Aitheantas Frithpháirteach do Cháilíochtaí Gairmiúla in Éirinn
Faoi Threoir 2005/36/CE ón AE maidir le hAitheantas Frithpháirteach do Cháilíochtaí Gairmiúla, déantar foráil do shaoránaigh an AE a gcáilíochtaí gairmiúla a fuarthas i dtír amháin an AE a bheith aitheanta i dtíortha eile an AE.
Cárta Gairmí Eorpach (EPC)
Is é is an Cárta Gairmí Eorpach (EPC) ann ná nós imeachta leictreonach is féidir leat a úsáid chun go n-aithneofar do cháilíochtaí gairmiúla AE i dtíortha eile AE.
Féadfaidh tú an nós imeachta um an gCárta Gairmí Eorpach a úsáid má tá tú ar cheann ar bith díobh seo:
- Altra atá freagrach as cúram ginearálta
- Cógaiseoir
- Fisiteiripeoir
- Treoraí sléibhe
- Gníomhaire eastáit réadaigh
Bíonn ar ghairmithe eile nósanna imeachta caighdeánacha a leanúint fós chun go n-aithneofar a gcuid cáilíochtaí.
Chun iarratas a dhéanamh ar Chárta Gairmí Eorpach, beidh ort síniú isteach ar dtús i D'Eoraip, seirbhís deimhniúcháin an Choimisiúin Eorpaigh, áit a mbeidh ort cuntas a chruthú mura bhfuil cuntas agat cheana féin.
Tógfaidh sé cúpla nóiméad duit do phróifíl don Chárta Gairmí Eorpach a chomhlánú trí d'fhaisnéis phearsanta agus do shonraí teagmhála a chur isteach.
A luaithe atá d'fhaisnéis phearsanta comhlánaithe, beidh tú in ann iarratas a chruthú, cóipeanna atá scanta go leictreonach de na doiciméid ábhartha a uaslódáil agus iad a chur isteach chuig údarás do thíre baile.
Féach an físeán agus na ceisteanna coitianta faoin gCárta Gairmí Eorpach chun tuilleadh faisnéise a fháil.
Teagmháil