
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Department of Education and Science
Cigireacht Ábhair Gaeilge
TUAIRISC
Mheánscoil San Uinsinn,
Bóthar Mhuire Naofa, Corcaigh
Uimhir rolla: 62590A
Dáta na cigireachta: 23 Samhain 2006
Dáta eisiúna na tuairisce: 26 Aibreán 2007
Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile
Achoimre ar na Príomhchinntí agus Moltaí
Freagra na Scoile ar an dTuairisc
Tuairisc
ar
Cháilíocht na Foghlama agus an teagaisc sa ghaeilge
Scríobhadh an tuairisc seo tar éis chigireacht ábhair i Meánscoil San Uinsinn, Corcaigh. Leagann sé amach tátail mheasúnachta maidir le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair seo sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht seo thar lá amháin inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim. Bhí caidreamh ag an gcigire leis na mic léinn agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis na múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúcháin scríofa na múinteoirí. Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na measúnachta don phríomhoide agus na múinteoirí ábhair. Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile ar a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce i scríbhinn, agus beidh freagra an bhoird ar fáil san aguisín atá leis an tuairisc seo.
Is ar bhonn bandála a eagraítear na ranganna sa scoil seo. Téann an scoil i gcomhairle leis na bunscoileanna agus déantar measúnú ar chumas na scoláirí ag tosach na bliana. Roinntear na scoláirí de réir cumais agus bíonn solúbthacht maidir le leibhéil a athrú ionas go mbíonn gach deis ag gach scoláire an leibhéal is airde a bhaint amach. Maraon leis na bunábhair eile sa scoil, bíonn ceithre rang don Ghaeilge in aghaidh na seachtaine ag scoláirí sa tsraith shóisearach. Bíonn cúig rang in aghaidh na seachtaine sa tsraith shinsearach le rang sa bhreis, sa séú bliain, ag na scoláirí nach bhfuil ag gabháil le Gairmchlár na hArdteistiméireachta. Is é polasaí na scoile nach mbíonn níos mó ná rang amháin Gaeilge in aghaidh an lae ag na scoláirí. Moltar go leanfaí leis an bpolasaí seo de bhrí gur fearr do na scoláirí ionchur rialta laethúil a fháil.
Ag am na cuairte áiríodh, de réir fhorálacha Imlitir M10/94, díolúine ón nGaeilge a bheith ag mionlach beag scoláirí. Tá ardmholadh tuillte ag an scoil don chleachtas seo. Téann an rannpháirtíocht seo i bhfeidhm go mór ar fhoghlaim is ar fhéinmheas gach scoláire sa scoil. Tuigeadh ón mbainistíocht go bhfuil sé mar pholasaí sa scoil oiread taithí agus is féidir ar na leibhéil éagsúla a roinnt go cothrom ar na múinteoirí ar fad agus tá an polasaí seo le moladh. Chomh maith le sin eagraítear ranganna beaga Gaeilge chun freastail ar scoláirí le riachtanais fhoghlama faoi leith. Arís tá an obair seo inmholta agus moltar go leanfaí leis ach súil a choimeád ar leanúnachas múinteoirí, go háirithe agus scoláirí ag aistriú ón dara bliain isteach sa tríú bliain.
Tá seachtar múinteoirí ag múineadh na Gaeilge sa scoil. Tá Gaeilge ar a dtoil ag na múinteoirí ar a dtugadh cuairt orthu. Cé nach gcuirtear aon bhuiséad faoi leith ar fáil do mhúineadh na Gaeilge, tuigtear ó labhairt leis na múinteoirí agus leis an mbainistíocht, go gcuirtear aon riachtanais a bhíonn acu ar fáil, ach iad a chur in iúl. Bhí teacht ar raon áiseanna agus acmhainní oiriúnacha i ngach seomra a breathnaíodh agus tá seomra ranga buan ag múinteoir Gaeilge amháin faoi láthair. Moltar go leanfaí ag breithniú ar na buntáistí ann don teagasc agus don fhoghlaim dá mbeadh níos mó múinteoirí le seomra buan acu. Is cinnte agus teanga á mhúineadh gur mór an tacaíocht í áit faoi leith a bheith ann chun acmhainní clos-amhairc a choimeád is obair scoláirí a thaispeáint go poiblí.
Tá teanglann den scoth ag an scoil le bogearraí dírithe ar an bhfoghlaimeoir Gaeilge. Is ceart go dtuigfeadh gach scoláire i ngach rang gur teanga bheo í an Ghaeilge sna meáin nua-aimseartha agus b’amhlaidh an scéal le linn na cuairte ar an áis iontach seo. Tréaslaítear leis an bhfoireann agus leis an mbainistíocht faoin infheistiú suntasach seo. Chomh maith le sin cuirtear réimse leathan inmholta d’imeachtaí comh-churaclaim is seach-churaclaim ar fáil do na scoláirí, ina measc Seachtain na Gaeilge, tráth na gceist, turais Ghaeltachta, scoláireachtaí Gaeltachta, Club Gaelach agus araile. Tréaslaítear leis an bhfoireann faoin gcur chuige díograiseach atá ar bun chun an teanga a fhorbairt is a chur chun cinn laistigh is lasmuigh den seomra ranga. Ar lá na cuairte bhíothas an-tógtha leis an gClub Gaelach agus cé chomh gafa is a bhí na scoláirí leis na himeachtaí a bhí ar siúl acu ag am lóin.
Tá ballraíocht ag an scoil i gcomhar na Múinteoirí Gaeilge agus tugadh le fios go bhfreastalaíonn an comhordaitheoir scoile go rialta ar chruinnithe eolais an Chomhair agus scaiptear an t-eolas ar na múinteoirí eile. Arís tá an obair seo le moladh. Is léir go bhfuil suim ag na múinteoirí ina bhforbairt phroifisiúnta agus cuireadh isteach le déanaí ar chúrsa in-seirbhíse eagraithe ag an Seirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal ach tugadh le fios go raibh éileamh ró-mhór ar an gcúrsa.
Is ar bhonn foirmeálta a fheidhmíonn na múinteoirí Gaeilge mar Roinn. Cuireadh in iúl go mbíonn cruinnithe foirmeálta ag an Roinn i rith na scoilbhliana chomh maith le cruinnithe neamhfhoirmeálta. Roghnú téacsleabhar, roghnú chláir chomónta, buiséad, roinnt scoláirí i ranganna, agus a n-oiriúnacht don leibhéal ag a mbíonn siad ag tabhairt faoin nGaeilge, an phríomhaidhm a bhíonn leis na cruinnithe. Cuirtear eolas agus cáipéisíocht ar na cruinnithe sin ar fáil don bhainistíocht. Is léir go bhfuil breis ama ag teastáil ag an Roinn chun bualadh lena chéile agus chun a gcuid oibre a dhéanamh i gceart.
Tá an scoil gafa leis an bPróiseas um Phleanáil Fhorbartha Scoile. Is léir go bhfuil ardphleanáil ar siúl sa scoil seo ar bhonn an mhúinteora aonaraigh agus lena chéile mar Roinn. Chonacthas scéimeanna oibre agus cáipéisí de phleanáil phearsanta na múinteoirí agus cáipéisí pleanála na Roinne. Ba shuntasach le feiceáil go raibh ráiteas misin, ní hamháin ag an scoil, ach ag Roinn na Gaeilge féin, ina gcuirtear béim faoi leith ar na scileanna teanga go léir. Moltar, chun cur leis an méid pleanála déanta go dtí seo, díriú go mion ar ghné éigin de mhúineadh na teanga cosúil le modhanna éagsúla chun teanga labhartha na scoláirí a chur chun cinn sna ranganna Gaeilge. Mar a aithnítear, i gcáipéisí na scoile, is í an teanga labhartha croílár na siollabas. Anuas ar sin d’fhéadfaí, mar a pléadh, leas a bhaint as an gcomhamchlárú agus iniúchadh a dhéanamh ar na buntáistí a bhainfeadh le comhmhúinteoireacht. Bheadh deis dá bharr ag na múinteoirí teacht isteach ar na modhanna múinteoireachta in úsáid ag a gcomhghleacaithe agus d’fhéadfaí leanúnachas idir mhúinteoirí is scoláirí a choimeád chun tosaigh leis.
Tá sé sofheicthe go bhfuil fíorshuim ag na múinteoirí Gaeilge i bhféinmheas na scoláirí a chothú. Slí amháin chun é seo a chur i bhfeidhm sna seomraí ranga ná trí dheiseanna a thabhairt do na scoláirí a dtimpeallacht fhoghlama féin a chruthú. Chonacthas samplaí d’obair na scoláirí ar na ballaí i gcuid de na seomraí agus moltar, más féidir é, go ndéanfaí amhlaidh sna seomraí eile. Téann timpeallacht tharraingteach spreagúil fhoghlama i bhfeidhm go mór ar fhoghlaim na scoláirí agus tugann sé spreagadh sa bhreis dóibh nuair is léir go bhfuil caighdeán ard ag teastáil chun a gcuid oibre a chur ar taispeáint.
Tá pleanáil agus ullmhúchán de chaighdeán ard sa scoil seo agus tá an-mholadh tuillte ag na múinteoirí agus ag an mbainistíocht.
I ngach rang a breathnaíodh bhí ábhar na gceachtanna ag teacht le siollabais na Roinne agus le raon suime is cumais na scoláirí. Cuireadh aidhm na gceachtanna in iúl go soiléir do na scoláirí ag tús na ranganna mar a mholtar. Léiríodh sna cóipleabhair go raibh leanúnachas ann idir na ceachtanna. Moladh na scoláirí chomh minic agus ab’fhéidir le linn na gceachtanna agus bhí féin-mheas is féinmhuinín na scoláirí chun tosaigh i ngach rang. Leagadh béim chuí ar leathnú foclóra agus ar struchtúr na teanga. Baineadh úsáid as an gclár bán agus osteilgeoir chun ábhar na gceachtanna a choimeád chun tosaigh chomh maith le bileoga oibre agus spléach-chártaí. Bhí de thoradh ar an bpleanáil chríochnúil seo go raibh struchtúr faoi na ceachtanna. Rinneadh gach iarracht an Ghaeilge a úsáid mar mhéanteagaisc agus mar ghnáththeanga chumarsáide ranga, fiú sna ranganna is laige, agus tá an modh oibre seo inmholta. Tugadh faoi deara go raibh roinnt de na scoláirí sásta soiléiriú a lorg as Gaeilge agus moltar an dea-chleachtas seo a leathnú tríd an teanga ranga, a bhíonn de dhíth ar na scoláirí, a chur san áireamh agus pleanáil ar bun do mhúineadh an ábhair.
Baineadh leas as téamaí faoi leith ar nós ‘an scoil’, ‘sláinte’, ‘saoire’, ‘tine’ agus as téamaí na ndánta éagsúla a bhí á bplé acu. Moltar an modh oibre seo a chur i bhfeidhm chomh minic agus is féidir mar luíonn sé le réasún, nuair atá téamaí faoi leith ann go mbeifí ábalta comhtháthú a dhéanamh ar na scileanna teanga go léir laistigh de rang amháin trí thascanna difriúla. Chomh maith le sin bíonn deis ann modhanna cumarsáide a tharraingt isteach sa cheacht ar nós obair bheirte, obair ghrúpa, piartheagasc, rólghlacadh agus araile. Tugadh faoi deara áfach, nach ró-mhinic a tapaíodh na deiseanna cumarsáide seo. D’fhéadfaí iniúchadh a dhéanamh ar an gcothromaíocht idir teagasc uile-ranga agus grúptheagasc nó ar na modhanna difreálaithe atá in úsáid agus a d’fhéadfadh a bheith in úsáid sa seomra ranga. Mar ba léir i gcuid de na ranganna is féidir, trí théama faoi leith a roghnú, neartú a dhéanamh ar fhocail, friotail is nathanna cainte nua atá á bhfoghlaim ag na scoláirí. Chun cur leis an dea-chleachtas seo moltar go mbeadh téama is teanga an cluastuisceana roghnaithe ar aon dul leis an gcuid eile den cheacht. Dar ndóigh d’fhéadfaí taifead a dhéanamh de na scoláirí agus iad a úsáid mar acmhainn fhoghlama leis.
I rang amháin a breathnaíodh sa tsraith shinsearach bhí na scoláirí gafa leis an dán ‘Gealt’. Léigh an múinteoir an dán os ard i dtosach agus bhí na scoláirí ábalta freagra a thabhairt ar na ceisteanna oscailte a chuir an múinteoir orthu. Bhí foghraíocht na scoláirí go maith agus iad ag freagairt ó bhéal agus ba léir gur thuig siad an obair idir lámha. Nuair ba ghá le friotal an dáin a mhíniú ba thrí Ghaeilge amháin a tharla sé agus moltar an modh oibre seo. Baineadh úsáid chomh maith as an gclárdubh chun frásaí is eochairfhocail an dáin a chur os comhair na scoláirí. I dtreo deireadh an cheachta díríodh aigne na scoláirí ar litir agus bhí orthu na bearnaí a líonadh. Moltar nasc a dhéanamh idir an Ghaeilge shaibhir ar an gclárdubh agus an litir á scríobh ag na scoláirí. Dar ndóigh ní gá go mbeadh na scoláirí ag obair ina n-aonar agus moltar athbhreithniú ar na buntáistí a bhainfeadh le hobair bheirte agus scoláirí i mbun scríbhneoireachta.
Tugadh cuairt ar an teanglann ina raibh na scoláirí, faoi stiúir an mhúinteora, ag obair ar na ríomhairí. Ba léir go raibh na scoláirí gafa lena gcuid oibre agus ba mhór an chabhair an pacáiste tarraingteach a bhí in úsáid ag an rang. Mar a dúirt scoláire amháin ‘is maith liom na cluichí’. Tá acmhainn saibhris foghlama ag an scoil sa teanglann agus is mór an chabhair í do theagasc agus foghlaim na Gaeilge sa scoil. Arís más féidir nasc a dhéanamh idir obair ranga agus obair sa teanglann ‘séard is fearr. Dar ndóigh is féidir na scoláirí a spreagadh chun oibre freisin trí leas a bhaint as na ríomhairí agus dréachtaí is athdhréachtaí dá gcuid ceapadóireachta scríofa á gcumadh is á bhfoilsiú acu.
Spreagadh na scoláirí chun cainte, i rang sa tsraith shóisearach, trí phóstaer bunaithe ar an aimsir, an lá agus araile. Ba léir an ceangal idir an fhoghlaim agus atmaisféar deas gealgháireach. Sa rang beag seo ba dheas le cloisteáil na scoláirí ag tabhairt freagraí gan stró ar cheisteanna a múinteora. Cuireadh béim ar an am, ábhar scoile agus laethanta na seachtaine agus bhí ar na scoláirí a dtráthchlár scoile a líonadh. Is ina n-aonar a thug siad faoin tasc agus moltar deis a thabhairt dóibh teacht i gcabhair ar a cheile trí chomhoibriú. Bheadh deis ansin ag an múinteoir freastal ar riachtanais fhoghlama idirdhealaithe scoláirí faoi leith. Ba léir gur bhain na scoláirí taitneamh is tairbhe as a rang Gaeilge agus fad is a bhí siad ag foghlaim na Gaeilge bhí siad ag teacht isteach ar an gcóras scoile agus an tráthchlár nua a bhí acu.
B’amhlaidh an scéal i rang níos sine sa tsraith shóisearach ina raibh na scoláirí ag tabhairt faoin amchlár ar leibhéal níos doimhne agus níos tapúla. Maraon leis na ceachtanna eile a breathnaíodh bhí an ceacht seo réamhullmhaithe agus eagraithe. Baineadh leas as spléach-chártaí agus clog chun na hábhair scoile is an t-am a choimeád chun tosaigh, agus cuireadh bileog oibre ar fáil chun dul siar ar an am agus chun an tráthchlár a líonadh. Moltar cur leis an dea-chleachtas seo trí na scoláirí a chur ag obair lena chéile agus bheadh ar scoláire leis an amchlár an cheist a chur agus bheadh ar an scoláire eile an cheist a fhreagairt. Trí mhodhanna cumarsáide mar seo bíonn deis ag gach scoláire a cuid Gaeilge a chleachtadh is a neartú, ní hamháin leis an múinteoir, ach níos tábhachtaí fós, lena gcomhghleacaithe.
I ranganna eile díríodh ar scileanna scríbhneoireachta na scoláirí. Bhí scoláirí an teastais shóisearaigh ag obair ar scéal faoi ‘Cois Farraige’. Faoi stiúir chliste an mhúinteora baineadh leas as íomhánna ar an gclárdubh chun aird na scoláirí a tharraingt isteach ar an scéal a bhí le scríobh. Tugadh fráma tacaíochta scríbhneoireachta do na scoláirí agus bhí siad ábalta an scéal a chumadh leis an múinteoir trí athchuairt a thabhairt ar fhrásaí is ar nathanna cainte a bhí ar eolas acu cheana. Ag an deireadh léigh na scoláirí amach an scéal os ard lena chéile. Agus an dea-obair seo idir lámha d’fhéadfaí samhlaíocht na scoláirí a spreagadh agus iad a eagrú ionas go mbeadh scéalta difriúla á gcumadh agus á scríobh bunaithe ar an téama céanna. Trí chomparáid agus trí cheisteanna a chur ar a chéile bheadh deis acu cur lena stór foclóra agus lena scileanna teanga go léir.
Sa tsraith shinsearach bhí rang ag cumadh scéil bunaithe ar ‘Tine’. Arís tugadh an-tacaíocht don obair idir lámha trí bhileoga réamheagraithe. Trí cheist is freagra agus trí bhileoga oibre tugadh na príomhfhocail a bhí de dhíth ar na scoláirí chun tús a chur lena gcuid oibre. Ba dheas le feiceáil íomhánna in aice leis na focail is na briathra ba thábhachtaí, in áit an aistriúcháin lom. Chomh maith le sin tugadh deis do na scoláirí an scéal a chumadh trí na bearnaí a líonadh agus é a léamh amach os ard. Arís, chun cur leis an gcur chuige seo moltar miondíriú a dhéanamh ar an tairbhe fhoghlama a bheadh ann dá mbeadh na scoláirí ag obair lena chéile mar chuid den cheacht.
Tá cáilíocht na foghlama agus an teagaisc sa Ghaeilge de chaighdeán maith sa scoil seo. Moltar go mbainfí leas níos leithne as modhanna cumarsáide.
Chomh maith leis an measúnú laethúil is leanúnach sna ranganna, déantar measúnú cuimsitheach ar na scoláirí trí scrúduithe rialta i rith na bliana. Tá polasaí obair bhaile agus measúnaithe ag an scoil. Cuirtear scrúduithe ar na scoláirí go foirmeálta, um Nollaig, agus sa samhradh agus ina theannta sin bíonn scrúduithe ranga ann. Bíonn scrúduithe comónta ann nuair is cuí agus bíonn scrúdú béil ag scoláirí sa tsraith shinsearach. Is ceart na cleachtais inmholta seo a chur i bhfeidhm chomh minic agus is féidir. Reáchtáiltear réamh-scrúduithe don tríú bliain agus don séú bliain san earrach. Coimeádann na múinteoirí cuntas ar na torthaí ina ndialanna féin. Seoltar cuntas ar na torthaí a ghnóthaíonn na scoláirí abhaile chuig na tuismitheoirí dhá uair sa bhliain. Tugtar deis do na tuismitheoirí dul i dteagmháil leis na múinteoirí le linn na bliana.
Tugtar le fios gur ar scileanna scríbhneoireachta, léitheoireachta agus éisteachta a bhíonn na scrúduithe sa tsraith shóisearach dírithe don chuid is mó. Mar ba léir sna cáipéisí scoile agus sna ranganna ar tugadh cuairt orthu is í an teanga labhartha croílár na siollabas agus, dar ndóigh, ní lú tábhacht atá le héisteacht agus le labhairt ná atá le léamh agus le scríobh. Moltar, dá bharr, go ndéanfaí measúnú níos leithne ar an teanga labhartha freisin. Séard ab’fhearr a dhéanamh chun é seo a chur i gcrích ná trí bhreathnú is trí mheasúnú leanúnach sa seomra ranga. D’fhéadfaí teastais shimplí a bhronnadh orthu siúd atá ag déanamh a ndícheall an teanga a labhairt agus nóta a chur sa tuairisc a théann abhaile.
Léirigh na cóipleabhair a breathnaíodh go raibh obair déanta is ceartaithe ar raon leathan ábhar a bhí ag gabháil le riachtanais na siollabas. Is mar chuid den fhoghlaim é an ceartúchán agus moltar go leanfaí ag seiceáil obair scríofa na scoláirí go rialta le béim ar mheasúnú chun foghlama ionas go mbíonn dearbhú is treoir le fáil ag na scoláirí ar conas a gcuid oibre a fheabhsú. D’fhéadfaí moltaí ó bhéal sa sprioctheanga a mhúineadh do na scoláirí roimhré is iad a scríobh isteach sna cóipleabhair nuair a bhíonn ceartúcháin ar bun.
Is iad seo a leanas na príomhbhuanna agus na réimsí le haghaidh forbartha a aithníodh sa mheastóireacht :
Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint:
· Go leanfaí leis an gcomhphleanáil le béim faoi leith ar fhoghlaim is teagasc na Gaeilge.
· Moltar an teanga ranga, a bhíonn de dhíth ar na scoláirí, a chur san áireamh agus pleanáil ar bun do mhúineadh an ábhair.
· D’fhéadfaí iniúchadh a dhéanamh ar an gcothromaíocht idir teagasc uile-ranga agus teagasc grúpa nó ar na modhanna difreálaithe atá in úsáid agus a d’fhéadfadh a bheith in úsáid sa seomra ranga.
· Moltar níos mó béime a chur ar mhodhanna cumarsáide sa seomra ranga mar is fearr a fhoghlaimíonn scoláirí nuair atá siad páirteach go gníomhach ina gcuid foghlama fhéin.
· Chonacthas samplaí maithe de thimpeallacht spreagúil ina raibh obair na scoláirí ar taispeáint agus moltar, nuair is cuí, go ndéanfaí amhlaidh sna seomraí ranga eile.
· Go leanfaí ag úsáid na teanglainne agus go ndéanfaí iniúchadh ar na slite éagsúla chun an leas is fearr a bhaint as teicneolaíocht eolais agus chaidrimh.
· Go ndéanfaí iniúchadh, mar roinn, ar mhodhanna éagsúla chun an teanga labhartha a mheasúnú sa tsraith shóisearach.
Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Gaeilge agus leis an bPríomhoide ag deireadh na meastóireachta nuair a cuireadh na dréacht-chinntí agus na moltaí i láthair agus nuair a pléadh iad.
Aguisín
Arna chur isteach ag an mBord Bainistíochta
Réimse 1: Tuairimí ar ábhar na tuairisce scoile
The Board of Management welcome this overall positive report on the Teaching and Learning of Irish in the school. The main strengths identified in the evaluation are consistent with the board and staff views.
Réimse 2: Gníomhartha leantacha a rinneadh nó atá beartaithe le déanamh ó cuireadh críoch leis an ngníomhaíocht chigireachta chun tátail agus moltaí na cigireachta a chur i bhfeidhm
Ongoing meetings of subject teachers are an integral part of school development planning and it is envisaged that future meetings will plan for the implementation of the recommendations.