
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Department of Education and Science
Cigireacht Ábhair ar Staidéar Foirgníochta, Theicneolaíocht Ábhar (Adhmad) agus Theicneolaíocht
TUAIRISC
Meánscoil na mBráithre Críostaí
An Daingean, Contae Chiarraí
Uimhir rolla: 61290G
Dáta na cigireachta: 12 Deireadh Fómhair 2006
Dáta eisiúna na tuairisce: 21 Meitheamh 2007
Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile
Achoimre ar na Príomhchinntí agus Moltaí
Tuairisc
ar
Cháilíocht na Foghlama agus an Teagaisc sa Staidéar Foirgníochta, Teicneolaíocht Ábhar (Adhmad) agus Teicneolaíocht
Scríobhadh an tuairisc seo tar éis chigireacht ábhair i Meánscoil na mBráithre Críostaí, An Daingean. Leagann sé amach tátail mheasúnachta maidir le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Staidéar Foirgníochta, Teicneolaíocht Ábhar (Adhmad) agus sa Teicneolaíocht agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc na n-ábhar seo sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht seo thar aon lá amháin inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim. Bhí caidreamh ag an gcigire leis na mic léinn agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis na múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúcháin scríofa na múinteoirí. Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na measúnachta don phríomhoide agus do na múinteoirí ábhair. Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce; ba rogha leis an mbord glacadh leis an tuairisc gan freagra a thabhairt.
Is í Meánscoil na mBráithre is mó a sholáthróinn oideachas do bhuachaillí bhaile an Daingin agus an cheantair mháguaird. Is scoil Ghaeltachta í a fhreastalaíonn ar riachtanais a scoláirí trí mheán na Gaeilge. Cuirtear réimse leathan ábhar ar fáil sa scoil. Ina measc siúd ofráiltear dóthain ábhar teicneolaíochta, Grafaic Theicniúil agus Líníocht Theicniúil chomh maith le Staidéar Foirgníochta (SF), Teicneolaíocht Ábhar (Adhmad) (TÁA) agus Teicneolaíocht (TE). Is iad SF, TÁA agus TE ábhair na cigireachta seo. Moltar an bord bainistíochta agus bainistíocht na scoile ina iomlán as an soláthar atá déanta chun oideachas saibhir teicneolaíochta a chur ar fáil mar rogha do scoláirí na scoile. Is í seo an bhliain dheireanach don scoil mar ón Meán Fómhair seo chugainn beidh Meánscoil na mBráithre nasctha le Meánscoil Chlochair na Toirbhearta mar Phobalscoil Chorca Dhuibhne. Aimsir chinniúnach í seo don oideachas in iarthar Dhuibhneach. Beidh áiseanna den scoth ar fáil sa scoil nua ar suíomh breá ar imeall an bhaile.
Tá dul chun chinn suntasach déanta ar phleanáil ranna ábhar sa scoil le tamall anuas. Cuirtear am ar fáil do chruinnithe phleanáil ábhair i dtús na scoilbliana agus ag cruinnithe foirne i rith na bliana. Soláthraíodh clár oibre do na cruinnithe tosaigh le réimse leathan míreanna a phlé. Fágadh slí ar leathán an chláir oibre chun torthaí an chruinnithe a thaifeadadh. Tá an tacaíocht seo a thugann an scoil don phleanáil ábhair le moladh.
Is luachmhar an acmhainn é an clár forbartha leanúnach proifisiúnta atá á chur ar fáil do mhúinteoirí na dteicneolaíochtaí faoi chúram na seirbhíse tacaíochta, t4, www.t4.ie. Moltar go ngríosófaí gach múinteoir chun lán tairbhe a bhaint as an deis seo. Tá tábhacht faoi leith ag baint leis an obair atá á déanamh ar an dearadh ríomhchuidithe tríthoiseach a bheidh lárnach i dteagasc gach ábhar teicneolaíochta amach anseo.
Sa chéad bhliain don timthriall sóisearach is é trí thréimhse ranga in aghaidh na seachtaine an lamháltas ama a chuirtear ar fáil don TÁA agus don TE. Cé go bhfuil an lamháltas ama seo íseal, déanann gach scoláire staidéar ar gach ábhar sa chéad bhliain. Dá bharr seo agus an Grafaic Theicniúil san áireamh cuirtear iomlán de naoi dtréimhse ranga ar fáil do na hábhair theicneolaíochta. Is mór an tacaíocht do na scoláirí an taithí seo a bheith acu agus iad ag roghnú ábhar sa dara bliain. Chun luach iomlán a bhaint as an lamháltas ama sa chéad bhliain ba mhór an chabhair dá ndéanfadh foireann teagaisc na n-ábhar teicneolaíochta pleanáil cúramach faoin obair atá comónta idir na siollabais difriúla a roinnt. Moltar an phleanáil seo a dhéanamh mar chuid de phleanáil fhorbartha ábhar. Sa dara agus sa tríú bliain dáiltear ceithre thréimhse ranga in aghaidh na seachtaine ar TÁA agus TE agus is leor é seo d’obair an t-siollabais sa dá chás.
Is cúig thréimhse ranga in aghaidh na seachtaine sa chúigiú bliain agus sé thréimhse sa séú bliain a ndáiltear ar SF. I gcás gach ábhar bhí idir thréimhsí ranga singil agus dúbailte curtha ar fáil do gach rang. D’éascaigh an t-eagrú ama seo le ceachtanna a mhúineadh, idir cheachtanna praiticiúla agus teoirice.
Sa chéad bhliain tugtar deis do gach scoláire gach ábhar i dtimthriall sóisearach na scoile a staidéar. Moltar é seo as an tacaíocht a thugann sé do na scoláirí agus iad ag déanamh rogha sa dara bliain. Is maith go ndéanann gach scoláire Grafaic Theicniúil chomh fada leis an Teastas Sóisearach ag tabhairt tacaíochta treas-churaclaim don TÁA agus don TE. Is inmholta é go leanann grúpáil na n-ábhar roghnacha sa dara agus sa tríú bliain roghanna na scoláirí. Sa timthriall sinsearach bunaítear na grúpaí d’ábhair roghnacha arís ar roghanna na scoláirí. Cuirtear gach ábhar ar fáil ar chlár idir-bhliana na scoile, rud a thacaíonn le rogha na scoláirí sa chúigiú bliain. Is leathan í rogha ábhar na scoláirí agus is cóir mar a chuirtear i bhfeidhm í.
Tá cúram ar mhúinteoir amháin mar chuid dá phost freagrachta liosta d’ábhair ranga, trealamh agus riachtanais eile don SF agus TÁA a thiomsú agus ordú a chur isteach dá réir i dtús na bliana. Tá an socrú seo a thacaíonn le soláthar na n-ábhar le moladh.
Tá saotharlann amháin don adhmadóireacht sa scoil chomh maith le seomraí faoi leith don TE agus don Líníocht. Bhí na seomraí araon néata agus eagraithe go maith le linn na cigireachta. Sa saotharlann bhí sé le moladh go raibh béim shuntasach curtha ar an sábháilteacht.
Tá seomra ríomhaireachta le ceithre ríomhaire is fiche agus nasc leathan-bhanda ar fáil sa scoil. Faoi láthair úsáidtear na h-áiseanna seo i dteagasc TE. Baintear dea-úsáid as teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide i múineadh TE agus moltar é seo. Cé go bhfuil clár dearaidh ríomhchuidithe suiteáilte ar roinnt ríomhairí sa tseomra ríomhaireachta, luadh fadhbanna móra leis agus ní bhaintear an-úsáid as dá bharr. Tá ríomhaire amháin ar fáil sa seomra líníochta chomh maith agus ceann eile i seomra na múinteoirí.
Agus tús suntasach curtha le pleanáil i ranna ábhair na scoile, moltar d’fhoireann teagaisc na dteicneolaíochtaí go leanfaidís orthu ag forbairt struchtúr a roinne ábhar féin. Is inmhianaithe go dtiocfadh múinteoirí na dteicneolaíochtaí, idir Líníocht Theicniúil, Ghrafaic Theicniúil, SF, TÁA agus TE, le chéile in aon roinn ábhar amháin le haghaidh pleanála. D’fhéadfaí na pleananna ábhar, agus iad á bhforbairt do na h-ábhair faoi seach, a chur faoi bhráid an roinn ábhar seo, roinn ábhar na dteicneolaíochtaí, chun iad a phlé agus chun go mbeadh deis ag na múinteoirí a ndea-chleachtais a roinnt. Ba mhór an chabhair a bheadh anseo don bhfoireann agus iad ag dul i ngleic leis na míreanna pleanála céanna, go háirithe foghlaim agus teagasc chomh maith le forbairt na n-ábhar i gcoitinne.
Chun barr feabhais a chur ar an gcóras pleanála do roinn ábhar na dteicneolaíochtaí moltar go roghnódh foireann teagaisc na n-ábhar tionólaí ar bhonn bliantúil de réir uainíochta. Moltar go dtionólfaí cruinnithe go rialta agus go gcoimeádfaí taifid achomair do phríomh thorthaí na gcruinnithe i bhfoirm pointí urchair.
Bhí réamh-phleanáil cúramach déanta do na ranganna a breathnaíodh le linn na cigireachta. Úsáideach raon acmhainní suimiúla mar thacaíocht le teagasc agus foghlaim na ranganna idir thréshoilseáin, líníochtaí agus leatháin oibre. Moltar go bhfuil a chlár teagaisc féin déanta amach ag gach múinteoir sa SF, TÁA agus TE. De ghnáth i gcás gach ceann de na h-ábhair seo is aon mhúinteoir amháin a mhúineann é sa scoil. Moltar, agus pleananna á ndéanamh amach do na h-ábhair, go gcuirfí leis na cláir theagaisc atá forbartha cheana. Go h-áirithe moltar go ndéanfaí tagairt i ngach plean ábhair do na modhanna agus straitéis teagaisc is fearr a n-oibríonn chun spriocanna foghlama agus teagaisc faoi leith a bhaint amach. Is soiléir go bhfuil taithí agus tuiscint sár mhaith ag an bhfoireann teagaisc a chuirfidh go mór leis an bpróiseas phleanáil ábhair seo. Mar a luadh níos luaithe, agus na pleananna ábhair á gcur ós comhair cruinnithe den roinn ábhar na dteicneolaíochtaí is mór an tairbhe a d’fhéadfaí a bhaint as na modhanna agus straitéis teagaisc a d’oibrigh a roinnt le foireann teagaisc iomlán na n-ábhar. Is tráthúil tabhairt faoin bpleanáil ábhair seo i gcomhthéacs bhunaithe Phobalscoil Chorca Dhuibhne sa scoilbhliain nua. B’fhiú acmhainní na scoile nua a chur san áireamh agus na pleananna ábhair á bhforbairt
Is mór an difríocht a dhéanfaidh úsáid an dearaidh ríomh-chuidithe tríthoiseach paraiméadrach i dteagaisc na dteicneolaíochtaí uile. Agus bogearraí Solidworks agus ríomhairí á gcur ar fáil do scoileanna na tíre, tá sé riachtanach go ndéanfaí pleanáil aireach ina dtaobh. Tá sé i gceist go mbeidh na h-acmhainní seo in úsáid ní h-amháin sa Ghrafaic Dhearaidh agus Cumarsáide ach i ngach ábhar teicneolaíochta sa timthriall sinsearach. Chomh maith leis seo is iontach an áis í an dearadh ríomh-chuidithe tríthoiseach paraiméadrach seo i múineadh an dearaidh, atá mar chuid lárnach don TÁA. Spreagtar an fhoireann teagaisc SF agus TÁA na h-áiseanna ríomhaireachta a chur in áirithe agus Solidworks a chur ar fáil do scoláirí na n-ábhar chomh luath agus is féidir. Is inmhianaithe é go n-úsáidfeadh na scoláirí TÁA Solidworks mar áis chun próiseas an dearaidh a thacú ón gcéad bhliain ar aghaidh.
Is maith an soláthar a dhéantar do riachtanais sláinte agus sábháilteachta sa saotharlann. Idir na fógráin chaighdeánacha chun trealamh cosanta pearsanta a chaitheamh agus na línte ar an urlár ag taispeáint achair shábháilte oibre timpeall ar na meaisíní is maith mar a díríodh na scoláirí ar cheist na sábháilteachta. Chun barr feabhais a chur ar an dea-chleachtas seo moltar fógráin de na rialacha faoi leith a bhaineann le h-úsáid gach meaisín a thaispeáint ar an bhfalla taobh leis an meaisín lena bhaineann siad. Moltar chomh maith na rialacha iompair ghinearálta don tseomra a thaispeáint. Is ar mhaithe le h-aird na scoláirí a tharraingt ar an sábháilteacht, chomh maith le timpeallacht sábháilte a sholáthar, a thaispeántar achair shábháilte oibre timpeall ar na meaisíní. Mar sin spreagtar go dtaispeánfaí fógrán leis na h-achair sin a mhíniú do na scoláirí. Moltar go ndéanfaí tagairt don doiciméad Review of Occupational Health and Safety in the Technologies in Post-primary Schools (State Claims Agency, An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 2005), agus cúrsaí sláinte agus sábháilteachta sa saotharlann á bplé. Beidh an-deis ag foireann teagaisc SF agus TÁA an saotharlann sa scoil nua a chur in eagar de réir na dtreoracha a leagtar amach sa doiciméad sin agus guitear gach rath ar an obair sin.
Bhí an mhodheolaíocht a úsáideadh sna ceachtanna a breathnaíodh le linn na cigireachta oiriúnach do chumais, riachtanais agus do spéis na scoláirí. Rinneadh cuspóir gach ceachta soiléir ó thús. Ba mhaith an struchtúr agus an luas a bhí faoi gach ceacht. I gceacht TE sa timthriall sóisearach d’oibrigh na scoláirí ar teilgean ortagrafach. Ba shoiléir go raibh réamh-phleanáil cúramach déanta. Baineadh úsáid as ábhair fhótachóipeálta chun toisí na n-dlúthóg a bhí á líniú a chur i láthair do na scoláirí. D’éascaigh na h-ábhair seo obair neamhspleách na scoláirí, á saoradh chun tabhairt faoin obair ar a luas féin agus moltar é seo. Ag tús an cheachta d’úsáid an múinteoir ceistiú oilte chun obair an cheachta a shoiléiriú. Baineadh dea-úsáid as an gclár dubh chun a thaispeáint do na scoláirí cad a bhí le déanamh. Agus gach rud soiléir, tugadh am do na scoláirí tabhairt faoin líníocht ar a luas féin. Tugadh tuilleadh cabhrach do na scoláirí mar rang ó am go chéile le linn an cheachta, ach ba mhó an chabhair a tugadh dóibh duine ar dhuine agus an múinteoir ag bogadh eatarthu ag tabhairt moladh agus spreagadh dóibh mar ba ghá.
Baineadh úsáid mhaith as raon straitéisí teagaisc sna ceachtanna a breathnaíodh. I gceacht SF ar fuaim thóg an múinteoir an deis chun féachaint siar ar struchtúr urláir uachtaraigh adhmaid. Úsáideadh an t-osteilgeoir go h-éifeachtach. Tar éis dó na toisí a shoiléiriú trí cheistiú na scoláirí, chuir an múinteoir sceitse de ghearradh ceartingearach an urláir ar an gclár dubh. Moltar an straitéis seo chun tuiscint na scoláirí a dhaingniú. Tar éis siar-fhéachaint ar am aisfhiliúcháin agus gnéithe eile den fhuaim i bhfoirgnimh agus déileáil le príomh ábhar an cheachta, insliú fuaime, thug na scoláirí faoi líníochtaí saorlámhacha de na modhanna inslithe fuaime a bhíothas tar éis a shoiléiriú. Bhí suim domhain an mhúinteora san ábhar soiléir agus chuir seo go mór le h-éifeacht an cheachta. Moltar é seo.
Cé gurb í an Ghaeilge teanga na saotharlainne agus an tseomra ranga, ní hí a bhí mar chéad nó dara theanga ag roinnt de na scoláirí. Moltar go hard foireann teagaisc SF agus TÁA as a dtacaíocht éifeachtúil don Ghaeilge agus do na scoláirí á foghlaim. I gceacht amháin TÁA bhí na scoláirí ag foghlaim conas adhmad a mharcáil amach agus a ghearradh. Baineadh dea-úsáid as taispeántas scileanna praiticiúla ionas nach gcuirfeadh easpa teanga isteach ró-mhór ar fhoghlaim na scoláirí. Ba mhór an chabhair an dea-chleachtas seo ní hamháin d’fhoghlaim na hadhmadóireachta ach mar thacaíocht d’fhoghlaim na Gaeilge.
Moltar dea-bhraistint na seomraí ranga. Bhí smacht agus dea-iompar le tabhairt faoi ndeara i ngach ceacht a breathnaíodh. Ghlac na scoláirí go toilteanach leis an smacht agus ní de bharr brú. Is maith mar a réitigh na múinteoirí leis na scoláirí agus na scoláirí le chéile. Thaispeáin idirghníomhaíocht na múinteoirí agus na scoláirí an chomh-urraim eatarthu. Rinneadh dearbhchothú ar iarrachtaí na scoláirí. Ba mhinic le linn na ranganna a d’imigh na múinteoirí timpeall i measc na scoláirí chun moladh agus cabhair a thabhairt dóibh mar ba chóir.
Ba dheas an t-atmaisféar foghlama a bhí cruthaithe ins na seomraí ranga agus sa saotharlann. Go minic chuidigh póstaeir oiriúnacha chomh maith le samplaí d’obair scoláirí le spreagthacht na timpeallachta. Tá an dea-chleachtas seo le moladh agus ba cheart é a leathnú. Moltar go h-áirithe go mbainfí úsáid as liostaí focal nua, crochta ar na fallaí chun téarmaíocht na n-ábhar a choimeád ós comhair na scoláirí go dtí go bhfoghlaimítear í. Ba chóir an téarmaíocht seo a bheith as Gaeilge.
Ba shoiléir ó fhreagraí na scoláirí dá múinteoirí agus don chigire go raibh tuiscint ar a raibh á staidéar acu. Bhíodar gafa le gníomhachtaí na gceachtanna a breathnaíodh agus bhí an t-eolas a thaispeáin siad ar choincheapa agus ar fhíricí TÁA, TE agus SF mar ba chóir.
Reachtáiltear scrúduithe foirmiúla sa scoil aimsir na Nollag agus sa samhradh. Chomh maith leo seo cuirtear réamh scrúduithe ar fáil, lár téarma san earrach, do scoláirí ag tabhairt faoi na scrúduithe stáit sa dara agus sa séú bliain. Cuirtear tuairisc scoile abhaile ar thorthaí na scrúdaithe seo.
Déantar measúnú go rialta ar dhul chun cinn na scoláirí sa TÁA, TE agus SF agus is maith an cleachtas é seo. Bunaítear an measúnú seo ar scrúduithe ranga a thugtar thart ar gach dhá mhí sa TÁA agus sa SF agus ó am go chéile sa TE. Déantar measúnú ar obair bhaile sa TE chomh maith. Marcáiltear gach tionscadal dearaidh agus é críochnaithe ag an scoláire. Cuirtear na marcanna leanúnacha seo uile san áireamh le marcanna ó na scrúduithe foirmiúla ag an Nollaig agus sa samhradh chun teacht ar na torthaí deiridh. Chun barr feabhais a bhaint amach sa mheasúnú seo uchtaítear go ndéanfaí pleanáil ar straitéis chomónta a fhorbairt do na h-ábhair theicneolaíochta uile. Dá ndéanfaí sonraí an chórais measúnaithe seo soiléir do na scoláirí do thuigidís éifeacht na marcanna a ghnóthóidís féin. Agus eolas tugtha dóibh go rialta ar a marcanna féin, thabharfadh seo dearbhú dóibh ar a bheadh bainte amach acu agus spreagadh chun feabhais nuair ba ghá.
Coimeádann na múinteoirí taifid iomlána ar fhreastal, ghnóthachtáil agus obair bhaile na scoláirí ina ndialanna de réir dea-chleachtais. Eagraítear cruinnithe idir na múinteoirí agus tuismitheoirí na scoláirí uair sa bhliain ag a ndéantar plé ar dhul chun cinn a mac. Cuirtear na taifid faoi bhráid na dtuismitheoirí ag na cruinnithe. Chomh maith leis seo cuirtear fáilte roimh aon tuismitheoir chun aon ní maidir lena mac nó a mhac a phlé. Leantar dea-chleachtais i leith teagmháil a choimeád le tuismitheoirí.
I ngach ceacht a breathnaíodh thaispeáin scoláirí díograis agus fiosracht i leith an ábhair. Bhí na scileanna agus an t-eolas a bhí bainte amach ag na scoláirí oiriúnach dá n-aois agus dá n-ábaltacht agus bhíodar ag foghlaim dá réir.
Is iad seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh sa mheastóireacht:
Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint:
Eagríodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Staidéar Foirgníochta, Theicneolaíocht Ábhar (Adhmad) agus Teicneolaíochta agus leis an bpríomhoide ag deireadh na meastóireachta áit ar cuireadh i láthair agus ar pléadh na dréacht-chinntí agus moltaí.