
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Cigireacht Ábhair ar Eolaíocht agus Ceimic
TUAIRISC
Coláiste Daibhéid
An tÁrdán Theas, Corcaigh
Uimhir rolla: 71124S
Dáta na cigireachta: 11 Mí na Nollag 2006
Dáta eisiúna na tuairisce:26 Aibreán 2007
Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile
Achoimre ar na príomhchinntí agus Moltaí
Freagra na Scoile ar an dTuairisc
Tuairisc
ar
Cháilíocht na Foghlama agus an teagaisc san eolaíocht agus sa cheimic
Scríobhadh an tuairisc seo tar éis cigireacht ábhair i gCóláiste Daibhéid. Leagann sé amach tátail mheasúnachta maidir le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Cheimic agus san Eolaíocht agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair seo sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht seo thar thréimhse dhá lá inar thug an cigire cuairteanna ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim. Bhí caidreamh ag an gcigire leis na mic léinn agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis na múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúchán scríofa na múinteoirí. Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na measúnachta don phríomhoide, don phríomhoide tánaisteach agus do na múinteoirí ábhair. Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile ar a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce i scríbhinn, agus beidh freagra an bhoird ar fáil san aguisín atá leis an tuairisc seo.
Tá seasamh láidir ag an Eolaíocht i gColáiste Daibhéid. Is ábhar croílárnach í Eolaíocht an Teastais Shóisearaigh agus déanann mic léinn uile na hIdirbhliana staidéar ar an ábhar. Is maith an cleachtas é an Eolaíocht a chur ar fáil do lucht na hIdirbhliana, toisc go mbíonn tionchar aige seo ar roghanna na mac léinn agus a n-ábhair á roghnú acu don timthriall sinsearach, agus tugann sé deis chun cur le scileanna próisis Eolaíochta na mac léinn. Tairgtear Bitheolaíocht, Fisic agus Ceimic sa timthriall sinsearach. Roghnaíonn líon maith mac léinn Ceimic agus Bitheolaíocht don Ardteistimeireacht. Faoi láthair, níl aon rang Fisice sa Chúigiú Bliain. Dá ainneoin sin, tá moladh ag dul don bhainistíocht toisc a gcomhoibriú le scoil comharsanach, ionas go gcuirfí ar chumas mac léinn sa Chúigiú Bliain glacadh le Fisic mar ábhar. Ba chóir don Bhainistíocht agus do na múinteoirí leanacht de mhic léinn a spreagadh i dtaca le staidéar a dhéanamh ar na heolaíochtaí don Ardteistiméireacht.
Agus iad ag roghnú ábhar don Ardteistiméireacht, tairgtear rogha oscailte do mhic léin i dtús báire. Baintear feidhm as na roghanna seo ansin chun mionsamhail 'na roghanna is fearr a oiriúnaíonn' a chruthú d'ábhair an timthrialla shinsearaigh. Bíonn ceacht seachtainiúil gairmthreorach ag mic léinn na hIdirbhliana, agus tugtar cuireadh do na tuistí comhairle na scoile a lorg nuair a bhíonn a leanaí ag roghnú a n-ábhar don Ardteistiméireacht. Tá moladh ag dul don chleachtas seo. Mar fhorbairt ar an tacaíocht seo, ba chóir machnamh a dhéanamh ar oíche eolais bhliantúil a eagrú do thuistí mhic léinn na triú bliana agus na hIdirbhliana araon. Tacaíonn an clár tráth le cur i láthair an churaclam eolaíochta, sa mhéid go bhfuil an lamháil ama do na heolaíochtaí ag teacht leis an am teagmháil ranga a mholtar sna siollabais agus go bhfaigheann gach rang dáileadh cothrom ceachtanna i rith na seachtaine, rud a éascaíonn athneartú agus asamhlú coincheap nua. Tá an socrú seo inmholta. Tá eagrú tréimhsí dúbailte do na ranganna uile san eolaíocht agus sa cheimic an-chuí go léir, toisc go n-éascaíonn sé rannphairtíocht na mac léinn in obair phraiticiúil, gné lárnach de na siollabais eolaíochta agus ceimice.
Grúpaí de chumais mheaschta iad na ranganna eolaíochta. Nótáiltear mar dhea-chleachtas é go gcoinníonn múinteoirí a rang-ghrúpaí le linn an timthrialla shóisearaigh ar fad agus arís don Ardteistiméireacht, toisc go gcothaíonn sé seo leanúnachas sa bhfoghlaim. Gríosaítear na mic léinn chun an páipéar scrúdaithe ardleibhéal a ghlacadh don Teastas Sóisearach. Go hiondúíl, ní dhéantar cinnithe deiridh i dtaca le leibhéil go dtí tráth na réamhscrúdaithe. Moltar seo.
Ni leor iad áiseanna na scoile don obair phraiticiúil ghníomhach leis na rang-ghrúpaí sa timthriall sóisearach agus san Idirbhliain, ná leis na ranganna móra bitheolaíochta sa timthriall sinsearach. Níl go leor spásanna ar leith d'obair phraiticiúil san aon seomra praiticiúil amháin, agus a bhfuil ann díobh fiú plúchta le chéile ag cúl an tseomra. D'ainneoin na háiseanna seo a bheith easnamhach, ní foláir na múinteoirí a mholadh d'eagrú a ranganna praiticiúla sa chaoi go dtacaítear leis na mic léinn uile ina ngníomhaíochtaí praiticiúla éigeantacha. Tá dóthain fearais ceannaithe chun cur i láthair an siollabas eolaíochta a chinntiú. Cuireann taispeántais póstaer agus mionsamhla eolaíochta timpeallacht foghlama spreagúil, dea-amharcach ar fáil sa seomra eolaíochta. Is suntasach an ní é seo. Moltar don bhainistíocht fiosrú a dhéanamh féachaint an bhféadfaí saotharlann a fháil a bheadh ag teacht leis na treoirlínte do phleanáil saotharlann a leagadh síos ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
Tá an bhainistíocht le moladh as ucht an tacaíocht airgeadais a chuirtear ar fáil ar bhonn gátair do sholáthar acmhainní riachtanacha. Déantar trealamh a stóráil sa seomra eolaíochta agus tá stóras ceimice ar leith ann le haeráil chuí. Tá soláthar maith de threalamh sábháilteachta, a leithéidí múchtóirí dóiteáin, plaincéadaí sábháilteachta, spéaclaí sábháilteachta agus araile, le breathnú sa saotharlann. Tá ardobair déanta lena dhearbhú go stóráiltear ceimiceáin de réir threoirlínte na Roinne Oideachais agus Eolaíochta agus de réir an dea-chleachtais is fearr. Moltar saothar na n-oidí i dtaca leis seo. Tá ráiteas sláinte agus sábháilteachta ag an scoil, a ceapadh i 2003 agus a athbhreithníodh i 2006. Cé nach ndeachthas i gcomhairle le roinn na heolaíochta le linn an phróisis seo, tuigtear gur chuir na múinteoirí eolaíochta eolas cuí sábháilteachta i dtaca leis an seomra eolaíochta mar bhreis leis an ráiteas. Moltar an beartas seo.
Chun tacú le teagasc agus le foghlaim na n-eolaíochtaí, tá uasteilgeoir ar fáil sa saotharlann agus tá teacht ag oidí ar aonad TV/VCR/DVD. Cothaíonn an bhainistíocht úsáid an teicneolaíocht eolais agus chumarsáide (TEC) trí ríomhaire glúine agus teilgeoir sonraí a chur ar fáil. Maraon le sraith seomraí TEC a bheith sa scoil, tá fearas logáil sonraí ceannaithe do theagasc na n-eolaíochtaí. Moltar na muinteoirí as ucht úsáid cheart a bhaint as an bhfearas seo. Le linn don mheastóireacht a bheith ar siúl, dúradh go bhfuil suíomh gréasáin eolaíochta á chur ar bun faoi láthair do mhic léinn, rud a mbainfear úsáid as mar áis foghlama. Tá moladh ag dul don bhainistíocht de bharr tacaíocht a thabhairt do sholáthar na n-acmhainní seo.
Tréaslaítear leis an mbainistíocht toisc a ndíocais i gcabhrú le forbairt leanúnach ghairmiúil. Tá deiseanna curtha ar fáil do na múinteoirí uile le freastal ar fhorbairt ghairmiúil sna heolaíochtaí, a cuireadh ar fáil ag na seirbhísí tacaíochta ábhartha. Is fiú a nótáil go bhfanann oidí i dteagmháil le ceisteanna agus le díospóireachtaí san oideachas eolaíochta, trí fhreastal a dhéanamh ar chruinnithe de leithéid chomhdháil bhliantúil Chumann an Oideachais Eolaíochta i Sasana. Léirítear dúthracht na n-oidí féin freisin sa mhéid go bhfuil oide amháin sásta a shaineolas a roinnt trí cheardlanna a eagrú faoi bhrat bhrainse áitiúil Chumann Múinteoirí Eolaíochta na hÉireann agus an tSeirbhís Tacaíochta don Fhisic. Eagraíodh ceardlanna ar fhorbairt lánfhoirne freisin. Tuigtear go ndéantar maoiniú a chur ar fáil le haghaidh a thuilleadh staidéir ach é a lorg. Tá sé seo inmholta. Eagraíodh freisin ceardlanna ar bhonn forbairt lánfhoirne ar ábhair mar an disléicse agus pleanáil forbairt scoile.
Bíonn na mic léinn rannpháirteach i raidhse de ghníomhaíochtaí comhchuraclaim agus seach-churaclaim eolaíochta. Faoi láthair, tá an scoil páirteach sa tionscnamh 'Ag Fionnadh Braiteoirí', tionscnamh de chuid Forfáis i gcomhpháirt leis an tSeirbhís Tacaíochta don Eolaíocht sa Teastas Sóisearach. I measc gníomhaíochtaí eile áirítear cuairteanna allamuigh éiceolaíochta agus cuairteanna ar thionscail ábhartha. Glacann na mic léinn páirt freisin i dtráth na gceist eolaíochta, i ngníomhaíochtaí Sheachtain na hEolaíochta, agus freisin i mbliana bhíothas páirteach i gComórtas BT an Eolaí Óig. Tá moladh tuillte acu siúd a bhí páirteach, toisc a ndíograis in éascú raon chomh leathan san de ghníomhaíochtaí oideachasúla agus eolaíochta.
I gcomhthéacs roinne ina bhfuil triúr oidí, ní cheaptar go bhfuil gá le comhordaitheoir ábhair ná le struchtúr foirmiúil roinne sa scoil. Tharla cruinnithe struchtúrtha, ar coinníodh miontuairiscí ar chinntí acu, roinnt uaireanta i rith na bliana seo caite. Baineadh feidhm as na cruinnithe seo mar bhealach chun riachtanais acmhainne a shainaithint agus chun cur chuige comhoibritheach a cheapadh i dtaca le feidhmiú curaclaim sa timthriall sóisearach. An-dea-chleachtas é seo. Le himeacht ama, d'fhéadfaí an comh-chlár oibre seo a leathnú agus frámaí ama, acmhainní, modheolaíocht teagaisc agus meastóireacht a chuimsiú ann freisin. Ba chóir machnamh ar chumarsáid neamhfhoirmiúil leanúnach, maille le leanacht leis na cruinnithe foirmeálta, ionas go bhféadfaí fothacaíocht a thabhairt agus forleathnú a dhéanamh ar an dea-obair atá déanta cheana.
Ar bhonn aonair, tá fillteáin uileghabhálacha acmhainní cuimsithe ag oidí, ina measc acmhainní leictreonacha. Tá siad seo dlúthbhainteach leis na siollabas agus tacaíonn siad go héifeachtach le teagasc agus foghlaim na heolaíochta. Chonacthas ullmhúchán agus réamhphleanáil ceachtanna an-mhaith i rith na cuairte. Bhí na hoidí ag braith go hiondúil ar an gclár dubh, ar thrédhearcáin acéatáite agus ar chur i láthair PowerPoint. D'oibrigh siad seo go sásúil agus cuireadh leo ó am go chéile le hábhair eile, amhail lámhbhilleoga a bhí réamhullmhaithe agus réidh le dáileadh. Cuireadh freisin le feabhas an teagaisc agus na foghlama, toisc go raibh ceimiceáin agus fearas ullamh roimh ré do ghníomhaíochtaí praiticiúla na mac léinn agus do thaispeántais na múinteoirí. Tá ardmholadh ag dul do shaothar na n-oidí i dtaca leis seo.
Tá clár oibre scríofa ceaptha don Idirbhliain. Is fiú a nótáil go bhfuil dlúthcheangal idir an clár seo agus ceisteanna eolaíochta sa saol laethúil. An-dea-chleachtas is ea é seo, toisc go leathnaítear ar eolas agus ar thuiscint na mac léinn agus go gcabhraítear le forbairt a litearthacht eolaíochta, trí ábhair cosúil le gás radóin, tubaiste Chernobyl agus réalteolaíocht a bheith san áireamh sa chlár.
Mar a tugadh le tuiscint cheana, tá suíomh gréasáin eolaíochta á fhorbairt faoi láthair i gColáiste Daibhéid, agus é ar intinn go gcuirfí nótaí agus acmhainní foghlama eile in airde air, chun tacaíocht bhreise a sholáthar do na mic léinn ina staidéar ar na heolaíochtaí. Tá ardmholadh ag dul don bheartas seo.
Tá na ceachtanna dea-struchtúrtha, oiriúnaithe do na mic léinn agus in ord loighiciúil. Bhí an teagasc ag na múinteoirí soiléir, inniúil agus cruinn. Ar an mórgóir, bhí siúl measartha géar faoi na ceachtanna, ionas gur cuireadh méid réadúil oibre i gcrích san am a bhí ar fáil. Tá dea-fhorbairt déanta ar úsáid téarmaíocht eolaíochta trí mheán na Gaeilge agus is léir go bhfuil taithí ag na mic léinn ar an nGaeilge a chloisteáil agus a labhairt. Thángthas ar roinnt samplaí deasa de nascadh ábhair na gceachtanna le taithí saoil laethúil na mac léinn, rud a dhéanann an t-ábhar inláimhsithe agus ábhartha. Ghinfí breis suime i ngnéithe stairiúla na hEolaíochta agus na Ceimice ach sonraí pearsanta saoil na n-eolaithe a chur san áireamh.
Baineadh usáid as raon modhanna teagaisc, ina measc obair phraiticiúil na mac léinn agus míniú agus ceistiúchán an oide. Baineadh feidhm éifeachtach as an gclár dubh, TEC agus an uasteilgeoir chun pointí suntasacha a dhaingniú. Cuireadh le feabhas foghlama na mac léinn trí dhea-úsáid an TEC chun spreagadh súl a sholáthar. Forbraíodh ábhar na gceachtanna go héifeachtach trí phlé idirghníomhach beirte agus ranga. Is dea-chleachtas é feidhm a bhaint as obair bheirte, mar a dtugann na mic léinn príomhphointí an téama chun cuimhne i ndiaidh díospóireacht ranga, toisc go n-éascaíonn sé rannpháirtíocht leanúnach na mac léinn sa phróiseas foghlama.
Bhí an-dea-eagar ar an obair phraiticiúil. D'oibrigh mic léinn ina mbeirteanna, agus bhíodar muiníneach agus cumasach i leagadh amach agus i gcur i gcrích na dtascanna ar dhóigh shábháilte. Bhí scileanna praiticiúla dea-fhorbartha acu. Fad a bhí na mic léinn i mbun na ngníomhaíochtaí praiticiúla, ghluais na múinteoirí timpeall an tseomra ag tabhairt aire agus tacaíochta do riachtanais aonair. Chonacthas mic léinn ag gníomhú go muiníneach i gcaitheamh na ngníomhaíochtaí praiticiúla. Tá sé seo inmholta. Nuair a baineadh feidhm as séisiún uilepháirteach iar gcríochnú do ghníomhaíocht phraiticiúil, daingníodh foghlaim na mac léinn go héifeachtach.
Baineadh feidhm as ceistiú chun leibhéil tuisceana na mac léinn a mheas, chun a bhfreagraí a chíoradh agus chun a n-aire a dhíriú ar ghnéithe níos casta den ábhar. Baineadh úsáid fhónta as ceisteanna freisin le tarraingt ar réamheolas na mac léinn ar théama agus le cabhrú i dtabhairt i láthair agus i bhforleathnú an téama seo ní ba dhéanaí. I gcás amháin, baineadh feidhm thairbheach as an eolaíocht a bhí foghlamtha ag mic léinn sa bhunscoil mar réamhrá do théama nua. Tá sé seo inmholta. D'fhreagair na mic léinn ceisteanna go hábalta agus níor leasc leo a gceisteanna féin a chur.
Léirigh breathnú agus idirghníomhú leis na mic léinn go bhfuil siad líofa i gcoitinne agus go bhfuil tuiscint agus eolas maith acu ar an eolaíocht. Tá a ndearcadh i leith na foghlama dearfa, faoi mar ba léir sa leibhéal suime agus sa díocas a cuireadh in iúl le linn na gceachtanna. Tá moladh ag dul do na hoidí toisc go n-éiríonn leo suim suntasach agus díograis i leith na n-eolaíochtaí a mhúscailt sna mic léinn.
Sna ceachtanna uile ar tugadh cuairt orthu, bhí an t-atmaisféar dearfach agus fíórfhabhrach don fhoghlaim. Bhí na mic léinn ar a sástacht, tugadh dearbhú rialta dóibh agus nuair a tugadh tascanna le déanamh, bhíodar sodhéanta agus bhí torthaí soiléire orthu. Bhí na mic léinn uile i mbun oibre agus ag freagairt go cuí don mhisniú. Bhí an-chomhghaol idir mic léinn agus oidí agus bhí an bhainistíócht ranga réidh agus éifeachtach. Bhí an greann le tabhairt faoi deara ó am go chéile.
Ar an mórgóir, chonacthas ardchaighdeán foghlama agus teagaisc sna ranganna eolaíochta agus ceimice ar tugadh cuairt orthu.
Feidhmítear réimsí de mhodhanna measúnaithe go rialta, le hinmheacht agus dul chun cinn na mac léinn a mheas. Áirítear orthu seo trialacha ranga ar dtabhairt téama chun críche, scrúdaithe foirmeálta, éagsúlacht de straitéisí ceistiúcháin sa rang, dáileadh rialta d'obair bhaile maille le ceartú agus monatóireacht uirthi agus monatóireacht ar na leabhair nótaí phraiticiúla.
Tuigtear go bhfuil cinneadh déanta ag múinteoirí obair phraiticiúil na mac léinn san Eolaíocht a mheas mar fhoghné de na scrúdaithe deireadh téarma. Tacaítear leis an gcleachtas seo, toisc go bhfreagraíonn sé do chuspóirí measúnaithe an tsiollabais, agus go dtugann marc comhiomlán, a bhfuil foghnéithe uile an tsiollabais san áireamh ann, léiriú nios cruinne ar chumas an mhic léinn san ábhar. Tugann an cur chuige seo spreagadh foghlama don mhac léinn agus modh chun crua-obair agus iarracht a chúiteamh.
Tugadh obair bhaile chuí agus chonacthas gur fhairsingigh sí agus gur chuir sí le feabhas na hoibre a rinneadh sa rang. Go hiondúil déantar í a cheartú, agus i gcásanna áirithe bíonn scríbhinní spreagaidh san áireamh sa cheartú. Moltar, nuair a bhítear ag ceartú píosa oibre, go n-áireofaí san aischothú scríofa moltaí maidir le slite a bhféadfadh mic léinn breis feabhais a shaothrú ina gcuid oibre, rud a tugadh faoi deara i gcuid de na cóipleabhair agus de na leabhair notaí phraiticiúla. Tá an cleachtas seo de réir na dteicníochtaí sa Mheasunú don Fhoghlaim.
Na mic léinn uile sna ranganna saor ó scrúduithe poiblí, déanann siad trialacha foirmeálta Nollag agus Samhraidh, agus iad siúd atá i ranganna le scrúdaithe poiblí, déanann siadsan scrúdaithe Nollag agus réamhscrúduithe cleachtaidh. I mbliana, tugadh comhscrúdú in Eolaíocht na Chéad Bhliana. Is maith an cleachtas é seo toisc go ndearbhaíonn sé go bhfuil comhchaighdeánú ar an ábhar don bhliainghrúpa uile. Tuigtear go gcleachtófar an cur chuige seo feasta i rith an timthrialla shóisearaigh. Baintear feidhm as scoiltuairiscí le torthaí scrúduithe agus dul chun cinn daltaí a chur in iúl do thuismitheoirí nó do chaomhnóirí. Tá cinneadh déanta ag an scoil cruinnithe idir múinteoirí agus tuistí a eagrú uair sa bhliain do ranganna saor ó scrúduithe agus dhá uair sa bhliain do ranganna le scrúduithe poiblí. Cabhraíonn iriseáin na mac léinn le múinteoirí ina gcumarsáid leanúnach le tuismitheoirí.
Tá an cur chuige déthaobhach i leith an mheasúnaithe le moladh, ar a n-áirítear measúnú foirmitheach agus measúnú suimitheach, toisc go gceadaíonn sé comhsheasmhacht i rith na bliana agus go gcabhraínn sé le súil a choinneáil ar an inmheacht agus le monatóireacht a dhéanamh uirthi. Cuirtear anailís ar thorthaí na scrúduithe stáit faoi bhráid an Bhord Bainistíochta go bliantúil.
Is iad seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh sa mheastóireacht:
· Tá an tacaíocht lánscoile do na heolaíochtaí go maith, mar a léirítear trí chur ar fáil na hEolaíochta mar chroí-ábhar sa timthriall sóisearach agus san Idirbhliain agus an deis chun staidéar a dhéanamh ar Bhitheolaíocht, Ceimic agus Fisic don Ardteistiméireacht.
· Tá na múinteoirí eolaíochta tiomnaithe dá gcúraimí agus cleachtann siad cur chuige proifisiúnta i leith a gcuid oibre. Tugann fillteáin chuimsitheacha acmhainní agus comhchlár oibre don Eolaíocht fianaise ar leibhéal fónta pleanála.
· Chonacthas ardchaighdeán teagaisc agus foghlama san Eolaíocht agus sa Cheimic le linn an phróiseas measúnaithe. I ngach cás, bhí daltaí gafa go gníomhach sa phróiseas foghlama trí mheán raon gníomhaíochtaí.
· Tarlaíonn idirghníomhú íogair, comhbhách idir mic léinn agus múinteoirí i dtimpeallacht rídhearfach foghlama an tseomra eolaíochta.
Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint:
Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Eolaíochta agus Ceimice agus leis an bpríomhoide agus leis an bpríomhoide tánaisteach ag deireadh na meastóireachta, áit ar cuireadh i láthair agus ar pléadh na dréacht-chinntí agus moltaí.
Aguisín
Arna chur isteach ag an mBord Bainistíochta
Réimse 1: Tuairimí ar ábhar na tuairisce scoile
Fáiltíonn an Bord roimh an tuairisc chigireachta fíor-dhearfach ar mhúineadh agus ar fhoghlaim na hEolaíochta agus na Ceimice i gColáiste Daibhéid. Is aitheantas é ar an gcaighdeán ard atá ann maidir le múineadh agus foghlaim sna hábhair seo agus ar dhíograis agus ar dhian-obair mhúinteoirí na Roinne Eolaíochta ann. Tá an Bord den tuairim gur tuairisc an-chothrom atá ann. Tugann sé léargas cuimsitheach ar mhúineadh agus ar fhoghlaim na n-ábhar sa scoil agus dearbhaíonn sé agus tacaíonn sé leis na dea-chleachtais agus leis an gcaighdeán ard atá ann cheana féin.
Réimse 2: Gníomhartha leantacha a rinneadh nó atá beartaithe le déanamh ó cuireadh críoch leis an ngníomhaíocht chigireachta chun tátail agus moltaí na cigireachta a chur i bhfeidhm
Tugann an Bord dá aire an moladh a deineadh sa tuairisc maidir leis na háiseanna praicticiúla Eolaíochta atá sa scoil, ceist a bhí faoi chaibidil ag an mBord cheana agus ag éirí as seo déanfar iniúchadh ar an bhféidirtheacht saotharlann eile a fhorbairt a bheadh ag teacht leis na treoirlínte do phleanáil saotharlainne mar atá leagtha síos ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Bheadh an saotharlann seo mar áis bhreise i dteannta na háise eolaíochta atá ann cheana féin. Déanfar é seo i gcóthéacs agus ag an am gcéanna le hiniúchadh ar fhorbairt iomlán an champais ar a bhfuil Teach Buckingham, Sráid an Mhuilinn Shábhadóireachta suite.
Is mian leis an mBord an bealach cúirtéiseach, proifisiúnta inar cuireadh an chigireacht i gcrích a aithint.
Aithníonn an Bord gur deineadh obair na cigireachta go hiomlán trí Ghaeilge. Fáiltíonn an Bord roimhe seo mar ghné riachtanach den bpróiséas cigireachta maidir le Coláiste Daibhéid. Is céim í seo i dtreo an chaidrimh chuí as Gaeilge atá riachtanach mar thacaíocht d’fheidhmiú na scoile lánGhaeilge.
Leanfaidh an Bord ag déanamh gach iarracht na hachmhainní agus an tacaíocht atá ag teastáil a chur ar fáil don bPríomhoide agus don bhFoireann chun gur féidir leo na moltaí atá sa tuairisc seo a chur i gcrích