An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

Department of Education and Science

 

Cigireacht Ábhair ar an nGaeilge

THUAIRISC

 

Athy Community College

Athy, County Kildare

Uimhir Rolla: 70650L

 

Dáta na cigireachta: 13 Bealtaine 2008

 

 

 

Tuairisc Chigireacht ábhair

Soláthar an ábhair agus tacaíocht na scoile uile

Pleanáil agus ullmhúchán

Teagasc agus foghlaim

Measúnú

Achoimre ar na príomhchinntí agus moltaí

 

 

 

Tuairisc ar Cháilíocht na Foghlama agus an teagaisc sa Ghaeilge

 

 

Tuairisc Chigireacht ábhair   

 

Scríobhadh an tuairisc seo tar éis cigireacht ábhair in Athy Comunity College. Leagann sé amach tátail na meastóireachta maidir le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair seo sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht thar lá amháin inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim. Bhí caidreamh ag an gcigire leis na scoláirí agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis na múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúchán scríofa na múinteoirí. Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na meastóireachta don phríomhoide tánaisteach agus do na múinteoirí ábhair.  Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce i scríbhinn; ní bhfuarthas freagra ón mbord.

 

 

Soláthar an ábhair agus tacaíocht na scoile uile

 

Rinneadh cigireacht ar an nGaeilge sa tsraith shóisearach in Athy Community College in 2003 agus ba léir gur chuir an bhainistíocht agus na múinteoirí na moltaí a rinneadh sa tuairisc sin i bhfeidhm san obair fhorbartha atá déanta ar an ábhar sa scoil ó shin. Tá an tuairisc seo bunaithe ar cháilíocht na foghlama agus an teagaisc sa Ghaeilge sa tsraith shóisearach agus sa tsraith shinsearach. Tá an scoil páirteacht sa chlár Developing Equality of Opportunity in Schools (DEIS).

 

Déanann an bhainistíocht i gcomhar leis na múinteoirí soláthar maith don Ghaeilge sa scoil agus tugtar tacaíocht mhaith di.

 

Triúr múinteoirí Gaeilge atá sa scoil agus tá an Ghaeilge sa chéim ag gach duine acu. Tá taithí fhada ar mhúineadh na Gaeilge ag beirt acu agus tá a n-inniúlacht Ghaeilge chun críche teagaisc sásúil. Tugtar deiseanna do na múinteoirí an Ghaeilge a theagasc sna cláir éagsúla a sholáthraíonn an scoil agus déantar gach iarracht leanúnachas a thabhairt dóibh lena ranganna ó bhliain go bliain laistigh de gach sraith. Tá an bhainistíocht le moladh as seo de bharr go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh taithí ag na múinteoirí ar na cláir éagsúla a chur i bhfeidhm. Moltar an bhainistíocht chomh maith as tacú leis na múinteoirí chun freastal ar dheiseanna forbartha gairmiúla agus bhí na múinteoirí ar fad tar éis freastal ar cheardlann a chuir an tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal ar fáil don Ghaeilge i mbliana.  

 

Déantar cumas litearthachta agus uimhirtheachta na scoláirí a mheas mar chuid dá scrúdú aistrithe scoile. Is ar mhaithe le deacrachtaí foghlama a aithint agus mar threoir chun scoláirí a dháileadh ar ranganna a dhéantar é seo. Dhá rang-ghrúpa atá i ngach bliain den tsraith shóisearach agus tá rang-ghrúpa amháin i ngach bliain páirteacht i gClár Scoile an Teastais Shóisearaigh (CSTS). Bhí na ráitis próifíle a ghabhann leis an CSTS á gcomhlíonadh. Ag am na cuairte seo ní raibh an grúpa scoláirí a bhí sa tríú bliain chun an Ghaeilge a dhéanamh mar chuid den Teastas Sóisearach. Tagann na ráitis próifíle don Ghaeilge atá in CSTS le Siollabas don Teastas Sóisearach: Gaeilge agus moltar go gcumasófaí agus go dtacófaí leis na scoláirí chun tabhairt faoin scrúdú Gaeilge sa Teastas Sóisearach ag leibhéal cothrom lena gcumas. Thabharfadh sé dúshlán dóibh chomh maith le cothromaíocht lena gcomhscoláirí sna ranganna eile. Sa bhreis air sin, moltar go bhféachadh an bhainistíocht agus na múinteoirí ar an leas a bheadh le baint ag scoláirí CSTS as iad a dháileadh ar ranganna eile laistigh dá mbliainghrúpaí féin.

 

Soláthraítear an Ardteistiméireacht bhunaithe agus an Ardteistiméireacht Fheidhmeach sa tsraith shinsearach. Is sa chéad bhliain den Ardteistiméireacht Fheidhmeach a dhéanann na scoláirí staidéar ar Gaeilge Chumarsáideach. Cruthaíonn sé seo leanúnachas ina dtaithí foghlama Gaeilge idir an dá shraith agus tá sé le moladh.  

 

Tá an méid ama a dháiltear ar an nGaeilge sásúil i gcás na cúigiú bliana agus na séú bliana, rang na hArdteistiméireachta Feidhmí san áireamh. Ní mór, áfach, athbhriethniú a dhéanamh ar leithdháileadh na dtréimhsí don chúigiú bliana agus don séú bliana i gcás na hArdteistiméireachta bhunaithe toisc dhá thréimhse ranga Gaeilge a bheith acu ar lá amháin sa tseachtain. Is mó an leas a bhaineann scoláirí as ionchur rialta laethúil a fháil agus an teanga á sealbhú acu. Maidir leis an méid ama a dháiltear ar an nGaeilge sa tsraith shóisearach, moltar nach laghdófaí an méid ama a dháiltear ar an teanga. Cúig thréimhse a dháiltear ar na ranganna sa tríú bliain agus tá sé seo sásúil. Ní dháiltear ach ceithre thréimhse sa tseachtain áfach ar na ranganna sa chéad agus sa dara bliain.

 

As móriomlán rollúcháin de 174 scoláire, áiríodh díolúine ón nGaeilge a bheith ag 18% díobh. Is scoláirí a fuair a gcuid luathoideachais thar lear iad thart ar 50% de na scoláirí seo agus áiríodh deacrachtaí foghlama leis an bhfuílleach. Déanann an bhainistíocht iarracht socruithe a dhéanamh maidir le Béarla mar theanga bhreise agus tacaíocht fhoghlama nó acmhainne a sholáthar do scoláirí atá ina dteideal nuair a bhíonn na ranganna Gaeilge ar siúl chomh fada agus is féidir. Tá an bhainistíocht le moladh as seo.

 

Tá soláthar an-mhaith d’acmhainní agus d’áiseanna teagaisc ar fáil don Ghaeilge sa scoil. Áirítear orthu seo ríomhairí glúine a bheith ag gach múinteoir chomh maith le teilgeoir sonraí a bheith ar fáil do roinn na Gaeilge. Moltar go gcuirfeadh an bhainistíocht riachtanais na múinteoirí maidir lena n-oilteacht ar úsáid na n-áiseanna seo don teagasc agus don fhoghlaim san áireamh agus pleanáil ar bun dá bhforbairt ghairmiúil leanúnach. Sa bhreis air sin tá cláir bhána, cláir fógraí, póstaeir agus seinnteoirí CD/DVD agus teilifíseáin agus cófraí stórála agus seilfeanna sna seomraí ranga. Is ar bhonn aonair den chuid is mó a bhailíonn agus a fhorbraíonn na múinteoirí acmhainní, mar shampla, cláir agus míreanna nuachta agus aimsire ó TG4 nó eile, le húsáid lena ranganna. Moltar go ndéanfadh siad comhphleanáil d’fhorbairt agus do sholáthar na n-acmhainní seo mar chuid den phleanáil don ábhar.

 

Tá úsáid na Ghaeilge feiceálach i dtimpeallacht na scoile agus moltar é seo. Tá sé de chleachtas sa scoil ceist i nGaeilge ar ábhar topaiciúil a chur ar an gclár fógraíochta leictreonach atá laistigh de phríomhdhoras na scoile mar chuid de chomórtas a bhíonn ar bun sa scoil uair sa mhí. Fógraítear ainm an duaisbhuaiteora ar an scáileán seo freisin. Eagraítear imeachtaí ar nós tráth na gceist boird agus comórtas postaeir le linn Seachtain na Gaeilge agus sa bhreis air sin eagraítear comórtas scríbhneoireachta sa scoil gach bliain don Ghaeilge agus don Bhéarla. Cuireann an Coiste Gairmoideachais scoláireachtaí ar fáil cun tacú le scoláirí freastal ar choláistí samhraidh sa Ghaeltacht agus baintear leas as an gclár DEIS freisin chun scoláireachtaí a sholáthar. Tá an bhainistíocht agus na múinteoirí le moladh as na deiseanna a chuirtear ar fáil do na scoláirí chun cur lena dtaithí ar an nGaeilge a úsáid lasmuigh de na ranganna foirmeálta.

 

Feidhmíonn na múinteoirí mar chomhordaitheoir ar roinn na Gaeilge ar a seal. Tá an socrú seo le moladh de bharr go bhfaigheann na múinteoirí ar fad deis ar a dtaithí agus ar a scileanna sa réimse seo a fhorbairt. Pleanáil do scrúduithe, do théacsleabhair agus d’acmhainní an phríomhaidhm a bhíonn leis na cruinnithe a bhíonn acu chomh maith le cinneadh a dhéanamh ar bhronnadh na scoláireachtaí Gaeltachta. Coimeádtar miontuairiscí na gcruinnithe i gcomhad an phlean scoile sa seomra foirne. Is dea-chleachtas é seo.  

 

 

Pleanáil agus ullmhúchán

 

Tá plean fadtéarmach forbartha don Ghaeilge mar chuid de churaclam na scoile ag teacht leis an moladh a rinneadh ina leith cheana. Ar an iomlán, bhain cáilíocht mhaith leis an bplean. San fhorbairt atá fós le déanamh air, moltar go léireofaí go soiléir an ceangal idir na haidhmeanna agus na cuspóirí agus ráiteas misin na scoile. Sa bhreis air sin, moltar go líonfaí roinnt de na bearnaí atá ann faoi láthair faoi cheann teidil mar pleanáil do scoláirí le riachtanais oideachais speisialta, pleanáil tras-churaclaim; riachtanais an ábhair maidir le ráiteas sláintíochta agus sábháilteachta. Maidir leis an bhforbairt bhreise atá le déanamh ar an bpleanáil don ábhar moltar: go leagfaí amach creat de na torthaí foghlama a mbeifí ag súil leo ag na céimeanna difriúla i gcás na mbliainghrúpaí agus na leibhéil éagsúla agus go mbeadh siad seo bunaithe ar na scileanna teanga difriúla agus ar na feidhmeanna teanga mar atá luaite sna siollabais; go mbeadh sé le léamh ar an bplean go mbeadh forbairt chéimnithe le déanamh ar an bhfoghlaim, go mbeadh comhtháthú le déanamh ar fhorbairt na scileanna teanga difriúla agus ar na gnéithe éagsúla de na cúrsaí lena n-áirítear feasacht teanga agus chultúir na scoláirí; go ndéanfaí breis forbartha ar na modheolaíochtaí teagaisc agus foghlama lena n-áirítear modhanna measúnaithe agus go gcuirfí úsáid TFC san áireamh anseo; go mbeadh sé le léamh ar an bplean go ndéantar monatóireacht agus athbhreithniú air go rialta; go mbeadh cuntas ann ar na himeachtaí agus na gníomhaíochtaí  comh-churaclaim agus seach-churaclaim a eagraítear chun tacú le foghlaim na Gaeilge.

 

Lasmuigh de cheisteanna ag leibhéil éagsúla dúshláin a úsáid sa rang agus ábhar léitheoireachta bhreise a chur ar fáil, ní dhéantar pleanáil ar leith faoi láthair do dhifreáil an ábhair sa seomra ranga. Moltar anois i gcomhthéacs na forbartha atá molta ar na modheolaíochtaí teagaisc agus foghlama go ndíreofaí ar dhifreáil an ábhair sna ranganna mar fhócas ar leith don phleanáil sa ghearrthéarma.  

 

Sa bhreis air sin, moltar go ndéanfadh na múinteoirí pleanáil ghearrthéarmach dá ranganna a bheadh bunaithe ar an bplean fadtéarmach agus go mbeadh an t-ábhar leagtha amach in aghaidh an téarma. Leagtar clár comónta amach do na ranganna sa tríú bliain faoi láthair agus moltar go leathnófaí an dea-chleachtas seo chuig bliainghrúpaí eile.

 

Bhí pleanáil agus ullmhúchán déanta do na ranganna a breathnaíodh. Bhain cáilíocht an-mhaith leis seo i roinnt cásanna rud a chinntigh go raibh struchtúr an-mhaith leis na ranganna seo.  

 

Teagasc agus foghlaim

 

Glaodh agus freagraíodh an rolla i nGaeilge i roinnt bheag cásanna ag tús an ranga. Is dea-chleachtas é seo agus moltar go leathnófaí é. Sa bhreis air sin moltar go gcuirfí an teanga ranga a bheadh de dhíth ar na scoláirí san áireamh mar chuid den chlár oibre don chéad bhliain agus go gcumasófaí iad chun an rolla a fhreagairt agus nithe gaolmhara a phlé i nGaeilge. B’fhiú chomh maith cúpla nóiméad a chaitheamh ar chomhrá i nGaeilge ar ábhair topaiciúla ag tús ranga chun cabhrú leis na scoláirí socrú síos.

 

Rinneadh obair ar thopaicí agus ar scileanna teanga difriúla sna ranganna a breathnaíodh. Bhí éagsúlacht tascanna le déanamh ag na scoláirí i roinnt bheag cásanna. Ag teacht leis an am den scoilbhliain a bhí ann agus scrúduithe tí agus stáit ag teannadh ar na scoláirí, ba athdhéanamh den chuid ba mhó a bhí san obair a bhí ar bun. 

 

Cuireadh ábhar na ranganna in iúl do na scoláirí ag an tús. Moltar go ndéanfaí é seo a fhorbairt ionas go roinnfí na torthaí foghlama a mbeifí ag súil leo leis na scoláirí ag tús na ranganna. Moltar chomh maith go dtapófaí an deis ag deireadh ranga chun a iarraidh ar na scoláirí machnamh ar a mbeadh foghlamtha acu agus ar na bealaí ina ndearna siad an fhoghlaim sin.  

 

Tá an-mholadh ag dul don chás inar comhtháthaíodh forbairt na scileanna teanga agus ina raibh sleamhnáin PowerPoint in úsáid chun foclóir a athmheabhrú do scoláirí agus chun ábhar spreagthaigh a chur os a gcomhair do thasc a bhí le déanamh acu i ngrúpaí. Bhí an sampla áirithe seo d’obair ghrúpa dea-eagraithe le ról cinnte ag na scoláirí, teorainn ama leis an tasc agus aiseolas le tabhairt don rang ag an deireadh. Tá an-mholadh ag dul do seo agus moltar go ndéanfaí amhlaidh i ranganna eile. Thug an obair seo deiseanna do na scoláirí foclóir agus comhréir na teanga a chleachtadh agus chabhraigh sé seo leo aiseolas a chur i láthair ag an deireadh. Moltar go leathnófaí cleachtas mar seo a chuirfeadh béim ar thuiscint na scoláirí ar chomhréir na teanga a fhorbairt in áit liostaí fada foclóra a thabhairt dóibh mar a tharla i mionlach de na ranganna.

 

Rinneadh obair ar an gcluastuiscint ó iarscrúduithe stáit i gcás eile. Moltar, mura bhfuil sé mar aidhm le hobair mar seo dian chleachta a dhéanamh faoi choinníolacha scrúduithe, go ndéanfaí an obair a phleanáil ionas go mbeadh téama comónta idir ábhar na cluastuisceana agus gnéithe eile de na cúrsaí agus na scileanna eile a bhíonn le forbairt ag na scoláirí. Ina theannta sin moltar go dtapófaí deiseanna a thagann chun cinn ina leithéid seo oibre chun a chinntiú go mbeadh foghlaim nua le déanamh ag na scoláirí, mar shampla, trína bhfoclóir a shaibhriú trí cheisteanna breise a chur orthu agus bealaí difriúla chun an rud céanna a rá a roinnt leo, agus deiseanna a chruthú dóibh chun a dtuiscint agus a dtaithí ar chomhréir na teanga a fhorbairt agus a chleachtadh.  Sa bhreis air sin, moltar go gcuirfí an t-ábhar a mbítear ag dul siar air i láthair na scoláirí ar bhealaí nua nuair a bhíonn athdhéanamh ar bun.

 

Bhí formhór na scoláirí gníomhach ina gcuid foghlama. Ní mór riachtanais agus stíleanna foghlama éagsúla na scoláirí a chur san áireamh agus ábhar ranga á ullmhú. Moltar sa chomhthéacs seo go mbeadh éagsúlacht acmhainní agus áiseanna in úsáid chun an t-ábhar a chur i láthair na scoláirí agus cabhrú lena dtuiscint ar an ábhar a fhorbairt. I roinnt cásanna úsáideadh straitéisí ceistiúcháin go héifeachtach chun scoláirí a spreagadh chun cur lena bhfreagraí agus moltar go leathnófaí an cleachtas seo.

 

Bhí an Ghaeilge in úsáid mar theanga theagaisc agus bhainistíochta sna ranganna ar fad ach ba léir nárbh é seo an gnáthchleachtas i ngach cás. Moltar go leanfaí d’úsáid an sprioctheanga mar theanga theagaisc, bhainistíochta ranga agus mar ghnáththeanga chumarsáide a fhorbairt. Bhí cothromaíocht shásúil i roinnt de na ranganna idir chaint an mhúinteora agus chaint na scoláirí. Léirigh na scoláirí go raibh tuiscint acu ar an teanga ag teacht lena gcumas agus bhí roinnt díobh a bhí go maith ábalta iad féin a chur in iúl i nGaeilge. I roinnt eile cásanna áfach ní mór go mbeadh i bhfad níos mó Gaeilge le cloisteáil ó na scoláirí.  

 

Bhí an t-atmaisféar sna ranganna tacúil don fhoghlaim. Bhí póstaeir agus samplaí d’obair na scoláirí ar taispeáint ar na ballaí agus baineadh leas éifeachtach astu seo chun tacú leis na scoláirí agus tascanna á ndéanamh acu i gcásanna áirithe. Tá sé seo le moladh. Ghluais na múinteoirí timpeall i measc na scoláirí agus iad ag obair chun cabhrú le scoláirí aonair.

 

Measúnú

 

Úsáidtear rannpháirtíocht na scoláirí sa rang, obair bhaile agus scrúduithe ranga agus tí chun measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn na scoláirí. Léirigh na cóipleabhair a breathnaíodh go raibh obair déanta ar raon ábhar a bhí ag teacht le riachanais na siollabas agus go raibh an obair á ceartú go rialta. Bhí nótaí moltacha le léamh sna cóipleabhair i gcásanna airithe rud a thugann spreagadh do na scoláirí. Moltar go gcomhaontódh na múinteoirí cur chuige maidir le ceartúcháin ar obair na scoláirí a thabharfadh aitheantas dóibh as an obair a bheadh déanta go maith nó i gceart acu agus a thabharfadh treoir dóibh ar shlite chun a gcuid oibre a fheabhsú chun dul chun cinn níos fearr a dhéanamh. Ina theannta sin moltar go mbeadh an cur chuige bunaithe ar an measúnú chun foghlama (McF/AfL). Is féidir tuilleadh eolais air seo a fháil ag www.ncca.ie.

 

Is ar an éisteacht agus ar an scríobh agus léamhthuiscint chomh maith leis an litríocht mar is cuí a bhíonn scrúduithe ranga agus tí bunaithe go príomha. Tá an-mholadh ag dul don chleachtas atá ann i leith na chéad bhliana mar shampla toisc go gcuirtear na scileanna teanga ar fad san áireamh sa mheasúnú. Moltar go leathnófaí an cleachtas seo chuig na bliainghrúpaí eile ionas go mbeadh measúnú á dhéanamh ar na príomhscileanna teanga le linn cúrsa staidéir na scoláirí ag an dara leibhéal. Thiocfadh cleachtas mar seo go dhlúth le haidhmeanna agus le cuspóirí na siollabas.

 

Reáchtáltar scrúduithe foirmeálta tí dhá uair sa bhliain agus triailscrúduithe stáit sa dara téarma do na scoláirí sa tríú agus sa séú bliain. Dhá uair sa bhliain a sheoltar tuairiscí abhaile ar ghnóthachtálacha na scoláirí agus is féidir le tuismitheoirí/caomhnóirí tuairiscí a lorg ar dhul chun cinn a leanaí ag amanna eile chomh maith. Eagraítear cruinnithe tuismitheoirí agus múinteoirí uair sa bhliain do na bliainghrúpaí éagsúla. 

 

 

Achoimre ar na príomhchinntí agus moltaí

 

Is iad seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh sa mheastóireacht:

·         Tá bonn foirmeálta le roinn na Gaeilge sa scoil agus tá na múinteoirí gafa le plean a fhorbairt don ábhar.

·         Tá inniúlacht Ghaeilge na múinteoirí chun críche teagaisc sásúil.

·         Déanann an bhainistíocht, i gcomhar leis na múinteoirí, soláthar maith don Ghaeilge sa scoil agus tugtar tacaíocht mhaith di.

·         Léirigh na scoláirí go raibh tuiscint acu ar an teanga ag teacht lena gcumas agus bhí roinnt díobh a bhí go maith ábalta iad féin a chur in iúl i nGaeilge.

·         Cuirtear na scileanna teanga ar fad san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar fhoghlaim na scoláirí sa chéad bhliain.

·         Breathnaíodh sampla an-mhaith d’obair ghrúpa a bhí dea-struchtúrtha agus d’úsáid TFC agus ba cheart na dea-chleachtais seo a leathnú.

·         Bhí an t-atmaisféar sna seomraí ranga tacúil don fhoghlaim agus bhí póstaeir agus samplaí d’obair na scoláirí ar taispeáint.

 

 

Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint: 

 

·         Leanúint d’úsáid na Gaeilge mar theanga theagaisc, bhainistíochta ranga agus mar ghnáth-theanga chumarsáide a fhorbairt.

·         An plean don Ghaeilge a fhorbairt mar atá luaite sa tuairisc agus díriú ar mhodheolaíochtaí agus straitéisí do dhifreáil an ábhair sna ranganna mar fhócas ar leith don phleanáil sa ghearrthéarma.   

·         Na torthaí foghlama a mbeifí ag súil leo a roinnt leis an scoláirí ag tús ranga.

·         É a bheith ina ghnáthchleachtas na scileanna teanga ar fad a chur san áireamh sa mheasúnú a dhéantar ar fhoghlaim na scoláirí

·         Cur chuige a chomhaontú maidir le ceartú obair na scoláirí.

·         Na scoláirí a bhíonn páirteach i gClár Scoile an Teastais Shóisearaigh a spreagadh chun an scrúdú Gaeilge sa Teastas Sóisearach a dhéanamh ag leibhéal cothrom lena gcumas.

 

Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Gaeilge agus leis an bpríomhoide tánaisteach ag deireadh na meastóireachta mar ar cuireadh i láthair agus ar pléadh na dréacht-chinntí agus moltaí.

 

 

 

 

Foilsithe Eanair 2009