An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

Department of Education and Science

 

Cigireacht Ábhair ar an nGaeilge

TUAIRISC

 

Coláiste Rís

Dún Dealgan, Contae Lú

Uimhir rolla: 63880O

 

Dáta na cigireachta: 18 & 19 Deireadh Fómhair

Dáta eisiúna na tuairisce: 21 Meitheamh 2007

 

 

An Tuairisc Chigireachta seo

Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile

Pleanáil agus Ullmhúchán

Teagasc agus Foghlaim

Measúnú

Achoimre ar na Príomhchinntí agus Moltaí

 

 

 

 

 

 

Tuairisc ar Cháilíocht na Foghlama agus an teagaisc sa Ghaeilge

 

An Tuairisc Chigireachta seo

 

Scríobhadh an tuairisc seo tar éis chigireacht ábhair i gColáiste Rís Dun Dealgan. Leagann sé amach tátail mheasúnachta maidir le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair seo sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht seo thar dhá lá inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim. Bhí caidreamh ag an gcigire leis na mic léinn agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis an múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúcháin scríofa na múinteoirí.Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na measúnachta don phríomhoide, don phríomhoide tánaisteach agus do mhúinteoirí an ábhair. Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce; ba rogha leis an mbord glacadh leis an tuairisc gan freagra a thabhairt.

 

 

Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile

 

Tá seasamh ar leith ag an nGaeilge i gColáiste Rís agus i measc tuismitheoirí na scoile. Dá chomhartha sin tá sruth lán-Ghaeilge i ngach ceann de na blianta sa tsraith shóisearach agus bíonn éileamh ar áiteanna. Is i nGaeilge a bhíonn an teagasc sna ranganna sin i gcás sé cinn eile d’ábhair seachas an Ghaeilge féin. Is iad na hábhair sin ná Tír Eolaíocht, Stair, Gnó, Matamaitic, Eolaíocht agus Eacnamaíocht Bhaile. Tá tacaíocht láidir ag an nGaeilge ó bhainistíocht shinsearach na scoile agus ón bhfoireann teagaisc i gcoitinne mar ábhar ar chlár na scoile agus mar ghné dhílis de shaol na scoile.

 

Tá gaisce déanta ag an scoil le blianta beaga anuas i gcomórtas díospóireachta Gaeilge Ghael Linn. Bhain foireann shóisearach na scoile craobh na hÉireann amach sa chomórtas sin trí bliana as a chéile – an bhliain reatha 2006 san áireamh – agus bhí an bua ag foireann na scoile faoi dhó sna craobhacha sin. Ba sa rannóg sin den chomórtas a bhaineann le scoileanna lán-Ghaeilge agus le scoileanna Gaeltachta a bhí an bua ag Coláiste Rís i mbliana. Níl a chomhionann de ghaisce le maíomh ag scoil ar bith eile sa tír. Bhain foirne sinsearacha Choláiste Rís na babhtaí deireannacha den chomórtas amach go minic in imeacht na mblianta.

 

Bronntar díolúine ón nGaeilge ar líon suntasach scoláirí sa scoil ag teacht le forálacha imlitir M10/94 agus déantar socruithe cuí maidir le ranganna breise a chur ar fáil dóibh sa Bhéarla agus sa Mhatamaitic. Déantar na socruithe seo an uair a mbíonn an Ghaeilge ar an trathchlár acu oiread agus is féidir.

 

Cuireann bainistíocht na scoile am ar fáil do chruinnithe comhphleanála san ábhar faoi dhó sa bhliain ar a laghad. Is i dtús na bliana agus i ndeireadh na bliana go háirithe a reáchtáltar na cruinnithe sin agus ar ócáidí eile a mbeadh gá leis agus caoi chuige ar nós lá inseirbhíse don bhfoireann nó ar lá cruinniú foirne. Cruinnithe a mhaireann uair an chloig a bhíonn i gceist go hiondúil. Baineann na cruinnithe seo le roghnú téacsleabhar, obair bhaile, scrúduithe comónta, acmhainní teagaisc a chlárú, scéimeanna obair na bliana a aontú. Bhí cuntas ar na cruinnithe seo le léamh sna miontuairiscí a cuireadh ar fáil. Áirítear na socruithe seo a bheith sásúil.

 

Socrú neamhfhoirmeálta atá i bhfeidhm maidir le comhordú an ábhair. An múinteoir is sinsearaí a bhíonn i mbun an chúraim sin go hiondúil ach déantar uainíocht ar an obair sin i measc na múinteoirí eile ar mhaithe le freagracht agus taithí a roinnt eatarthu féin. Tá na socruithe sin sásúil agus bhí cruthúnas le léamh sna fillteáin phleanála mar dhearbhú ar obair roinn na Geailge i gcomhar le chéile.

 

Léirigh idir lucht bainistíochta agus na múinteoirí féin suim i gcúrsaí inseirbhíse san ábhar agus freastlaíonn siad ar imeachtaí chumann an ábhair, Comhar na Múinteoirí Gaeilge. Cuireadh in iúl go raibh méid na n-imeachtaí sin teoranta go leor áfach. Eagraíonn na múinteoirí turais éagsúla do na scoláirí chuig áiteanna sa tír máguaird a bhfuil baint acu le hoidhreacht léann na Gaeilge i gceantar Oirialla ar nós an Chreagáin agus Urnaí. Tá na hiarrachtaí seo le moladh.

 

Déantar soláthar an-mhaith don Ghaeilge ar thráthchlár an scoile. Cúig thréimhse sa tseachtain a bhíonn ag na ranganna sa tsraith shóisearach, trí cinn san Idirbhliain, agus sé thréimhse in aghaidh na seachtaine a chuirtear ar fáil sa tsraith shinsearach. Tá socruithe maith i bhfeidhm ar an tráthchlár a éascaíonn gluaiseacht na scoláirí ó leibhéal amháin chuig leibhéal eile. Taobh amuigh de na ranganna sa sruth lán-Ghaeilge féin déantar iarracht líon ard scoláirí a spreagadh le tabhairt faoin ardleibhéal sa Ghaeilge. Bhí cruthúnas ar an rath atá ar na hiarrachtaí sin le léamh ar na staitisticí a cuireadh ar fáil. Sa tsraith shóisearach bhí móramh glan na scoláirí ag tabhairt faoin ardleibhéal. Bhí an líon scoláirí a bhí ag tabhairt faoin ardleibhéal i mbliain thosaigh na hArdteistiméireachta go mór os cionn na meánfhigiúirí go náisiúnta.  

 

Fáiltítear roimh iarratais ó na múinteoirí Gaeilge ar acmhainní san ábhar. Bhí soláthar maith acmhainní ag na múinteoirí maidir le téacsleabhair agus seinnteoirí dlúthdhioscaí. Tá athmhachnamh á bheartú maidir le seomraí ranga a chur faoi chúram na múinteoirí de réir a chéile, rud a chuirfeadh go mór le fáil a bheith ag na múinteoirí agus ag na scoláirí ar acmhainní go saoráideach. 

 

Tá an t-idirlíon ar fáil sna seomraí ranga ar fad anois. Ós rud é go bhfuil úsáid an idirlín an-teoranta san am i láthair i múineadh na Gaeilge, moltar smaoineamh ar na féidearthachtaí a bhainfeadh le ríomhaire a bheith ar fáil sna seomraí ranga. B’fhiú mír de Theicneolaíocht Faisnéise agus Chumarsáide a chur ar chlár an teagaisc agus seomra ríomhaireachta a chur in áirithe go maith roimh ré do líon áirithe tréimhsí. Bhainfeadh buntáiste leis an méid seo leis na ranganna sóisearacha go háirithe ar mhaithe le léargas a thabhairt dóibh ar an nGaeilge in úsáid ar shuímh ghréasáin áirithe, foclóirí leictreonacha a úsáid, agus ar mhaithe le ríomhphoist a sheoladh faoi stiúir múinteora. D’fhéadfaí an méid seo a eagrú trí nasc a chur ar bun le scoil eile. Tá rogha fhairsing de shuímh ghréasáin a bhaineann leis an nGaeilge le fáil ar an suíomh ‘Gaeilge ar an ghréasán’  www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/gaeilge.html    

 

Pleanáil agus Ullmhúchán

 

Cuireadh fillteáin phleanála ar fáil a bhain leis na blianta ar fad sa scoil ina raibh stór cuimsitheach d’acmhainní tagartha bailithe leis na míreanna éagsúla de na cúrsaí ar fad a theagasc. Bhí aird chuí ar na scrúduithe teistiméireachta le sonrú ar an ábhar a bailíodh. Bhain fiúntas leis an ábhar seo mar stór d’obair thagartha a bhféadfadh na múinteoirí tarraingt as. Bailíodh an t-ábhar as taithí na múinteoirí éagsúla lena fheabhas a d’oibrigh an t-ábhar ina gcuid ranganna féin. Bhí an obair sin críochnúil agus le moladh mar stór ábhar acmhainní a bhí á thástáil agus á roinnt i measc na múinteoirí.

 

Obair idir lámha is ea comhphleanáil an teagaisc agus na foghlama don Ghaeilge leis na ranganna. Faoi láthair tá comhthuiscint ghinearálta ann i measc na múinteoirí go gclúdaítear an t-ábhar céanna le ranganna den leibhéal céanna ach bíonn an tsaoirse ag an múinteoir an t-ábhar sin a chur in oiriúint dá c(h)uid ranganna féin. Bhí teimpléad pleanála ábhair sna fillteáin a dhearaigh an tionscnamh pleanála le haghaidh forbairt scoile (SDPI) agus bhí na múinteoirí ag obair ar na treoirlínte sin le creat de phlean teagaisc agus foghlama don Ghaeilge a aontú. Ba léir ar na fillteáin phleanála, ó na treoirlínte a bailíodh, ó mhiontuairiscí chruinnithe na múinteoirí Gaeilge, agus ón bplé oscailte a bhí ag an gcigire leis na múinteoirí féin agus leis an bpríomhoide go raibh pleanáil an ábhair á athbhreithniú agus á leasú ar mhaithe le feabhsúcháin a chur i bhfeidhm. Moltar díograis roinn na Gaeilge le pleanáil an ábhair a chomhaontú agus a chur ar ardchaighdeán.

 

B’fhiú tús áite a thabhairt d’aidhmeanna na siollabas Gaeilge féin sa phleanáil maidir le cumas cumarsáide a bhronnadh ar scoláirí sa teanga. Chuirfeadh aidhmeanna cinnte mar sin bunchlocha  faoi na modheolaíochtaí teagaisc comhaontaithe a dhéanfaí a chleachtadh leis na ranganna. Baineann tábhacht ar leith lena leithéid seo sa tsraith shóisearach go háirithe mar a bhfuil an deis is fearr ann labhairt na Gaeilge a spreagadh. B’fhiú chomh maith aird a thabhairt ar aidhmeanna churaclam leasaithe na Bunscoile i múineadh na Gaeilge agus tógáil ar na haidhmeanna sin sa phleanáil. Tá ábhar luachmhar le fáil mar spreagadh don phleanáil, i gcás na ranganna sa tsraith shóisearach go háirithe, sna haidhmenanna sealbhaithe teanga mar atá leagtha amach i bPunann na dTeangacha Eorpacha (European Language Portfolio). B’fhiú iad seo a chur san áireamh agus rogha a dhéanamh díobh cothrom le haois agus le cumais na ranganna. Tá eolas le fáil faoin tionscnamh teanga seo de chuid Chomhairle na hEorpa – lena n-áirítear an Ghaeilge – ar an suíomh gréasáin www.tcd.ie/CLCS/portfolio/index.html

 

Breathnaíodh doiciméad gonta a bhain le pleanáil fhadtéarmach i gcás chlár Gaeilge na hIdirbhliana. Bhí an doiciméad seo dílis d’aidhmeanna chlár na hIdirbhliana – don chumarsáid a chur chun cinn go háirithe – agus bhain úire leis ó thaobh ábhar an chláir lenar áiríodh drámaí, comórtas chlár raidió, rince agus ceol, prós, díospóireachtaí, comórtas Thráth na gCeist (RTÉ), Comórtas scannánaíochta TG4, Riadió na Gaeltachta agus agallaimh.  Bhain an úire chéanna leis na straitéisí teagaisc agus foghlama a bhí le léamh. Ina measc seo luadh drámaí, díospóireachtaí, obair ghrúpa, foghlaim fhéindírithe .i. obair thaighde, agus agallaimh. Luadh aiseolas ó na scoláirí féin mar chuid dhílis den athbhreithniú a dhéantar ar an gclár ag deireadh na bliana. 

 

Rinneadh pleanáil ghearrthéarmach do na ranganna ar fad a breathnaíodh. Bhí an phleanáil sin sásúil i ngach cás. Moltar do na múinteoirí machnamh a dhéanamh ar a gcuid modhanna múinte féin a bhreithniú trí chuireadh dá gcuid ranganna a thabhairt do chomhghleacaithe ar ócáidí éagsúla i gcaitheamh na bliana ar mhaithe le moltaí a dhéanamh agus ar mhaithe le deachleachtais a roinnt. D’fhéadfaí chomh maith gnéithe éagsúla den teagasc a roinnt i measc múinteoirí áirithe leis na ranganna céanna sa bhliain chéanna, ar bhonn trialach. Tá an tráthchlár féin oiriúnach chuige seo sa tslí go mbíonn ranganna Gaeilge sa bhliain chéanna ar siúl ag an am céanna go minic. Déantar an moladh seo as feabhas an dea-chleachtais a chonacthas i ranganna áirithe agus ar mhaithe leis an dea-chleachtas seo a roinnt.

 

Teagasc agus Foghlaim

 

Breathnaíodh sé cinn de ranganna a bhain leis an dá shraith. Bhí idir ranganna ardleibhéal, gnáthleibhéal, agus chumais mheasctha i gceist sna ranganna sin. Bhain ardcháilíocht le cumas agus le féinmhuinín na múinteoirí ar fad nach mór sa Ghaeilge agus bhí urlabhraíocht na múinteoirí cruinn, soiléir, sochloiste i ngach cás nach mór. Bhain díograis leis an teagasc sna ranganna ar fad. Bhain ord agus eagar leis an gcur i láthair a rinneadh i dtús na ranganna ar fad – mar ar glaodh an rolla, breathnaíodh nótaí maidir le neamhláthaireachas, agus deimhníodh go ndearnadh obair bhaile na hoíche roimhe sin. Rinneadh na cúraímí seo go héifeachtach taobh istigh d’achar gairid i dtús an cheachta. Cuireadh aidhm an cheachta in iúl go soiléir i ngach cás. Rinneadh bainistiú an ranga go héifeachtach i ngach cás agus bhí idirghníomhaíocht na múinteoirí leis na scoláirí go séimh, nádúrtha, agus moltach ar iarrachtaí na scoláirí i rith an ama.

 

Bhain éagsúlacht leis an modheolaíocht a cleachtadh leis na ranganna éagsúla. Bhí an éagsúlacht sin le feiceáil go soiléir i gcás na ranganna sa tsraith shóisearach. I gcás amháin mar shampla, cuireadh obair an ranga i dtreo na scoláirí féin tar éis don mhúinteoir aidhm an cheachta a chur i láthair. Obair ghníomhach a bhí i gceist do na scoláirí sa rang seo agus rinneadh an obair sin a stiúradh go héifeachtach. Saibhriú foclóra a bhí i gceist ar ábhar a bhain le gnáthimeachtaí an tsaoil – scoláire ag ligean air go raibh sé breoite. Scaipeadh dáileán ar na scoláirí a raibh pictiúirí air mar spreagadh leis an ábhar. Bhain greann leis an scéal féin agus cuireadh foclóir riachtanach ar fáil do na scoláirí i dtús ama.

 

Rinneadh cleachtadh ar an bhfoclóir ar dtús faoi stiúir an mhúinteora. Cuireadh na scoláirí ag obair ina ngrúpaí beaga leis an scéal a chur i láthair go drámátúil. Roghnaíodh grúpaí go fánach leis an gcur i láthair a dhéanamh. Rinneadh an méid sin go tapaidh ar bhealach a sheachain leimhe a d’fhéadfadh teacht i gceist ina leithéid de chás agus an scéal céanna á chur i láthair. Rinneadh athmheabhrú go héifeachtach ar an obair roimh dheireadh an ranga. Bhí aidhm an cheachta soiléir ón tús. Rinneadh an cleachtadh foclóra riachtanach. Tugadh deis chainte do na scoláirí ina measc féin faoi stiúir an mhúinteora agus ansin chuir lion mór díobh iad féin in iúl os comhair an ranga. Bhí riar an cheachta seo le moladh go mór.

 

I gcás eile sa tsraith shóisearach caitheadh iomlán an ranga ag díriú ar cheartscríobh na mbriathra. Dúshlán faoi leith atá ann tréimhse iomlán ranga a chaitheamh le gné amháin den ghramadach. D’éirigh leis an múinteoir an beart a dhéanamh gan spéis na scoláirí a chailleadh i ngeall ar an gcur chuige bríomhar, moltach a cleachtadh leis na scoláirí. D’fhreagair na scoláirí go maith don dúshlán a cuireadh rompu. Ba léir go raibh an múinteoir ar a chompord i mbun na gcúrsaí seo agus b’fhiú do roinn na Gaeilge i gcoitinne an cur i láthair seo a fheiceáil mar léiriú ar mhúineadh na gramadaí ar bhealach spreagúil. Níor mhiste botúin a rinne na scoláirí san urlabhraíocht a cheartú ar ball. D’fhéadfaí nóta a bhreacadh i rith an cheachta de na mórbhotúin a chualathas agus filleadh orthu ar ball le nach gceanglófaí an scoláire féin leis na botúin sin. B’fhiú cuntas ar na modheolaíochtaí seo a bhaineann le saibhriú foclóra agus múineadh na gramadaí a chlárú sa phlean do theagasc an ábhair.

 

Ba chóir do roinn na Gaeilge cur chuige a aontú maidir le méid an aistriúcháin go Béarla is cuí a chleachtadh sa rang Gaeilge. Baineann sé sin le méid úsáid an Bhéarla i gcás an mhúinteora féin, agus le méid an Bhéarla is cóir a iarraidh ar scoláirí nó glacadh leis ó scoláirí mar chomhartha ar a dtuiscint don ábhar. Baineann an méid céanna le haistriúchán go Béarla sna cóipleabhair mar chabhair le sealbhú foclóra. I gcás ar leith, áit a ndearnadh an teagasc go díograiseach, bhí úsáid an aistriúcháin iomarcach ar fad sa rang sa mhéid is go raibh aistriúchán comhuaineach, geall leis, á chur ar fáil do na scoláirí ar threoir a tugadh don rang i nGaeilge ar dtús. Cé go raibh meascán maith de raon cumas sa rang bhí an cur chuige seo ag freastal ar na scoláirí ba laige amháin agus is féidir nach raibh cluas ag na scoláirí seo ach ar an treoir i mBéarla. 

 

B’fhiú chomh maith machnamh a dhéanamh ar theagasc idirdhealaitheach a dhéanamh agus ar phleanáil chuí a dheanamh ina leith. I gcás amháin, mar shampla, tugadh faoi deara go raibh scoláirí sa rang a tháinig ó bhunscoil lán-Ghaeilge. Níor cuireadh dúshlán éagsúil roimh na scoláirí sin de bhreis ar na ceisteanna a cuireadh ar an rang i gcoitinne agus is baolach gur ar gcúl a rachadh cumas na scoláirí seo sa teanga muna ndéanfaí dúshlán cuí a chur rompu.

 

Sna ranganna a bhain leis an tsraith shinsearach bhíothas dírithe ar ghnéithe de chúrsa litríochta na hArdteistiméireachta. Ba léir go ndearnadh dea-ullmhúchán ina leith. I gcás amháin bhí an chaint leataobhach go maith i bhfábhar an mhúinteora agus ba ag breacadh nótaí a bhí na scoláirí cuid mhór den am. Seinneadh mír ó chlár raidió mar aon le taifeadadh ar an dán a bhí mar ábhar an cheachta á chanadh ag amhránaí aitheanta. Chuir an méid seo éagsúlacht sa cheacht de bhreis ar an gcuntas ó bhéal a bhí á thabhairt. Ba léir ar na freagraí a thug na scoláirí ar cheisteanna ó bhéal a cuireadh orthu go fánach go raibh tuiscint acu ar an ábhar a bhí á roinnt leo.

 

Sa chás eile rinneadh iarrachtaí maithe ar na scoláirí a thabhairt isteach sa phlé agus deis a thabhairt dóibh a dtuiscint féin ar na dánta a chur in iúl cé go raibh foclóir na scoláirí teoranta go leor. Ullmhaíodh dáileán mar threoir do na scoláirí le ceann de na dánta a chíoradh agus d’éirigh leo tuiscint ar an dán sin a bhaint amach agus a chur in iúl. B’fhiú léargas a thabhairt do na scoláirí ar sheasamh an fhile Ghaeilge áirithe seo i gcúrsaí litríochta in Éirinn trí chuardach a dhéanamh ar an idirlíon. Níor ghá ach ainm an fhile a chur isteach in inneall cuardaigh le teacht ar rogha fhairsing de shuímh ghréasáin.    

 

B’fhiú iarracht chomhfhiosach a dhéanamh le deis chainte a chur ar fáil do na scoláirí i ngach rang a oiread agus is féidir. B’fhiú tréimhse áirithe i dtús an ranga a chur i leataobh le comhrá a dhéanamh faoi ghnáthimeachtaí an lae agus cabhrú le scoláirí iad féin a chur in iúl faoi na hábhair sin. Muna ndéantar an méid sin, agus má dhírítear go huile is go hiomlán sa rang Gaeilge ar ghnéithe den chúrsa a fhreagraíonn do riachtanais an pháipéir scrúdaithe teistiméireachta is baolach nach mbeidh deis ag na scoláirí an Ghaeilge a bhlaiseadh mar theanga chumarsáide. Ba mhaith an chabhair chuige seo míreanna a bhaint ó na meáin chraolta Ghaeilge agus ón idirlíon ar mhaithe le míreanna dílse den teanga a chur ina láthair.   

 

B’fhiú plé a dhéanamh i measc na múinteoirí maidir leis na modheolaíochtaí is fearr a chleachtadh le ranganna agus le leibhéil áirithe. Moltar féachaint le taithí a thabhairt do na scoláirí ar chothromaíocht idir obair ghníomhach sna ranganna chomh maith céanna le heolas a bhreacadh i ranganna ina mbíonn an múinteoir ag dáileadh an eolais cuid mhór den am.

 

Measúnú  

 

Déantar cúram ar leith i gColáiste Rís de thuairiscí a sheoladh abhaile chuig tuismitheoirí ar dhul chun cinn na scoláirí sna hábhair éagsúla. Bíonn scrúduithe foirmeálta ann ceithre huaire in aghaidh na bliana agus seoltar tuairiscí abhaile faoi Shamhain, um Nollaig, i mí an Mhárta agus sa samhradh. Déantar na scrúduithe lár-téarma sna ranganna féin. Ní bhíonn scrúduithe comónta ann ag na leibhéil chéanna san ábhar sa Ghaeilge. B’fhiú scrúduithe comónta a aontú ar mhaithe le clár an teagaisc agus na foghlama a thabhairt le chéile níos mó agus comparáid bhailí a dhéanamh ar sheasamh na scoláirí san ábhar. D’fhéadfaí, chomh maith, an obair mharcála a roinnt i measc na múinteoirí éagsúla ar mhaithe le tuairim eile a fháil ar cháilíocht na hoibre. B’fhiú go mór cineál na dtrialacha a aontú maidir le háit a bheith ag measúnú ar dhul chun cinn na scoláirí i labhairt na teanga a bheith ina chuid dhílis den mheastóireacht sin.

 

Tá gach rannóg ábhair sa scoil gafa faoi láthair le polasaí a aontú maidir le hobair bhaile. Bhí fianaise ar obair bhaile chuí a bheith á tabhairt le léamh sna cóipleabhair a breathnaíodh agus bhí aitheantas ar an obair bhaile sin le léamh chomh maith.

 

Déantar anailís ar thorthaí na scrúduithe tí agus labhraíonn an príomhoide agus an leas-phríomhoide le scoláirí mar is cuí. Déantar anailís fhoirmeálta ar thorthaí na scrúduithe teistiméireachta agus déantar comparáid idir iad agus na meántorthaí náisiúnta. Tugtar cóip den anailís chéanna do na múinteoirí ar fad. B’fhiú an t-eolas sin a chlárú mar chuid de na doiciméid phleanála san ábhar mar phointe tagartha agus mar threoir le hathbhreithniú ar phleananna teagaisc agus foghlama.

 

Léirigh an anailís a rinneadh ar na staitisticí go raibh ábhar misnigh ann ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh ó thaobh rátaí rannpháirtíochta ag an ardleibhéal agus i dtaca le gnóthachtálacha ag an dá leibhéal, ard agus gnáth. Tugadh faoi deara nach raibh scoláire ar bith a thug faoin mbonnleibhéal sa scrúdú céanna. Baineann dúshlán níos mó le líon na scoláirí a thugann faoin ardleibhéal i scrúdú na hArdteistiméireachta a choimeád chomh hard céanna agus bhí an ráta sin níos éagrothroime ó bhliain go chéile le blianta beaga anuas. Ba réasúnta an rud é a bheith ag súil le torthaí arda i gcás na scoláirí sin a bhain craobh na hÉireann amach sna comórtais dhíospóireachta le trí bliana anuas. B’fhiú ardphoiblíocht a thabhairt do na gnóthachtálacha seo le tuilleadh scoláirí a mhealladh le tabhairt faoin ardleibhéal i scrúdú na hArdteistiméireachta.

 

 

Achoimre ar na Príomhchinntí agus Moltaí

 

Is iad seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh sa  mheastóireacht :

 

 

 

Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint: 

 

 

Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Gaeilge agus leis an bPríomhoide agus leis an bpríomhoide tánaisteach ag deireadh na meastóireachta nuair a cuireadh na dréacht-chinntí agus na moltaí i láthair agus nuair a pléadh iad.