn éagothroime shuntasach ar bhonn inscne ón gcéad bhliain ar aghaidh ó thaobh staidéir san Eacnamaíocht Bhaile. Déanann an roinn Eacnamaíocht Bhaile iarracht i gcomhar leis an mbainistíocht, an Eacnamaíocht Bhaile a chur chun cinn mar rogha ábhar móréilimh trí ghníomhaíochtaí mar: an t-ábhar a chur chun cinn i measc daltaí ionchasacha agus a dtuismitheoirí le linn an lae oscailte; obair dhaltaí a thaispeáint lá oscailte; feachtais feasachta a óstáil agus úsáid na meáin áitiúla chun poiblíocht a fháil d’imeachtaí a bhaineann leis an ábhar. Chomh maith leis sin, ba chóir go gcabhródh an soláthar ranganna cócaireachta spéisiúla chomhaimseartha atá ar siúl in Eacnamaíocht Bhaile na hIdirbhliana leis an éagothromaíocht inscine is léir anois a réiteach. Is inmholta tionscnaimh den sórt sin. 

 

Tugtar treoir, comhairle agus tacaíocht do dhaltaí agus dá tuismitheoirí chun cabhrú leo ábhair agus leibhéil na n-ábhar a roghnú. Tá moladh tuillte ag an roinn Eacnamaíochta Baile as a ról gníomhach ó thaobh sholáthar comhairle do dhaltaí ionchasacha.  Ceadaíonn an scoil solúbthacht áirithe sa chás go mbíonn daltaí ag iarraidh a roghanna a athrú agus sa tslí sin déantar freastal le tacaíocht ar soghluaiseacht daltaí idir ábhair roghnacha ar bhonn oideachasúil i gcásanna áirithe.

 

Déantar soláthar an-mhaith don ábhar agus tá tacaíocht scoile uile ann dó. Dáiltear am foirmeálta do phleanáil an ábhair. Ghlac an múinteoir páirt in seisiúin éagsúla oiliúna inseirbhíse, mar shampla na cinn a sholáthraíonn an tSeirbhís Tacaíochta do Eacnamaíocht Bhaile na Ardteistiméireachta.  Tá an t-am teagaisc a chuirtear ar fáil do ranganna ag teacht le moltaí an churaclaim agus fabhrach ina leith.  Tá soláthar na ranganna dúbailte do gach bliainghrúpa inmholta, mar go mbíonn siad riachtanach ó thaobh fhorbairt scileanna deartha agus próiseála trí obair thionscadail. De ghnáth, soláthraíonn daltaí an t-ábhar d’obair phraiticiúil, le soláthar breise ón scoil nuair is gá. Cé nach gcuirtear aon bhuiséad faoi leith ar fáil don réimse seo ábhair, déanann an bhainistíocht dianiarracht soláthar a dhéanamh do cheannach acmhainní agus fearas breise ar bhonn éilimh ón múinteoir.

 

Tá sainseomra eacnamaíochta baile amháin a fheidhmíonn mar chistin agus mar sheomra teicstíle. Déantar é a chothabháil go maith le soláthar réimse cuí trealaimh riachtanach do theagasc an ábhair. Ba chóir don bhainistíocht leanúint ag tacú leis an múinteoir ábhair ó thaobh infheistíocht a dhéanamh in úsghrádú, athsholáthar agus cothabháil saintrealamh mar is cuí sa seomra eacnamaíocht bhaile. Tá ríomhaire amháin sa seomra eacnamaíocht bhaile le soláthar don leathanbhanda. Spreagtar daltaí le teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC) a úsáid le haghaidh imscrúdaithe agus obair thionscadail san Eacnamaíocht Bhaile le linn a ranganna ríomhaireachta agus a n-am staidéir féin. Tá forbairt leanúnach TFC beartaithe ag an scoil le cur le teagasc agus foghlaim san Eacnamaíocht Bhaile.

 

Tá measúnú riosca déanta ar an seomra Eacnamaíocht Bhaile mar chuid de ráiteas sláinte agus sábháilteachta na scoile. Tá cleachtas inmholta ag an roinn Eacnamaíocht Bhaile ina síníonn na daltaí agus a dtuismitheoirí/a gcaomhnóirí conradh sábháilteachta i ndáil le cloí le cleachtais sábháilte oibre sa rang, ar mhaithe le riaradh éifeachtúil agus éifeachtach ranganna praiticiúla. D’fhéadfaí é seo a fhorbairt agus conradh a shochtú le síniú ag na daltaí agus tuismitheoirí/caomhnóirí araon maidir le riachtanais na gné praiticiúla agus tionscadail/obair chúrsa na scrúdaithe a chomhlíonadh sa timthriall sóisearach agus sinsearach. Tá fianaise ann ar chleachtais sláinte agus sábháilteachta an-mhaith sna ranganna Eacnamaíocht Bhaile agus cuireann an bhainistíocht an caighdeán Sláinte agus Sábháilteachta is airde chun cinn ar fud na scoile.

 

Tacaíonn struchtúir, córais agus straitéis na scoile go mór leis an soláthar a dhéantar don  eacnamaíocht bhaile agus do na hiarrachtaí a dhéantar chun freastal ar riachtanais na ndaltaí, daltaí le riachtanais speisialta oideachais (RSO) san áireamh. Tugtar faoi pleanáil chúramach chun freastal ar dhaltaí le riachtanais speisialta oideachais sna ranganna Eacnamaíocht Bhaile. Bíonn teagmháil leanúnach ag an múinteoir Eacnamaíocht Bhaile le tacaíocht foghlama, leis an múinteoir acmhainne agus leis an gcúntóir riachtanais speisialta sa scoil agus cuirtear ábhair in oiriúint do riachtanais agus do chumais daltaí de réir mar is cuí.

 

Pleanáil agus ullmhúchán

 

Soláthraíonn an bhainistíocht am cruinnithe formeálta ar leith uair amháin sa téarma do ranna ábhar mar chuid dá tiomantas i leith chur chun cinn an phleanáil forbartha na scoile (PFS). Bhí an leibhéal pleanála agus ullmhúcháin a conacthas san Eacnamaíocht Bhaile an-mhaith agus léirigh gairmiúlacht agus tiomantas an oide ábhair d’fhorbairt leanúnach Eacnamaíocht Bhaile mar ábhar roghnach móréilimh.

 

Tá pleanáil roinn ábhair ar siúl san Eacnamaíocht Bhaile agus forbraíodh doiciméad polasaí fadtréimhse a chuimsíonn sonraí eagrúcháin, pleanála, teagaisc agus foghlama, agus measúnachta an ábhair. Tá an plean ábhair seo bunaithe ar ráiteas misin na scoile agus áirítear ann liosta modheolaíochtaí agus eolais maidir le hacmhainní teagaisc, obair bhaile, measúnú, coimeád taifead, meicníochtaí tuairisce, sláinte agus sábháilteacht, úsáid TFC agus freastal ar riachtanais daltaí. Sa bhreis air sin dréachtadh creatscéimeanna fadthréimhse oibre le haghaidh gach bliainghrúpa. Tá na pleananna seo bunaithe ar an siollabas, faoi riar ama, agus soláthraíonn siad imlíne soiléir ar an ábhar le bheith curtha i gcrích gach téarma.  Tréaslaítear leis an múinteoir atá i gceist as an obair atá déanta sa ghné seo.

 

I gcomhthéacs an phleanáil ábhair atá ar siúl moltar go bhforbrófaí an obair mhaith seo trí scéimeanna oibre gearrthéarma le níos mó sonraí iontu ar chóir a fheiceáil mar doiciméid oibre, a n-úsáidtear le abhreithniú a dhéanamh ar ábhar déanta agus mar áis pleanála don todchaí, a chur san áireamh.  Ba chóir eolas breise agus níos sainiúla ó thaobh sheachadadh na gclár a bheith sa phleanáil seo. Ar na nithe a mholtar a chur san áireamh tá: tagart do thorthaí foghlama ionchais; an seiceamh sonrach agus an creat ama do chur i gcrích na hoibre cúrsa/tionscadail/praiticiúla ábhartha; rogha modheolaíochtaí teagaisc; rogha agus úsáid acmhainní; nascanna idir theoiric agus an obair phraiticiúil ghaolmhar; comhtháthú ábhair mar a mholtar sna siollabais; an creat-ama sonrach agus deiseanna d’obair bhaile agus do mheasúnú agus nuair is gá sonraí faoi ullmhúchán d’athdhéanamh agus do scrúduithe. D’fhéadfaí an próiseas seo a chur i gcrích de réir a chéile. Déanann an múinteoir athbhreithniú agus cláraítear an dul chun chinn i ndialann mar is cuí chun freastal ar riachtanais daltaí. Déanann an múinteoir anailís ar chomhaid ghnóthachtála daltaí sna scrúduithe Stáit agus úsáidtear seo le straitéis teagaisc agus gníomhaíochtaí foghlama a phleanáil amach anseo.  Ba chóir don mhúinteoir eacnamaíocht bhaile leanúint le dea-úsáid a bhaint as na siollabais eacnamaíocht bhaile, treoirlínte do mhúinteoirí agus as cáipéisí ábhartha eile le pleanáil ag gach leibhéal a éascú.

 

Maidir le pleanáil traschuraclaim bíonn teagmháil chomhoibríoch ag an múinteoir eacnamaíocht bhaile leis na múinteoirí a bhaineann le hOideachas Saoránach Sóisialta Polaitiúil (OSSP), Gnó, Eolaíocht agus Fraincís. De thoradh sin déanann na múinteoirí iarracht aon fhorluí gan gá ina gcláir a sheachaint. Cabhraíonn sé seo le seicheamh ábhair, comhroinnt modheolaíochtaí teagaisc cuireann sé leanúnachas chun chinn. Cabhraíonn Eacnamaíocht Bhaile le déanamh puipéad agus le hóstáil feachtais fheasachta leis an Idirbhliain, freisin. Chomh maith leis sin, comhroinneann múinteoirí acmhainní teagaisc, smaointe i leith tascanna praiticiúla agus modhanna malartacha measúnaithe. Tréaslaítear leis na múinteoirí atá i gceist as an obair atá déanta sa ghné seo.  Is inmholta an réimse gníomhaíochtaí seach-churaclaim agus comhchuraclaim atá pleanáilte agus forbartha do dhaltaí. Tá siad seo dírithe ar eispéireas agus taitneamh na ndaltaí san ábhar seo a fheabhsú agus leathnaíonn sé an fhoghlaim lasmuigh den seomra ranga. Faoi láthair baintear seo amach trí sholáthar aoichainteoirí, taispeántais chócaireachta, rannpháirtíocht i gcomórtais, agus trí lónadóireacht a sholáthar d’imeachtaí éagsúla scoile.  Ba chóir leanúint leis an tiomantas do sholáthar na ngníomhaíochtaí fiúntacha seo a iniúcadh mar déanann siad an fhoghlaim níos taithneamhaí agus níos praiticiúla do na daltaí.

 

Baintear leas éifeachtach as cláir fhógraí na seomraí ranga le hailt, samplaí d’obair na ndaltaí agus comórtais a thaispeáint.  Tá sé seo inmholta mar cuireann sé le mórtas agus gnóthachtáil na ndaltaí. Forbraíodh agus bailíodh éagsúlacht mhaith acmhainní teagaisc ábharach don Eacnamaíocht Bhaile. Áirítear orthu sin, mar shampla, leabhair thagartha, foilseacháin ábharacha, póstaeir, DVDanna, físeáin agus pacáistí d’acmhainní ar táirgí tráchtála iad. Baineann an roinn Eacnamaíocht Bhaile úsáid mhaith as an osteilgeoir agus tá teilifíseán agus gléas físeáin/diosca digiteach ilúsáidte ar fáil nuair is gá.  Is léir go núsáidtear na hacmhainní seo go héifeachtach le linn ceachtanna. Moltar leanúint le hinfheistíocht i bhforbairt agus forleathnú acmhainní chun tacú le teagasc agus le foghlaim san Eacnamaíocht Bhaile.

 

Teagasc agus foghlaim

 

Bhí cáilíocht na réamhphleanála, ullmhúcháin ceachtanna aonair agus teagaisc agus na foghlama rí-ard sna ceachtanna praiticiúla agus na ceachtanna teoirice a breathnaíodh. Bhí fócas soiléir, struchtúr, agus leanúnachas ag na ceachtanna agus cuireadh i láthair iad ar luas a d’fhreastail ar chumais éagsúla na ndaltaí aonair. Bhí cuspóirí foghlama an cheachta soiléir agus curtha in iúl do na daltaí ón tús agus bhí fianaise ann de dhea-leanúnachas ó fhoghlaim a bhí ann cheana féin agus comhtháthú cuí idir teoiric agus scileanna praiticiúla. Léirigh an múinteoir feasacht ar stíleanna foghlama na ndaltaí agus bhí an teagasc agus an fhoghlaim curtha in oiriúint do riachtanais na ndaltaí.  Léiríonn na cur chuigí seo roinnt mhaith prionsabail sár-chleachtais.

 

Léirigh úsáid modheolaíochtaí gníomhach foghlama cuí cosúil le tobsmaointeoireacht, fadhbréiteach, obair bheirte, obair ghrúpa agus piarfhoghlaim stíl daltalárnaithe an mhúinteora. I measc modheolaíochtaí teagaisc eile a breathnaíodh bhí teagasc ranga uile, léiriú ón múinteoir, foghlaim aonair, úsáid bhileoga oibre agus an chláir bháin. Úsáideadh straitéisí ceistiúcháin agus mínithe mórthaibhseacha ar leith sna ranganna a breathnaíodh chun na daltaí a mhealladh i mbun foghlama, le tuiscint a scrúdú, chun tacú le daltaí i bhforbairt scileanna ardoird smaointeoireachta agus chun foghlaim nua a nascadh le foghlaim roimhe sin. B’fhiúntach an úsáid a breathnaíodh á bhaint as ábhar amhairc, nuair a bhí sé ann, ó thaobh seachadadh coincheapa toisc gur éascaigh sé an tuiscint agus d’fheabhsaigh sé a dtimpeallacht foghlama. Leagadh an-bhéim ar thuiscint daltaí ar ábhar agus ar phróisis agus bhí samplaí an-mhaith de nascadh ábhar ceachta le gnáth taithí laethúil na ndaltaí. Ba chóir leanúint le míreanna deá-chleachtais dá leithéid a ionchorprú i gceachtanna go rialta.  

 

Le linn obair phraiticiúil a breathnaíodh, bhí cothromaíocht chuí idir teagasc an mhúinteora, léiriú agus am ar fáil do dhaltaí chun obair aonair a dhéanamh. Mar chuid den ullmhúchán do ranganna staidéar praiticiúil ar bhia, tá leabhráin oidis ullmhaithe ag an múinteoir ina sonraítear treallamh, ábhair, módh, plean oibre agus measúnú mar chabhair do dhaltaí sóisearacha an cúram sannta a chomhlíonadh do ranganna praiticiúla. Tá ardmholadh tuillte as an úsáid am mhodha léirithe i gceachtanna toisc gur chinntigh sin go raibh na daltaí go léir dírithe ar an tasc agus bhí deis ag an múinteoir sár-chleachtas a thaispeáint. Breathnaíodh deá-bhéim ar mhíniú a thabhairt ar eochairchoincheapa agus ar fhorbairt scileanna.  Tá sé inmholta gur tógadh isteach próiseas coimre an dearaidh go luath sa timthriall sóisearach agus gur cloíadh leis sa staidéar bia agus san obair phraiticiúil teicstíle araon de réir mar ba chuí. Cuireann an cur chuige seo ar chumas daltaí eolas ríthábhachtach agus scileanna a fhorbairt thar thréimhse ama, i réimsí mar anailís, imscrúdú, fadhbréiteach, pleanáil ghnímh agus measúnú. Cabhróidh sé seo le daltaí teoiric ábhartha a comhtháthú le scileanna praiticiúla, freisin. D’oibrigh daltaí go comhoibríoch agus ghlacadar páirt ghníomhach sna tascanna. Bhí fógraí faoin Sláinteachas agus Sábháilteacht le feiceáil sa seomra ranga agus leagadh béim ar chleachtais sábháilte i gcónaí. Rinneadh an múinteoir monatóireacht chúramach agus measúnú ar obair na ndaltaí le linn na ranganna praiticiúla. Moltar do dhaltaí tabhairt faoi mheasúnú ar thascanna a mbíonn curtha i gcrích. Tríd is tríd, bhí ar chumas daltaí a n-ábaltacht chun tabhairt faoi tascanna praiticiúla éagsúla ar ard-chaighdeán a léiriú. Fad a bhí gach ceacht a breathnaíodh ar siúl bhog an múinteoir timpeall an tseomra go leanúnach ag déanamh measúnú ar dhul chun cinn daltaí, ag monitóireacht deacrachtaí agus ag léiriú sár-chleachtais. Ba shoiléir agus beacht i gcónaí an teagasc a soláthraíodh le linn ceachtanna agus ó bhreathnú sa seomra ranga agus ó phlé le daltaí is léir gur thuigeadar na treoracha a thug an múinteoir.

 

Tá taithí shuntasach agus saineolas faighte ag an múinteoir trí thascanna praiticiúla, obair thionscadail agus gnéithe scríofa an ábhair a mharcáil sna scrúduithe Stáit. Tá tionchar dearfach aige seo ar cháilíocht teagaisc agus foghlama san Eacnamaíocht Bhaile sa scoil. Maidir le leabhair chúnta na hoibre cúrsa ar staidéar bia sa tsraith shinsearach is léir go mbíonn an leibhéal cuí de threoir ón múinteoir agus d’ionchur ón dalta aonair. Léirigh obair thionscadail na ndaltaí a breathnaíodh, sa réimse Teicstílí go raibh leibhéal inniúlachta an-ard ó thaobh eagrúcháin agus cur i láthair. Baintear dea-úsáid inmholta as TFC le haghaidh taighde agus cur i láthair obair chúrsa araon. San iomlán, is inmholta an leibhéal treorach ón múinteoir agus an cruthúnas atá ann ar scileanna, cruthaitheacht agus bunúlacht na ndaltaí san obair thionscadail. 

 

Áirítear ar na hacmhainní a úsáidtear go éifeachtach chun tacú le foghlaim an clár bán, bileoga daltaí, samplaí agus téacsleabhair. Cosúil le haon scoil eile ina ndéantar teagasc agus foghlaim trí mheán na Gaeilge caithfear aghaidh a thabhairt ar dhúshláin maidir le soláthar ábhar acmhainne daltaí i nGaeilge. Déanann an múinteoir Eacnamaíocht Bhaile iarracht le beagnach an teagasc go léir a dhéantar sa seomra ranga a sholáthar trí Ghaeilge, agus is inmholta sin. Ag an am céanna tá an múinteoir aireach ar na daltaí arb é an Béarla a máthairtheanga.  Foilsítear formhór na dtéacs-acmhainní don Eacnamaíocht Bhaile sa Bhéarla, ach tá réimse úsáideach d’acmhainní i nGaeilge forbartha ag an múinteoir le tacaíocht a thabhairt do theagasc agus d’fhoghlaim san Eacnamaíocht Bhaile. Tá an tiomantas seo do chur chun cinn na Gaeilge ag teacht le polasaí na scoile agus is inmholta an iarracht a dhéanann an múinteoir do na dúshláin. Faoi láthair, tá an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG) ag forbairt acmhainní teagaisc Eacnamaíocht Bhaile don Teastas Sóisearach. Cuirfear fáilte rompu mar bhreis ar an stór acmhainní úsáideacha a tháirg an múinteoir. 

 

I ngach ceacht a breathnaíodh bhí iompraíocht na ndaltaí eiseamláireach, agus bhí fianaise ann go raibh daltaí ag tabhairt aire, go raibh cuspóir i gceist, spreagadh dearfach acu agus go raibh misneach tugtha dóibh páirt ghníomhach a ghlacadh sa phróiseas foghlama. Choinnigh an múinteoir smacht sa seomra ranga go tuisceanach trí ghluaiseacht timpeall an tseomra agus teagmháil le daltaí.  Bhí caidreamh den scoth idir na daltaí agus an múinteoir agus spreagadh agus dearbhaíodh iarrachtaí na ndaltaí. Chuir sé seo le hatmaisféar dearfach an tseomra ranga a bhí fábhrach d’fhoghlaim éifeachtach. Bhí cuma an chomheasa idir dhaltaí agus an múinteoir i ngach ceacht a breathnaíodh. 

 

Bhí na daltaí gafa go hiomlán sna gnímh fhoghlama agus léirigh siad an-tuiscint ar an ábhar agus scileanna éagsúla in obair phraiticiúil a bhí cuí dá rang-ghrúpa agus leibhéal. Bhí samplaí an-mhaith d’fhillteáin deá-eagraithe ina raibh éagsúlacht ábhar a bhain le gnéithe éagsúla an tsiollabais, san áireamh san obair dhaltaí a breathnaíodh. Is léir an sár-dhíograis agus tiomantas a léirigh an múinteoir do na daltaí faoina cúram.

 

Measúnú

 

Úsáidtear réimse chuimsitheach modhanna measúnaithe a léiríonn cuspóirí measúnaithe an tsiollabais le monatóireacht agus measúnú éifeachtach a dhéanamh ar dhul chun cinn agus inniúlacht dhaltaí. Ina measc tá ceistiúchán ó bhéal, measúnuithe míosúil ranga, tascanna obair bhaile, ceisteanna scrúdaithe agus monatóireacht leanúnach ar obair phraiticiúil agus thionscadail na ndaltaí. Cabhraíonn an cleachtas measúnaithe leanúnaigh seo le tuismitheoirí agus múinteoirí le dul chun cinn an dalta aonair a mheas agus tá sé an-tábhachtach do chur chun cinn na leibhéil is airde ghnóthachtáil daltaí.

 

Tá polasaí obair bhaile agus measúnaithe forbartha ag an roinn Eacnamaíocht Bhaile atá ag gabháil leis an bpolasaí scoile uile don obair bhaile. Feabhsaítear foghlaim dhaltaí agus déantar measúnú ar dhul chun cinn trí obair bhaile a dáiltear go rialta. Bíonn obair bhaile ceartaithe ag an múinteoir nó déantar athbhreithniú uirthi sa rang.  Ba léir go rabhthas i mbun dea-chleachtais maidir le monatóireacht rialta ar chóipleabhair, fillteáin agus scrúduithe ranga na ndaltaí. Maidir le measúnú múnlaitheach, sholáthair nótaí úsáideacha an mhúinteora aiseolas luachmhar do dhaltaí ó thaobh a ndul chun cinn agus dhearbhaigh siad obair a bhí déanta go maith. 

 

Cuirtear scrúduithe in-tí ar dhaltaí faoi Nollaig agus socraítear tástálacha deireadh bliana do ranganna nach ranganna scrúdaithe iad. Chomh maith leis sin, cuirtear scrúduithe réamhtheastais san earrach ar dhaltaí a bhíonn ag ullmhú do scrúduithe Stáit. Cláraítear torthaí go córasach agus comhairlítear na daltaí go rialta maidir lena ndul chun cinn san ábhar.   Úsáidtear tuairiscí scoile leis na torthaí sin agus dul chun cinn na ndaltaí a chur in iúl do thuismitheoirí/chaomhnóirí. Sa bhreis ar sin, tuairiscítear dul chun cinn daltaí do thuismitheoirí ag na cruinnithe tuismitheoirí-múinteoirí bliantúla a thionóltar do gach bliain-ghrúpa.  Athbhreithnítear dul chun cinn daltaí agus socraítear a leibhéal le haghaidh na scrúduithe i gcomhair leis na múinteoirí ábhar agus na tuismitheoirí. Is meán luachmhar sa bhreis dialann an dalta le teagmháil a dhéanamh le tuismitheoirí nuair a bhíonn gá leis sin.  

 

Achoimre ar na Príomhthátail agus na Moltaí

 

Is iad seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh sa mheastóireacht:

 

 

 

Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint:

 

 

 

 

Eagraíodh cruinnithe iarmheasúnachta leis an múinteoir Eacnamaíocht Bhaile agus leis an bPríomhoide ag deireadh na measúnachta nuair a cuireadh na dréacht-thátail agus na moltaí i láthair agus nuair a pléadh iad.