Cur Síos
Baineann cosaint sonraí le cosaint do chirt bhunúsaigh ar phríobháide, agus le do cheart smacht a choimeád ar an úsáid a bhaintear as d'eolas pearsanta. Is í aidhm an láithreáin Ghréasáin seo a leanas cuidiú leat na cearta seo a fheidhmiú, tríd an eolas riachtanach a thabhairt duit. www.dataprotection.ie
Leagann an Cód Cleachtais de Roinn amach éilimh na nAchtanna um Chosaint Sonraí, na céimeanna le tógáil ag an Roinn Oideachais agus Scileanna nuair atá sí ag próiseáil sonraí pearsanta agus an chaoi ina bhfreagróidh an Roinn ar iarrataí ar rochtain ar shonraí pearsanta.
Conas iarratas a dhéanamh
Faoi alt 4 de na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003, tá sé de cheart agat cóip a fháil d'aon eolas pearsanta a bhaineann leat féin. Chun cóip de shonraí pearsanta maidir leat féin atá i seilbh na Roinne a fháil, iarrtar ort an Fhoirm Iarratais um Rochtain ar Shonraí (iarratas rochtana ón ainmní). Ba cheart an fhoirm chomhlánaithe, in éineacht le cruthúnas céannachta grianghrafach éigin (pas nó ceadúnas tiománaí) a sheoladh chuig:
Aonad Bainistíochta na dTaifead
An Roinn Oideachais agus Scileanna
Sráid Mhaoilbhríde
Baile Átha Cliath 1
D01 RC96
Ríomhphoist chuig: records_management@education.gov.ie
Guthán: 01 889 6444
Féach Fresin
An Coimisinéir Cosanta Sonraí