An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

Department of Education and Science

 

  

Cigireacht Ábhair ar an nGaeilge

TUAIRISC

  

Scoil Mhuire

Mala, Contae Chorcaí

Uimhir rolla: 62350D

  

 

Dáta na cigireachta: 8 agus 9  Márta 2007

Dáta eisiúna na tuairisce: 4 Deireadh Fomhair 2007

 

 

An Tuairisc Chigireachta seo

Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile

Pleanáil agus Ullmhúchán

Teagasc agus Foghlaim

Measúnú

Achoimre ar na príomhchinntí agus  Moltaí

 

 

Tuairisc ar Cháilíocht na Foghlama agus an teagaisc sa Ghaeilge

 

 

 

An Tuairisc Chigireachta seo

 

Scríobhadh an tuairisc seo tar éis chigireacht ábhair i Scoil Mhuire. Leagann sé amach tátail mheasúnachta maidir le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair seo sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht seo thar dhá lá inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim. Bhí caidreamh ag an gcigire leis na mic léinn agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis na múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúcháin scríofa na múinteoirí. Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na measúnachta don phríomhoide agus do na múinteoirí Gaeilge. Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce; ba rogha leis an mbord glacadh leis an tuairisc gan freagra a thabhairt.

 

Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile

 

Is dlúthchuid d’fhéiniúlacht Scoil Mhuire í an Ghaeilge agus gach a mbaineann léi. Is trí Ghaeilge amháin a rinneadh gach gné de ghníomhaíochtaí na cigireachta, rud a léiríonn an stádas láidir atá ag an nGaeilge sa scoil.

 

Sé rang Gaeilge sa tseachtain a bhíonn ag scoláirí na séú agus na cúigiú bliana. Is mór an tacaíocht é seo do theagasc agus d’fhoghlaim na Gaeilge ag an leibhéal seo agus tá moladh ag dul do bhainistíocht na scoile dá bharr. Cúig rang sa tseachtain a bhíonn ag scoláirí na dara agus na tríú bliana, ceithre rang ag an gcéad bhliain agus trí rang ag scoláirí na hidirbhliana. Aithnítear gurb é an brú ar an amchlár faoi deara líon beag ranganna a bheith ag an gcéad bhliain agus ag an idirbhliain. É seo ráite, moltar go bhfiosfrófaí féidireachtaí maidir le rang sa bhreis a chur ar fáil do scoláirí na hidirbhliana mar dá mhinicí an teagmháil a bhíonn ag foghlaimeoirí leis an sprioctheanga is ea is fearr é.

 

Ranganna cumais mheasctha atá sa chéad bhliain agus san idirbhliain. Sna blianta eile sruthaítear na ranganna ardleibhéil de réir cumais agus measctar na ranganna gnáthleibhéil. Tionóltar na ranganna ag an am céanna i dtreo is gur féidir le scoláirí bogadh ó leibhéal amháin go leibhéal eile. Is maith an rud é solúbthacht mar seo a bheith ann. Cuireann an scoil clár na hArdteiste Feidhmí ar fáil agus déantar staidéar ar an nGaeilge Chumarsáideach sa chéad bhliain den chúrsa seo.

 

Ochtar scoláire is fiche atá sa scoil a bhfuil díolúine ón nGaeilge acu. Is eachtrannaigh iad ceithre dhuine déag díobh agus tá fadhbanna foghlama de réir an chiorcláin M10/94 ag an gceithre dhuine déag eile. Cuirtear  ranganna breise tacaíochta sa Bhéarla, sa litearthacht agus san uimhearthacht ar fáil dóibh nuair a bhíonn na ranganna Gaeilge ar siúl.  Tá staidéar á dhéanamh ar an nGaeilge ag scoláirí áirithe a bheadh i dteideal díolúine. Moltar an cleachtas seo. Ní hamháin go dtéann an rannpháirtíocht seo i bhfeidhm go mór ar fhoghlaim is ar fhéinmheas gach scoláire sa rang, ach is léiriú é go n-aithnítear an Ghaeilge mar chuid lárnach den chlár oideachais a sholáthraítear in Éirinn. Ina theannta seo, is minic a bhíonn bua fhoghlaim teangacha ag scoláirí ó thíortha eile. Tá grúpa eile de scoláirí nach ndéanann staidéar ar an nGaeilge toisc go bhfuil riachtanais ar leith oideachais acu. Moltar go ndéanfaí deimhin de go bhfaigheann na scoláirí seo blaiseadh éigin den Ghaeilge le linn dóibh a bheith ag freastal ar an scoil.

 

Naonúr múinteoirí Gaeilge atá sa scoil agus na blianta de thaithí ar theagasc na Gaeilge ag a bhformhór. Is baill iad de Chomhar na Múinteoirí Gaeilge agus is nós le múinteoir amháin freastal ar na cruinnithe agus aiseolas a thabhairt dá comhghleacaithe. Moladh go gcuirfí achoimre den eolas seo sa chomhad pleanála. Tionóltar cruinnithe roinne ar bhonn rialta, uair sa téarma ar a laghad. Sa chás go mbraitear gá a bheith ann le cruinniú breise, ní gá ach é a lorg agus déanfar na socruithe cuí. Coimeádtar cóip de mhiontuairiscí na gcruinnithe sa chomhad pleanála. I measc na dtéamaí a bhíonn ar chlár na gcruinnithe bíonn roghnú téacsleabhar, scrúduithe, pleanáil, imeachtaí seach-churaclaim, acmhainní agus cumas scoláirí sa Ghaeilge. Níl duine ar leith ainmnithe mar Cheann ar Roinn na Gaeilge. Déantar na dualgais éagsúla a roinnt go cothrom ar na múinteoirí uile agus meastar an córas seo a bheith éifeachtach.

 

Tá a seomra féin ag nach mór gach múinteoir Gaeilge ina bhfuil téipthaifeadán, teilifíseán agus taisceadán. Is iontach mar acmhainn é ionad dá leithéid a bheith ag múinteoirí. Cuireann sé ar a gcumas timpeallacht spreagúil foghlamtha a chruthú mar aon le cruth agus eagar a choimeád ar an stór áiseanna teagaisc atá cnuasaithe acu. Tá teacht ag múinteoirí ar ríomhairí glúine agus ar theileagóir sonraí. Tá teanglann nua-aimseartha ag an scoil leis. Is duine í an té atá i bhfeighil na teanglainne a bhfuil sainoiliúint aici i gcúrsaí teicneolaíochta agus a bhfuil tuiscint mhaith aici ar fhéidireachtaí maidir le húsáid na teicneolaíochta i bhfoghlaim teangacha. Táthar de shíor ag cur le líon na n-acmhainní do mhúineadh agus d’fhoghlaim na Gaeilge. Ag deireadh na scoilbhliana cuireann Roinn na Gaeilge aighneacht faoi bhráid bhainistíocht na scoile agus bronntar méid áirithe airgid ar an Roinn ag tús na céad scoilbhliana eile. Coimeádtar cóip den bhuiséad a ceadaíodh sa chomhad pleanála. Tá leabharlann sa scoil agus táthar ag cur leis an gcnuasach leabhar Gaeilge faoi láthair. Moladh go gcinnteofaí rogha úrscéalta a bheith sa leabharlann a bheadh oiriúnach mar ábhar léitheoireachta do scoláirí a fuair a gcuid bunoideachais i nGaelscoil agus a chuirfeadh feabhas ar a gcuid Gaeilge.

 

I measc na n-imeachtaí seach-churaclaim a bhfuil baint acu leis an nGaeilge áirítear an drámaíocht, cumadh na filíochta, céilithe idirscoileanna, an chamógaíocht, an ceol traidisiúnta agus comórtais thráth na gceist. Is mór an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht sna himeachtaí seo, ní hamháin sa mhéid go spreagann siad labhairt na Gaeilge taobh amuigh de shuíomh an tseomra ranga ach go dtugann siad le fios go bhfuil áit ag an nGaeilge i ngnáthshaol comhaimseartha na scoláirí féin. Moladh go ndéanfaí machnamh ar shlite eile ina bhféadfaí scoláirí a chur i dteagmháil leis an nGaeilge i gcaitheamh an lae scoile. Ba mhór an fiúntas a bhainfeadh le Club Gaeilge a bhunú ina bhféadfaí leas a bhaint as taithí na scoláirí a fuair a gcuid bunoideachais i nGaelscoil agus a bhfuil taithí acu ar an nGaeilge a úsáid mar ghnáthmheán cumarsáide eatarthu féin. Moladh, leis, go spreagfaí scoláirí ardchumais cur isteach ar chomórtais ceapadóireachta nó diospóireachta mar mhodh chun barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge. Moladh leis, go mbeadh clár fógraí ar leith ann don Ghaeilge ina mbeadh eolas ar imeachtaí na Gaeilge sa scoil.

 

Pleanáil agus Ullmhúchán

 

Tá an scoil gafa leis an bpleanáil uile scoile agus leis an bpleanáil ábhair le tamall anuas. Tá beirt de na múinteoirí Gaeilge ar an gcoiste pleanála agus is mór an chabhair é an tuiscint seo ar chúrsaí pleanála a bheith acu i Roinn na Gaeilge.

 

Is suntasach an méid pleanála aonair atá déanta ag gach múinteoir: chuir gach múinteoir scéimeanna oibre ar fáil. Thug na scéimeanna oibre seo le fios cad é go díreach a bhí clúdaithe nó le clúdach sa rang Gaeilge. Ba léir dianmhachnamh a bheith déanta ag múinteoirí ar spriocanna foghlama agus ar an gcur chuige ab fhearr chun na spriocanna céanna a bhaint amach. I gcás cuid de na scéimeanna, leagadh an scéim oibre amach de réir chaibidlí na dtéacsleabhar: sé sin ba ar théamaí cainte a leagadh béim seachas ar na feidhmeanna teanga. Moltar go ndíreofaí, go príomha, ar na scileanna teanga atá le forbairt agus go ndéanfaí na straitéisí chun na scileanna seo a fhorbairt a nascadh leis an gcaibidil sa téacsleabhar agus leis na hacmhainní teagaisc/foghlama cuí.

 

Tá mórchomhad pleanála ann don Ghaeilge ina bhfuil raidhse eolais ar fáil ar an nGaeilge sa scoil. Tá creat oibre leagtha amach don tSraith Shóisearach, don Idirbhliain agus don tSraith Shinsearach mar aon le pleananna oibre na múinteoirí Gaeilge. Tá tagairt ann don scrúdú iontrála a chuirtear ar na scoláirí atá le teacht chun na scoile. Tá iniúchadh ann ar thorthaí scrúduithe, tá cóipeanna de bhuiséad Roinn na Gaeilge mar aon le cóipeanna de mhionthuairiscí chruinnithe Roinn na Gaeilge. Ba mhaith an smaoineamh é dá mbeadh mór-ráiteas i leith na Gaeilge ag tosach an chomhaid. D’fheidhmeodh an ráiteas seo mar threoir do gach ball de phobal Gaeilge na scoile.

 

Is nós leis na múinteoirí Gaeilge teacht le chéile go foirmeálta agus go neamhfhoirmeálta chun ceisteanna a bhaineann leis an nGaeilge a phlé. Is gné an-thábhachtach den idirphlé seo í an chomhphleanáil. Cúrsa comónta a mhúintear do scoláirí na céad bliana agus bíonn scrúdú comónta acu ag deireadh na bliana. Is minic a théann múinteoirí i gcomhairle lena chéile agus áitítear sa cháipéisíocht phleanála go mbíonn na múinteoirí seo ag obair as lámha a chéile. Moltar go láidir go dtiocfadh an Roinn le chéile chun mionphlé a dhéanamh ar bhealaí inar féidir freastal ar riachtanais idirdhealaithe foghlaimeoirí i gcomhthéacs an ranga cumais mheasctha. Ní miste cúinsí ar leith na scoláirí a fuair a gcuid bunoideachais i nGaelscoil a chur can áireamh. Ranganna cumais mheasctha atá san idirbhliain, rud a chiallaíonn gurb ionann an díorma foghlaimeoirí, ó thaobh cumais de, a bhíonn ag gach múinteoir. Moltar go leathnófaí an próiseas chomhphleanála agus go leagfaí amach cúrsa sainiúil teanga amháin don idirbhliain, cúrsa a fhorbraíonn na scileanna is mó a mbeidh tábhacht leo sa tsraith shinsearach. Ba chóir clár spéisiúil ilghnéitheach cumarsáide a leagadh amach ionas go mbeidh deis ag scoláirí na hidirbhliana dul i ngleic le foghlaim na teanga ar bhealaí éagsúla. Is deis iontach í seo chun teacht i dtír ar bhuanna gach ball de phobal Gaeilge na scoile.

 

suim léirithe ag baill áirithe d’fhoireann na scoile sa Teagasc Comparáideach. Is údar sásaimh  é seo sa mhéid go léiríonn sé an meas atá ag baill foirne ar chumas a gcomhghleacaithe mar mhúinteoirí. Tugann sé le fios go n-aithníonn bainistíocht na scoile agus an fhoireann múinteoirí go bhfuil saineolas ar cheard an teagaisc ina measc féin. Ceann de na buntáistí is mó a bhaineann lena leithéid de chomhoiliúint ná go ndíríonn sé ar an gcomhthéacs áirithe ina bhfeidhmíonn an múinteoir.

 

Teagasc agus Foghlaim

 

Ba le díograis agus le fonn a thug gach duine de na rannpháirtithe faoina ndualgais le linn na gceachtanna Gaeilge a breathnaíodh. Ba léir eitic oibre a bheith seanbhunaithe i ngach rang agus an-taithí ag scoláirí ar obair fhónta a dhéanamh le linn an cheacht Gaeilge agus a rian sin le haithint ar chaighdeán ard Gaeilge na bhfoghlaimeoirí trí chéile.

 

An Ghaeilge a bhí i dtreis i gcás gach rang a breathnaíodh. Ba í an Ghaeilge a labhair na múinteoirí leis na scoláirí, den chuid is mó, agus rinne gach uile scoláire a dícheall freagra i nGaeilge a sholáthar ar cheisteanna an mhúinteora. Tríd is tríd, rinneadh gach iarracht an t-aistriúchán a sheachaint mar mhodh mínithe. Ina ionad sin baineadh leas as geáitsíocht, as luaschártaí nó as míniú i nGaeilge agus agus tá moladh ag dul do na múinteoirí as an dua a chaith siad leis seo. Braitheadh áfach, nár scaoileadh leis na scoláirí cleachtadh cainte fada a dhóthain a fháil agus moltar do mhúinteoirí gníomhaíochtaí a chur ar bun ina gcruthaítear deiseanna ar an bhfíorchumarsáid, bíodh an chumarsáid sin idir scoláirí agus an múinteoir nó idir na scoláirí féin. Chun cumarsáid mar seo a chur ar siúl, ní miste don mhúinteoir machnamh a dhéanamh ar na príomh-mhúnlaí cainte a bheidh de dhíth agus iad a chleachtadh leis na scoláirí roimh ré. Ba mhaith an smaoineamh leis na réimíreanna ceisteacha agus na múnlaí cainte is coitianta a chur ar crochadh sa seomra ranga ionas go bhfeidhmeoidís mar áis thagartha do scoláirí agus iad i mbun cainte.

 

B’iomaí gníomhaíocht a cuireadh ar bun le linn na gceachtanna Gaeilge. Ba nós leis na múinteoirí ábhar an cheachta a chur i láthair mar chéim thosaigh leis an gceacht. Ba mhinic a bhain ábhar an cheachta le saol agus le taithí na scoláirí féin, rud a spreag plé oscailte sa rang agus le linn an phlé seo chuir an múinteoir an príomhfhoclóir ar an gclár dubh. Is an-chleachtadh é stór focal na scoláirí a fhairsingiú ar an gcaoi seo. Moltar do mhúinteoirí a chinntiú go bhfuil ar chumas na scoláirí an foclóir céanna a ionramháil trí bhéim a leagadh ar chruthú abairtí iomlána. Ba nós le formhór na múinteoirí obair bheirte nó grúpobair de chineál éigin a chur ar bun. I gcásanna áirithe ba threisiú ar a raibh foghlama í an idirghníomhaíocht seo agus d’éirigh go maith leis. Ba dheas é na scoláirí a fheiscint nó a chloisteáil agus an Ghaeilge a bhí foghlamtha in úsáid acu. I gcásanna eile, baineadh leas as an ngrúpobair chun tuairimíocht agus samhlaíocht na scoláirí a spreagadh. Is dea-chleachtas é seo sa mhéid gur minic is éifeachtaí an tuiscint agus an chruthaitheacht nuair a dhéantar comhphlé ar ábhar. Moladh do mhúinteoirí machnamh níos déine a dhéanamh ar an bhfeidhm a ghabhann leis na gníomhaíochtaí a chuireann siad ar bun. Ba cheart go mbeadh forbairt scileanna cainte mar fho-chuspóir i gcás gach ceacht gníomhach a chuirtear ar siúl agus ní miste é seo a chur san áireamh i ndearadh na dtascanna a bhíonn le comhlíonadh ag scoláirí.

 

Is luachmhar an acmhainn é a seomraí ranga féin a bheith ag múinteoirí Gaeilge agus ba mhaith an rud é an deis seo a bheith tapaithe ag múinteoirí Gaeilge na scoile. Bhí gach rang maisithe le hobair na scoláirí agus le póstaeir éagsúla. Moladh go leathnófaí an cleachtas seo chomh mór agus ab fhéidir. I gcásanna áirithe baineadh leas éifeachtach as réimse leathan áiseanna teagaisc agus foghlama. I measc na n-áiseanna seo bhí bileoga oibre, luaschártaí, físeáin, grianghraif, an téacsleabhar féin, póstaeir agus an teileagóir sonraí. Ba léir gur chuir an éagsúlacht in úsáid acmhainní go mór le héifeacht an phróisis teagaisc agus foghlama agus moltar na múinteoirí siúd a thug an fuinneamh agus an bheocht áirithe seo chun a gcuid ceachtanna. Braitheadh, ar uaireaibh, go raibh múinteoirí áirithe ag dul i muinín an téacsleabhair agus moladh dóibh siúd go mbainfidís breis leasa as ábhar beo (e.g. iriseáin, míreanna teilifíse, fógraí as nuachtáin) ina gcuid ceachtanna ós rud é gur dá ghiorra an t-ábhar do shaol agus do thaithí an scoláire is ea is fusa labhairt faoi. Moladh leis, go ndéanfaí gach dícheall oiread úsáide agus a d’fhéadfaí a bhaint as an teanglann.

 

Tríd is tríd, bhain ábhar na gceachtanna le raon suime agus taithí na scoláirí, rud a spreag rannpháirtíocht sa phróiseas teagaisc. Roghnaíodh téamaí a raibh tuairimí ag scoláirí ina leith (e.g. saol an teaghlaigh, ceolchoirmeacha, cairde, cúrsaí spóirt), rud a chuir na scoláirí ag cur ceisteanna agus ag soláthar tuairimí. Díríodh aird na scoláirí ar phointí teanga, cleachtas atá inmholta, go mór mór dóibh siúd a bhfuil Gaeilge mhaith acu. Ba léir, áfach, i gcásanna áirithe nach ndearnadh an freastal cuí ar riachtanais na bhfoghlaimeoirí lagchumais sna ranganna cumais mheasctha go háirithe sa mhéid gur lú an pháirt a ghlac na scoláirí sin i ngníomhaíochtaí na gceachtanna. Moltar go láidir do mhúinteoirí dianmhachnamh a dhéanamh ar straitéisí chun rannpháirtíocht gach foghlaimeoir sa phróiseas foghlama a chinntiú. Ní hamháin go gcaithfear díriú ar an bhfoghlaimeoir lag nó drogallach ach ní miste, leis, scoláirí a bhfuil líofacht réasúnta maith acu a chur san áireamh agus seifteanna a cheapadh ar mhaithe lena gcuid Gaeilge siúd a shaibhriú.

 

Ba mhór an t-údar sásaimh é an-chruth a bheith ar na cóipleabhair a chonacthas. Ba léir mórchuid ceachtanna scríofa a bheith déanta ag gach scoláire agus dianullmhúchán do cheisteanna scrúduithe déanta ag scoláirí sna ranganna teistiméireachta. Ní miste a mheabhrú i gcónaí go bhfeidhmíonn an cóipleabhar mar phríomhfhoinse tagartha do scoláirí agus iad ag dul siar ar a bhfuil foghlamtha.

Measúnú  

 

Tá polasaí measúnaithe na scoile á dhréachtadh faoi láthair. Aithnítear sa dréacht gur cuid lárnach den phróiseas foghlama é an measúnú ós rud é go dtugann sé léargas do na rannpháirtithe uile ar éifeacht an teagaisc agus na foghlama.

 

Bíonn obair scríofa le déanamh ag scoláirí go rialta agus déantar an obair seo a sheiceáil gach lá, cleachtas atá fíorthábhachtach chun caighdeán maith oibre a chinntiú. Bailítear an obair más cuí chun gur féidir leis an múinteoir anailís níos mine a dhéanamh uirthi. I gcás ranganna áirithe, bronntar marc ar obair cheapadóireachta na scoláirí. Is an-chleachtadh é seo, go mórmhór do scoláirí sinsearacha atá ag ullmhú do scrúduithe stáit, mar tugann sé léargas cruinn dóibh ar an gcaighdeán atá á ghnóthú acu. Moltar do gach múinteoir aiseolas a thabhairt do scoláirí ina gcóipleabhar le nóta beag ag bun an cheachta scríofa. Ba chóir, leis, aird na scoláirí a dhiriú ar an ngéarghá a bhaineann leis na mórbhotúin teanga a cheartú.

 

I bhformhór na ranganna ar tugadh cuairt orthu, rinneadh an obair bhaile a sheiceáil ag tús an ranga. Is an-chleachtadh é seo sa mhéid go léiríonn sé an tábhacht a bhaineann le saibhriú foclóra agus le cruinneas litrithe.

 

Tugann na múinteoirí tástálacha rialta do scoláirí sa rang chun gur féidir éifeacht na foghlama a mheas. Tionóltar scrúduithe tí aimsir na Nollag agus sa samhradh. Moltar go n-áireofaí cumas cainte na ndaltaí sna scrúduithe tí trí mharc a bhronnadh ar an iarracht a dhéantar ar an Ghaeilge a labhairt sa rang. Ní hamháin go dtabharfadh a leithéid aitheantas don tábhacht a bhaineann le scileanna cainte ach spreagfadh sé labhairt na Gaeilge sa seomra ranga.

 

I gcás na ranganna teistiméireachta, bíonn réamhscrúdú acu san earrach.  Is maith ann iad  na réamhscrúduithe, go háirithe mar thaithí do scoláirí ar rúibricí na státscrúduithe, ar leagan amach an scrúdpháipéir agus ar bhainistíocht ama.

 

Tionóltar scrúdú Gaeilge mar chuid den scrúdú iontrála. Ní hamháin go dtugann an scrúdú seo léargas ar chaighdeán Gaeilge na scoláirí atá le teacht isteach sa chéad bhliain ach tugann sé le fios go bhfuil seasamh láidir ag an nGaeilge sa scoil agus go n-aithnítear í mar cheann de na príomhábhair staidéir.

 

Cuirtear tuairisc ar na príomhscrúduithe abhaile, bíodh na scrúduithe tí nó na réamhscrúduithe i gceist. Is tairbheach é seo mar nós imeachta ós rud é go gcoimeádann sé múinteoirí, tuismitheoirí/caomhnóirí agus na scoláirí féin ar an eolas maidir leis an dul chun cinn atá déanta.

 

 

 

 

Achoimre ar na príomhchinntí agus  Moltaí

 

The following are the main strengths and areas for development identified in the evaluation:Is iad seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh sa mheastóireacht:

 

·         Is scoil í seo ina bhfuil seasamh láidir ag an nGaeilge agus ina n-aithnítear an Ghaeilge mar dhlúthchuid d’fhéiniúlacht na scoile.

·         Tugann bainistíocht na scoile an-tacaíocht don Ghaeilge, go mór mór d’amchlár na ranganna, d’fhorbairt agus do chothú acmhainní agus d’imeachtaí seach-churaclaim.

·         Tá dua caite ag múinteoirí leis an bpróiseas um phleanáil ábhair agus is léir dianmhachnamh a bheith déanta acu ar spriocanna foghlama.

·         Is le díograis agus le fonn a thugann na múinteoirí agus na scoláirí araon faoina gcuid dualgas. Tá a rian seo le feiscint sa chaighdeán Gaeilge atá ag foghlaimeoirí, bíodh scileanna cainte nó obair scríofa i gceist.

·         Ba í an Ghaeilge a bhí i dtreis le linn na gceachtanna agus tá ardmholadh ag dul do na scoláirí as an bhfíoriarracht a dhéanann siad a gcuid Gaeilge a chleachtadh.

·         Tríd is tríd, cuireadh rogha leathan gníomhaíochtaí ar siúl le linn na gceachtanna, rud a chuir go mór le héifeacht an teagaisc agus na foghlama.

·         Tá córas measúnaithe ag an scoil ina ndéantar measúnú ar dhul chun cinn na scoláirí agus ina déantar teagmháil le tuismitheoirí/caomhnóirí.

 

 

Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint: 

 

·         Moltar go gcinnteofaí go bhfaigheadh gach scoláire blaiseadh den Ghaeilge le linn dóibh a bheith sa scoil.

·         Moltar go leathnódh na múinteoirí Gaeilge próiseas na comhphleanála agus go ndíreofaí go príomha ar dhá ghné ar leith: an fhoghlaim idirdhealaithe sa rang cumais mheasctha agus dearadh cláir teanga don idirbhliain.

·         Moltar go n-áireofaí scileanna cainte sna scrúduithe tí.

 

 

Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Gaeilge agus leis an bpríomhoide ag deireadh na  meastóireachta mar ar cuireadh i láthair agus ar pléadh na dréacht-chinntí agus moltaí thuasluaite.