Scéim Foilseacháin um SF
Scéim Foilseacháin um SF na Roinne Oideachais
Éilítear in gCuid 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 ar chomhlachtaí um SF a mhéid faisnéise agus is féidir a réiteach agus a fhoilsiú ar bhealach oscailte agus inrochtana ar bhonn rialta taobh amuigh de SF, agus aird chuí ar phrionsabail na hoscailteachta, na trédhearcachta agus na cuntasachta. Ceadaíonn sé seo do thaifid a fhoilsiú nó a thabhairt taobh amuigh de SF chomh fada is nach bhfuil an foilsiú nó rochtain sin toirmiscthe de réir an dlí. Tiomnaítear comhlachtaí um SF sa scéim seo chun faisnéis a chur ar fáil mar chuid dá ngnáthghníomhaíochtaí gnó de réir na scéime seo.
Feic thíos Scéim Foilseacháin um SF na Roinne Oideachais agus Scileanna. Bíonn naisc chuig an fhaisnéis ábhartha ar shuíomh gréasáin na Roinne i ngach tábla. Murar féidir leat an t-eolas a theastaíonn uait a aimsiú anseo, b'fhéidir go mbeifeá ag iarraidh cuardach a dhéanamh ar shuíomh gréasáin na Roinne.
Chun faisnéis a fháil maidir le cén chaoi le hiarratas um Shaoráil Faisnéise a fáil cliceáil anseo