
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Department of Education and Science
Cigireacht Ábhair ar Ghaeilge
TUAIRISC
Coláiste Cholmáin
Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo
Uimhir rolla: 64610N
Dáta na cigireachta: 30 Samhain & 1 Nollaig2006
Dáta eisiúna na tuairisce: 21 Meitheamh 2007
Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile
Achoimre ar na Príomhchinntí agus Moltaí
Tuairisc ar Cháilíocht na Foghlama agus an teagaisc sa Ghaeilge
Scríobhadh an tuairisc seo tar éis cigireacht ábhair i gColáiste Cholmáin, Clár Chlainne Mhuiris, Contae Mhaigh Eo mar chuid de Mheastóireacht Scoile Uile. Leagann sé amach tátail mheasúnachta maidir le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair seo sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht seo thar dhá lá inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim. Bhí caidreamh ag an gcigire leis na mic léinn agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis na múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúcháin scríofa na múinteoirí.Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na measúnachta don phríomhoide, phríomhoide tánaisteach agus na múinteoirí ábhair.
Tá soláthar fabharach tugtha don Ghaeilge i gColáiste Cholmáin. Bíonn cúig thréimhse Ghaeilge ag gach bliain ghrúpa seachas ag scolairí na hIdirbhliana ag a bhfuil trí rang dáilithe amach go maith i gcaitheamh na seachtaine. Bhíodh sé mar chleachtas ag an scoil ranganna na céad bhliana a dheilght bunaithe ar thorthaí iontrála. Rinneadh athrú ar an nósmhaireacht sin agus anios múintear thrí thopaicí comónta ó Mhéan Fómhair go Samhain. Cuirtear scrúdú Gaeilge comónta ar na scoláirí i mí na Samhna agus déantar scagadh de réir leibhéil scrúdaithe bunaithe ar thorthaí an scrúdú seo maraon le rannpháirteachas na ndaltaí sa rang. Is í fealsúnacht na roinne go fearr mar a éiríonn le scoláirí nuair atá said scartha de réir cumais go luath sa mhéanscoil. Tuairiscíodh go bhfuil measúnú leanúnach á dhéanamh ar a éifeachtaí is atá an cur chuige seo. Is inmholta an riar seo.
Cuirtear ranganna comhreathacha ar fáil do gach aon bhliain ghrúpa a éascaíonn gluaiseacht idir na leibhéil. Tugtar saoirse i gconaí do na scoláirí athrú ó leibhéal amháin go leibhéal níos feiliúnaí ach an t-athrú seo a bheith aontaithe le foirm athrú leibhéil atá sínithe ag tuismitheoirí nó caomhnoirí, an múinteoir ranga, an príomhóide nó an phríomhoide tánaisteach agus an treoirchomhleoir. Tréaslaítear leis an mbainistíocht agus leis an bhfoireann teagaisc as an mbainistiú cuimsitheach a dhéantar ar athraithe leibhéil.
Áirítear 46 scoláire den mhóriomlán a bhfuil faomhadh tugtha ag an scoil dóibh maidir le díolúine ón nGaeilge de réir fhorálacha Imlitir M10/94. Tugadh le fios gur scoláirí nach bhfuair a gcuid scolaíochta sa Stát 18 acu agus tá 28 scoláirí le deacrachtaí aitheanta foghlama. Faigheann scoláirí le díolúine ón nGaeilge sa timthriall sóisearach ranganna breise sa Bhéarla i gcás daltaí idir náisiúnta. I gcás daltaí le deacrachtaí aitheanta foghlama faigheann said tacaíocht foghlama breise sa Bhéarla agus sa Mhatamatic. Sa timthriall sinsireach tugann fórmhór na scoláirí seo faoin Ardteist Fheidhmneach agus leanann siad cúrsa ‘ab initio’ sa Ghaeilge.
Tá raon leathan áiseanna agus acmhainní do mhúineadh agus d’fhoghlaim na Gaeilge. Tá seomra dá gcuid féin ag na múinteoirí Gaeilge go léir. Tá an soláthar seo inmholta mar tugann sé rochtain saoráideach do mhúinteoirí ar fhearas a chuireann lena dteagasc. Tá stóras áiseanna curtha i dtoll a chéile thar na blianta ag an bhfoireann Ghaeilge ina measc siúd tá teipeanna, dlúthdhioscaí, irisí, altanna, físeáin, giotaí ó Radio na Gaeltachta, TG4 agus páipéir nuachta. Tá fáil freisin ag na múinteoirí ar shaotharlann chumarsáide agus dhá sheomra ríomhaireachta ach iad a chur in áirithe. Tá ríomhaire le ceangal leathan bhanda i ngach seomra sa scoil. Tá trí shonratheilgeoirí so-ghluaiste roinnte ar fhoireann iomlán na scoile. Maraon le sin tá sonratheilgeoir agus scáileán i gceann de na seomraí Gaeilge. Tá comhfhillteán ag roinn na Gaeilge ar a bhfuil doiciméid á fhorbairt ag an bhfoireann trí chéile ar ghnéithe éagsúla de na cúrsaí a chuireann le múineadh agus foghlaim na teanga sa scoil.
Cuirtear réimse maith imeachtaí comh-churaclaim is seach-churaclaim ar fáil do na scoláirí, Seachtain na Gaeilge, cuairteanna ó chainteoirí is údair, ceardlanna cumadóireachta, tráth na gceisteanna agus díospóireachtaí. Tá traidisiúin láidir i gColáiste Cholmáin a bheith páirteach i gcomórtas bliaintiúl díospóireachta de chuid Ghael Linn. Tugtar gach spreagadh do na scoláirí freastail ar na Coláistí Gaeilge sa samhradh. Tá an nósmhaireacht seo fréamhaithe i bhfeasacht teanga na mbuachaillí i gColáiste Cholmáin anois. Cothaíonn an fhoireann Ghaeilge naisc leis an gcraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge, a thugann tacaíocht do chur chun cinn na Gaeilge sa scoil. Tréaslaítear le roinn Gaeilge as a n-aidhmeanna féin go mbeadh beatha ag an teanga sa scoil taobh amuigh den seomra ranga agus lasmuigh den scoil freisin.
Is céimithe Gaeilge iad an ceathrar múinteoirí Gaeilge le taithí fairsinge múinteoireachta. Tá an roinn go léir mar bhall de Chomhar na Múinteoirí Gaeilge, ballraíocht a íocann an bhainistíocht gach bliain. Tá taithí na mbliainta ag beirt de na múinteoirí Gaeilge mar scrudaitheoirí do na scrúduithe cainte agus scríofa. Thosaigh duine eile do na múinteoirí ag ceartú scrudú na hArdteiste ardleibhéal sa Ghaeilge anuraidh. Tá an Teastas i dTeagasc na Gaeilge déanta ag múinteoir amháin agus i mbliana tá múinteoir eile ag tabhairt faoi mháistreacht i Modheolaíochtaí Teagasc Teangacha in Acadamh na hOllscolaíocht Ghaeilge, Gaillimh. Tugann an bhainistíocht gach tacaíocht d’fhoireann na Gaeilge freastail ar chúrsaí forbartha leanúnaigh phroifisiúnta. Freastlaíonn na múinteoirí ar chúrsaí inseirbhíse Gaeilge de chuid na Seirbhíse Tacaíochta don Dara Leibhéil ar bhonn leanúnach. Aithníonn an roinn chomh luachmhar is atá an fhorbairt leanúnach phroifisiúnta seo agus déantar é a roinnt ar an bhfoireann ina hiomláine. Maraon le cúrsaí ábhair bhunaithe déanann an bhainistíocht gach iarracht cúrsaí a sholáthar d’fhorbairt leanúnach phroifisiúnta gall ball den fhoireann. Cuireadh oiliúint ar fáil do gach ball den fhoireann ar scileanna teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide (TEC) agus ar úsáid na saotharlainne cumarsáide. Anuraidh bhí lá traenála ar fhorbairt phearsanta na foirne agus ar an idirbheartaíocht idir baill foirne agus scoláirí. I mbliana tá an bhainistíocht ag iarraidh lá inseirbhíse a chur ar fáil ar mhodhanna múinte idirdhealaithe i gcomhar leis an Seirbhís Tacaíochta don Oideachas Speisialta. Tá moladh ag dul don bhainistíocht agus don roinn as an bhfealsúnacht phriofisiúnta a gcuid scileanna a fhorbairt de réir an taighde is déanaí.
Is i nGaeilge atá mana Choláiste Cholmáin ‘Mol an óige agus tiocfaidh sí’. Cuireann bunaidhm an pholasaí i leith na Gaeilge le sin: ‘go n-éireodh le gach uile dalta barr feabhais a chur ar a bhféidireachtaí’. Tá sé mar chuspóir sa pholasaí go mbainfidh scoláirí é seo amach i dtaobh na Gaeilge sa scoil, sa phobal áitiúil agus in imeachtaí náisiúnta ar son na Gaeilge. Ta an polasaí dúshlánach seo inmholta.
Thosaigh foireann Ghaeilge na scoile ar an bpróiseas um phleanáil fhorbartha scoile dhá bhliain ó shin ag cur leis an bpleanáil neamhfhoirmiúil á bhí á chleachtadh roimhe seo. Buaileann na múinteoirí Gaeilge lena chéile go foirmiúil trí huaire sa bhliain. Tá taifead á choinneáil ar na cruinnithe seo ó Mhéan Fómhair 2005. Mar thaca leis an teagmháil fhoirmiúil casann na múinteoirí ar a chéile go rialta ar bhonn neamhfhoirmiúil. Úsáideann gach múinteoir Gaeilge an córas inmheánach roimh phost atá mar chomhrá leanúnach idir baill na foirne.
Tá plean ábhair curtha le chéile ag dámh na Gaeilge ina bhfuil pleananna fadtéarmacha do na bliain grúpaí go léir. Tá cur síos iontu ar an ord ina múintear topaicí, eagair chóipleabhair d’obair bhaile, gnéithe éagsúla de na cúrsaí, moladh agus treoir d’obair na ndaltaí agus sceideal measúnaithe. Sna pleananna ábhair shinsireacha tá comhtháthú déanta ar ghnéithe éagsúla den chúrsa agus ar na ceithre mhór scil teanga ar bhonn téamaí. Luaitear mar mholadh an dea-chleachtas sin a scaipeadh ar an bhfoireann ina hiomláine ag teacht le bun phrionsabal an cur chuige cumarsáidigh. Moltar mar bhealach chun na pleananna ábhair seo a fheabhsú go dtugtar na scileanna teanga go léir san áireamh is an Ghaeilge á mheasunú go munlaitheach is go coimreach. Sa chuid ghinearálta den phlean tá cur síos ar chuspóirí na roinne, pleanáil tras-churaclam, naisc le tacaíocht foghlama, struchtúr roghanna, cúrsaí cláir ama agus úsáid áiseanna TEC. Ar mhaithe lena chinntiú go bhfuil gach tairbhe á mbaint as na háiseanna TEC sa scoil, luaitear mar mholadh céimeanna praiticiúla a cheapadh chun cur leis an méid taithí a fhaigheann na scoláirí ar na meáin nua-aimseartha seo i bhfoghlaim na teanga.
Tá sé intuigthe ó gach plean ábhair do na bliain ghrupaí go bhfuil gá le straitéisí múinteoireachta idirdhealaithe. Is teoranta í an fhorbairt atá déanta sna pleananna ar an ngné seo. Déantar mar mholadh go gcuirfear leis an gcuid seo den phlean trí mhodheolaíochtaí idirdhealaithe a imlíniú, na hacmhainní a bheidh in úsáid a lua, chomh maith le tascanna idirdhealaithe chun measúnú a dhéanamh ar thorthaí foghlama thar raon cumais na scoláirí.
Tá comhordaitheoir ábhair don Ghaeilge ceapaithe ag an bhfoireann Ghaeilge. Déantar rothlú ar an gcúram seo gach bliain. Tá an cleachtas seo inmholta.
I measc na n-ábhar a bhí staidéar á dhéanamh orthu le linn na cigireachta bhí filíocht, obair téipe, litir phearsanta, plé ar chursaí siopadóireachta, cúrsaí ceoil agus timpiste bóthair. Baineadh úsáid tairbheach as fearais teagaisc agus fhoghlama a chuir go mór le caighdeán an láithriú. Bhí mír ón Vicipéid, ó théip, bileoga oibre (idir chrua agus digiteach), sraith de phictiúirí téamúla agus frámaí scríobhneoireachta réamhullmhaithe.
Bhí caighdeán na múinteoireachta éifeachtach i bhfórmhór na ranganna a breathnaíodh orthu i rith na cigireachta. Bhí ábhar na gceachtanna ag teacht le riachtanais na siollabas sna ranganna go léir agus cuireadh i láthair na topaicí i mbealach a bhí ag teacht le raon spéise na ndaltaí. Cuireadh tús cuid mhaith ranganna le hathbhreithniú ar obairbhaile agus i ranganna áirithe bhog an múinteoir timpeall an tseomra le linn na gceartúchán ag féachaint ar chóipleabhair éagsúla. Bhí torthaí sonraithe foghlama agus ábhair theagaisc réamhbheartaithe i bhfórmhór na ranganna. Roinn na múinteoirí na cuspóirí foghlama ag tús an ranga agus i rith an cheachta de réir mar a d’athraigh an ghníomhaíocht fhoghlama. Baineadh amach na cúspóirí céanna. Sna ranganna seo bhí gnéithe den chúrsa nó /agus na ceithre scil teanga comhtháite laistigh d’achar an ranga. I líon bheag de na ranganna ní raibh caighdeán na pleanála gearrthéarmaigh chomh maith céanna. Níor roinneadh an cuspóir foghlama agus ghluais na ranganna ó ghníomhaíocht amháin go gníomhaíocht eile gan comhtháthú bheith déanta go téamúil ar ghnéithe difriúla den chúrsa ná ar na ceithre scil teanga. Moltar go leanfaí, roinn na Gaeilge trí chéile, ag ceangailt trí théamaí speisiúla na scíleanna teanga le chéile agus ag comhtháthú gnéithe difriúla den churaclam de réir mar atá leagtha amach sna siollabais. Luaitear mar mholadh leis go mbeadh cuspóirí cinnte foghlama i ngach rang agus go roinnfear na haidhmeanna seo leis na scoláirí.
I ranganna sóisearacha bhí dhá cheacht bunaithe ar théama na siopadóireachta. Bhí luas cuí agus struchtúr cinnte ag gabháil leis na ceachtanna seo. Bhí comhtháthú déanta ar na ceithre mhór scil teanga. I rang amháin bhain an múinteoir úsáid sciliúil as ceisteanna, pictiúir agus samplaí ó shaol na scoláirí féin chun na daltaí go léir a ghriosú páirt a ghlacadh sa cheacht. Lean obair aonair ar thasc meaitseála an seisiún uile ranga in a raibh deis ag na scoláirí dul i ngleic leis an ábhar. I rang eile bunaithe ar an téama céanna baineadh úsáid as dán chun tús a chur leis an díospóireacht ar chúrsaí siopadóireachta. Ansin mar bhreis ullmhúcháin d’obair téipe ar an téama céanna bhí tréimhse réamh-éisteachta in ar cheangail an múinteoir ábhar an téipe le heispéireas na scoláirí féin. Bhí seisiún éifeachtach iar-éisteachta ina raibh athdhainginiú déanta ar roinnt den fhoclóir nua ón téip ar bhileog oibre. Tugadh obairbhaile sna ranganna seo a d’éirigh go nadúrtha as ábhar an cheachta. Tá na cur chuigí seo inmholta. I rang filíochta amháin, d’éirigh leis an múinteoir na scoláirí a threorú ceangal a dhéanamh idir bun smaoineamh an dáin agus a n-éispeireas féin. Thosaigh an rang le mír ón vicipéid ar chúlra an fhile ar an sonratheilgeoir. Bhí ar na scoláirí féin trí phíosa eolais, dár rogha féin, a bhreacadh síos ón gcuntas ar an bhfile. Lean seisiún tobarsmaointeoireachta an ghníomhaíocht sin in ar oibrigh na scoláirí i mbeirteanna ar an gcodarsnacht idir buntáistí na tuaithe agus mí-bhuntáistí na cathrach. Chláraigh an múinteoir tuairimí na scoláirí faoi na codarsnachtaí. Ansin ar bhileog oibre scríobh na scoláirí a mothúcháin phearsanta féin faoina n-áit dúchais. Is suntasach an léargas a thug na teicní múinteoireachta seo do na scoláirí ar conas mar a mhothaigh an file is é ag dul i mbun pinn. Rinneadh scagadh ansin ar thón an dáin le tréimhsí léitheoireachta d’ard chaighdeán. Tugadh aiste mar obair bhaile ag athdainginiú bunchuspóir fhoghlama an cheachta. D’éirigh go han-mhaith leis an gcur chuige nuálach seo agus ba léir a éifeacht ó chaighdeán plé na ndaltaí a tharla agus ón taitneamh a bhaineadar as a gcuid filíochta agus a gcuid dúthrachta. Is eiseamláir do rang ina raibh foghlaim bhríomhar ag dul ar aghaidh a bhí ceangailte le taithí na scoláirí féin trí na scileanna teanga go léir a bheith comhtháite maraon le filíocht agus ábhar aiste.
I líon bheag de na ranganna níor éirigh leis an múinteoir an chothromaíocht chéanna a fháil idir gníomhaíocht na scoláirí is gníomhaíocht an mhúinteora. Cé go raibh éagsúlacht sa teagasc trí obair uile ranga, obair bheirte is obair aonair níor tugadh a dóthain ama do na scoláirí dul i ngleic leis an ábhar. Is fearr mar a eiríonn le hobair bheirte nó obair ghrúpa nuair atá ról cinnte tugtha do gach éinne, achar ama readúil socraithe ón tús in oiriúint don tasc, chomh maith le seisiún aiseolais ar obair na bpléghrúpaí.
Baineadh úsáid éifeachtach as na cláir bhána, uasteilgeoirí agus as an sonratheilgeoir sna ranganna. Chuir clárú eochar fhocail na gceachtanna, freagraí réamhscríte don obair bhaile, aiseolais ó ghrupaí agus frámaí scríbhneoireachta ar an gclár go mór le soiléireacht na gceachtanna. I ranganna áirithe baineadh úsáid ghríosúil as pictiúirí ar an uasteilgeoir chun athdhainginiú a dhéanamh ar fhoclóir nua nó chun an deis a thapú tuilleadh scagadh a dhéanamh ar ábhar an cheachta. Is samplaí eile de dhea-chleachtais iad seo go léir mar go dtugann said san áireamh raon na stíleanna foghlama atá i ngach rang. Tá moladh ag dul don fhoireann trí chéile as an gcur chuige físiúil seo.
Bhí cumas riar ranga éifeachtach ag na hoidí go léir. Bhí dea-rialibhéas agus dea-iompar á gcur chun cinn go leanúnach sna ranganna. Bhí caidreamh comhbhách comhmheasúil idir na scoláirí agus na múinteoirí. Bhí na múinteoirí ag súil leis an ngnóthachtáil ab airde ó gach scoláire. Thug gach múinteoir moladh chomh maith le haiseolas dearfach ar iarrachtaí na ndaltaí. Bhí na daltaí rannpháirteach sna ranganna trí chéile agus ba léir go raibh tuiscint mhaith acu ar an ábhar a bhí idir lámha. Ba í an Ghaeilge a bhí in úsáid mar ghnáththeanga cumarsáide sna ranganna go léir. I ranganna áirithe rinneadh simpliú sciliúil ar fhoclóir a sheachain úsáid an Bhéarla.
Bhí timpeallacht fhisiciúil fhoghlama spreagúil sna seomraí Ghaeilge go léir i gColáiste Cholmáin. Bhain na múinteoirí feidhm thairbheach as buntáiste a seomraí buana trí thimpeallacht phrionta spreagúil a chruthú. Is dea-chleachtas é seo mar ní hamháin go gcuireann sé leis an timpeallacht fhoghlama, déanann sé athdhaingniú ar an bhfoghlaim go físiúil freisin. I seomraí áirithe bhí obair na scoláirí féin ar na ballaí, tá an cur chuige seo inmholta mar cuireann sé le féin mhuinín na scoláirí san ábhar a gcuid oibre a bheith ar taispeáint. I seomra ranga amháin bhí duaiseanna a bhí bainte amach i gcomórtais díospóireachta infheicithe. Tá taispeántas dá macasamhail tábhachtach mar cuireann an ceiliúradh seo ar obair na scoláirí sa teanga go mór le stádas na teanga in aigne na scoláirí chomh maith le misneach a thabhairt dóibh siúd atá ag tabhairt faoin gcomórtas céanna i mbliana.
Tá measúnú múnlaitheach á dhéanamh ar bhonn neamhfhoirmiúil agus foirmiúil. I measc na modhanna neamhfhoirmiúla a bhí in úsáid le linn na cigireachta bhí measúnú béil i bhfoirm ceisteanna, obair bheirte agus obair aonair ar bhileoigí oibre agus obair théipe. Tá polasaí iomlán scoile ag Coláiste Cholmáin don obairbhaile atá cothrom agus dalta lárnaithe. Tá cur síos ann ar an luach, réasúnaíocht, cuspóirí, critéir agus ábhar na hobairbhaile maraon le ról na bpríomh-pháirtnéirí i gcur chun cinn an pholasaí. Déanfar athbhreithniú ar an bpolasaí gach bliain nó ar a laghad gach ré bliain. Tréaslaítear leis an mbainistíocht agus leis an bhfoireann as an bpolasaí cuimsitheach seo agus as an athbhreithniú rialta atá á dhéanamh air. Tá córas dialanna obairbhaile in úsáid agus tá liosta rialacha a ghabhann le ceart úsáid na ndialanna leagtha amach ag an mbainistíocht. Déanann na múinteoirí ranga monatóireacht rialta ar na dialanna obairbhaile maraon le hathscrúdú seachtainiúl ó mhúinteoir le post dualgais speisialta. Ba léir ó shampla de na dialanna go raibh obairbhaile á dtabhairt go rialta agus go raibh éagsúlacht sa tasc a bhí tugtha. Léirigh sampla de na cóipleabhair agus na leabhair aistí/nótaí a breathnaíodh orthu le linn na cigreachta go raibh obair chuimsitheach déanta ar raon ábhar a bhí ag gabháil le riachtanais na siollabas. Bhí leanúachas le feiceáil san obair i bhformhór na gcóipleabhar a thaispeáin leibhéal maith forbartha. Bhí obair na scolairí á cheartú go rialta i gcásanna áirithe le míniú soiléir ar dhearmaidí chomh maith le haitheantas ar obair a bhí déanta go maith ag teacht le polasaí na roinne mar atá leagtha amach sna pleananna ábhair: ‘tagairtí leanúnacha ina leabhair staidéir idir moladh agus treoir’. I roinnt gcóipleabhair eile áfach, bhí an t-aiseolas tugtha i bhfoirm tic nó gráid gan treoirlínte soiléir chun foghlama. Déantar mar mholadh an dea-chleachtas maidir le ceartúcháin atá in úsáid sa roinn cheana féin a scaradh amach ar an bhfoireann trí chéile, d’fhéadfadh láithreán gréasáin an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), www.ncca.afl.ie , a bheith cabhrach ó thaobh sin a dhéanamh. Cuirtear scrúduithe ranga ar na scoláirí i gcaitheamh na bliana agus déantar taifead córasach ar na torthaí, is féidir torthaí na scrúduithe seo a sheoladh abhaile trí chóras na ndialanna.
Tá soláthar difriúil don mheasúnú coimreach foirmiúil do na bliain ghrúpaí éagsúla. Déanann gach scoláire scrúduithe tí sa Ghaeilge i mí na Samhna agus faoi Nollaig. Déanann scoláirí teistiméireachta trial-scrúduithe san Earrach. Bíonn scrúduithe tí sa bhreis ag scoláirí na cúigiú bliana faoi Cháisc agus ag gach scoláire nach bhfuil ag dul faoi scrúduithe Stáit arís ag deireadh na bliana. Tugtar aiseolas do thuismitheoirí nó caomhnóirí trí thuairiscí a chur abhaile bunaithe ar thorthaí na scrúduithe seo agus ag cruinnithe múinteoirí agus tuismitheoirí. Moltar go ndéanfar measúnú ar na ceithre scil teanga agus go dtugtar san áireamh iad sa tuairisc a chuirtear abhaile. Eagraítear seimineár ar scileanna staidéir is scrúdaithe gach bliain do scoláirí na tríú bliain. Tugtar moladh don nósmhaireacht seo.
Is iad seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh sa mheastóireacht:
Bhí comhtháthú déanta don chuid is mó ar ghnéithe éagsúla den chúrsa maraon leis na
ceithre mhór scil teanga.
Bhí atmaisféar comhoibritheach le sonrú ins na ranganna a rinneadh cigireacht orthu,
moladh na scoláirí as a gcuid oibre agus ba léir é an comhmheas idir scoláirí agus
múinteoirí.
Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint:
Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Gaeilge, leis an bPríomhoide agus an príomhoide tánaisteach ag deireadh na meastóireachta nuair a cuireadh na dréacht-chinntí agus na moltaí i láthair agus nuair a pléadh iad.