
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Cigireacht Abhair - Gaeilge
THUAIRISC
Coláiste Phobail Phádraig Naofa
Nás, Contae Chill Dara
Uimhir Rolla: 70710D
Dáta na cigireachta: 25/27/28 Meán Fómhair 2006
Dáta eisiúna na tuarascála: 26 Aibreán 2007
Tuairisc ar Cháilíocht na Foghlama agus an teagaisc sa Ghaeilge
Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile
Achoimre ar na Príomhchinntí agus Moltaí
An Tuairisc Chigireachta seo
Scríobhadh an tuairisc seo tar éis chigireacht ábhair i gColáiste Phobail Phádraig Naofa. Leagann sé amach tátail mheasúnachta maidir le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair seo sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht seo thar trí lá inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim. Bhí caidreamh ag an gcigire leis na mic léinn agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis an múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúcháin scríofa na múinteoirí. Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na meastóireachta don phríomhoide agus do na múinteoirí ábhair.
Déantar na scoláirí a shruthú nuair a thagann siad isteach sa chéad bhliain bunaithe ar thástálacha measúnaithe. Tá sé mar aidhm ag na múinteoirí Gaeilge go mbeidh ranganna ar leith ann do na leibhéil éagsúla an oiread agus is féidir seachas ranganna measctha idir ghnáthleibhéal agus ardleibhéal. D’fhéadfadh scoláirí bonnleibhéil a bheith i gceist freisin san ranganna measctha seo. D’éirigh le bainistíocht na scoile rang ardleibhéil a chur ar fáil sa tríú bliain, i mbliana, agus tá sé i gceist tréan-iarracht a dhéanamh na scoláirí sin a choimeád i mbun an chúrsa ardleibhéil sa tSraith Shinsearach. Moltar na múinteoirí agus bainistíocht na scoile as an gcur chuige seo toisc go bhfuil sé tábhachtach go dtabharfaí deis do scoláirí dul chun cinn a dhéanamh ag gach leibhéal.
Tá díolúine ón nGaeilge ag 49 scoláire sa scoil. Cuirtear tacaíocht fhoghlama ar fáil nó déantar socruithe eile do na scoláirí le linn na ranganna Gaeilge de réir mar is cuí. Moltar an cur chuige seo.
Is ceithre thréimhse sa tseachtain a bhíonn ag gach rang sa tSraith Shóisearach sa scoil. Tharla laghdú ar líon na dtréimhsí Gaeilge sa tseachtain le tamall anuas toisc go bhfuair ceathrar de na múinteoirí Gaeilge ardú céime sa scoil. Glactar leis go bhfuil sé deacair ar bhainistíocht na scoile líon na dtréimhsí a ardú arís ag an bpointe seo ach moltar pleanáil a dhéanamh do threisiú an tsoláthair amach anseo. Moltar féachaint freisin ar an soláthar ama do rang na hIdirbhliana. Tá sé deacair clár iomlán Gaeilge a sholáthar do scoláirí laistigh de thrí thréimhse sa tseachtain.
Déantar gach iarracht clár imeachtaí eischuraclaim agus comhchuraclaim a eagrú sa scoil chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge mar theanga bheo. Eagraítear sraith imeachtaí le linn “Seachtain na Gaeilge” mar shampla, tráth na gceist agus céilí. Tá sé i gceist labhairt le múinteoirí i scoileanna eile chun teacht ar smaointí faoi ócáidí eile a d’fhéadfaí a reachtáil. Moltar tuairimí agus moltaí a lorg ó bhaill foirne agus ó scoláirí araon ina leith seo. Chomh maith leis sin eagraítear comórtais chártaí le haghaidh na Nollag agus na Samhna. Crochtar na cártaí seo ar fud na seomraí ranga le linn na bliana rud a chiallaíonn go bhfuil obair na scoláirí le feiceáil agus go bhfuil an Ghaeilge féin feiceálach freisin. Tá sé i gceist na comórtais seo a fhorbairt i mbliana chun ceiliúradh a dhéanamh ar raon níos leithne de mhór ócáidí na bliana ar nós Lá Fhéile Vailintín, Lá na Máthar, Lá le Pádraig srl. Tugann na comórtais seo deis do gach scoláire a bheith páirteach ar shlí éigin i gcur chun cinn na teanga beag beann ar an gcumas Gaeilge. Spreagtar na scoláirí a bhfuil díolúine ón nGaeilge acu chun páirt a ghlacadh sna comórtais seo freisin.
Moltar iarrachtaí na múinteoirí as Club Gaeilge a bhunú sa scoil an bhliain seo caite. Tá sé i gceist é a thosú arís i mbliana tar éis an bhriseadh lár téarma. Moltar go leanfaí leis an gClub Gaeilge agus go bhfiosrófaí na féidearthachtaí a bhainfeadh le clárú le ceann de na hóg-eagraíochtaí Gaeilge a thugann tacaíocht do chlubanna Gaeilge. D’fhéadfaí mar shampla, teagmháil a dhéanamh le Feachtas a thugann tacaíocht go speisialta do chlubanna Gaeilge i suíomh scoile. Rinne na scoláirí clár raidió freisin an bhliain seo caite a bhí le cloisteáil ar Raidió na Life. Tá iarrachtaí na múinteoirí chun clár imeachtaí den chineál seo a sholáthar, le moladh go mór. Treisíonn imeachtaí breise, a léiríonn an Ghaeilge mar theanga bheo, iarrachtaí na múinteoirí sna seomraí ranga. Tá sé fíorthábhachtach an bhéim chuí a leagan ar an ngné seo d’fhorbairt na teanga agus d’fhorbairt an chultúir ghaelaigh i gcoitinne.
Cuirtear suim airgid fhlaithiúil ar fáil do mhúinteoirí na Gaeilge ón gCoiste Gairmoideachais chun tacú lena gcuid iarrachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn sa scoil. Moltar an bhainistíocht as an tacaíocht fhíorthábhachtach seo a chur ar fáil. Moltar go ndéanfaí liosta de na háiseanna agus na hacmhainní atá ar fáil sa scoil do mhúineadh na Gaeilge láithreach bonn. Nuair a bhogtar chuig an scoil nua moltar go gcuirfí na háiseanna go léir ar fáil in áit lárnach, áit ar féidir leis na múinteoirí ar fad teacht orthu go héasca.
Tá múinteoir amháin ainmnithe le bheith i gceannas ar chomhordú an ábhair sa scoil. Moltar an cur chuige seo go mór toisc go gcinntíonn sé go bhfuil duine amháin freagrach as cúrsaí pleanála don ábhar. Tá an socrú reatha le bheith i bhfeidhm ar feadh trí bliana. Moltar ina dhiaidh sin deis a thabhairt do gach duine de na múinteoirí Gaeilge tabhairt faoin chúram seo ar mhaithe le deis a thabhairt dóibh uilig ról ceannródaíochta a ghlacadh i leith mhúineadh na teanga sa scoil. Buaileann na múinteoirí le chéile uair in aghaidh an téarma go foirmeálta ach buaileanna siad le chéile go rialta idir chruinnithe foirmeálta freisin. Is léir go bhfuil dea-chaidreamh agus comhoibriú idir na múinteoirí Gaeilge rud a chuireann go mór le leanúnachas i múineadh na teanga.
Tugadh am do na múinteoirí an bhliain seo caite chun teacht le chéile d’fhonn plean a chur le chéile do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge mar chuid den phróiseas Pleanáil Forbartha Scoile. Moltar na múinteoirí go mór as an obair atá déanta acu ar an bplean don Ghaeilge a thugann cur síos ar aidhmeanna agus cuspóirí ginearálta i leith foghlaim na Gaeilge chomh maith le cur síos ar mhúineadh an ábhair féin suas go dtí an Teastas Sóisearach. Moltar na tagairtí do fhéidearthachtaí a bhaineann le hobair thraschuraclaim ach moltar forbairt a dhéanamh ar an ngné seo den obair phleanála. Moltar freisin tógaint ar an obair phleanála go léir atá déanta agus an plean a iomlánú de réir a chéile chun cur síos a thabhairt ar mhúineadh na Gaeilge do gach leibhéal agus do gach bliain sa scoil. Moltar freisin cur síos níos iomláine a thabhairt ar raon straitéisí múinteoireachta agus ar réimse leathan áiseanna le húsáid sa rang. Moltar go ndéanfaí iniúchadh leanúnach ar an réimse áiseanna atá ar fáil agus go ndéanfaí pleanáil chun áiseanna speisiúla, suas chun dáta a sholáthar sa scoil ar bhonn rialta. Ba cheart pleanáil d’úsáid theicneolaíocht an eolais a bheith mar chuid den phlean freisin. Glactar leis go mbeidh áiseanna ríomhaireachta níos fearr ar fáil do na múinteoirí nuair a bhogann an scoil chuig an bhfoirgneamh nua ach d’fhéadfaí tús a chur le húsáid na nuatheicneolaíochta ar bhonn teoranta agus pleanáil ar aghaidh d’úsáid níos leithne nuair a shroichtear an foirgneamh nua.
Tuairiscíodh go mbaintear úsáid as na foilseacháin “Staighre” agus “Dréimire” sna ranganna chomh maith leis an bpáipéar seachtainiúil “Foinse”. Tá “Breacadh” faighte ag múinteoir amháin agus tá sé i gceist na féidearthachtaí maidir lena úsáid a chíoradh i measc na múinteoirí Gaeilge. Moltar leanúint le húsáid na bhfoilseachán seo go léir ach moltar freisin a chinntiú go mbaintear úsáid rialta as na meáin chumarsáide Ghaeilge chun múineadh na Gaeilge a chur i suíomh nua-aimseartha a bheadh taitneamhach do scoláirí.
Tá an idirbhliain á reachtáil sa scoil arís i mbliana don chéad uair le roinnt blianta. Moltar an bhéim a leagtar ar chúrsaí cumarsáide agus ar labhairt na Gaeilge sa phlean Gaeilge don idirbhliain. Moltar áfach, go ndéanfaí forbairt ar an bplean don Idirbhliain agus go leagfaí béim freisin ar réimse áiseanna agus raon leathan gníomhaíochtaí a úsáid leis na scoláirí. B’fhiú na féidearthachtaí a bhainfeadh le turas chun na Gaeltachta a fhiosrú mar chuid de chlár na bliana freisin.
Bhí pleanáil mhaith cúramach déanta do na ranganna go léir a breathnaíodh agus ullmhaíodh bileoga oibre agus nótaí le scaipeadh ar scoláirí.
Bhí úsáid na Gaeilge mar sprioctheanga sa rang ar fheabhas ar fad ar an iomlán. Baineadh úsáid leanúnach as an nGaeilge mar theanga mhúinte, chumarsáide agus bhainistíochta. Rinneadh iarrachtaí cliste fónta úsáid an aistriúcháin ó Ghaeilge go Béarla a sheachaint an oiread agus ab fhéidir agus moltar an cur chuige sin go mór. Bhí cás amháin áfach, inar baineadh úsáid as an aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge ar bhonn réasúnta leanúnach. Moltar díreach go leanfadh gach duine an cleachtas céanna. Leagadh an bhéim chuí ar chúrsaí cumarsáide sna ranganna. Baineadh úsáid as ról imirt agus obair bheirte i roinnt ranganna a breathnaíodh agus rinneadh iarrachtaí leanúnacha i ngach rang caint agus comhrá a mhealladh ó scoláirí trí cheistiúchán oscailte agus seifteanna eile. D’éiligh múinteoirí freagraí i nGaeilge ar bhonn leanúnach agus cuireadh ina luí ar scoláirí i ranganna áirithe gurb í an Ghaeilge teanga chumarsáide an tseomra ranga. Ba léir i ranganna áirithe go raibh roinnt mhaith oibre déanta le scoláirí ar úsáid na Gaeilge mar theanga bhainistíochta ranga, sa mhéid is go raibh scoláirí in ann an teanga a úsáid leis an múinteoir ar bhealach nádúrtha. Moltar na múinteoirí as a gcuid oibre sa réimse seo. Rinne scoláirí i gcuid de na ranganna tréan-iarrachtaí ceisteanna a chur agus ceisteanna a fhreagairt i nGaeilge. Tá sé beartaithe ag na múinteoirí Gaeilge béim an-mhór a leagan ar fhorbairt scileanna cumarsáide ón gcéad bhliain ar aghaidh agus measúnú a dhéanamh ar na scileanna sin dá réir. Tá an cur chuige comhaontaithe seo le moladh go mór.
Rinneadh réimse gníomhaíochtaí éagsúla laistigh de fhormhór na ranganna rud a chinntigh go raibh luas maith leis na ceachtanna. I gcás amháin míníodh aidhm an cheachta agus spriocanna an ranga do na scoláirí ag tús na tréimhse. Moltar an cur chuige seo go mór agus moltar go gcuirfí i bhfeidhm é i ngach rang. Baineadh úsáid éifeachtach as an gclár bán i ngach rang agus moltar an úsáid a baineadh as an osteilgeoir i gcás amháin. Moltar go mbainfí úsáid as réimse níos leithne áiseanna agus acmhainní nuatheicneolaíochta sna ranganna chun foghlaim na Gaeilge a dhéanamh níos speisiúla agus níos ilghnéithí do scoláirí. Tá sé fíortháhachtach an teanga a léiriú dóibh i suíomhanna éagsúla, ach go háirithe suíomhanna nua-aimseartha. Ní leor a bheith ag brath ar an téacsleabhar amháin.
Rinneadh iarrachtaí maithe i gcúpla chás a breathnaíodh ábhar an cheachta a cheangal le saol na scoláirí. Tá cur chuige seo fíorthábhachtach i gcomhthéacs foghlaim na Gaeilge a dhéanamh níos taitneamhaí agus níos speisiúla do scoláirí. Moltar, chomh fada agus is féidir, gnéithe de gach ceacht a cheangal le saol comhaimseartha na scoláirí féin.
Bhí gnéithe den ghramadach fite fuaite tríd na ranganna go léir ar bhealach taitneamhach. Léirigh scoláirí i ranganna áirithe eolas maith ar na pointí gramadaí a bhí á gclúdach. Baineadh úsáid fhónta as an athrá i ranganna le cinntiú gur thuig scoláirí cad a bhí ag tárlú agus ar mhaithe le neart deiseanna a thabhairt dóibh abairtí nua a chloisteáil agus a chleachtadh athuair.
Bhí na múinteoirí fuinniúil agus díograiseach i mbun na ranganna a breathnaíodh. Bhog múinteoirí timpeall na seomraí ranga ag caint le scoláirí, á gceartú agus ag cinntiú go raibh obair ar siúl agus gur thuig gach duine cad a bhí le cur i gcrích. Léirigh scoláirí suim sna ceachtanna agus díogras chun foghlama. Bhí cúrsaí araíonachta ar fheabhas ar fad sna ranganna go léir a breathnaíodh.
Cuireadh tascanna dúshlánacha os comhair na scoláirí i roinnt ranganna a breathnaíodh. D’éiligh na múinteoirí leibhéal áirithe iarrachta agus macnaimh ó scoláirí sna ranganna, ag brath ar ndóigh ar a leibhéal cumais, agus moltar an cur chuige seo.
Bhí roinnt mhaith póstaer agus obair de chuid na scoláirí le feiceáil sna seomraí ranga. Moltar é seo go mór ach moltar cur leis an méid póstaer atá in airde sna seomraí ranga. Tuigtear go dtiocfaidh méadú suntasach ar obair na scoláirí a bheidh ar taispeáint de réir mar a eagraítear comórtais ealaíne éagsúla i rith na bliana.
Leagadh an bhéim chuí ar cheartú foghraíochta i gcúpla rang a breathnaíodh. Moltar an cur chuige seo cé go bhfuil sé tábhachtach scoláirí a cheartú ar bhealach tuisceannach gan cur as don rithim cainte nó do fhéinmhuinín an scoláire.
Eagraítear scrúdaithe tí faoi dhó sa bhliain ag an Nollaig agus sa samhradh. Cuirtear tuairiscí abhaile chuig tuismitheoirí faoi dhó sa bhliain agus eagraítear cruinnithe idir tuismitheoirí agus múinteoirí. Baintear úsáid éifeachtach as an ndialann scoile mar uirlis chun múinteoirí agus tuismitheoirí a choimeád ar an eolas faoi dhul chun cinn an scoláire. Má ta aon fhadhbanna ag teacht aníos le scoláire beidh sé soiléir don tuismitheoir agus don mhúinteoir.
Cuirtear scrúduithe beaga ranga ar scoláirí tar éis gach aonad foghlama. Úsáidtear torthaí na scrúduithe beaga seo sna cruinnithe le tuismitheoirí chun dul chun cinn leanúnach an scoláire a thaispeáint. Cuirtear iarracht iomlán an scoláire sa rang i rith na bliana san áireamh sna torthaí scrúduithe ag an Nollaig agus sa samhradh. Tá sé i gceist ag na múinteoirí Gaeilge béim bhreise a leagan anois ar scileanna cumarsáide ón gcéad bhliain ar aghaidh. Tá liosta ceisteanna déanta amach agus clúdóidh gach múinteoir céad bhliana na ceisteanna seo sa rang agus déanfar measúnú ar na scileanna cumarsáide bunaithe ar na ceisteanna seo. Déanfar na ceisteanna a iomlánú agus a athrú sa dara bliain ag tógaint ar an méid a bheidh foghlamtha ag scoláirí sa chéad bhliain. Moltar an cur chuige seo go mór. Tá sé fíorthábhachtach béim a leagan ar scileanna cumarsáide ón gcéad bhliain ar aghaidh agus na scileanna sin a mheas ar bhonn leanúnach. Ní chóir forbairt na scileanna seo a fhágáil go dtí ranganna na hArdteistiméireachta. Tá an plean atá leagtha amach ag na múinteoirí tomhaiste agus bunaithe ar an méid a bheidh clúdaithe ag scoláirí ón mbunscoil agus sa chéad bhliain.
Ba léir ó na cóipleabhair a breathnaíodh go dtugtar agus go gceartaítear obair bhaile go rialta ar an iomlán. Bhí obair mhaith chúramach déanta i roinnt mhaith cóipleabhar a breathnaíodh agus bhí tagairtí d’fhiúntas na hoibre tugtha i nGaeilge chomh maith le marc nó grád i gcásanna áirithe. Tugadh meascán d’obair bhaile scríofa agus obair bhaile foghlamtha. Moltar an meascán seo go mór. Tá sé tábhachtach go mbeadh béim ar fhoghlaim agus scríobh na Gaeilge san obair bhaile i gcoitinne. Bhí éagsúlacht chleachtais i bhfeidhm áfach, maidir le minicíocht an obair bhaile scríofa. I gcomhthéacs pleananna na scoile luí isteach ar fhorbairt pholasaí obair bhaile go luath, moltar do mhúinteoirí na Gaeilge féachaint ar cheist obair bhaile don Ghaeilge d’fhonn teacht aníos le cur chuige aontaithe.
Is iad seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh sa mheastóireacht :
· Moltar na socruithe atá i bhfeidhm do scoláirí le díolúine ón nGaeilge.
· Tugadh suntas ar leith d’iarrachtaí na múinteoirí clár leathan spéisiúil d’imeachtaí eischuraclaim agus comhchuraclaim a chur ar fáil chun tacú le hobair na ranganna.
· Moltar bainistíocht na scoile as an tacaíocht fhial airgid a chuirtear ar fáil do mhúinteoirí na Gaeilge chun réimse áiseanna agus acmhainní a fháil.
· Moltar na socruithe ama atá i bhfeidhm chun tacú leis na múinteoirí pleanáil a dhéanamh do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge sa scoil. Moltar freisin an socrú maidir le comhordaitheoir a ainmniú do gach ábhar.
· Tugadh suntas d’obair phleanála na múinteoirí go dáta.
· Bhí úsáid na Gaeilge mar theanga bhainistíochta, mhúinte agus chumarsáide ar fheabhas ar an iomlán sna ranganna a breathnaíodh.
· Leagadh an bhéim chuí cheart ar fhorbairt scileanna cumarsáide na scoláirí ar shlite éagsúla sna ranganna a breathnaíodh.
· Cuireadh réimse gníomhaíochtaí ar siúl i ngach rang rud a chinntigh go raibh luas maith leis na ceachtanna go léir.
· Tugadh tacaíocht iontach leanúnach do na scoláirí sna ranganna go léir agus moladh iad as a gcuid iarrachtaí.
· Cuireadh tascanna dúshlánacha de réir a gcumas os comhair na scoláirí i ranganna áirithe agus moltar an cur chuige seo.
· Moltar go mór an plean atá le cur i bhfeidhm i mbliana maidir le measúnú scileanna cumarsáide ón gcéad bhliain ar aghaidh.
Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint:
· Moltar líon na dtréimhsí don tríú bliain agus don idirbhliain a mhéadú nuair is acmhainn don scoil é.
· Moltar leanúint leis an gClub Gaeilge agus iniúchadh a dhéanamh ar na buntáistí a bhainfeadh le clárú le hóg-eagraíocht a thabharfadh tacaíocht don chlub.
· Moltar na háiseanna agus acmhainní atá ar fáil don Ghaeilge a chlárú láithreach agus iad a chur ar fáil in áit lárnach a luaithe is a bhogann an scoil chuig an bhfoirgneamh nua.
· Moltar iomlánú a dhéanamh ar an bplean don Ghaeilge ag tógaint pleanáil d’úsáid réimse níos leithne áiseanna agus acmhainní san áireamh. Is cóir freisin féachaint ar úsáid theicneolaíocht an eolais sna seomraí ranga Gaeilge.
· Moltar úsáid rialta a bhaint as na meáin chumarsáide Ghaeilge chun múineadh agus foghlaim na Gaeilge a dhéanamh níos speisiúla do scoláirí agus do mhúinteoirí araon.
· Moltar plean na hIdirbhliana don Ghaeilge a fhorbairt de réir a chéile.
· Moltar cur chuige maidir leis an obair bhaile Gaeilge a aontú i gcomhthéacs polasaí obair bhaile na scoile a bheidh á phlé go luath.
Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Gaeilge agus leis an bPríomhoide ag deireadh na meastóireachta nuair a cuireadh na dréacht-chinntí agus na moltaí i láthair agus nuair a pléadh iad.