Caranua agus Maoiniú Reachtúil na nInstitiúidí Cónaithe. Is Comhlacht Stáit neamhspleách é Caranua a bunaíodh faoin Acht um Chiste Reachtúil Institiúidí Cónaithe 2012 chun cabhrú le daoine ar tharla drochíde dóibh, mar leanaí, in institiúidí cónaithe in Éirinn agus a bhfuil socrú, cúiteamh airgid ó Bhord Sásaimh nó ón gCúirt acu. Tá Caranua maoinithe ag ranníocachtaí saorálacha ó chuallachtaí reiligiúnacha. Is é ról Caranua ná tacaíocht, eolas, comhairle agus cuidiú a sholáthar do mharthanóirí agus seirbhísí sláinte, oideachais agus tithíochta. Tá tuilleadh eolais maidir le Caranua (An Bord um Chiste Reachúil Institiúidí Cónaithe) ar fáil anseo: CARANUA Oifigeach na nAchomharc. Is féidir le marthanóirí atá míshásta le cinneadh Caranua maidir lena n-iarratas do chúnamh a gcás a chur ar aghaidh chuig Oifigeach Achomharc neamhspleách. Déanann Alt 21 den Acht soláthar Oifigeach Achomharc a cheapadh chun cinntí Caranua maidir le hiarratais do chúnamh ón gCiste a athbhreithniú agus tá sé seo rialaithe ag Na Rialacháin um Chiste Reachtúil d’Institiúidí Cónaithe (Achomhairc) 2014 (I.R. Uimh. 21 de 2014). Nuair a bhítear ag plé le hachomharc, ní bhíonn ar Oifigeach na nAchomharc cloí leis na forais a bhain leis an gcinneadh bunaidh ach d’fhéadfaí cinneadh a dhéanamh ar an ngnó amhail go bhfuil an cinneadh á dhéanamh don chead uair. D’fhéadfadh cinneadh an Oifigigh Achomharc: - an cinneadh achomhairc ag Caranua a dheimhniú,
- an cinneadh ag Caranua a aisghairm agus cinneadh eile, a shíleann an tOifigeach Achomharc a bheith cuí, a chur ina ionad nó
- an gnó a chur ar ais chuig Caranua d’athbhreithniú de réir pé treoruithe a shíleann an tOifigeach Achomharc atá cuí.
Is féidir cinntí an Oifigigh Achomhairc a achomharc chuig an Ardchúiirt, ach ar phointe dlí amháin. Tá tuilleadh eolais maidir leis an soláthar d’achomhairc ar fáil anseo: ACHOMHAIRC CARANUA , lena n-áirítear eolas maidir le CONAS achomharc a dhéanamh. Féach freisin www.caranua.ie
Staitisticí Achomhairc | Teagmháil Ríomhphost: caranuaappeals@education.gov.ie Seoladh: Oifigeach Achomharc Caranua An tAonad um Riarachán Achomharc f/ch An Roinn Oideachais Corr na Madadh Baile Átha Luain Co na hIarmhí N37 X659 Féach freisin |