Cé sinnFeidhmíonn an Oifig i gcáil idirchaidrimh idir an tAire, rannóga eile laistigh den Roinn, le Ranna eile, le comhlachtaí poiblí, le comhpháirtithe Oideachais agus leis an bpobal i gcoitinne. Cad a dhéanaimid- Faisnéisiú a shocrú don Aire ar gach ábhar a bhaineann le hoideachas agus scileanna agus leis an Roinn i gcoitinne
- Dialann, freastal ar chruinnithe, imeachtaí agus feidhmeanna de chuid an Aire a eagrú
- Taisteal baile agus coigríche an Aire a shocrú
- Faisnéisiú agus óráidí ábhartha an Aire a chomhordú
- Freagraí ón Aire ar uiríll/chomhfhreagras ó chomhaltaí an Oireachtais agus ó bhaill an phobail a ullmhú
- Tacaíocht don Aire agus é ag freastal ar an Dáil, ar chruinnithe comh-aireachta agus ar gach feidhm eile
- Rúin chomhaltaí príobháideacha agus gach gnó an Oireachtais a shocrú
- Fáiltithe Stáit a shocrú
| Teagmháil R-phost:Minister@education.gov.ie
Seoladh: Oifig an Aire, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Sráid Maoilbhríde, Baile Átha Cliath 1. D01 RC96 Teil: (01) 889 6400
|