An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

 

 

Department of Education and Science

 

 

 

 

 

 

 

 

Cigireacht Ábhair ar Gaeilge

TUAIRISC

 

 

Scoil Phobail Ghort Álainn

Sean Bhothar na hEochaile, Corcaigh

 

 

 

Uimhir rolla: 91400F

 

 

 

Dáta na cigireachta: 21 Samhain 2006

Dáta eisiúna na tuairisce: 26 Aibreán 2007

 

 

 

An Tuairisc Chigireachta seo

Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile

Pleanáil agus Ullmhúchán

Teagasc agus Foghlaim

Measúnú

Achoimre ar na Príomhchinntí agus Moltaí

 

 

Tuairisc

ar

Cháilíocht na Foghlama agus an teagaisc sa ghaeilge

 

 An Tuairisc Chigireachta seo

 

Scríobhadh an tuairisc seo tar éis chigireacht ábhair i Scoilphobail Ghort Álainn, Corcaigh. Leagann sé amach tátail mheasúnachta maidir le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair seo sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht seo thar lá amháin inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim.  Bhí caidreamh ag an gcigire leis na mic léinn agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis na múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúcháin scríofa na múinteoirí.  Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na measúnachta don phríomhoide agus na múinteoirí ábhair.  Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce; ba rogha leis an mbord glacadh leis an tuairisc gan freagra a thabhairt.

 

 

Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile

 

Is scoil chomhoideachais í Scoil Phobail Ghort Álainn agus is ar bhonn ranganna sruthaithe a eagraítear na  ranganna. Bíonn cúig  rang Gaeilge in aghaidh na seachtaine ag scoláirí an Teastais Shóisearaigh agus ag scoláirí na hArdteistiméireachta. Cuirtear Clár Scoile an Teastais Shóisearaigh agus Clár na hIdirbhliana le ceithre rang sa tseachtain, agus an Ardteistiméireacht Fheidhmeach, le dhá rang sa tseachtain, ar fáil freisin. I dtaca leis an gcur chuige seo bíonn solúbthacht ann idir ranganna áirithe agus tugtar gach deis do gach scoláire an leibhéal is airde a bhaint amach san ábhar. Tugadh le fios gur rang singil amháin sa ló a bhíonn ann de ghnáth, ach amháin i mbliana sa séú bliain, ina bhfuil trí rang i ndiaidh a chéile ar an Déardaoin. Moltar go ndéanfaí athbhreithniú ar an eisceacht seo de bhrí gur fearr do na scoláirí ionchur rialta laethúil a fháil.

 

Ag am na cuairte áiríodh, de réir fhorálacha Imlitir M10/94, díolúine ón nGaeilge a bheith ag líon mór scoláirí. É sin ráite tá scoláirí ann le díolúine acu atá ag foghlaim na Gaeilge agus moltar, nuair is cuí, go leathnófaí an dea-chleachtas seo. Téann an rannpháirtíocht seo i bhfeidhm go mór ar fhoghlaim is ar fhéinmheas gach scoláire sa rang agus mar a léiríonn an taighde is déanaí is minic a bhíonn bua na teanga ag scoláirí ó thíortha eile.

 

Tá cúigear múinteoirí ag múineadh na Gaeilge sa scoil. Tá togha na Gaeilge ag na múinteoirí seo agus tá sean taithí acu ar an múinteoireacht agus ar an measúnú. Is léir go bhfuil fíor-shuim ag an bhfoireann dhíograiseach seo sa scoil agus ins na scoláirí atá ag freastail ann. Cé nach gcuirtear aon bhuiséad faoi leith ar fáil do mhúineadh na Gaeilge, tuigtear ó labhairt leis na múinteoirí agus leis an mbainistíocht, go gcuirtear aon riachtanais a bhíonn acu ar fáil, ach iad a chur in iúl. Bronntar gradam sa Ghaeilge ar scoláire faoi leith in aghaidh na bliana agus cuirtear scoláireachtaí Gaeltachta ar fáil do scoláirí freisin. Téann na ranganna sa tsraith shinsearach go dtí an Ghaeltacht le linn na scoilbhliana agus arís tá an cur chuige seo inmholta.

 

Tá seomra ranga buan ag tromlach de na múinteoirí agus i ngach seomra a breathnaíodh bhí raon áiseanna agus acmhainní le feiceáil. Tá seomra faoi leith don Ghaeilge freisin. Tréaslaítear leis na múinteoirí faoin timpeallacht ranga agus cé chomh maisithe is a bhí na seomraí le póstaeir nua-aimseartha agus uaireanta, le hobair na scoláirí. Ba shuntasach le feiceáil go mbaintear leas as an ríomhaire ranga gach lá agus tinreamh na scoile á ghlacadh. Moltar go ndéanfaí athbhreithniú ar leas níos leithne a bhaint as teicneolaíocht eolais is chaidrimh (TEC) i dteagasc agus i bhfoghlaim na Gaeilge. Is ceart go dtuigfeadh gach scoláire i ngach rang gur teanga bheo í an Ghaeilge sna meáin nua-aimseartha.

 

Pleanáil agus Ullmhúchán

 

Is ar bhonn foirmeálta a fheidhmíonn na múinteoirí Gaeilge mar Roinn. Ar bhonn rothlach a fheidhmíonn an comhordaitheoir Gaeilge. Cuireadh in iúl go mbíonn cruinnithe foirmeálta ag an Roinn i rith na scoilbhliana chomh maith le cruinnithe neamhfhoirmeálta. Roghnú téacsleabhar, roghnú chláir chomónta, buiséad, roinnt scoláirí i ranganna, agus a n-oiriúnacht don leibhéal ag a mbíonn siad ag tabhairt faoin nGaeilge, an phríomhaidhm a bhíonn leis na cruinnithe. Cuirtear eolas agus cáipéisíocht ar na cruinnithe sin ar fáil don bhainistíocht.

 

Is léir go bhfuil pleanáil ar siúl sa scoil seo. Chonacthas scéimeanna oibre agus cáipéisí de phleanáil phearsanta na múinteoirí agus tá an scoil gafa leis an bPróiseas um Phleanáil Fhorbartha Scoile. Is léir go dtuigeann an bhainistíocht agus na múinteoirí an dlúthcheangail atá ann idir phleanáil agus thorthaí foghlama na scoláirí. Moltar, chun cur leis an méid déanta go dtí seo, díriú go mion ar ghné éigin de mhúineadh na teanga cosúil le modhanna éagsúla chun teanga labhartha na scoláirí a chur chun cinn sna ranganna Gaeilge. D’fhéadfaí, mar a pléadh, plean ceachta a chumadh lena chéile agus é a chur i bhfeidhm is a mheas trí thorthaí foghlama na scoláirí a thomhas. Toisc go bhfuil cultúr comhoibrithe agus comhthacaíochta le sonrú i measc múinteoirí Roinn na Gaeilge moltar iniúchadh a dhéanamh chomh maith ar na buntáistí a bhainfeadh le comhmhúinteoireacht.

 

Tá sé sofheicthe go bhfuil fíorshuim ag na múinteoirí Gaeilge i bhféinmheas na scoláirí a chothú. Slí amháin chun é seo a chur i bhfeidhm sna seomraí ranga ná trí dheiseanna a thabhairt do na scoláirí a dtimpeallacht fhoghlama féin a chruthú. Chonacthas samplaí d’obair na scoláirí ar na ballaí i gcuid de na seomraí agus moltar, más féidir é, go ndéanfaí amhlaidh sna seomraí eile. Téann timpeallacht tharraingteach spreagúil fhoghlama i bhfeidhm go mór ar fhoghlaim na scoláirí agus tugann sé deis do na múinteoirí féinmheas an dalta a chothú agus ag an am céanna freastal ar riachtanais fhoghlama idirdhealaithe na scoláirí. Dar ndóigh, d’fhéadfaí comhtháthú a dhéanamh anseo freisin idir scileanna ríomhaireachta agus scileanna sóisialta na scoláirí.

 

 

Tá pleanáil agus ullmhúchán de chaighdeán ard sa scoil seo agus tá an-mholadh tuillte ag na múinteoirí agus ag an mbainistíocht.

Teagasc agus Foghlaim

 

I ngach rang a breathnaíodh bhí ábhar na gceachtanna ag teacht le siollabas na Roinne agus le raon suime is cumais na scoláirí. Bhí caidreamh réidh ag na múinteoirí agus ag na scoláirí lena chéile le féith an ghrinn ann uaireanta. Moladh na scoláirí chomh minic agus ab’ fhéidir le linn na gceachtanna agus bhí féinmheas is féinmhuinín na scoláirí chun tosaigh i ngach rang. Chuir an méid seo go mór leis an gcomhoibriú a bhí le feiceáil i bpróiseas na foghlama agus an teagaisc a bhí ar bun.  Cuireadh aidhm na gceachtanna in iúl go soiléir do na scoláirí ag tús na ranganna mar a mholtar. Léirigh na ranganna a breathnaíodh go raibh pleanáil chuí déanta ina gcomhair agus go raibh leanúnachas i gceist. Baineadh úsáid as an gclárdubh, as bileoga oibre, as spléach-chártaí agus as an osteilgeoir chun ábhar na gceachtanna a choimeád chun tosaigh. Bhí de thoradh ar an bpleanáil chríochnúil seo go raibh struchtúr agus gluaiseacht bhríomhar faoi na ceachtanna.

 

Baineadh leas as téamaí faoi leith ar nós ‘saoire’, ‘siopadóireacht’, ‘timpiste’ agus as téamaí na ndánta éagsúla a bhí á bplé acu.  Moltar an modh oibre seo a chur i bhfeidhm chomh minic agus is féidir mar luíonn sé le réasún, nuair atá téamaí faoi leith ann go mbeifí ábalta comhtháthú a dhéanamh ar na scileanna teanga go léir laistigh de rang amháin trí thascanna difriúla. Chomh maith le sin bíonn deis ann modhanna cumarsáide a tharraingt isteach sa cheacht ar nós obair bheirte, obair ghrúpa, piartheagasc, rólghlacadh agus araile. Tugadh faoi deara áfach, nach ró-mhinic a tapaíodh na deiseanna cumarsáide seo.  Rinneadh gach iarracht an Ghaeilge a úsáid mar mhéanteagaisc agus mar ghnáththeanga cumarsáide ranga agus tá an modh oibre seo inmholta. Tugadh faoi deara nach raibh tromlach de na scoláirí ábalta soiléiriú a lorg i nGaeilge agus moltar an teanga ranga, a bhíonn de dhíth ar na scoláirí, a chur san áireamh agus pleanáil ar bun do mhúineadh an ábhair.

 

I rang amháin a bhí bunaithe ar ‘siopadóireacht’ baineadh úsáid as tascanna éagsúla, mar shampla ag léamh, ag scríobh, ag freagairt ceisteanna ó bhéal, ag obair lena chéile agus araile. Sa cheacht seo bhí aird na scoláirí sa tsraith sóisearach tarraingthe i dtreo siopaí éagsúla agus na hearraí ar díol ann. Faoi stiúir chliste an mhúinteora agus trí chártaí réamhullmhaithe d’éirigh leis na scoláirí cur lena stór foclóra agus ba léir go raibh an gaisce seo á bhaint amach acu le spraoi agus fiú i ngan fhios dóibh fhéin. Is trí shúgradh is trí chaint a fhoghlaimítear agus sa rang seo tháinig na scoláirí isteach ar, ní hamháin an Ghaeilge, ach ar scileanna inaistrithe sóisialta leis. D’fhéadfaí cur leis an leas iontach a baineadh as na cártaí trí híomhánna de na hearraí siopadóireachta a bheith ann ar spléach-chártaí seachas dul i muinín an aistriúcháin.

 

Pléadh an téama ‘saoire’ le grúpa eile scoláirí. Bhí sleamhnán daite osteilgeora d’ardchaighdeán ann le ceisteanna faoi laethanta saoire agus b’é an dúshlán a cuireadh os comhar na scoláirí ná cárta poist a scríobh. Trí cheisteanna agus trí bhileoga oibre rinneadh gach iarracht cabhair a thabhairt do na scoláirí dul i ngleic leis an tasc. D’fhéadfaí cur leis an dea-chleachtas seo agus na scoláirí a chur ag obair i mbeirteanna ó thosach, chun go scaipfidís a méid eolais eatarthu féin, agus ina dhiaidh sin leis an rang go léir. Bheadh deis ansin ag an múinteoir tuairimí na scoláirí a ghlacadh, cibé bearnaí eolais a líonadh, agus ag an am céanna, teacht i gcabhair ar scoláirí faoi leith. Is ceart an deis a thapú mar ba léir go raibh caidreamh réidh idir na scoláirí agus a múinteoir eagraithe. Maraon leis na ranganna eile ar tugadh cuairt orthu, chabhraigh an ceartú cneasta ar dhearmaid na scoláirí sa rang seo go mór le hatmaisféar sábháilte foghlama a chruthú.

 

I rang eile a breathnaíodh bhí na scoláirí gafa le cuntas dialainne bunaithe ar cheithre phictiúr. Arís bhí ord is struchtúr ag baint leis an gceacht seo. Cuireadh bileoga oibre ar fáil a thug tacaíocht do na scoláirí agus iad i mbun a gcuid oibre. Baineadh leas as obair bheirte sa rang seo ar feadh tamaill agus ba léir gur bhain na scoláirí taitneamh is tairbhe as a bheith ag teacht i gcabhair ar a chéile is ag cleachtadh a gcuid Gaeilge. De thoradh an mhodh oibre seo bhí gach scoláire ag labhairt na Gaeilge le linn an ranga agus níos tábhachtaí fós bhí siad ag labhairt lena chéile tríd an sprioctheanga. Dar ndóigh, fad’s a bhí na scoláirí ag comhoibriú lena chéile bhí an múinteoir ábalta bogadh timpeall agus lámh cúnta a thabhairt nuair ba ghá. D’fhéadfaí cur leis an dea-chleachtas seo agus na ceithre phictiúr a roinnt i measc na scoláirí agus bheadh orthu obair lena chéile chun scéal a chumadh faoi aon phictiúr faoi leith.

 

I rang eile sa tsraith sinsearach bhí na scoláirí gafa leis an dán ‘Jack” le Máire Mhac an tSaoi. Léigh an múinteoir an dán os ard i dtosach agus rinne na scoláirí amhlaidh. Bhí scileanna léitheoireachta na scoláirí d’ardchaighdeán. Nuair ba ghá le friotal an dáin a mhíniú ba thrí Ghaeilge amháin a tharla sé agus moladh an modh oibre seo. Le linn an cheachta seo cuireadh béim, mar is ceart, ar thábhacht na gramadaí don chumarsáid seachas aon ní eile. Baineadh úsáid chomh maith as an gclárdubh chun eochairfhocail an dáin a chur os comhair na scoláirí. D’fhéadfaí leas a bhaint freisin as an osteilgeoir trí chuireadh a thabhairt do na scoláirí  príomhíomhánna agus príomh théama an dáin a thaispeáint ar sleamhnán osteilgeora.

 

Ós rud é go bhfuil teilgeoir sonraí agus ríomhairí sa scoil moltar iniúchadh a dhéanamh ar na modhanna is fearr chun úsáid a bhaint as teicneolaíocht eolais agus chaidrimh sa rang Gaeilge. Ní ceart áibhéil a dhéanamh i leith forbairtí ríomhaireachta. Ní hionann ríomhairí agus dea-mhúinteoireacht, ach mar atá thuasluaite bhainfeadh na scoláirí taitneamh is tairbhe as an teanga a úsáid is a fhoghlaim trí mheán nua-aimseartha. Is maith leis na ranganna sinsearacha cur i láthair a dhéanamh agus bheadh an-ghaisce déanta dá ligfí dóibh léirmheas Powerpoint  a dhéanamh ar aon ní atá idir lámha acu ag an am. Cabhróidh an TEC le hobair na scoláirí a chur ar taispeáint freisin.

 

 

Measúnú  

Tá polasaí obairbhaile agus measúnaithe ag an scoil. Léirigh na cóipleabhair a breathnaíodh go raibh obair déanta ar raon leathan ábhar a bhí ag gabháil le riachtanais na siollabas. Trí bhreathnú ar shamplaí d’obair na scoláirí chonacthas go raibh a gcuid iarrachtaí á gceartú ag na múinteoirí agus uaireannta bhí treoir is nóta ann chun na scoláirí a spreagadh. Ní beag na nótáí seo agus téann aiseolas, ó bhéal nó i scríbhinn, i bhfeidhm go mór ar an bhfoghlaimeoir.

 

Chomh maith leis an measúnú laethúil is leanúnach sna ranganna, déantar measúnú ar na scoláirí trí scrúduithe rialta i rith na bliana. Cuirtear scrúduithe ar na scoláirí go foirmeálta, um Nollaig, agus sa samhradh. Reáchtáiltear triailscrúdú don tríú agus don séú bliain san Earrach. Seoltar cuntas ar na torthaí a ghnóthaíonn na scoláirí abhaile chuig na tuismitheoirí dhá uair sa bhliain. Tugtar deis do na tuismitheoirí dul i dteagmháil leis na múinteoirí le linn na bliana.

 

Sna ranganna sinsearacha cuirtear scrúduithe béil sa bhreis ar na scoláirí. Sna ranganna sóisearacha, tugtar le fios gur ar scileanna scríbhneoireachta, léitheoireachta agus éisteachta a bhíonn na scrúduithe seo dírithe don chuid is mó. Mar is léir ón siollabas is í an teanga labhartha croílár an tsiollabais agus, dar ndóigh, ní lú tábhacht atá le héisteacht agus le labhairt ná atá le léamh agus le scríobh. Moltar, dá bharr, go ndéanfaí measúnú níos leithne ar an teanga labhartha i measc scoláirí an Teastais Shóisearaigh. Séard  ab’fhearr a dhéanamh chun é seo a chur i gcrích ná trí bhreathnú is trí mheasúnú leanúnach sa seomra ranga. Toisc go bhfuil sé de nós ag an scoil gradam bliantúil a thabhairt d’fhéadfaí teastas simplí a bhronnadh go rialta orthu siúd atá ag déanamh a ndícheall an teanga á labhairt agus nóta a chur sna tuairiscí a théann abhaile.

 

 

  

Achoimre ar na Príomhchinntí agus Moltaí<0}

 

Is iad seo a leanas na príomhbhuanna agus na réimsí le haghaidh forbartha a aithníodh sa  mheastóireacht :

 

 

 

 

Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint: 

 

·         Moltar go leanfaí leis an gcomhphleanáil agus polasaí cuimsitheach a fhorbairt don Ghaeilge le béim faoi leith ar rannpháirtíocht san ábhar agus ar fhoghlaim is teagasc na Gaeilge.

·         Moltar an teanga ranga, a bhíonn de dhíth ar na scoláirí, a chur san áireamh agus pleanáil ar bun do mhúineadh an ábhair.

·         Moltar níos mó béime a chur ar mhodhanna cumarsáide sa seomra ranga mar is fearr a fhoghlaimíonn scoláirí nuair atá siad páirteach go gníomhach ina gcuid foghlama fhéin.

·         Chonacthas samplaí maithe de thimpeallacht spreagúil ina raibh obair na scoláirí ar taispeáint agus moltar, nuair is cuí, go ndéanfaí amhlaidh sna seomraí ranga eile.

·         Moltar go ndéanfaí iniúchadh,  mar roinn, ar leas níos leithne a bhaint as teicneolaíocht eolais agus chaidrimh.

·         Moltar go ndéanfaí iniúchadh, mar roinn, ar mhodhanna éagsúla chun an teanga labhartha a mheasúnú.

 

 

 

Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Gaeilge agus leis an bPríomhoide  ag deireadh na  meastóireachta nuair a cuireadh na dréacht-chinntí agus na moltaí i láthair agus nuair a pléadh iad.