Soláthraithe Ardoideachais
Sainaithnítear sa liosta institiúidí Ardoideachais in Éirinn institiúidí a sholáthraíonn cláir ardoideachais a bhfuil dámhachtainí a fholaítear sa Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí mar thoradh orthu. Is iad na hinstitiúidí seo:
- institiúidí arna mbunú faoi Acht an Oireachtais (Parlaimint) NÓ
- institiúidí a fhaigheann Státchabhair.
Moltar d’iarratasóirí ionchasacha teagmháil a dhéanamh le gach institiúid tríd an Nasc Gréasáin a sholáthraítear ar an liosta.
Tá Institiúidí Ardoideachais príobháideacha in Éirinn freisin a thairgeann cláir a fhaomhann Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochta Éireann (QQI). Féadtar liosta iomlán de na soláthraithe seo a fháil ar láithreán Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochta Éireann (QQI).
Ní fhéadann an tAire Oideachais agus Scileanna comhairle a thabhairt maidir le heagraíochtaí príobháideacha a airbheartaíonn cláir ardoideachais a thairiscint ná trácht a dhéanamh ar chaighdeán na gcúrsaí a thairgeann na hinstitiúidí sin.