
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Department of Education and Science
Cigireacht Ábhair ar an nGaeilge
TUAIRISC
St. Fachtna’s De La Salle
An Sciobairín, Contae Chorcaí
Uimhir rolla: 62480Q
Dátaí na cigireachta: 8 & 9 Bealtaine 2007
Dáta eisiúna na tuairisce: 6 Nollaig 2007
Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile
Achoimre ar na Príomhchinntí agus Moltaí
Tuairisc ar Cháilíocht na Foghlama agus an Teagaisc sa Ghaeilge
An Tuairisc Chigireachta Seo
Scríobhadh an tuairisc seo tar éis chigireacht ábhair i scoil Naomh Fachtna de la Salle. Leagann sé amach tátail mheasúnachta maidir le cáilíocht na foghlama agus an teagaisc sa Ghaeilge agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht seo, inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga inar breathnaíodh an fhoghlaim agus an teagasc, thar dhá lá. Bhí caidreamh ag an gcigire leis na scoláirí agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis na múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúcháin scríofa na múinteoirí. Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na measúnachta don phríomhoide agus do na múinteoirí Gaeilge. Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce; ba rogha leis an mbord glacadh leis an tuairisc gan freagra a thabhairt
Is scoil do bhuachaillí amháin í scoil Naomh Fachtna De La Salle. Tá an scoil suite i gceantar ina bhfuil seasamh láidir ag gnéithe áirithe den chultúr Gaelach. Go deimhin, tá Gaeltacht Chléire cóngarach go maith do phobal na scoile agus is iomaí duine díobh a bhfuil ceangal ar leith aige/aici le hOileán Chléire.
Tá moladh ag dul do bhainistíocht na scoile as an tacaíocht láidir a thugann an t-amchlár don Ghaeilge. Bíonn teagmháil rialta ag gach scoláire leis an nGaeilge i rith na seachtaine. Bíonn sé rang sa tseachtain ag scoláirí na cúigiú agus na séú bliana, soláthar atá oiriúnach go maith ag an leibhéal seo. Ranganna cumais mheasctha a bhíonn sa chéad bhliain agus sruthaítear na ranganna sna blianta eile. Tionóltar na ranganna Gaeilge ón dara bliain go dtí an séú bliain ag an am céanna, rud a thugann solúbthacht chun bogadh ó leibhéal amháin go leibhéal eile más gá.
Tá díolúine ó staidéar na Gaeilge ag seisear scoláire déag. Is eachtrannaigh nó scoláirí a fuair cuid dá n-oideachas thar lear deichniúr acu agus is scoláirí a bhfuil deacrachtaí foghlama ar leith acu an fuílleach. Fanann na scoláirí seo sa rang le linn an cheachta Gaeilge, ach amháin sa chás go bhfuil tacaíocht foghlama ar fáil dóibh. Is léiriú é an líon íseal díolúintí ar an stádas atá ag an nGaeilge sa scoil. Mar shíneadh ar an léiriú seo, moladh go mbeadh níos mo Gaeilge ar stáiseanóireacht na scoile agus go n-úsáidfí roinnt Gaeilge sa chomhfhreagras scríofa a dhéantar le páirtithe seachtracha.
Is mór an tsuim a chuireann na múinteoirí uile i ngach gné den Ghaeilge, bíodh cur chun cinn na teanga, an cultúr Gaelach nó léann na Gaeilge i gceist. Is mór acu a gcuid rannpháirtíochta in imeachtaí éagsúla an bhaile agus an cheantair, agus tugann siad leo chuig na himeachtaí seo fonn chun blaiseadh den Ghaeilge a thabhairt do na daoine a mbíonn caidreamh acu leo. Is mór an teagmháil a bhíonn acu leis na baill eile de phobal an cheantair a bhíonn ag gníomhú ar son na Gaeilge (m.sh. Glór na nGael, Gaelscoil Dhochtúir Uí Shúilleabháin, Gael-Linn agus an Cumann Lúthchleas Gael).
Tá seomra ríomhaireachta sa scoil agus tugann múinteoirí áirithe a gcuid ranganna Gaeilge ann anois is arís. Tá rogha de phóstaeir curtha ar crochadh in ionaid éagsúla ar fud na scoile ar a bhfuil seanfhocal clóbhuailte agus grianghraf (nó pictiúr) a shoiléiríonn an bhrí atá leis. Spreag an feachtas póstaer seo na scoláirí chun taighde a dhéanamh ar an idirlíon, rud a thug taithí fhónta dóibh ar úsáid na teicneolaíochta trí mheán na Gaeilge.
Is nós le múinteoirí Gaeilge a gcuid acmhainní teagaisc a chur i dtaisce sa seomra foirne. Is anseo atá seilf acu ar a bhfuil foclóirí, leabhair thagartha agus leabhair thaighde mar aon le dlúthdhioscaí agus áiseanna eile nach iad. Ba mhór an chabhair é dá mbeadh ionad ar leith ag múinteoirí ina mbeadh fáil fhurasta acu ar acmhainní na Roinne. Go deimhin, b’fhearr go mór fós é dá mbeadh a seomraí féin acu chun go bhféadfaidís timpeallacht foghlama spreagúil a chruthú. Moladh dóibh agus do bhainistíocht na scoile go gcuirfí na riachtanais seo san áireamh sna forbairtí a dhéanfar amach anseo.
Déantar iarracht ar an nGaeilge a chomhtháthú le gnéithe eile de chuid churaclam na scoile. Mar chuid de thogra de chuid na hidirbhliana, dhear baill na mionchomhlachta póstaeir agus cártaí Gaeilge agus díoladh ar an mbaile iad. Tá moladh ag dul do rannpháirithe uile an togra seo as a gcuid acmhainneachta agus as an iarracht a rinne siad blaiseadh den Ghaeilge a thabhairt do phobal an cheantair. Tá suim ar leith ag duine de na múinteoirí Gaeilge i logainmneacha na dúiche agus chuir sé scoláirí ag obair i dteannta taighdeora atá ag bailiú eolais ar logainmneacha na Mumhan.
I measc na n-imeachtaí seach-churaclaim a thacaíonn leis an nGaeilge áirítear na cluichí Gaelacha agus aoi-chainteoirí. Eagraítear imeachtaí éagsúla le linn Sheachtain na Gaeilge (m.sh. comórtas póstaer, Tráth na gCeist). Tá nasc láidir ag Gael-Linn le scoileanna an bhaile agus cuireann siad béaltrialacha ar scoláirí atá ag ullmhú do Bhéaltriail na hArdteistiméireachta. Is nós le cuid de na scoláirí sóisearacha tréimhse trí seachtaine a chaitheamh sa Ghaeltacht i rith an tsamhraidh.
Tugann gach múinteoir faoi phleanáil aonair. Chuir a bhformhór a gcuid fillteán pearsanta ar fáil mar a raibh ráidhse de nótaí, de bhileoga saothair agus d’fhoinsí tagartha. Moltar na múinteoirí seo as an díograis a chaitheann siad lena gcuid cleachtais.
Chomh fada agus a bhaineann leis an gcomhphleanáil, is nós leis na múinteoirí a bhfuil ranganna Gaeilge na mblianta céanna acu comhphlé a dhéanamh ar nithe a bhaineann go sainiúil leis na grúpaí atá faoina gcúram (m.sh. roghnú téacsleabhar, scrúduithe comónta más ann dóibh). Tá plean leagtha amach don idirbhliain, ach amháin gur gá é a uasdhátú. Moladh go gcuimhneofaí ar ghníomhaíochtaí feidhmiúla a chuirfeadh scoláirí na hidirbhliana amach i measc mhuintir an cheantair; is é sin i measc daoine atá báúil go maith leis an nGaeilge agus leis an gcultúr Gaelach.
Tugadh le tuiscint do mhúinteoirí gur mór an fiúntas a ghabhfadh le cruinnithe de chuid na múinteoirí Gaeilge ar fad chun plé a dhéanamh ar cheisteanna éagsúla a bhaineann le foghlaim agus le teagasc na Gaeilge sa scoil. Aithníodh gur suntasach an saineolas atá ag múinteoirí aonair i gcás ghnéithe éagsúla den cheird agus aontaíodh ag an gcruinniú iarmheastóireachta go gcuirfeadh an comhphlé agus an chomhphleanáil go mór leis an taithí foghlama agus teagaisc, dóibh féin agus do scoláirí na Gaeilge. Ina fhianaise seo rinneadh plé ghearr ag an gcruinniú ar na topaicí nár mhiste díriú orthu ag na cruinnithe pleanála (m.sh. ráiteas i leith na Gaeilge sa scoil, mórspriocanna foghlama, deiseanna don fhíorchumarsáid, an fhoghlaim idirdhealaithe sna ranganna cumais mheasctha agus cnuasú acmhainní).
Moladh do na múinteoirí comhad don Ghaeilge a chur le chéile ina mbeadh an cháipéisíocht ar fad a bhaineann leis an nGaeilge sa scoil. D’fheidhmeodh a leitheid de chomhad mar fhoinse thagartha do mhúinteoirí nua-cheaptha nó do mhúinteoirí ionadaíochta agus iad á gcur féin ar an eolas maidir le himeachtaí uile na Gaeilge sa scoil. Ní hamháin seo, ach ba léargas é an comhad céanna ar an obair ar fad a bhíonn ar siúl sa scoil, taobh istigh den seomra ranga agus taobh amuigh dó, ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn.
Bhí an Ghaeilge i dtreis i bhformhór na ranganna ar tugadh cuairt orthu sa mhéid is gurbh í an Ghaeilge a labhair na múinteoirí leis na scoláirí. Bhí tuiscint réasúnta maith ag na scoláirí ar chaint an mhúinteora agus é de mhuinín ag mórán acu freagra i nGaeilge a sholáthar ar cheisteanna an mhúinteora. Braitheadh go raibh caighdeán maith Gaeilge ag scoláirí áirithe agus go raibh sealbhú éifeachtach déanta ag a bhformhór ar an teanga de réir a n-acmhainne. Ba léir i gcás amháin go raibh dianchleachtadh déanta ag an múinteoir leis an rang ar na bunstruchtúir teanga a mbíonn gá leo chun comhrá a dhéanamh. Anuas air seo, bhí na scoláirí céanna go mór ar a gcompórd le meitetheanga an tseomra ranga. Tá ardmholadh tuillte ag an múinteoir seo as an gcumas cumarsáide atá bainte amach ag gach scoláire sa rang agus as an dearcadh dearfach atá acu ar fad i leith na Gaeilge. B’iontach an rud é dá bhféadfaí an cleachtas céanna a chothú sna ranganna Gaeilge sa scoil trí chéile agus b’fhiú go mór do na múinteoirí Gaeilge plé a dhéanamh ar an ábhar.
Tríd is tríd, bhí ábhar na gceachtanna ag teacht le raon suime na scoláirí. Cúrsaí spóirt, an Ghaeilge agus an deireadh seachtaine a bhí i measc na dtéamaí a ndearnadh plé orthu. I gcás fhormhór na ranganna chuir na múinteoirí réimse de ghníomhaíochtaí éagsúla ar siúl chun cleachtadh a dhéanamh ar an sprioctheanga. Is an-chleachtas é seo agus moladh do na múinteoirí ar fad dianchleachtadh a dhéanamh ar na réimsí den teanga atá á múineadh. É seo ráite, maireann an baol i gcónaí go bhféadfadh rogha ró-leathan gníomhaíochtaí teacht salach ar shealbhú éifeachtach teanga. Meabhraíodh do mhúinteoirí an tábhacht a bhaineann le druileanna chun ionramháil chruinn na mbunstruchtúr teanga a chleachtadh agus an leas is mó is féidir a bhaint as an scríbhneoireacht chun treisiú a dhéanamh ar a bhfuil foghlamtha.
I measc na n-acmhainní ar baineadh leas astu le linn na gceachtanna Gaeilge bhí an téacsleabhar, an clár dubh, an téipthaifeadán, na scrúdpháipéir agus giotaí as nuachtáin. Is an-chleachtas é leas a bhaint as ábhar beo (m.sh. nuachtáin, grianghraif, irisí) chun caint agus tuairimíocht a spreagadh. Moladh do mhúinteoirí go gcnuasóidís a gcuid acmhainní teagaisc agus go mbeidís ar fáil in áit lárnach ag gach duine díobh. Ghlac siad leis gur fusa caint a mhealladh ó scoláirí nuair is giorra an t-ábhar cainte do raon suime agus taithí na scoláirí. Ar an ábhar seo, moladh dóibh comhphlé a dhéanamh ar na hábhair chainte is oiriúnaí do dhéagóirí agus ar an leas is féidir a bhaint as na hacmhainní céanna chun deiseanna don bhfíorchumarsáid a chruthú le linn na gceachtanna. Tugadh le tuiscint dóibh gur chóir go mbeadh forbairt cumas labhartha na scoláirí mar fho-sprioc i gcás gach ceacht Gaeilge.
Bhí obair na scoláirí curtha ar crochadh ag múinteoir amháin agus ba dheas é an seomra ranga a bheith maisithe mar a bhí. B’fhiú go mór an cleachtas seo a leathnú agus níos mó samplaí d’obair na scoláirí agus d’imeachtaí na Gaeilge a chur ar taispeáint ar fud na scoile. Is an-spreagadh don scoláire é nuair a chuirtear a c(h)uid oibre ar crochadh agus téann samplaí/grianghraif d’imeachtaí éagsúla go mór i bhfeidhm ar phobal na scoile trí chéile. Is an-chabhair leis don mhúinteoir é nuair is féidir cairteanna a chur ar crochadh ar a mbíonn pointí gramadaí agus cnuasaigh focal. Glactar leis gur deacair do mhúinteoirí an cleachtas seo a chur i bhfeidhm faoi láthair ach arís, moladh dóibh é a chur san áireamh agus pleanáil á dhéanamh d’fhorbairtí amach anseo.
Ar an iomlán, bhí caidreamh deas idir na múinteoirí agus na scoláirí faoina gcúram. Thug formhór na scoláirí faoina gcuid oibre le fonn agus ba léir toradh fónta ar a gcuid díograise ag deireadh an cheachta. Bhí atmaisféar deas sna ranganna sin ina raibh na scoláirí gníomhach go maith i dtascanna a d’oir go maith dá raon cumais agus suime. Tá ardmholadh tuillte ag na scoláirí seo as an gcúirtéis agus as an ndearfacht a thugann siad chun na ranganna agus is dea-theist é an dearcadh seo ar bhuanna gairmiúla a gcuid múinteoirí.
Déantar dul chun cinn na scoláirí a mheas ar shlite éagsúla mar mhodh chun léargas a fháil ar éifeacht na foghlama agus an teagaisc.
Is nós le múinteoirí áirithe scrúdú a chur ar scoláirí sa rang go tráthrialta. Coimeádann siad cuntas ar thorthaí na scrúduithe seo ina bhfillteáin phearsanta. Moltar an cleachtas seo ós rud é gur mór an chabhair do scoláirí agus dá múinteoirí é aiseolas rialta a fháil i leith an dhul chun cinn atá déanta / á dhéanamh.
Déantar obair scríofa na scoláirí a cheartú. I gcásanna áirithe, bronntar marc de réir scéimeanna marcála na scrúduithe stáit ar cheachtanna scríofa. Is an-chleachtas é seo sa mhéid is go dtugann sé léargas cruinn don scoláire ar chur i bhfeidhm na scéime marcála.
Reáchtáltar scrúduithe tí um Nollaig agus sa samhradh. Bíonn réamhscrúdú san earrach ag iarrthóirí na scrúduithe stáit. Is maith ann iad na réamhscrúduithe mar thaithí ar rúibricí na scrúduithe stáit, ar bhainistíocht ama agus ar leagan amach an scrúdpháipéir. Seoltar tuairisc abhaile le torthaí na mórscrúduithe seo chun go mbeadh gach duine – an scoláire féin, tuismitheoirí/caomhnóirí agus múinteoirí – ar an eolas maidir leis an gcaighdeán atá á bhaint amach ag an scoláire.
Déantar scileanna cainte scoláirí na séú bliana a mheas aimsir na Nollag agus arís roimh Bhéaltriail na hArdteistiméireachta. Tá moladh ag dul do na múinteoirí Gaeilge agus do bhainistíocht na scoile as an soláthar seo a chur ar fáil. Ba cheart go dtabharfaí aitheantas do chumas cainte gach scoláire a dhéanann staidéar ar an nGaeilge agus moladh go ndéanfaí tagairt sa tuairisc scoile don iarracht a dhéanann an scoláire ar an nGaeilge a labhairt le linn an cheachta Gaeilge. Ní hamháin go léireodh a leithéid go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le cumas labhartha sa Ghaeilge ach is seift éifeachtach í chun caint a spreagadh sa rang. Ghlac na múinteoirí Gaeilge leis seo agus beartaíodh go dtabharfaí an chéad chéim sa phróiseas trí theastas a bhronnadh ar na scoláirí san idirbhliain a chuir feabhas ar a gcuid Gaeilge labhartha le linn na scoilbhliana sin.
Is iad seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh le linn na meastóireachta:
· Tá an scoil suite i gceantar ina bhfuil seasamh láidir ag gnéithe áirithe den chultúr Gaelach. Is iomaí duine de phobal na scoile a bhfuil ceangal ar leith acu le Gaeltacht Chléire.
· Tugann an t-amchlár an-tacaíocht don Ghaeilge agus tá moladh ag dul do bhainistíocht na scoile dá bharr.
· Is mór an tsuim a chuireann na múinteoirí uile i ngach gné den Ghaeilge, bíodh cur chun cinn na teanga, an cultúr Gaelach nó léann na Gaeilge i gceist. Is acmhainn thar a bheith luachmhar í an tsuim sa Ghaeilge agus an bhá léi, agus is an-chabhair í don té atá ag saothrú chun an Ghaeilge a thabhairt don aos óg.
· Déantar iarracht ar an nGaeilge a chomhtháthú le gnéithe eile de churaclam na scoile. Chomh maith leis seo, is iomaí imeacht seach-churaclaim a thacaíonn leis an nGaeilge.
· Is mór an méid pleanála a dhéanann múinteoirí ar bhonn aonair agus tá moladh ag dul dóibh as an díograis a thugann siad chun a gcuid oibre.
· Bhí an Ghaeilge i dtreis i bhformhór na ranganna ar tugadh cuairt orthu sa mhéid is gurbh í an Ghaeilge a labhair na múinteoirí leis na scoláirí. Tá éirithe ag múinteoir amháin cumas cumarsáide gach scoláire sa rang a fhorbairt agus dearcadh dearfach a chothú iontu ar fad.
· Ar an iomlán, bhí caidreamh deas idir na múinteoirí agus na scoláirí faoina gcúram.
· Déantar dul chun cinn na scoláirí a mheas ar shlite éagsúla mar mhodh chun léargas a fháil ar éifeacht na foghlama agus an teagaisc.
Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint:
· Moltar go mbeadh níos mó Gaeilge ar stáiseanóireacht na scoile agus sa chomhfhreagras oifigiúil scríofa a dhéanann an scoil le páirtithe éagsúla.
· Moltar go dtabharfadh Roinn Gaeilge na scoile faoin Phleanáil um Fhorbairt Ábhair ar bhonn foirmeálta.
· Moltar go dtabharfaí tús áite do chothú scileanna labhartha na scoláirí sna straitéisí teagaisc agus foghlama a chuirtear i bhfeidhm agus sa chóras measúnaithe.
Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Gaeilge agus leis an bpríomhoide ag deireadh na meastóireachta mar ar cuireadh i láthair agus mar ar pléadh na dréacht-chinntí agus na moltaí thuas.