An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

 

Department of Education and Science

 

 

 

 

 

 

 Cigireacht Ábhair: Gaeilge

TUAIRSC

 

 

 

 

Scoil Phobail

Sráid a’ Mhuilinn, Contae Chorcaí

Uimhir Rolla:91390F

 

 

 

 Dáta na cigireachta:  4 Bealtaine 2006

Dáta eisiúna na tuarascála: 15 Nollaig 2006

 

 

 

 

 

 

Tuairisc ar Chaighdeán na Foghlama agus an teagaisc sa ghaeilge

An Tuairisc Chigireachta seo

Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile

Pleanáil agus Ullmhúchán

Teagasc agus Foghlaim

Measúnú agus Gnóthachtáil

Achoimre ar na Príomhthátail agus Moltaí

 

 

 

 

 


Tuairisc ar Chaighdeán na Foghlama agus an teagaisc sa ghaeilge

 

An Tuairisc Chigireachta seo

 

Scríobhadh an tuairisc seo tar éis cigireacht ábhair a bheith déanta ar Scoil Phobail Sráid a’ Mhuilinn, Contae Chorcaí.  Léiríonn sí torthaí meastóireachta ar chaighdeán an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge agus tugann sí moltaí i leith tuilleadh forbartha ar theagasc an ábhair sa scoil. Cuireadh an mheastóireacht i gcrích thar thréimhse lae amháin inar thug an cigire cuairteanna ar sheomraí ranga agus inar bhreathnaigh sé ar theagasc agus ar fhoghlaim.  Rinne an cigire idirghníomhú le daltaí agus le múinteoirí, scrúdaigh sé obair na ndaltaí agus phléigh sé cúrsaí leis na múinteoirí. D'athbhreithnigh an cigire doiciméadú faoi phleanáil scoile agus ullmhúchán scríofa na múinteoirí.  I ndiaidh na cuairte meastóireachta thug an cigire aiseolas ó bhéal don phríomhoide agus do na múinteoirí ábhair mar gheall ar thorthaí na meastóireachta.  Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile a thuairim a léiriú  ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce i scríbhinn; ní bhfuarthas freagra ón mbord.

 

 

 

Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile

 

Ranganna chumais mheasctha a bhíonn sa chéad bhliain sa scoil seo.  Is ar bhonn sruthaithe a eagraítear na ranganna eile.  Is é polasaí na scoile go mbíonn gach deis ag gach scoláire an leibhéal is airde a bhaint amach san ábhar agus chun é seo a chur i gcrích eagraítear na ranganna sa scoil seo trí chomhamchlárú.  Ag am na cuairte áiríodh, de réir fhorálacha Imlitir M10/94, díolúine ón nGaeilge a bheith ach ag mionlach fíorbheag de na scoláirí.  Tá an dea-chleachtas seo inmholta agus téann an rannpháirtíocht seo i bhfeidhm go mór ar fhoghlaim is féinmheas gach scoláire sa rang.  

 

Bíonn ceithre rang in aghaidh na seachtaine ag an gcéad bhliain, agus ag an idirbhliain.  Bíonn cúig rang in aghaidh na seachtaine ag gach bliainghrúpa eile sa scoil.  Tugadh le fios gur rang singil amháin sa ló a bhíonn ann don chuid is mó agus moltar go leanfaí leis an bpolasaí seo de bhrí gur fearr do na scoláirí ionchur rialta laethúil a fháil.  Roinntear na scoláirí trí scrúdú comónta ag deireadh na céad bhliana agus bíonn teacht ag na scoláirí ar an ábhar ag na leibhéil éagsúla agus bíonn solúbthacht maidir le leibhéil a athrú.  Tá ardmholadh tuillte ag an scoil don fhealsúnacht is don chleachtas seo.

 

Tá cúigear múinteoirí ag múineadh na Gaeilge sa scoil.  Cé nach gcuirtear aon bhuiséad faoi leith ar fáil do mhúineadh na Gaeilge, tuigtear ó labhairt leis na múinteoirí agus leis an mbainistíocht, go gcuirtear aon riachtanais a bhíonn acu ar fáil, ach iad a chur in iúl.  Tá seomra ranga buan ag tromlach de na múinteoirí agus i ngach seomra a breathnaíodh bhí raon áiseanna agus acmhainní le feiceáil.  Moltar iniúchadh a dhéanamh ar an tairbhe a bheadh le baint as osteilgeoir i múineadh na Gaeilge. Tréaslaítear leis na múinteoirí faoin timpeallacht ranga agus cé chomh maisithe is a bhí na seomraí le póstaeir nua-aimseartha agus níos tábhachtaí fós, le hobair na scoláirí.

 

Tugadh le fios go mbaintear úsáid as foilseacháin ar nós ‘Dréimire’, ‘Staighre’ agus ‘Céim’ chomh maith le fístéipeanna ó TG4.  Tá leabharlann sa scoil freisin agus moltar cur leis an méid leabhar nua-aimseartha atá ann go háirithe do na scoláirí le Gaeilge mhaith acu. Cuirtear na scoláirí ar an eolas faoi choláistí is campaí samhraidh agus le linn Sheachtain na Gaeilge eagraítear céilithe, tráth na gceist agus imeachtaí eile a léiríonn do na scoláirí gur teanga bheo í an Ghaeilge.  Tá fáil ag na múinteoirí Gaeilge ar sheomra ríomhaireachta sa scoil ach cuireadh in iúl nach mbaineann na múinteoirí úsáid rialta as teicneolaíocht eolais is chaidrimh (TEC) i dteagasc agus i bhfoghlaim na Gaeilge.  Moltar go ndéanfaí athbhreithniú ar leas níos leithne a bhaint as TEC mar is ceart go dtuigfeadh na scoláirí gur teanga bheo í an Ghaeilge sna meáin nua-aimseartha chomh maith.  

 

Pleanáil agus Ullmhúchán

 

Is ar bhonn foirmeálta a fheidhmíonn na múinteoirí Gaeilge mar roinn agus bíonn cruinnithe foirmeálta acu ag tosach is ag deireadh na scoilbhliana.  Ar mhaithe le pleanáil san ábhar a chur chun cinn, moltar cruinnithe foirmeálta sa bhreis a chur ar fáil le linn na scoilbhliana. Tá comhordaitheoir ábhar ann a fheidhmíonn go deonach agus moltar deis a thabhairt do bhaill eile na roinne an post tábhachtach seo a ghlacadh nuair is cuí agus ar bhonn rothlach.  Tuairiscíodh gur roghnú téacsleabhar, roghnú chláir chomónta, scrúduithe comónta agus acmhainní, roinnt scoláirí i ranganna, agus a n-oiriúnacht don leibhéal ag a mbíonn siad ag tabhairt faoin nGaeilge, an phríomhaidhm a bhíonn leis na cruinnithe.  Cuirtear eolas agus cáipéisíocht ar na cruinnithe sin ar fáil don bhainistíocht.  Tuigeadh ón mbainistíocht go bhfuil sé mar pholasaí sa scoil oiread taithí agus is féidir ar na leibhéil éagsúla a roinnt go cothrom ar na múinteoirí ar fad agus tá an polasaí seo le moladh.

 

Tá an scoil gafa leis an bPróiseas um Phleanáil Fhorbartha Scoile agus is léir go bhfuil an-chuid pleanála ar siúl sa scoil seo. Chonacthas cáipéisí de phleanáil phearsanta na múinteoirí go léir agus cuireadh ar fáil plean bliana na roinne.  Bhí rian an dianmhachnaimh le sonrú ar na cáipéisí seo ina cuireadh béim faoi leith ar ábhair an cheachta, obair ranga, obair bhaile agus measúnú. Tréaslaítear leis na múinteoirí faoin bpleanáil phearsanta agus faoin gcomhphleanáil atá ar bun don Ghaeilge. Eagraítear scrúduithe comónta do gach bliainghrúpa agus ba léir go raibh na múinteoirí ar aon fhocal faoi cad a bhí le múineadh.  Chomh maith le sin cuireadh in iúl le linn na cuairte gur thuig na múinteoirí go raibh sé de cheart dóibh anois díriú ar na modhanna múinteoireachta is oiriúnaí chun na torthaí foghlama a chur chun críche.

 

Aithnítear sna cáipéisí scoile agus i dteagasc na Gaeilge an ríthábhacht a bhaineann leis an teanga labhartha i múineadh na Gaeilge agus moltar, chun cur leis an méid déanta go dtí seo, miondíriú a dhéanamh ar mhodhanna teagaisc chun teanga labhartha na scoláirí a chur chun cinn sna ranganna Gaeilge.  D’fhéadfaí iniúchadh a dhéanamh ar an gcothromaíocht idir teagasc uile-ranga agus teagasc grúpa nó ar na modhanna difreálaithe atá in úsáid agus a d’fhéadfadh a bheith in úsáid sa seomra ranga.  D’fhéadfaí iniúchadh a dhéanamh ar na modhanna is fearr chun úsáid a bhaint as teicneolaíocht eolais agus chaidrimh sa rang Gaeilge.  Ní ceart áibhéil a dhéanamh i leith forbairtí ríomhaireachta, ní hionann ríomhairí agus dea-mhúinteoireacht, ach mar atá thuasluaite bhainfeadh na scoláirí taitneamh is tairbhe as an teanga a úsáid is a fhoghlaim trí mheán nua-aimseartha. Chomh maith le sin bheadh deis ag na scoláirí scileanna inaistrithe a fhoghlaim agus a chleachtadh. Chabhródh treoirlínte na siollabas go mór agus an obair seo idir lámha ag múinteoirí Gaeilge na scoile, maraon leis na seirbhísí tacaíochta atá ar fáil ag www.slss.ie agus ag www.sess.ie .

 

Mar atá thuasluaite, chonacthas samplaí den scoth d’obair na scoláirí ar na ballaí i ngach seomra ranga.  Téann timpeallacht tarraingteach spreagúil fhoghlama i bhfeidhm go mór ar fhoghlaim na scoláirí agus is inmholta an rud é go bhfuil na seomraí chomh dea-fheistithe sin. I rang amháin tugadh faoi deara gur bhain na scoláirí leas as an ríomhaire chun a gcuid oibre a chur i gclóscríbhinn. Ba chóir go leathnófaí an dea-chleachtas seo sna ranganna eile.

 

Tá pleanáil agus ullmhúchán de chaighdeán ard sa scoil seo agus tá an-mholadh tuillte ag na múinteoirí agus ag an mbainistíocht.

 

 

Teagasc agus Foghlaim

 

Ag am na cuairte bhí ábhar na gceachtanna ag teacht le siollabais na Roinne agus le raon suime is cumais na scoláirí. Tugadh faoi deara ins na ranganna ar fad ar tugadh cuairt orthu go raibh atmaisféar fáilteach oscailte idir na scoláirí agus na múinteoirí.  Léirigh ins na scoláirí go raibh siad sásta a bheith rannpháirteach agus go raibh tuiscint acu ar an ábhar. Léiríodh na cóipleabhair go raibh leanúnachas ann idir na ceachtanna. Bhí caidreamh réidh ag na múinteoirí agus ag na scoláirí lena chéile le féith an ghrinn ann uaireanta. Chuir an méid seo go mór leis an gcomhoibriú a bhí le feiceáil i bpróiseas na foghlama agus an teagaisc a bhí ar bun. 

 

Cuireadh aidhm na gceachtanna in iúl go soiléir do na scoláirí ag tús na ranganna mar a mholtar. Baineadh leas as téamaí faoi leith ar nós ‘scannán’, ‘daoine óga’, agus as téamaí na ndánta éagsúla a bhí á bplé acu.  Moltar an modh oibre seo a chur i bhfeidhm chomh minic agus is féidir mar luíonn sé le réasún, nuair atá téamaí faoi leith ann go mbeifí ábalta comhtháthú a dhéanamh ar na scileanna teanga go léir laistigh de rang amháin trí thascanna difriúla.  Chomh maith le sin bíonn deis ann modhanna cumarsáide a tharraingt isteach sa cheacht ar nós obair bheirte, obair ghrúpa, piartheagasc, rólghlacadh agus araile. Tugadh faoi deara nach ró-mhinic a tapaíodh na deiseanna cumarsáide seo. 

Moladh na scoláirí chomh minic agus ab’fhéidir le linn na gceachtanna agus bhí féin-mheas is féinmhuinín na scoláirí chun tosaigh i ngach rang.  Leagadh béim chuí ar leathnú foclóra agus ar struchtúr na teanga a mhúineadh. Baineadh úsáid as an gclár bán chun ábhar na gceachtanna a choimeád chun tosaigh chomh maith le bileoga oibre. Bhí de thoradh ar an bpleanáil chríochnúil seo go raibh struchtúr agus gluaiseacht bhríomhar faoi na ceachtanna.  Rinneadh gach iarracht an Ghaeilge a úsáid mar mhéanteagaisc agus mar ghnáththeanga chumarsáide ranga, fiú sna ranganna is laige, agus tá an modh oibre seo inmholta. Tugadh faoi deara go raibh roinnt de na scoláirí sásta soiléiriú a lorg i nGaeilge agus moltar an dea-chleachtas seo a leathnú trí an teanga ranga, a bhíonn de dhíth ar na scoláirí, a chur san áireamh agus pleanáil ar bun do mhúineadh an ábhair.

I rang amháin a breathnaíodh sa Timthriall Sóisearach bhí na scoláirí ag díriú ar léamhthuiscint a bhí bunaithe ar léirmheas scannáin.  Cuireadh plean an cheachta ar an gclár bán agus d’fhreagair na scoláirí na ceisteanna a cuireadh orthu agus bhí siad sásta a gcuid Gaeilge a úsáid, mar shampla, “ an bhfuil cead agam ……?” agus “ cad is brí le…?” Ba í an Ghaeilge gnáththeanga an ranga. Bhí luas bríomhar faoin gceacht seo agus cuireadh tascanna éagsúla, bunaithe ar an téama, os comhar na scoláirí.  Trí bhileog oibre a úsáid cuireadh le stór foclóra na scoláirí agus trí ghiotaí téipe a chasadh sníodh scileanna éisteachta agus scileanna scríbhneoireachta isteach sa cheacht. Faoi stiúir chliste an mhúinteora rinneadh réamhléitheoireacht ar na ceisteanna téipe agus bhí na scoláirí sásta a lámha a chur in airde agus míniú a thabhairt.  Ba mhinic a bhí na scoláirí ag obair ina n-aonair agus moltar, nuair is cuí, iad a chur ag obair lena chéile ar feadh tréimhsí ama faoi leith. Ceann de na buntáistí is mó a bhaineann le modhanna cumarsáide ná go dtugann siad deis do na scoláirí a gcuid Gaeilge a úsáid agus tugann sé deis don mhúinteoir teacht i gcabhair scoláirí le riachtanais áirithe. Bheadh gaisce eile déanta trí thaifeadadh a dhéanamh ar an gcur chuige seo mar bheadh scileanna teanga agus scileanna inaistrithe á gcothú ar aon uain.

 

Cuireadh béim i rang eile ar aiste a ullmhú faoi ‘Daoine Óga’. Tharraing an múinteoir aird na scoláirí isteach ar an teanga trí cheisteanna tapaigh ó bhéal agus trí ghiotaí téipe. Baineadh feidhm thairbheach as an gclár bán, as ceisteanna de struchtúr ardoird agus as réamheolas na scoláirí chun creatlach a dhéanamh den obair idir lámha a chabhraigh go mór leis na scoláirí nuair a chuaigh siad i mbun a gcuid oibre.  Bhí na scoláirí ag obair, trí theilgean smaointe, ar ábhar an lae agus scríobh an múinteoir na freagraí a tháinig ón urlár. D’fhéadfaí cur leis an dea-chleachtas seo trí dheiseanna a thabhairt do na scoláirí obair lena chéile i ngrúpaí beaga agus na freagraí a roinnt agus a chur i gcomparáid lena gcomhghleacaithe. Ba mhór ab’fhiú freisin machnamh a dhéanamh ar leas a bhaint as osteilgeoir chun obair an cheachta a choimeád is a athúsáid. Cruthaíodh atmaisféar sa rang seo ina cuireadh in iúl do na scoláirí, gur ceart dóibh triall a bhaint as an nGaeilge agus gan a bheith róbhuartha faoi bhotúin ná faoi dhearmaid. Is trí thriall is aththriall a fhoghlaimítear teanga agus moltar fealsúnacht an mhúinteora ina leith.

Bhí rang sa Timthriall Sinsearach, ag obair ar an dán ‘Jack’.  Mar a bheifí ag súil leis ag an am seo den bhliain bhí athdhéanamh ar siúl sa cheacht seo. Ar aon dul leis na ranganna eile a breathnaíodh b’iontach le feiceáil nach raibh an múinteoir sásta dul i muinín an Bhéarla agus téann an stíl mhúinteoireachta seo i bhfeidhm go mór ar fhoghlaimeoirí teanga. Ag tosach an cheachta scaipeadh ceisteanna ar na scoláirí faoin dán agus faoin bhfile.  Tugadh deis do na scoláirí an dán agus nótaí a léamh os ard agus tréaslaítear leis an múinteoir faoin gcur chuige seo mar bíonn an luí ann a mhalairt a dhéanamh agus na scoláirí a fhágáil ina dtost.  Ba léir gur bhain na scoláirí taitneamh is tairbhe as a bheith gníomhach ina gcuid foghlama.  Chun cur leis an dea-chleachtas seo moltar gan ach na príomhcheartúcháin a luadh agus gan iad a luadh go dtí an deireadh seachas le linn na hoibre.  Rinneadh ceangal deas idir an dán agus litir a bhí le scríobh ón nGaeltacht agus d’fhéadfaí cur leis an dea-chleachtas seo trí na scoláirí a chur ag obair lena chéile roimh dul ag scríobh nó fiú iad a chur ag scríobh lena chéile. Arís, bheadh osteilgeoir an-áisiúil agus an obair sin idir lámha. Tugadh suntas don tslí gur bhain an múinteoir leas as crosfhocal ón suíomh gréasáin www.scoilnet.ie agus bhí an múinteoir ar an eolas faoi shuímh eile ar nós www.puzzlemaker.com a ligfeadh do na scoláirí a gcrosfhocal féin a chumadh.

I rang eile thosaigh an ceacht le hobair théipe, ansin casadh súil ar an dán ‘Gealt’ agus críochnaíodh an ceacht le hobair scríofa.  Cosúil leis na ranganna eile a bhain leas as an téip, ba dhoiléir uaireanta an ceangal idir an ghné seo agus an chuid eile den cheacht agus moltar saibhreas foclóra a fhorbairt trí nasc a dhéanamh idir frásaí, nathanna cainte is focail a beadh ar an téip agus a bheadh in úsáid agus an ceacht faoi sheol. Tugadh gach cabhair do na scoláirí dul chun cinn a dhéanamh leis an dán trí cheisteanna is freagraí a thabhairt dóibh chomh maith le bileog oibre. Ag teacht i dtreo deireadh an cheachta tugadh aghaidh ar scéal a cheapadh. Is léir go bhfuil cur amach ag an múinteoir ar an dlúthcheangal atá ann idir scileanna labhartha agus cumas scríbhneoireachta scoláirí.  Is ó bhéal a cumadh an scéal i dtosach agus leis an gcur chuige seo bhí na scoláirí réidh don scríbhneoireacht a chur ar pár. Tá ard-mholadh tuillte ag an múinteoir don mhodh oibre seo. Is sa rang seo a chonacthas obair na scoláirí, ar taispeáint i gclóscríbhinn agus moltar cuireadh a thabhairt do na scoláirí a scileanna ríomhaireachta a chomhtháthú lena gcuid Gaeilge chomh minic agus is féidir.

Léiríodh scileanna bainistíochta an mhúinteora i rang eile ina raibh meascán leibhéal ann. Rinneadh iarracht feabhas a chur ar scileanna teanga na scoláirí trí obair théipe, sliocht léitheoireachta agus dán réamhphléite a chur os a gcomhar.  Tá moladh ag dul don chur chuige seo ina gcuirtear béim ar thascanna éagsúla agus d’fhéadfaí cur leis trí stór foclóra is frásaí faoi leith a roghnú roimhré agus iad a shní isteach sa cheacht chomh minic agus is féidir.  Tugadh faoi deara gur baineadh leas as an gclár bán chun íomhánna agus eochairfhocail an dáin a léiriú agus arís ní raibh an múinteoir sásta dul i dtuilleamaí an Bhéarla.  Chomh maith le sin sníodh saol an scoláire isteach sa cheacht chomh minic agus ab’fhéidir agus ba shofheicthe do na scoláirí go raibh siad ábalta a saol is a dtuairimí a léiriú le linn an cheachta.  Ag deireadh an cheachta cuireadh ceisteanna scríofa ar an dán os comhar na scoláirí agus bhí orthu iad a fhreagairt ina gcóipleabhair. Dar ndóigh tá an oiread sin slí chun ceacht a mhúineadh is atá scoláirí ann agus moltar, go háirithe agus athdhéanamh ar siúl, deiseanna a thabhairt do na scoláirí ceisteanna a chumadh is a fhreagairt eadraibh.  Ceann de na buntáistí ag baint leis an modh oibre seo ná go bhfuil comhtháthú á dhéanamh ar na scileanna teanga go léir laistigh d’aon ghníomhaíocht fhoghlama amháin.

Tá cáilíocht na foghlama agus an teagaisc sa Ghaeilge d’ard-chaighdeán agus moltar, chun chur leis na dea-chleachtais feicthe, aghaidh a thabhairt ar mhodhanna cumarsáide a thabharfadh deiseanna eile do na scoláirí a chuid Gaeilge a chleachtadh ní hamháin leis an múinteoir ach lena gcomhghleacaithe freisin.

 

Measúnú agus Gnóthachtáil

 

Chomh maith leis an measúnú laethúil is leanúnach sna ranganna, déantar measúnú an-chuimsitheach ar na scoláirí trí scrúduithe rialta i rith na bliana.  Cuirtear scrúduithe ar na scoláirí go foirmeálta, sa bhfómhar, san earrach agus sa samhradh.  Mar a luadh is a moladh cheana bíonn scrúduithe comónta ann. Reáchtáiltear triailscrúdú don tríú bliain agus don séú bliain san earrach. Coimeádann na múinteoirí cuntas ar na torthaí ina ndialanna féin. Seoltar cuntas ar na torthaí a ghnóthaíonn na scoláirí abhaile chuig na tuismitheoirí trí huaire sa bhliain. Tugtar deis do na tuismitheoirí dul i dteagmháil leis na múinteoirí le linn na bliana agus bíonn cruinnithe foirmeálta eagraithe faoi dhó laistigh d’aon scoilbhliain amháin. Tá an-mholadh tuillte ag an mbainistíocht agus ag na múinteoirí don dea-chleachtas seo.

Tugtar le fios gur ar scileanna scríbhneoireachta, léitheoireachta agus éisteachta a bhíonn na scrúduithe seo dírithe don chuid is mó.  Mar ba léir sna cáipéisí scoile agus sna ranganna ar tugadh cuairt orthu is í an teanga labhartha croílár na siollabas agus, dar ndóigh, ní lú tábhacht atá le héisteacht agus le labhairt ná atá le léamh agus le scríobh.  Moltar, dá bharr, go ndéanfaí measúnú níos leithne ar an teanga labhartha freisin.  Séard ab’fhearr a dhéanamh chun é seo a chur i gcrích ná trí bhreathnú is trí mheasúnú leanúnach sa seomra ranga.  D’fhéadfaí teastas simplí a bhronnadh orthu siúd atá ag déanamh a ndícheall an teanga a labhairt agus nóta a chur sna tuairiscí a théann abhaile.

Léirigh na cóipleabhair a breathnaíodh go raibh obair déanta is ceartaithe ar raon leathan ábhar a bhí ag gabháil le riachtanais na siollabas. Tugadh aird i roinnt de na cóipleabhair ar na nótaí pearsanta is treoir a bhí ann ón múinteoir ag míniú na gceartúchán. Cuireadh grád le cuid acu agus ba léir go ndearna roinnt de na múinteoirí idirdhealú ar an gceartúcháin de thairbhe chumas na scoláirí.  Tá an obair seo inmholta agus téann sé i bhfeidhm go mór ar na scoláirí. Is mar chuid den fhoghlaim é an ceartúchán agus moltar go leanfaí ag seiceáil obair scríofa na scoláirí go rialta ionas go mbíonn dearbhú is treoir le fáil ag na scoláirí ar conas a gcuid oibre a fheabhsú. Tá polasaí obairbhaile ina ábhar machnaimh ag an scoil faoi láthair agus moltar do bhaill na scoile go gcuirfí an dea-chleachtas a chonacthas san áireamh agus iad ag teacht ar pholasaí scoile uile. Bhí forbairt fhoclóra ar siúl i ngach rang agus bhí leabhar nótaí ag na scoláirí ina raibh siad ábalta stór focal, pointí gramadaí agus araile a scríobh isteach. Foghlaim conas eagar a chur ar thógáil nótaí, sin ceann de na céimeanna tosaigh san fhoghlaim neamhspleách.

 

 

Achoimre ar na Príomhthátail agus Moltaí

 

Is iad seo a leanas na príomhnearta agus na réimsí le haghaidh forbartha a aithníodh sa mheasúnacht:

 

Mar bhealach le togáil ar na nearta seo agus chun dul i gceann réimsí le haghaidh forbartha, tá na moltaí seo a leanas á ndéanamh:

 

 Eagraíodh cruinnithe iarmheasúnachta leis na múinteoirí Gaeilge agus leis an bPríomhoide ag deireadh na measúnachta nuair a cuireadh na dréacht-thátail agus na moltaí i láthair agus nuair a pléadh iad.