Cé sinnAn Coiste Comhairleach um Polasaí Oideachas Gaeltachta Cad a dhéanaimidBunaíodh an Coiste Comhairleach um Polasaí Oideachas Gaeltachta i Márta 2017 chun tacú le cur i bhfeidhm céimnithe an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022. Téarmaí TagarthaIs éard a dhéanfaidh an Coiste Comhairleach um Polasaí Oideachas Gaeltachta: - príomhpháirtithe leasmhara a thabhairt le chéile chun comhairle a thabhairt ó raon leathan tuairimí d’fhonn tacú le hobair an Aonaid um Oideachas Gaeltachta
- comhpháirtíochtaí a thógáil agus páirtithe leasmhara a ghríosú
- fóram a sholáthar don phlé faoi chur i bhfeidhm polasaithe faoi láthair agus treoir/tosaíochtaí amach anseo
- monatóireacht ar an dul chun cinn i dtaca le gnéithe/gníomhartha polasaí
- teacht roimh dhúshláin agus deiseanna, agus iad a shainaithint, chun tacú le cur i bhfeidhm éifeachtach an Pholasaí agus chun comhairle a chur maidir leis an mbealach is fearr le freagairt dóibh
- déileáil le saincheisteanna ar bith eile i dtaca le cur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta a thagann chun cinn ó am go ham.
Is ball de Bhord Bainistíochta na Roinne Oideachais a bheidh mar Chathaoirleach ar an gCoiste Comhairleach um Polasaí Oideachas Gaeltachta. Buailfidh an Coiste Comhairleach um Polasaí Oideachas Gaeltachta lena chéile suas le ceithre huaire sa bhliain. BallraíochtÁireoidh ballraíocht sa Choiste Comhairleach ionadaithe a bheidh ainmnithe ag páirtithe leasmhara ábhartha. Is le rogha na Roinne Oideachais a roghnófar na heagraíochtaí chun páirt a ghlacadh ar an gCoiste Comhairleach. Féadfaidh ionadaithe ó na heagraíochtaí seo a leanas a bheith ina mbaill ar an gcoiste: Oifigeach Poiblí Ainmnithe (OPA): Harold Hislop, Príomhcigire, Roinn Oideachais (RO) Ballraíocht Coiste Comhairleach um Polasaí Oideachas Gaeltachta |