Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017–2022

Ceisteanna Coitianta

1.  Cad é an Polasaí don Oideachas Gaeltachta?

Freagraíonn an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna, a foilsíodh i nDeireadh Fómhair 2016, do Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 de chuid an Rialtais agus tá sé ar cheann de ghealltanais na Roinne sa Phlean Gníomhaíochta don Oideachas 2016-2019.

Is é atá sa Pholasaí ná freagra straitéiseach na Roinne Oideachais agus Scileanna chun tabhairt faoi na dúshláin teanga atá roimh an nGaeltacht. Dírítear sa Pholasaí ar na limistéir Ghaeltachta a choinneáil beo agus iad a dhaingniú mar cheantar dúchais na bpobal le Gaeilge. Aithnítear an Ghaeltacht sa Pholasaí mar limistéar sainiúil atá suntasach agus tábhachtach i gcúrsaí teangeolaíochta, cultúrtha agus eacnamaíochta.

Leagtar an Polasaí amach faoi sheacht gcolún, mar seo a leanas:

  1. Feabhas a chur ar struchtúr an tsoláthair oideachais
  2. Feabhas a chur ar cháilíocht an teagaisc trí Ghaeilge
  3. Cumas ceannairí scoile agus bainistíocht scoile a fhorbairt
  4. Feabhas a chur ar an gcuraclam don Ghaeilge
  5. Feabhas a chur ar acmhainní agus tacaí teanga
  6. Soláthar oideachais sna luathbhlianta a láidriú
  7. Feasacht a fhorbairt faoi bhuntáistí an oideachais trí Ghaeilge, cumarsáid a dhéanamh le tuismitheoirí, agus tacú leo.

Is é príomhchuspóir an Pholasaí a chinntiú go mbíonn fáil ar oideachas ardchaighdeáin agus ábhartha trí mheán na Gaeilge do dhaoine óga sa Ghaeltacht. Féachann sé le forbairt a dhéanamh ar na buntáistí agus láidreachtaí teangeolaíochta atá sa Ghaeltacht i gcomhar le próisis pleanála teanga áitiúla. Féachann sé leis an soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge a neartú trí raon de ghníomhartha agus tacaí spriocdhírithe sa Ghaeltacht.

2.  Cad í an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta?

Tá cuireadh tugtha do na scoileanna uile i limistéir pleanála teanga Ghaeltachta iarratas a dhéanamh ar pháirt a ghlacadh i Scéim chun aitheantas a bhaint amach mar scoil Ghaeltachta. Déanfaidh scoileanna a gheallann go mbeidh siad ina Scoileanna Gaeltachta, trína bpróisis féinmheastóireachta scoile (FMS), plean gníomhaíochta feabhsúcháin scoile uile a fhorbairt a léireoidh go soiléir an chaoi ina gcomhlíonfaidh an scoil riachtanais an phróisis aitheantais ar bhealach céimneach agus an chaoi ina dtógfaidh sí naisc lena pobal áitiúil chun úsáid na Gaeilge a chothú.

Maidir le scoileanna a gceadaítear a bpleananna gníomhaíochta, deonfar acmhainní agus tacaí breise orthu, lena n-áirítear forbairt ghairmiúil leanúnach (FGL) thiomnaithe, ar bhonn céimneach, nuair a chuirtear tús leis an bpróiseas aitheantais, agus de réir mar a bhíonn an rath ar gach céim de a bhaint amach. Ina theannta sin, beidh deis ag scoileanna Gaeltachta aitheanta freisin díriú ar a bheith ina Scoileanna Gaeltachta Barr Feabhais i gcomhar le cláir ghradam reatha agus nua.

3.  Cé a chinneann cé acu an mbeidh scoil páirteach sa Scéim nó nach mbeidh?

Ba chóir don phobal uile a bheith páirteach i gcinneadh scoile páirt a ghlacadh sa Scéim. I ndiaidh comhairliúcháin le pobal na scoile, déanfaidh an príomhoide, i gcomhar leis an mbord bainistíochta agus cathaoirleach an choiste pleanála teanga áitiúil, iarratas leis an Roinn chun páirt a ghlacadh sa Scéim.

4.  Conas a rachaidh rannpháirtíocht sa Scéim i gcion ar scoileanna?

Beidh ar gach scoil sa Ghaeltacht a dhéanann iarratas chun páirt a ghlacadh sa Scéim a plean gníomhaíochta feabhsúcháin scoile uile a fhorbairt chun a thaispeáint an chaoi ina bhfuil sé ar intinn ag an scoil feabhsúcháin a dhéanamh atá nasctha le próisis critéir theanga-bhunaithe mar a luaitear in Imlitir 0033/2017 do bhunscoileanna agus 0034/2017 d’iar-bhunscoileanna. Tabharfaidh Cigireacht na Roinne cúnamh, comhairle agus aiseolas do scoileanna le linn an phróisis. Déanfaidh an Roinn athbhreithniú ar phlean gníomhaíochta feabhsúcháin gach scoil atá páirteach sa Scéim in Earrach na bliana 2018 mar ullmhúchán dá chur i bhfeidhm ó Mheán Fómhair 2018.

Beidh sé de cheangal ar scoileanna feidhmiú go hiomlán trí mheán na Gaeilge, seachas curaclam an Bhéarla agus curaclaim teanga eile, i gcomhréir le critéir theanga-bhunaithe. Cuirfear ar chumas scoileanna an t-aitheantas seo a bhaint amach trí phróiseas céimneach, incriminteach thar thréimhse chúig bliana. Cuirfear acmhainní breise ar fáil do scoileanna atá ag glacadh páirt sa Scéim ó fhómhar na bliana 2017.

5.  Cad is Limistéar Pleanála Teanga ann?

Tá 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta ainmnithe ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi Acht na Gaeltachta 2012. Tá Údarás na Gaeltachta freagrach as tacú le heagraíochtaí pobail pleananna teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm d’fhonn úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a chaomhnú agus a neartú. I ngach limistéar pleanála teanga tá ceanneagraíocht nó coiste pleanála. Faoi Acht na Gaeltachta, 2012, tá ar scoileanna naisc a chothú agus comhoibriú leis an eagraíocht nó coiste sin.

6.  Conas a rachaidh rannpháirtíocht ár scoile sa Scéim i gcion ar mo pháiste?

Is é cuspóir na Scéime a chinntiú go mbíonn fáil ar oideachas ardchaighdeáin ábhartha trí mheán na Gaeilge ag do pháiste agus páistí eile atá ag freastal ar bhunscoil nó iar-bhunscoil sa Ghaeltacht. 

7.  Conas a rachaidh an Polasaí i gcion ar shuíomhanna luathbhlianta sa Ghaeltacht?

Tugtar aird ar leith sa Pholasaí ar an tábhacht a bhaineann le hoideachas ar ardchaighdeán trí mheán na Gaeilge a sholáthar sna suíomhanna luathbhlianta agus le hinniúlacht teanga agus úsáid na Gaeilge a chothú sa phobal Gaeltachta i gcoitinne. Is ar an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta (le tacaíocht ó Chomhar Naíonraí na Gaeltachta) agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige atá an fhreagracht maidir leis an bPolasaí i suíomhanna luathbhlianta. Tá sé i gceist go gcuirfidh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Tuaithe agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta tacaí ar fáil chun an t-oideachas trí Ghaeilge sna suíomhanna luathbhlianta sa Ghaeltacht a threisiú.  

8.  Céard a tharlóidh muna léiríonn an scoil ina bhfuil mo pháiste spéis lena bheith rannpháirteach sa Scéim ag an bpointe seo?

Molann an Roinn Oideachais agus Scileanna go láidir do scoileanna páirt a ghlacadh sa Scéim ón tús i bhfianaise na mbuntáistí oideachais i dtaca le foghlaim teanga agus freisin ar mhaithe le freagairt go dearfach do na dúshláin reatha atá ann do stádas na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht. Cé go moltar bheith rannpháirteach sa Scéim ón tús, tabharfar an rogha do scoileanna i limistéir pleanála teanga na Gaeltachta páirt a ghlacadh sa Scéim ag céim níos déanaí le linn tréimhse chúig bliana an Pholasaí.