
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Department of Education and Science
Cigireacht Ábhair: Gaeilge
TUAIRISC
Bré, Co. Chill Mhantáin
Uimhir rolla: 61811I
Dáta na cigireachta: 2/ 3 Deireadh Fómhair 2006
Dáta eisiúna na tuarascála: 26 Aibreán 2007
Cháilíocht na Foghlama agus an teagaisc sa Ghaeilge
Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile
Achoimre ar na Príomhchinntí agus Moltaí
An Tuairisc Chigireachta seo
Scríobhadh an tuairisc seo tar éis chigireacht ábhair i Scoil Ghearóid Naofa.Leagann sé amach tátail mheasúnachta maidir le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair seo sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht seo thar dhá lá inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim.Bhí caidreamh ag an gcigire leis na scoláirí agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis an múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúcháin scríofa na múinteoirí.Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na meastóireachta don phríomhoide agus do na múinteoirí ábhair.Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile ar a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce; ba rogha leis an mbord glacadh leis an tuairisc gan freagra a thabhairt.
Ranganna measctha ilchumais a bhíonn i gceist sa chéad bhliain suas go dtí briseadh na Nollag. Am éigin idir mhí Eanáir agus an samhradh roinntear na scoláirí i dtrí rang ardleibhéil agus rang amháin gnáthleibhéil. Is páipéar scrúdaithe comónta a bhíonn i gceist um Nollaig. Déantar gach iarracht scoláirí a ghríosadh le fanacht leis an ardleibhéal ach faoin am go mbaineann scoláirí an tríú bliain amach bíonn siad roinnte idir dhá rang ardleibhéil agus dhá rang gnáthleibhéil. Sa tsraith shinsearach bíonn rang ardleibhéil amháin i gceist agus idir dhá agus trí rang gnáthleibhéil.
Tá 31 scoláire sa scoil le díolúine ón nGaeilge agus cuirtear tacaíocht fhoghlama ar fáil dóibh siúd le linn na ranganna Gaeilge. Moltar an socrú seo.
Déantar gach iarracht clár imeachtaí spéisiúla comhchuraclaim agus seach-churaclaim a chur ar fáil do scoláirí le linn “Seachtain na Gaeilge” agus i rith na bliana chomh maith. Déantar iarracht imeachtaí éagsúla a reachtáil do gach bliainghrúpa. Eagraítear mar shampla, ranganna damhsa seite, ceardlann drámaíochta, tráth na gceist, díospóireachtaí agus cuirtear iris i gcló i ranganna áirithe. Glacann an scoil páirt freisin i ndíospóireachtaí Ghael Linn agus i ndíospóireachtaí neamhfhoirmeálta le scoileanna eile. Glactar páirt chomh maith i dtráth na gceist le scoil lánGhaelach áitiúil. Tugtar cuireadh do chuairteoirí ar leith teacht ó am go chéile chun caint a thabhairt ar ghnéithe den chultúr Gaelach. Tugadh cuireadh mar shampla, don bhanna ceoil “Kila” teacht chun seinnt sa scoil cúpla bliain ó shin agus tuairiscíodh gur éirigh go hiontach leis an ócáid sin. Moltar iarrachtaí na múinteoirí i leith eagrúchán na n-imeachtaí seo go mór. Tréisíonn an obair bhreise seo iarrachtaí na múinteoirí sna seomraí ranga agus tugann sé deiseanna do scoláirí taithí a fháil ar an nGaeilge mar theanga bheo i suíomhanna éagsúla taitneamhacha. Ní féidir dóthain béime a leagan ar thábhacht úsáid na Gaeilge lasmuigh den seomra ranga.
Tuairiscíodh go moltar do thuismitheoirí scoláirí a sheoladh chuig coláistí Gaeilge sa samhradh. Téann formhór na scoláirí sa chéad agus sa dara bliain chun na Gaeltachta cé go bhfuil méid áirithe scoláirí a leanann ar aghaidh mar chinnirí sna coláistí agus iad níos sine. Moltar an cur chuige seo go mór, toisc go gcabhraíonn tréimhse sa Ghaeltacht le scoláirí an Ghaeilge a shealbhú mar theanga bheo. Cabhraíonn sé go mór leis an leibhéal suime a bhíonn acu i bhfoghlaim na teanga nuair a fhilleann siad ar an scoil. Sa mhéid is go bhfuil an oiread sin scoláirí sa scoil a théann chun na Gaeltachta b’fhiú smaoineamh ar Chlub Gaeilge a bhunú sa scoil le cabhair ó na cinnirí sna ranganna sinsearacha. D’fhéadfaí clárú le ceann de na hóg-eagraíochtaí Gaeilge a thugann tacaíocht do chlubanna dá leithéid.
Iarrtar ar na múinteoirí Gaeilge mar fhoireann iarratas a chur faoi bhráid an phríomhoide maidir le buiséad do sholáthar acmhainní agus áiseanna don ábhar gach bliain. Tuairiscíodh go mbaintear úsáid rialta as “Foinse” leis na hardranganna agus go bhfuil go leor leabhar léitheoireachta ceannaithe freisin do ranganna áirithe. Moltar liosta de na háiseanna agus acmhainní atá ar fáil sa scoil do mhúineadh na Gaeilge a chlárú láithreach agus iad a chur ar fáil in áit lárnach, áit ar féidir leis na múinteoirí go léir teacht orthu go héasca.
Tá seomraí dá gcuid féin ag roinnt de na múinteoirí Gaeilge. Bhí cuid de na ranganna maisithe ar bhealach an-spéisiúil agus cruthaíodh atmaisféar taitneamhach foghlama iontu. Moltar obair na múinteoirí ina leith seo. Moltar go gcuirfí leis an méid ábhar ar taispeáint sna seomraí ranga go léir atá in úsáid mar sheomraí ranga Gaeilge.
Tá duine amháin de na múinteoirí Gaeilge ainmnithe mar chomhordaitheoir ar phleanáil do mhúineadh agus foghlaim na teanga. Tugtar deis do na múinteoirí Gaeilge bualadh le chéile uair sa mhí. Is iad roinnt agus dáileadh na ranganna agus scéimeanna oibre a bhíonn idir chaibidil ag na múinteoirí don chuid is mó ag na cruinnithe sin. Bíonn plé freisin ar na socruithe do “Seachtain na Gaeilge” srl.
Bhí sraith cruinnithe speisialta sa scoil anuraidh chun cur ar chumas na múinteoirí plean a chur le chéile do mhúineadh agus foghlaim na teanga mar chuid den phróiseas Pleanáil Forbartha Scoile. Cuimsíonn an plean sin an siollabas agus scéim oibre do gach bliain agus do gach leibhéal sa scoil. Moltar obair na múinteoirí ina leith seo go mór. Is léir gur caitheadh dua agus roinnt mhaith machnaimh ar an bplean féin. Moltar áfach, go ndéanfaí méid áirithe iomlánú ar an bplean anois agus go gcuirfí isteach sonruithe maidir leis na háiseanna agus acmhainní a úsáidtear chun na gnéithe éagsúla den chúrsa a mhúineadh. Ba cheart go gcuirfí na pleananna go léir do na ranganna éagsúla le chéile mar aon phlean amháin agus go mbeadh cóip ag gach duine de na múinteoirí Gaeilge. Moltar freisin go mbeadh plean amháin ann don Idirbhliain agus go mbeadh cur agus cúitimh i measc na múinteoirí féin faoi cad is chóir a bheith sa phlean sin. Is cóir go leanfaí an plean sin ó bhliain go bliain is cuma cén múinteoir atá i mbun na hidirbhliana. Moltar go mbeadh béim láidir ar thaithí na scoláirí ar an nGaeilge mar theanga bheo agus ar ghnéithe spéisiúla eile d’fhoghlaim na teanga mar atá leagtha amach i bplean amháin a breathnaíodh.
Tá áiseanna nuatheicneolaíochta den scoth ar fáil sna seomraí ranga. Tá sé ar chumas na múinteoirí scannáin agus giotaí ó chláracha teilifíse a thaispeáint anois gan stró. Moltar go mbeadh cur síos cuimsitheach sa phlean don Ghaeilge ar ábhar ar féidir a thaispeáint sa rang chun tacú le gnéithe éagsúla d’fhoghlaim na teanga.
Tuairiscíodh gur cuireadh ríomhaire glúine ar fáil do gach múinteoir an bhliain seo caite. Cuireadh oiliúint ar fáil in úsáid na ríomhairí seo agus tá sé i gceist a thuilleadh oiliúna a chur ar fáil ionas go mbeidh ar chumas na múinteoirí gnéithe de cheachtanna a léiriú i bhfoirm powerpoint amach anseo. Moltar go mbeadh pleanáil d’úsáid éifeachtach theicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide mar chuid den phlean do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge. Glactar leis go mbeidh áiseanna níos fearr ar fáil i gceann cúpla bliain ach d’fhéadfaí tús a chur leis an bpleanáil agus d’úsáid theoranta na ríomhairí idir an dá linn.
Bhí pleanáil chúramach chuimsitheach déanta do na ranganna go léir a breathnaíodh. Cuireadh pleananna ranga ar fáil i gcásanna áirithe. Ullmhaíodh nótaí agus bileoga le scaipeadh ar scoláirí agus bhí luas maith leis na ranganna dá réir.
Bhí úsáid na Gaeilge mar theanga mhúinte, chumarsáide agus bhainistíochta an-mhaith ar fad sna ranganna a breathnaíodh. Rinneadh iarrachtaí cliste fónta i bhformhór na ranganna úsáid an aistriúcháin ó Ghaeilge go Béarla a sheachaint agus moltar an cur chuige sin. Spreagadh scoláirí le ceisteanna a chur agus a fhreagairt i nGaeilge agus ar an iomlán bhíodar sásta é sin a dhéanamh. Baineadh úsáid áirithe as obair bheirte agus moltar an cur chuige sin. Moltar áfach, machnamh a dhéanamh ar aidhmeanna na hoibre roimhré agus an obair bheirte a phleanáil le bheith in oiriúint do leibhéil chumais na scoláirí. Cuireadh ceisteanna leanúnacha ar scoláirí sna ranganna ar mhaithe le caint a spreagadh uathu agus d’fhonn eolas a chinntiú. Moltar freisin go ndéanfaí an córas atá in úsáid i measc na múinteoirí maidir le habairtí bainistíochta ranga a chur ar fáil do na scoláirí céadbhliana a fhorbairt agus a leathnú. Is gá go bpléifí straitéisí i measc na múinteoirí a chinnteodh go n-éireodh leis na seifteanna seo agus go mbeadh gach duine ag úsáid an chur chuige céanna d’fhonn na scoláirí a chur ag caint i nGaeilge sna ranganna.
Bhí na múinteoirí fuinniúil agus díograiseach i mbun na ranganna a breathnaíodh. Bhog múinteoirí timpeall na seomraí ranga ag caint le scoláirí, á gceartú agus ag cinntiú go raibh obair ar siúl agus gur thuig scoláirí na spriocanna a bhí le baint amach. Bhí cúrsaí araíonachta ar fheabhas ar fad. Baineadh úsáid éifeachtach as an gclár bán i gcuid de na ranganna a breathnaíodh.
Bhí múineadh na gramadaí fite fuaite tríd na ranganna agus caitheadh go leor ama i ranganna ardleibhéil ag ullmhú foclóra agus ag plé le struchtúr abairtí le scoláirí. Moltar go mbeadh foclóirí póca ar fáil do gach scoláire sna ranganna sóisireacha agus go gcoimeádfaí ar scoil iad go dtí an tríú bliain. Ba cheart go mbeadh dóthain taithí ag scoláirí faoin am sin ar cheart úsáid na bhfoclóirí agus go mbeidís in ann iad a choimeád sa bhaile le húsáid don obair bhaile.
Moltar go mór an úsáid a baineadh as an osteilgeoir i bhformhór na ranganna a breathnaíodh. Is áis mhaith é le heolas a léiriú do scoláirí ar bhealach taitneamhach. Moltar áfach, go mbeadh an t-ábhar atá ar taispeáint spéisiúil agus ábharach do scoláirí agus nach ábhar seanchaite a bheadh i gceist. Moltar raon áiseanna agus acmhainní teagaisc i bhfad níos leithne a úsáid sna ranganna chun múineadh agus foghlaim na teanga a dhéanamh níos suimiúla do scoláirí. Tá sé fíorthábhachtach gnéithe den fhoghlaim a léiriú dóibh ar bhealach taitneamhach tarraingteach. Mar shampla, má tá scannán nó clár teilifíse á phlé sa rang is cóir giotaí as an scannán/ clár sin a léiriú sa rang ionas go mbeidh tuiscint agus taithí ag na scoláirí ar ábhar an ranga. Moltar úsáid níos leithne a bhaint as na meáin chumarsáide Ghaeilge, as an gceol agus as an nua-theicneolaíocht sna ranganna. Tá sé rí-thábhachtach réimse áiseanna spéisiúla a úsáid le lucht na hIdirbhliana ach go háirithe agus tá deiseanna iontach ar fáil le linn na bliana sin an Ghaeilge a léiriú ar bhealach éagsúil ar fad do na scoláirí. Moltar go bpléifeadh na múinteoirí straitéisí ina measc féin i léith úsáid réimse níos leithne áiseanna.
Moltar go mór na hiarrachtaí a rinneadh ábhar na gceachtanna a cheangal go díreach nó go hindíreach le saol na scoláirí féin. Tá seo thar a bheith tábhachtach ar mhaithe le deiseanna a thabhairt do scoláirí labhairt faoina saolta comhaimseartha féin i nGaeilge. Moltar go ndéanfaí amhlaidh i ngach rang Gaeilge chomh fada agus is féidir. Moltar freisin an ceangal a rinneadh idir dán Béarla agus dán Gaeilge i gceacht amháin a breathnaíodh. Moltar más féidir ceangal a aimsiú idir ghnéithe de na siollabais éagsúla chun ábhar na gceachtanna a dhéanamh níos suimiúla.
Cuirtear tuairisc abhaile ceithre huaire sa bhliain, dhá cheann tar éis scrúduithe na Nollag agus an tsamraidh agus dhá cheann eile freisin ag deireadh mí Dheireadh Fómhair agus um Cháisc. Bíonn measúnú leanúnach i gceist agus na tuairiscí i mí Dheireadh Fómhair agus um Cháisc a réiteach. Eagraítear cruinnithe idir mhúinteoirí agus thuismitheoirí uair sa bhliain seachas don séú bliain áit a mbíonn dhá chruinniú i gceist.
Tuairiscíodh go mbaintear an-úsáid as córas na gcinnirí bliana agus go gcuirtear tuismitheoirí ar an eolas go tapaidh má tá fadhb le scoláire ar leith.
Ba léir ó na cóipleabhair go dtugtar agus go gceartaítear obair bhaile go rialta. Ba léir freisin ó na ranganna a breathnaíodh go ndéanann múinteoirí áirithe iarrachtaí fónta éagsúlacht a chinntiú san obair bhaile idir obair scríofa agus obair chumarsáide a bheadh le réiteach don rang. Moltar an éagsúlacht seo. Ba léir áfach, ó chuid de na cóipleabhair go bhfuil cleachtais dhifriúla i gceist maidir le ceartú an obair bhaile i gcásanna áirithe. Braitheadh nach raibh córas éifeachtach i bhfeidhm i ngach cás. Tuairiscíodh go bhfuil fochoiste ag obair sa scoil faoi láthair ar pholasaí obair bhaile a fhorbairt. Moltar go bpléifeadh múinteoirí córas comónta ina measc féin maidir le dáileadh agus ceartú obair bhaile i gcomhthéacs obair an fhochoiste sin.
Tugadh faoi deara go raibh fadhb ag scoláirí le roinnt gnéithe de ghramadach na Gaeilge, an chopail “is” san áireamh. Cé go nglactar leis go bhfuil cláir ghramadaí leagtha amach do na bliainghrúpaí éagsúla b’fhiú do na múinteoirí roinnt plé a dhéanamh ina measc féin ar na deacrachtaí comónta agus aontú ar chur chuige chun dul i ngleic leo sin.
Is iad seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh sa mheastóireacht :
Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint:
Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Gaeilge agus leis an bPríomhoide ag deireadh na meastóireachta nuair a cuireadh na dréacht-chinntí agus na moltaí i láthair agus nuair a pléadh iad.