Breisoideachas & Oiliúnt
Breisoideachas
Clúdaíonn Breisoideachas oideachas agus oiliúint a tharlaíonn tar éis scolaíocht dara leibhéal ach nach bhfuil mar chuid den chóras tríú leibhéal. Tá roinnt soláthraithe Breisoideachais agus Oiliúna agus Oideachais agus Oiliúna Aosach agus tá raon leathan scoileanna, eagraíochtaí agus institiúidí páirteach in oideachas agus in oiliúint leanúnach a sheachadadh d’fhágálaithe óga scoile agus d’aosaigh.
Oideachas agus Oiliúint Aosach
Tá Oideachas Aosach leagtha amach i Foghlaim don Saol – Páipéar Bán ar Oideachas Aosach, a foilsíodh i 2000. Cuireann eagraíochtaí éagsúla raon oideachais agus oiliúna ar fáil atá dírithe ar dhaoine atá dífhostaithe a uas-sciliú agus a athsciliú. Tá sé mar thosaíocht scileanna a sholáthar le haghaidh oibre.
An Creat Náisiúnta Cáilíochtaí
Bíonn teistiú san earnáil Bhreisoideachais agus Oiliúna ailínithe leis an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí de ghnáth, creat dámhachtainí 10 leibhéal atá ailínithe leis an gCreat Eorpach um Cháilíochtaí. Dearbhaíonn Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann cáilíocht na n-institiúidí breisoideachais agus ardoideachais agus oiliúna, bailíochtaíonn sé cláir oideachais agus bronnann sé dámhachtainí ar fhoghlaimeoirí.
Institiúidí a Chuireann Oideachas agus Oiliúint Aosach Ar Fáil
Is iad an phríomhsholáthraí i mbreisoideachas agus oiliúint agus in oideachas agus oiliúint aosach na Bhord Oideachais agus Oiliúna (BOOanna).
Cláir Lánaimseartha i mBreisoideachas
- Cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLC)
- An Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (VTOS)
- Ógtheagmháil
Cláir Pháirtaimseartha i mBreisoideachas
- An Tionscnamh um Fhilleadh ar an Oideachas (BTEI)
- Litearthacht Aosach
- Oideachas Pobail