
An Roinn Oideachais agus
Eolaíochta
Department of Education and
Science
Cigireacht Ábhair ar
Eacnamaíocht Bhaile
TUAIRISC
Gairmscoil Fheichín Naofa,
Corr na Móna
Uimhir rolla:
71320S
Dáta na
cigireachta: 15 Bealtaine 2006
Dáta eisiúna na tuarascála: 15 Nollaig 2006
Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile
Uile
Achoimre ar na Príomhthátail agus Moltaí
Freagra na Scoile ar an Tuairisce
Tuairisc ar Chaighdeán na
Foghlama agus an Teagaisc san Eacnamaíocht Bhaile
Scríobhadh an tuairisc seo tar éis cigireachta ábhair
i nGairmscoil Fheichín Naofa, Corr na Móna,
Tá an mheánscoil
chomhoideachais seo suite i gceantar Gaeltachta. Cuirtear
clár leathan oideachais ar fáil san timthriall sóisearach agus san timthriall
sinsearach. Is beag an líon scoláirí atá sa
scoil agus is buntáiste suntasach é seo i dtaobh teagaisc agus foghlama.
Foghlamaíonn 45% de scoláirí sóisearacha, cailín uilig
na scoile an Eacnamaíocht Bhaile. Tá an céatadán seo ag teacht leis an gcéatadán de dhaltaí sóisearacha a
fhoghlamaíonn an t-ábhar sa tír iomlán. Is trua, áfach, gur cailíní amháin a
thógann Eacnamaíocht Bhaile sa scoil seo agus nach
mbíonn deis ag na buachaillí í a fhoghlaim sa sraith sóisearach. Múintear dhá
thréimhse shingil agus tréimhse dhúbailte do na
scoláirí sa chéad bhliain, sa dara bliain agus sa tríú bliain. Tá na socruithe sin ag teacht le riachtanais an tsiollabais.
Déantar rang-ghrúpa amháin de na
scoláirí sa chéad agus sa dara bliain go hiondúil mar tá lion na scoláirí beag.
Ní léir go bhfreagraíonn an socrú seo do na
riachtanais dhifriúla foghlama atá ag an dá ghrúpa seo. Moltar don scoil
féachaint chuige go gcuirfear clár leanúnach, céimnithe i bhfeidhm agus go
bhfaighfidh gach bliainghrúpa deiseanna foghlama atá in oiriúint dá leibhéal
cumais. D’fhéadfaí iad a scaradh óna chéile agus rang leo
féin ag an chéad agus an dara bliain i Eacnamaíocht Bhaile as seo amach nó
roinnt ranganna breise don dara bliain.
Ar meán, roghnaíonn 38% de na
scoláirí sinsearacha Eacnamaíocht Bhaile mar ábhar staidéir, líon scoláirí atá
ag teacht leis an gcéatadán de scoláirí sinsearacha a fhoghlamaíonn an t-ábhar
sa tír iomlán. Faigheann na scoláirí sinsearacha cúig
thréimhse sa tseachtain, ina n-áirítear tréimhse dhúbailte. Bíonn rogha ag na scoláirí sinsearacha idir Eacnamaíocht Bhaile agus
Foirgneolaíocht. Déantar gach iarracht féachaint chuige go bhfaigheann gach aon
dalta a rogha. Tógann formhór na gcailíní Eacnamaíocht
Bhaile, maraon le líon beag buachaillí ó am go ham. Níl aon bhuachaill ag
tabhairt faoin Eacnamaíocht Bhaile faoi láthair agus is feasach don scoil go
gcaithfear suim san ábhar a chur chun cinn i measc na gcailíní agus na
mbuachaillí araon.
Bíonn an-éileamh ar Eacnamaíocht Bhaile i measc na gcailíní. Moltar don scoil plean a
ullmhú agus a chur i bhfeidhm chun an ráta glactha san ábhar a mhéadú i measc
na mbuachaillí. D’fhéadfaí tabhairt faoin obair seo ar
bhealaigh éagsúla. Ar an amchlár, bíonn Eacnamaíocht Bhaile ar siúl ag an am céanna le Foirgneolaíocht agus Adhmadóireacht. Ba
cheart rogha níos oscailte a thabhairt do na
buachaillí sa timthriall sóisearach ionas go bhfaighfidh siad taithí ar an
ábhar.
Moltar do mhúinteoir an ábhair plean a cheapadh chun meas a chothú ar Eacnamaíocht Bhaile ar bhun
scoile-uile. D’fhéadfaí clár fógraíochta a úsáid, mar shampla, agus feachtais
eolais a eagrú le linn na scoilbhliana faoi ghnéithe
éagsúla den ábhar. B’fhiú, freisin, leas a bhaint as na
meáin chumarsáide áitiúla chun ócáidí agus imeachtaí a bhaineann leis an ábhar
a fhógairt. Moltar taighde a dhéanamh ar na tionchair
éagsúla a théann i bhfeidhm ar scoláirí nuair a bhíonn rogha acu idir
Eacnamaíocht Bhaile agus ábhair eile.
Tógann formhór na scoláirí an
t-ardchúrsa san Eacnamaíocht Bhaile. Tá ardmholadh tuillte ag
an mbainistíocht agus ag múinteoir an ábhair as an obair a dhéanann siad chun
misneach agus féinmhuinín a chothú i measc na scoláirí maidir leis an rogha
seo. Múintear scoláirí an ardchúrsa agus scoláirí an
ghnáthchúrsa sa rang céanna.
Tugann bainistíocht na scoile
tacaíocht don ábhar i dtaobh an amchláir, soláthar múinteoirí agus soláthar
acmhainní. Bíonn an sciar ama a thugtar don ábhar ag
teacht le riachtanais an tsiollabais. Cé nach gcuirtear buiséad ar leith ar fáil don ábhar go bliantúil, cuireann an múinteoir
iarratais le h-aghaidh acmhainní breise chuig an bpríomhoide mar is gá.
Scaipeann an bhainistíocht cáipéisí a bhaineann leis
an siollabas go pras, agus tugtar deis agus ugach don mhúinteoir leas a bhaint
as cúrsaí éagsúla a bhaineann lena réimse dualgas. Ghlac an múinteoir páirt le
déanaí i seisiúin oiliúna inseirbhíse a chuir Seirbhís Tacaíochta Eacnamaíocht
Bhaile na hArdteistiméireachta ar fáil.
Cuirtear teagasc ar fáil sna gnéithe éagsúla den
Eacnamaíocht Bhaile de réir an tsiollabais. Cuirtear an clár i bhfeidm trí mheán na Gaeilge den chuid is mó.
Faigheann roinnt bheag scoláirí atá ar bheagán Gaeilge cabhair bhreise trí
mheán an Bhéarla. Déantar gach uile iarracht na scoláirí agus a dtuismitheoirí a choinneáil ar an eolas
faoi na h-ábhair atá ar fáil sa scoil. Tugtar treoir, comhairle agus cúnamh
dóibh agus iad ag roghnú ábhar. Tá moladh ar leith tuillte ag an bpríomhoide, an múinteoir ábhar agus an
múinteoir treoir as a gcuid oibre sa ghnó seo.
Múinteoir amháin atá ag an
scoil faoi láthair don Eacnamaíocht Bhaile. Tá seomra amháin sa
scoil atá in úsáid mar chistin agus mar sheomra fuála. Múintear gach rang
Eacnamaíocht Bhaile sa seomra seo. Cé go bhfuil
acmhainní agus trealamh réasúnta ann, níl an chistin
ná an áit stórála ag teacht le riachtanais an tsiollabais athchóirithe
d’Eacnamaíocht Bhaile na hArdteistiméireachta. Níl fean eastarraingthe sa chistin faoi láthair, rud atá ag teastáil go géar. Tá gá
le hathchóiriú a dhéanamh ar na háiseanna ionas go
mbeidh riachtanais shláinte agus shábháilteachta á sásamh agus obair
phraiticiúil ar siúl ag na scoláirí. Tá iarratas ón scoil le Rannóg Pleanála na Roinne Oideachais agus Eolaíochta faoi láthair. Moltar
don scoil infheistíocht shuntasach a dhéanamh chun cur
leis an soláthar d’áiseanna atá sa scoil don Eacnamaíocht Bhaile agus chun
féachaint chuige go gcoimeádfar caoi ar na háiseanna sin.
De bharr easpa seomraí sa
scoil, úsáidtear an chistin le haghaidh ábhair eile freisin. Chuirfí go mór
leis an obair san Eacnamaíocht Bhaile dá gcoimeádfaí an
seomra seo don ábhar sin amháin. Ag am lóin, úsáidtear an
chistin mar phroinnteach agus áit chruinnithe do na scoláirí. Moltar don scoil
deireadh a chur leis an socrú seo ar chúiseanna
sláinte agus sábháilteachta. Is léir go mbíonn an
cleachtas sna seisiúin Eacnamaíocht Bhaile ag teacht le polasaí sláinte agus
sábháilteachta na scoile. Tá moladh ar leith tuillte
ag múinteoir an ábhair as an obair a rinne sí ar an bpolasaí seo agus ar
ráiteas sláinte agus sábháilteachta an tseomra Eacnamaíocht Bhaile.
Tá moladh
tuillte ag múinteoir an ábhair agus ag an bpríomhoide
as an obair atá déanta chun leas a bhaint as teicneolaíocht faisnéise agus
cumarsáide (TFC) chun teagasc agus foghlaim san Eacnamaíocht Bhaile a fheabhsú.
Tá an leathan-bhanda ar fáil sa scoil anois agus tá
moladh tuillte ag an scoil as ríomhaire glúine agus teilgeoir a chur ar fáil do
na múinteoirí. Áirítear ríomhaire agus teilgeoir mar chuid de na háiseanna atá ar fáil sa seomra Eacnamaíocht Bhaile.
Bíonn seomra na ríomhairí ar fáil freisin le haghaidh
teagasc an ábhair seo. Bíonn teilifíseán agus
fís-théipthaifeadán ar fáil freisin. Moltar go ndéanfar tuilleadh
machnaimh ar úsáid na TFC chun an teagasc san
Eacnamaíocht Bhaile a shaibhriú. Moltar don scoil cur leis an
soláthar d’áiseanna ríomhaireachta atá sa scoil.
Tugtar deis do na baill
foirne páirt iomlán a ghlacadh i bhforbairt polasaithe mar chuid de phleanáil
forbartha na scoile. Glacann na múinteoirí páirt i
gcúrsaí inghairme a chabhraíonn leo san obair seo. De bhrí nach bhfuil ach an múinteoir amháin sa scoil don Eacnamaíocht Bhaile, níl
aon ghá le comhordaitheoir foirmeálta don ábhar. Sonraítear go mbíonn cumarsáid
agus comhoibriú inmholta idir na múinteoirí maidir le
pleanáil traschuraclaim. Bíonn teagmháil rialta ag an múinteoir Eacnamaíocht
Bhaile le múinteoirí éagsúla maidir leis seo, go háirithe iad sna hábhair seo a
leanas: Eolaíocht, Bitheolaíocht, Staidéir Ghnó, Oideachas Sóisialta, Pearsanta
agus Sláinte (OSPS), Gairmchlár na hArdteistiméireachta (LCVP) agus TFC. Sa bhealach seo, féachtar chuige nach mbíonn na cláir
éagsúla ag teacht trasna ar a chéile. Pléitear freisin socruithe chun freastal ar na leibhéil éagsúla chumais i measc na
scoláirí.
Is inmholta an ardchaighdeán pleanála agus ullmhucháin
a shonraítear san Eacnamaíocht Bhaile. Cuirtear
scéimeanna cuimsitheacha ar fáil don fhadtréimhse agus don ghearrthréimhse, ina n-áirítear plean oibre don fhíodóireacht. Leagtar na scéimeanna amach de réir riachtanais na siollabas.
Déantar tagairt iontu don amchlár, modheolaíocht, acmhainní agus modhanna
measúnaithe. Is léir ón ullmhúchán scríofa go ndéantar comhtháthú idir na gnéithe éagsúla den chlár agus go leagtar béim chuí ar
theoiric agus ar obair phraiticiúil araon. Oibríonn an
múinteoir ábhair agus an príomhoide i gcomhar lena chéile go coinsiasach chun
athbhreithniú a dhéanamh go rialta ar chúrsaí pleanála don ábhar agus tá árd-mholadh
tuillte dá bharr.
Tá réimse an-mhaith d’acmhainní teagaisc don
Eacnamaíocht Bhaile ar fáil sa scoil, ina n-áirítear
leabhair thagartha, liostaí, foilseacháin oiriúnacha agus fístéipeanna.
Cuirtear leabharlann Eacnamaíocht Bhaile ar fáil don mhúinteoir agus do na scoláirí. Moltar go gcuirfear go rialta leis an stór áiseanna atá sa leabharlann seo. Is léir ón teagasc go n-ullmhaíonn an múinteoir go cúramach roimh ré. Leagtar
cuspóirí oiriúnacha teagaisc amach go soiléir agus sonraítear dul chun cinn inmholta san fhoghlaim. Baintear feidhm
thairbheach as teilgeoirí, bileoga, leabhair agus an
gclár dubh le linn an teagaisc. Úsáideann an múinteoir
ábhair scéimeanna marcála Choimisiún na Scrúduithe Stáit chomh maith le
Tuarascáil an Phríomhscrúdaitheora chun í féin a chur ar an eolas faoi
fhorbairt pleananna oibre don Teastas Sóisearach agus Teastas Sinsearach. Tá
taithí aici mar Scrúdaitheoir Cúnta don Teastas Sóisearach. B’fhiú don
mhúinteoir leanúint d’úsáid a bhaint as an siollabas Eacnamaíocht Bhaile, as na
treoirlínte do mhúinteoirí agus ábhair oiriúnacha eile chun an phleanáil a
éascú.
Déantar pleanáil an-chúramach chun
freastal ar scoláirí le riachtanais speisialta oideachais i ranganna
Eacnamaíocht Bhaile. Cuirtear tréimhsí breise ar fáil do scoláirí áirithe.
Bíonn teagmháil rialta ag an múinteoir Eacnamaíocht
Bhaile leis an múinteoir tacaíochta foghlama. Féachtar chuige go mbíonn na hábhair foghlama in oiriúint do riachtanais foghlama na
scoláirí. Tá an cleachtas seo ar aon dul le polasaí na
scoile maidir le scoláirí le riachtanais speisialta.
Cuireann ardchaighdeán na
pleanála go mór le caighdeán na múinteoireachta agus na foghlama san
Eacnamaíocht Bhaile. Aithnítear agus moltar díogras, dúthracht agus
proifisiúntacht an mhúinteora i dtaobh seo.
Sonraítear ard-chaighdeán teagaisc
agus foghlama sna ceachtanna Eacnamaíocht Bhaile.
Leagtar síos cuspóirí soiléire foghlama agus cuirtear an
t-ábhar foghlama ós comhair na scoláirí go héifeachtach. Ar an iomlán,
sonraítear torthaí an ullmhúcháin chúramaigh i saibhreas agus leanúnachas an chláir theagaisc. Éiríonn go maith leis an oide
comhtháthú éifeachtach a dhéanamh idir na gnéithe
éagsúla den ábhar. Bíonn luas na gceachtanna in
oiriúint do riachtanais na scoláirí.
Baintear úsáid as modhanna feiliúnacha teagaisc atá in
oiriúint do leibhéil chumais agus suime na scoláirí.
Mínítear an t-ábhar foghlama go héifeachtach agus
ceistítear na scoláirí go sciliúil. Sonraítear éagsúlacht inmholta sa chur chuige. Tugtar deiseanna do na
scoláirí tabhairt faoi thascanna i ngrúpaí, ina mbeirteanna agus ina n-aonar.
Tugtar deiseanna dóibh páirt a ghlacadh i réiteach fadhbanna agus in imeachtaí
gníomhacha eile a fheileann do na leibhéil éagsúla
chumais. Is léir go ndéanann an múinteoir
dianmhachnamh ar na bealaí chun an t-ábhar foghlama a chur in oiriúint do na
scoláirí le riachtanais speisialta. Éiríonn leis an múinteoir suim san ábhar a
chothú i measc na scoláirí agus iad á ngríosadh go
héifeachtach chun foghlama. Déantar an-iarracht chun
scileanna ardoird smaointeoireachta a fhorbairt i measc na scoláirí. Chonacthas
taispeántas de straitéisí a bhí go hán-mhaith mar chuid den obair phraiticiúil.
Tugadh deis do na scoláirí aithris a dhéanamh ar an
bpróiseas agus moltar an cleachtas seo go hard.
I bhformhór na ranganna, baintear úsáid éifeachtach as
réimse d’acmhainní oiriúnacha, ar nós osteilgeoirí, notaí múinteora, freagraí
samplacha, leathanaigh oibre, leabhair thagartha, liostaí, foilseacháin
oiriúnacha, fístéipeanna/DVDs, trealamh cistine/fuála, an idirlín agus an clár,
chun an teagasc a fheabhsú agus an fhoghlaim a dhaingniú. Bunaítear cuid de na ceachtanna ar na téacsleabhair agus saibhrítear iad trí
cheistiú agus trí mhíniú éifeachtach. Tugtar faoi leagan amach agus cur i
láthair na gceachtanna ar bhealach a éascaíonn
tuiscint agus meabhrú an ábhair foghlama. Eagraítear turais allamuigh go rialta
agus spreagtar na scoláirí chun páirt a ghlacadh i
gcomórtais éagsúla. Tá ardmholadh tuillte ag an
múinteoir Eacnamaíocht Bhaile as an obair dhíograiseach a dhéanann sí ar
mhaithe leis na scoláirí faoina cúram. Caitheann sí an-chuid ama ar chúrsaí
ullmhúcháin chun cinntiú go mbíonn sé ar chumas na
scoláirí tabhairt faoi na gnéithe éagsúla den scrúdú trí mheán na Gaeilge. Ag
an am céanna, déantar freastal cóir ar na scoláirí a
dhéanann an scrúdú trí Bhéarla.
Sonraítear deá-chaidreamh idir an múinteoir agus na scoláirí. Cuireann sí na
ceachtanna i bhfeidhm go taitneamhach, molann sí na scoláirí go minic agus
cothaíonn sí misneach iontu. Taispeántar cairteacha agus samplaí d’obair na scoláirí chun atmaisféar spreagúil a chothú sa seomra
ranga. Stiúrtar na himeachtaí éagsúla go hordúil agus
meallann an múinteoir na scoláirí chun cloí leis na rialacha soiléire iompair
atá leagtha síos aici. Cothaíonn an dea-chaidreamh atá acu leis an múinteoir
dearcadh dearfach i measc na scoláirí maidir leis an
Eacnamaíocht Bhaile. Is léir, ar an iomlán, go gcaitheann an
múinteoir go tuisceanach leis na scoláirí agus go mbíonn siadsan sona, socair
faoina cúram. Is áit spreagúil a chuirfeadh fonn foghlama ar dhalta é an seomra ranga. Tá taispeántais postaerí agus samplaí
d’obair phraiticiúil agus d’obair scríofa na scoláirí
crochta suas sa seomra chun suim a mhúscailt.
Is léir go dtuigeann na
scoláirí go mbíonn an múinteoir ag súil le hardchaighdeán oibre uathu. Bíonn
rún ag formhór acu an t-ardleibhéal a dhéanamh. Is
léir, ó cheistiú na scoláirí, go mbíonn tuiscint chuí acu
ar ábhar an chúrsa. Bíonn siad ábalta ceisteanna éagsúla, ina n-áirítear ceisteanna cuimhne agus ceisteanna ardoird, a
fhreagairt go cumasach. Baintear úsáid éifeachtach as obair bhaile chun an fhoghlaim a bhuanú. Bíonn sé de nós ag an múinteoir, ag deireadh an cheachta, eolas a thabhairt
do na scoláirí maidir leis an gcéad cheacht eile. Cuireann sé seo go mór le
leanúnachas na foghlama agus le tuiscint na scoláirí
ar an dul chun cinn atá á dhéanamh acu.
Ó dhearcadh ar obair na
scoláirí, tá sé soiléir go ndéantar forbairt éifeachtach ar na scileanna
oiriúnacha. Bíonn caighdeán na hoibre tionscadal san
Fíodóireacht, Cúram Leanaí agus Ceardaíocht le moladh. Léiríonn na scoláirí an-chumas in eagrú agus cur i láthair an ábhair
staidéir. Tugann an múinteoir treoir chuí do na scoláirí
san obair thionscadail. Ar an iomlán, baintear feidhm an-tairbheach as an obair
thionscadal chun cumas cruthaitheachta agus scileanna
eolais na scoláirí a chur chun cinn. Sonraítear ardchaighdeán
san obair phraiticiúil agus san obair scríofa. Bíonn na
scileanna agus an t-eolas a fhaigheann siad in oiriúint d’aois agus do chumas
na scoláirí.
Tá réimse de mhodhanna measúnaithe in úsáid go rialta
san Eacnamaíocht Bhaile chun dul chun cinn na scoláirí
a scrúdú agus chun cinntiú go mbíonn dóthain taithí acu ar dhéanamh scrúduithe.
Déantar measúnú múnlaitheach ar na scoláirí go minic
trí cheistiú sa rang agus trí obair bhaile. Úsáidtear modhanna éagsúla le linn
an teagaisc chun fianaise den fhoghlaim a fháil.
Tugtar scrúduithe scríofa do na scoláirí go minic ag
deireadh aonaid oibre. Tá polasaí scoile-uile i bhfeidhm maidir le hobair
bhaile agus dialann an scoláire. Marcáileann an múinteoir an obair bhaile nó déantar athbhreithniú air
mar obair ranga. Bíonn tréimhse staidéir eagraithe ceithre thráthnóna sa tseachtain. Ar an iomlán, tá ardmholadh tuillte ag an múinteoir as an mbealach a úsáidtear an obair bhaile
agus as caighdeán an mheasúnaithe i gcoitinne.
Déanann na scoláirí sa chéad
bhliain, sa dara bliain agus sa tríú bliain scrúduithe foirmeálta i Mí na
Nollag agus ag deireadh na scoilbhliana. Déanann na
scoláirí sa cheathrú bliain scrúdú amháin in aghaidh an téarma. Déanann na scoláirí sa triú agus sa chúigiú bliain scrúduithe
míosúla. Chomh maith leis na Scrúduithe Stáit, tugann
na scoláirí seo faoi scrúduithe Nollag agus reáchtáiltear trial scrúdaithe san
Earrach. Coinníonn an múinteoir ábhair cuntas leanúnach ar thorthaí na scrúduithe, agus coimeádann sí teagmháil rialta leis na
scoláirí maidir lena ndul chun cinn san ábhar. Déantar athbhreithniú ar dhul chun cinn an scoláire agus socraítear leibhéal na scrúdaithe
i gcomhar le múinteoir an ábhair agus leis na tuismitheoirí. Cuirtear tuairiscí
scríofa ar dhul chun cinn na scoláirí aonair chuig na
tuismitheoirí/caomhnóirí. Pléitear dul chun cinn
freisin ag na cruinnithe idir thuismitheoirí agus mhúinteoirí a eagraítear go
bliantúil. Úsáidtear irisleabhar na scoile freisin
chun eolas a scaipeadh.
Leagtar béim inmholta ar an tábhacht a bhaineann le
staidéar agus scrúduithe agus cothaítear dea-nósanna foghlama i measc na scoláirí. Sonraítear sár-obair na
scoláirí sna fillteáin staidéir, leabhair nótaí agus cóipleabhair. Coinníonn an
scoil cuntas ar thorthaí na Scrúduithe Stáit agus
déanann an foireann teagaisc anailís orthu ag tús na scoil bhliana.
Is iad seo a leanas na
príomhnearta agus na réimsí le haghaidh forbartha a aithníodh sa mheasúnacht:
Mar bhealach le togáil ar na
nearta seo agus chun dul i gceann réimsí le haghaidh forbartha, tá na moltaí
seo a leanas á ndéanamh:
Eagraíodh cruinnithe iarmheasúnachta leis an múinteoir
Eacnamaíocht Bhaile agus leis an bPríomhoide ag
deireadh na measúnachta nuair a cuireadh na dréacht-thátail agus na moltaí i
láthair agus nuair a pléadh iad.
Aguisín
Arna chur isteach ag an Bord
Bainistíochta
Réimse 1: Tuairimí ar ábhar na tuairisce scoile
Réimse 2: Gníomhartha leantacha a rinneadh nó atá beartaithe le déanamh ó cuireadh críoch leis an ngníomhaíocht chigireachta chun tátail agus moltaí na cigireachta a chur i bhfeidhm