An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

Department of Education and Science

 

Cigireacht Ábhair ar an nGaeilge 

TUAIRISC

 

Breifne College

Cootehill Road, Cavan

Uimhir rolla: 70380I

 

Dáta na cigireachta: 25 Eanáir 2008

 

 

 

 

Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile

Pleanáil agus Ullmhúchán

Teagasc agus Foghlaim

Measúnú

Achoimre ar na Príomhchinntí agus Moltaí

 

 

 

 

Tuairisc  ar Cháilíocht na Foghlama agus an Teagaisc sa Ghaeilge

 

 

An Tuairisc Chigireachta Seo

 

Scríobhadh an tuairisc seo tar éis cigireacht ábhair in Breifne College mar chuid de mheasúnú scoile uile. Leagann sé amach tátail mheasúnachta maidir le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair seo sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht seo thar dhá lá inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim. Bhí caidreamh ag an gcigire leis na mic léinn agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis na múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúcháin scríofa na múinteoirí. Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na measúnachta do mhúinteoirí an ábhair agus don phríomhoide.

 

 

Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile

 

Iar-bhunscoil de chuid scéim Choiste Gairmoideachais Chontae an Chabháin is ea Breifne College a bhfuil stádas faoi mhíbhuntáiste aitheanta aici faoin gclár cuimsithe sóisialta DEIS. Tá 520 scoláire, idir bhuachaillí agus chailíní, cláraithe ar rolla na scoile don bhliain scoile reatha 2007/08. Is líon suntasach iad na scoláirí a bhfuil díolúine ón nGaeilge acu agus tá fiche faoin gcéad ar fad de na scoláirí sa chatagóir sin. Cuireann líon chomh hard sin scoláirí dúshlán mór roimh an scoil chun socruithe cuí a dhéanamh dóibh an uair a mbíonn an Ghaeilge ar an tráthchlár. Tuairiscíodh go mbíonn triúr scoláirí ar meán le díolúine ag suí isteach ar na ceachtanna Gaeilge cheal rogha eile cláir a bheith ar fáil dóibh an uair sin. Tuigeann na múinteoirí na deacrachtaí atá roimh an mbainistíocht sna cúrsaí seo. Moltar an cheist seo a athbhreithniú mar ghnáthchleachtas ag deireadh gach bliana scoile agus an tráthchlár á phleanáil don bhliain dar gcionn ar mhaithe leis na socruithe is fearr is féidir a chinntiú. An aidhm a bheadh leis an athbhreithniú sin ná a chinntiú, oiread agus is féidir, gur lú ar fad an líon scoláirí le díolúine a bheidh i láthair ag na ceachtanna Gaeilge.

 

Míníodh mar chomhthéacs le seasamh an ábhair sa scoil go mbíonn dearcadh diúltach in uachtar i measc na scoláirí i leith na Gaeilge ag teacht isteach sa chéad bhliain dóibh agus go mbaineann dúshlán mór le dearcadh dearfach a chur chun cinn ina measc. Luadh patuaire le dearcadh líon áirithe tuismitheoirí i leith an ábhair agus dearcadh míréalaíoch i gcásanna eile maidir le hinniúlacht na scoláirí chun tabhairt faoin ardleibhéal san Ardteistiméireacht. Tuigeadh ón bplé a rinneadh leis na múinteoirí Gaeilge go raibh fonn orthu líon níos mó scoláirí a chur i dtreo an ardleibhéil ach nár mhór a bheith réalaíoch faoin gcomhthéacs a bhain leis an ábhar sa scoil. Cuireann na múinteoirí rompu na scoláirí a dhíriú ar an leibhéal is fearr a oireann dá gcumais san ábhar agus an grád is airde is féidir a bhaint amach sa leibhéal sin sna scrúduithe teistiméireachta. Tá iarrachtaí na múinteoirí leis an líon scoláirí a thugann faoin mbonnleibhéal a choimeád chomh híseal agus is féidir agus gan géilleadh don chathú tabhairt faoin líne is lú friotaíochta le moladh. Bhí toradh fónta le léamh ar na hiarrachtaí sin sa tsraith shóisearach go háirithe a bhí ina ábhar misnigh. Baineann dúshlán ar leith leis na hiarrachtaí sin sa tsraith shinsearach mar a bhfuil líon nach beag scoláirí ag tabhairt faoin mbonnleibhéal.

 

Cúigear múinteoirí Gaeilge atá sa scoil agus is cuid lárnach de chlár an teagaisc acu í an Ghaeilge i gcás ceathrar díobh. Bhí inniúlacht Ghaeilge ag baill roinn na Gaeilge ar fad agus múinteoirí ar de bhunadh na Gaeltachta iad ina measc. Cuireadh imní na múinteoirí in iúl faoi na hathruithe atá le teacht isteach ar riar na marcanna sna scrúduithe teistiméireachta faoina mbeidh béim níos mó á cur ar labhairt na teanga feasta. Áiríonn na múinteoirí an ghné seo de na scileanna teanga ar an gceann is dúshlánaí dá gcuid scoláirí. Moltar do na múinteoirí teacht ar aon fhocal maidir le cur chuige chun scileanna labhartha a fhorbairt níos mó ón gcéad bhliain amach. Mar chéad chéim chuige sin moltar teagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal (STDL) don Ghaeilge agus múinteoirí a chlárú do na cúrsaí inseirbhíse atá ar bun ag an tseirbhís sin. Baineann na cúrsaí sin sa bhliain scoile reatha le modheolaíochtaí a chur chun cinn le scoláirí na chéad bhliana ar mhaithe le scileanna cumarsáide a fhorbairt.

 

B’fhiú chomh maith machnamh a dhéanamh ar nasc níos dlúithe a dhéanamh le múinteoirí na mbunscoileanna friothálacha faoi inniúlacht Ghaeilge labhartha na scoláirí. B’fhiú dul i gcomhairle leis na múinteoirí bunscoile le haird a dhíriú ar spriocanna foghlama na scoláirí i labhairt na Gaeilge a fhorbairt mar chéim riachtanach don Ghaeilge ag an dara leibhéal. Bhainfeadh tairbhe le triail inniúlachta sa Ghaeilge a leagadh amach do na scoláirí ar fad i dtús na chéad bhliana mar threoir le clár teagaisc agus foghlama na chéad bhliana a dhíriú go sonrach ar riachtanais fhoghlama na scoláirí.

 

Tá líon na dtréimhsí ranga a chuirtear ar fáil don Ghaeilge sa tsraith shóisearach teoranta. Cuirtear ceithre thréimhse in aghaidh na seachtaine ar fáil sna trí bliana den tsraith sin. Cúig thréimhse sa tseachtain an soláthar a chuirtear ar fáil do chúrsa na hArdteistiméireachta bunaithe agus dhá thréimhse sa tseachtain sa dá bhliain den chúrsa don Ardteistiméireacht Fheidhmeach. B’fhiú líon na dtréimhsí seo a athbhreithniú ar mhaithe le líon níos mó tréimhsí a chur ar fáil, más féidir, sa tsraith shóisearach go háirithe do rang ardleibhéal. Ceist acmhainní í seo a gcaithfidh na múinteoirí agus bainistíocht na scoile a bheith réalaíoch ina taobh mar nach féidir leis an mbainistíocht acmhainní nach bhfuil ar fáil a bhronnadh. Tá líon na scoláirí sna ranganna Gaeilge sa tsraith shinsearach níos lú san am i láthair ar mhaithe le teagasc agus foghlaim san ábhar a chur chun cinn níos mó. Is féidir go gcaithfí líon níos mó scoláirí a chur sna ranganna, agus líon na ranganna sin a ghearradh siar, ar mhaithe le soláthar níos mó de thréimhsí ranga a chur ar fáil. Is iad na múinteoirí Gaeilge, i bpáirt leis an bpríomhoide, is fearr a dhéanfaidh an cinneadh seo. Ba chóir pé comhairle a gcinnfear air faoin gceist seo a athbhreithniú i bpáirt le chéile ag deireadh tréimhse trialaigh.    

 

Ranganna cumais mheasctha atá i gceist sa chéad bhliain. Bunaítear ranganna ag teacht leis na leibhéil éagsúla san ábhar ón dara bliain amach agus cuirtear na ranganna ar siúl go comhuaineach ar mhaithe le deiseanna a chur ar fáil do na scoláirí chun leibhéal san ábhar a athrú. Déanann na múinteoirí réiteach do chlár idirdhealaitheach a mhúineadh sa chuid is mó de na ranganna mar go mbíonn meascán leibhéal i gceist sa chuid is mó de na ranganna ar mhaithe le líon na scoláirí sna ranganna a choimeád réasúnta cothrom. Tá ciall leis an socrú seo ach cuirtear dúshlán breise roimh an múinteoir agus na scoláirí ardleibhéil leis an gcúrsa sin a chíoradh go mion, go háirithe sa tsraith shóisearach nuair nach bhfuil ach ceithre thréimhse ar fáil in aghaidh na seachtaine. Déanann an chuid is mó de na scoláirí sa rang Gaeilge san Ardteistiméireacht Fheidhmeach an t-ábhar ab initio i ngeall ar dhíolúine ón nGaeilge a bheith faighte ag na scoláirí sin roimhe sin. Tá iarrachtaí na scoile leis an nGaeilge chumarsáideach a chur ar fáil do na scoláirí sin le moladh.

 

Tá seomra ranga faoina chúram féin ag na múinteoirí Gaeilge ar fad. Bhí dea-chuma agus atmaisféar a bhí tacúil don fhoghlaim le fáil sa chuid ba mhó de na seomraí seo. B’fhiú na hiarrachtaí fónta sin a leathnú chuig na seomraí ranga ar fad. Tá seinnteoirí dlúthdhioscaí ar ordú ag an scoil do na múinteoirí Gaeilge mar mhalairt ar théipthaifeadáin atá fós in úsáid. Bhí ríomhairí pearsanta agus teilifíseáin le seinnteoirí DVD ar fáil i seomraí áirithe. Cuireadh in iúl nach nós leis na múinteoirí Gaeilge acmhainní teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC) a úsaid i múineadh agus foghlaim na Gaeilge go fóill. Bheadh treoir ina leith seo le fáil ar chúrsaí inseirbhíse STDL chomh maith. Moltar clár réasúnta acmhainní agus athnuachana do roinn na Gaeilge a leagadh amach agus a chur faoi bhráid na bainistíochta ag deireadh gach bliana scoile mar aon le meastacháin ar chostas. Níl soláthar ar bith d’ábhar léitheoireachta i nGaeilge i leabharlann na scoile faoi láthair. B’fhiú do na múinteoirí tosaíocht a thabhairt do na hacmhainní sin is fearr dar leo a chuideodh le teagasc agus foghlaim san ábhar, an t-iarratas a chur faoi bhráid na bainistíochta agus a chlárú i bplean an ábhair.

 

Déantar iarratas ar scoláireachtaí Gaeltachta thar ceann na scoláirí faoi scéim an Choiste Ghairmoideachais agus tá iarratas breise á dhéanamh faoi scéim scoláireachtaí Gaeltachta an Chumainn Lúthchleas Gael. Bhí taispeántas maith de bhróisiúir eolais ar choláistí Gaeltachta le feiceáil i gceann de na seomraí ranga agus tá iarrachtaí na scoile leis na scoláirí a spreagadh chun freastal ar choláistí samhraidh Gaeltachta le moladh. Cuirtear comórtas deartha póstaer ar bun i measc na scoláirí roimh lá ’le Pádraig mar spreagadh don Ghaeilge i measc na scoile.

 

Moltar do na múinteoirí Gaeilge, le tacaíocht bhainistíocht na scoile, tabhairt faoi scéimeanna nuálacha ó am go chéile leis an nGaeilge a chur chun cinn sa scoil lasmuigh den seomra ranga. Moltar machnamh a dhéanamh ar chuireadh a thabhairt do phearsa aitheanta le Gaeilge a mbeadh spéis ag na scoláirí ann/inti teacht chun na scoile agus labhairt leis na scoláirí. B’fhiú go mór iarraidh ar chomhghleacaithe dá gcuid a bhfuil an Ghaeilge acu í a úsáid in imeachtaí eile scoile leis na scoláirí ar feadh tréimhse theoranta agus í a labhairt ina measc féin. In imeacht na cigireachta tugadh faoi deara go raibh an chuma ar an scéal go mb’ait le scoláirí i gcásanna áirithe comhrá nádúrtha i nGaeilge a bheith ar bun idir an múinteoir agus an cigire. B’fhiú cur lena dtaithí ar an nGaeilge a chloisteáil mar theanga chumarsáide a mhinice agus is féidir. Dá mhéid eiseamláirí ar an teanga a bheith á labhairt go nádúrtha i measc na múinteoirí gur féidir a chur ar fáil is ea is fearr agus ba mhór an chabhair chuige seo múinteoirí eile á cleachtadh.    

 

 

Pleanáil agus Ullmhúchán

 

Léirigh plean an ábhair a cuireadh i láthair go raibh machnamh agus plé déanta ag na múinteoirí ar na dúshláin a bhaineann le múineadh an ábhair sa scoil. Luaitear go sonrach anseo easpa spreagthachta i measc na scoláirí ar cheann de na constaicí is mó. Tá athbhreithniú macánta le léamh sa phlean ar na buanna agus ar na réimsí is gá a fhorbairt chomh fada agus a bhaineann leis an ábhar sa scoil. Ar na buanna a chláraítear tá na torthaí a bhaineann na scoláirí amach sna scrúduithe teistiméireachta, go bhfuil ag éirí leis na múinteoirí na cúrsaí éagsúla a dhéanamh go mion agus an comhar agus an tacaíocht atá le fáil i measc bhaill roinn na Gaeilge. Ar na réimsí atá le forbairt luaitear an deacracht a bhaineann le ranganna cumais mheasctha, lion ró-íseal tréimhsí ranga leis an ábhar a mhúineadh, go háirithe ag an ardleibhéal le ranganna Ardteistiméireachta agus easpa acmhainní lena luaitear acmhainní teicneolaíochta go sonrach. Rinneadh trácht ar chuid de na ceisteanna seo, mar aon le moltaí, sa mhír a bhain le soláthar don ábhar agus tacaíocht uile scoile.

 

Tá comhordaitheoir ar roinn na Gaeilge agus cuirtear am le haghaidh obair chomhphleanála san ábhar ar fáil trí nó ceithre huaire in aghaidh na bliana. Maireann na cruinnithe sin thart ar uair an chloig an ceann. Tá na socruithe seo go maith. Sa phlé a bhí ag an gcigire leis na múinteoirí Gaeilge faoi phleanáil don ábhar bhí féinmhuinín na múinteoirí as a gcumais féin agus fonn chun feabhsúcháin a chur i bhfeidhm san ábhar do mhúinteoirí agus do scoláirí in uachtar. Bhí dearcadh duairc don chuid ba mhó maidir le múineadh an ábhair le léamh sa phlean don ábhar a réitíodh. I ndeireadh an phlean sin bhí nóta níos dearfaí le léamh maidir lena bhfuil beartaithe ag na múinteoirí mar aidhmeanna don ábhar sa bhliain scoile amach romhainn. Ar na haidhmeanna sin bhí dearcadh dearfach a chothú i measc na scoláirí i leith an ábhair ar scoil dóibh agus cur lena bhfeasacht chultúrtha trí aird a tharraingt ar an nGaeilge mar atá préamhaithe i logainmeacha an cheantair. Tá an tráchtaireacht seo le moladh agus ba chóir an méid seo a bhogadh chun tosaigh mar chéad aidhm an phlean. Tuigtear go bhfuil clár na hIdirbhliana le tabhairt isteach sa scoil an bhliain seo chugainn (2008/09). Ba chóir gach deis a thapú sa chlár sin le clár nuálach a chur le chéile a thabharfaidh dearcadh eile ar an nGaeilge do na scoláirí sin mar theanga bheo chomhaimseartha agus gan an clár a cheangal le riachtanais na scrúduithe teistiméireachta.

 

Aithnítear an fhoghlaim de ghlanmheabhair mar an chéad mhodheolaíocht éifeachtach teagaisc a chláraítear i bplean an ábhair. Bhí foghlaim altanna agus aistí de ghlanmheabhair cláraithe mar cheann de na modhanna múinte i bplean aonair eile. Cé go bhfuil áit áirithe ag an bhfoghlaim de ghlanmheabhair san fhoghlaim moltar athmhachnamh a dhéanamh ar an tús áite atá á bhronnadh ar an scil seo leis an teanga a fhoghlaim. In áit eile sa phlean céanna bhí cur síos ar úsáid na drámaíochta mar uirlis éifeachtach san fhoghlaim. Tá an cur chuige gníomhach, taitneamhach seo le moladh agus b’fhiú an modh seo a chlárú sa mhórphlean ar mhaithe leis an gcleachtas seo a leathnú. Tugtar aitheantas i bplean an ábhair chomh maith do liosta modheolaíochtaí eile a chuireann gníomhaíochtaí foghlama níos taitneamhaí ar fáil, ar nós obair ghrúpa, cluichí, agallaimh, rólimirt ach ní léir an úsáid atá á moladh sa phlean do na gníomhaíochtaí sin. B’fhiú an treoir atá á moladh sa phlean a dhéanamh soiléir.

 

Beidh treoir chuiditheach i leith an obair phleanála le fáil ón tseirbhís STDL. Idir an dá linn moltar do na múinteoirí díriú ar aidhmeanna agus ar spriocanna na siollabas Gaeilge éagsúil a bhaineann leis an dara leibhéal. Moltar chomh maith an mhír den phlean faoin gceannteideal ‘clár ábhar an churaclaim’ nó ‘curriculum content’ mar atá luaite a líonadh. Bhí cuid den obair sin déanta amach cheana agus le léamh le miontuairiscí chruinniú na múinteoirí Gaeilge dar data 27 Márta 2007.

 

Tuigeadh ó na múinteoirí gur ar riachtanais na bpáipéar scrúduithe teistiméireachta a bhí a gcuid pleanála aonair dírithe agus bhí an teagasc a breathnaíodh leis na ranganna ar ball ag teacht leis an gcur chuige sin. Ba cheart san am céanna spriocanna teagaisc agus foghlama a leagadh amach sa phlean don ábhar atá ag teacht ar an gcéad dul síos le haidhmeanna na siollabas agus nach ar na scrúduithe amháin a dhéantar an phleanáil a dhíriú. Is cóir a mheabhrú gurb é atá sna scrúduithe teistiméireachta ar deireadh ná iarracht leis an dul chun cinn atá déanta le haidhmeanna agus spriocanna níos uaillmhianaí na siollabas a bhaint amach seachas fócas iontu féin amháin.

 

Bhí neart fianaise le fáil as cumas na múinteoirí sa teagasc mar a breathnaíodh sna ranganna agus as inniúlacht na múinteoirí féin sa Ghaeilge nár ghá a bheith éadóchasach faoin nGaeilge sa scoil. Ba chóir díriú sa phleanáil ar an ábhar a chur i láthair ón gcéad lá mar ábhar a d’fhéadfadh a bheith taitneamhach san fhoghlaim agus arbh fhiú iarracht mhacánta a dhéanamh leis a mbeadh cúiteamh le fáil as sna scrúduithe teistiméireachta. Ba chóir spriocanna foghlama a shonrú go soiléir, bliain ar bhliain in aghaidh na leibhéal éagsúil san ábhar. Moltar an méid sin a roinnt le scoláirí agus lena dtuismitheoirí agus tabhairt faoin méid sin a bhaint amach go dearfach mar fhoireann mhúinteoirí Gaeilge le tacaíocht na bainistíochta agus na scoile uile.

 

 

Teagasc agus Foghlaim

 

Breathnaíodh seacht gcinn de ranganna in imeacht na cigireachta – cúig cinn a bhain leis an tsraith shóisearach agus ceithre cinn leis an tsraith shinsearach. Cúigear múinteoirí a bhí i gceist. Léirigh na múinteoirí féinmhuinín sa teagasc agus bhí obair chuí ar siúl leis na ranganna ar fad. Ullmhaíodh dáileáin i gcásanna mar thaca leis an bhfoghlaim do na scoláirí. Ba i nGaeilge a labhair na múinteoirí an chuid ba mhó ar fad den am. I gcásanna áirithe ba léir go raibh deacrachtaí móra ag na scoláirí an chaint sin a thuiscint agus rinneadh athrá i mBéarla ar threoracha an mhúinteora in áiteanna mar chabhair leis na treoracha sin. I gcásanna eile rinneadh athmheabhrú ar scéal próis trí leagan Gaeilge a lorg ar na scoláirí ar achoimre ar an scéal a rinneadh le habairtí i mBéarla. D’éirigh go maith leis na scoláirí na ceisteanna sin a fhreagairt. Léiriú a bhí ann áfach ar chumas teoranta i measc na scoláirí ar iad féin a chur in iúl sa Ghaeilge. Rinneadh iarrachtaí maithe sa rang seo ar phictiúrí a úsáid mar spreagadh do na scoláirí le cur síos a dhéanamh ar an scéal próis céanna. D’éirigh go maith le buíon bheag de na scoláirí an méid sin a dhéanamh.

 

Bhí dúshlán mór roimh an múinteoir sa rang measctha cumas seo obair ar chaighdeán ardleibhéal a mhealladh ó na scoláirí. Bhí iarrachtaí na scoláirí sin teoranta go maith sa rang. B’éigean don mhúinteoir cleachtadh agus athchleachtadh a dhéanamh ar ábhar an scéil phróis d’fhonn a chinntiú go raibh ag éirí leis na scoláirí éirim an scéil a thabhairt leo agus iad féin a chur in iúl faoin scéal sin. Bhi an múinteoir le moladh as an bhfoighne a caitheadh leis na hiarrachtaí sin. Cleachtadh crosfhocal ar ball ar mhaithe le héagsúlacht a chur i ngníomhaíochtaí na foghlama.

 

Bhain ord agus eagar le bainistiú na gceachtanna ar fad. Rinneadh iarrachtaí maithe le labhairt na teanga a chleachtadh le ranganna sa tsraith shóisearach agus bhí pearsantacht lách, mholtach ag na múinteoirí ina gcuid iarrachtaí leis na scoláirí a spreagadh chun cainte. Bhí feidhm theoranta leis na ceisteanna a cuireadh sa mhír sin de na ceachtanna áfach a bhain le garthimpeallacht an scoláire féin. Ceisteanna ar na scoláiri ina n-aonar, más ea, fúthu féin agus faoina muintir, an áit chónaithe a bhí acu agus ceisteanna faoin scoil a bhí sa chuid ba mhó díobh sin. Ní dhearnadh ceangal idir freagra duine amháin le ceist a chur chuig duine eile. Tuigeadh ó na múinteoirí gur ghá na bunrudaí sin a chleachtadh ar dtús agus an beagán den chaint a bhain leo féin a chleachtadh leis na scoláirí sula bhféadfaí an t-ábhar a leathnú amach chuig gnáthábhair chainte.

 

Ar an ábhar sin bhí obair an cheachta ag brath go mór ar an múinteoir agus bhí páirt na scoláirí sa chaint teoranta go maith. Rinneadh athchleachtadh ar bhriathra simplí ón gcéad réimniú i gcás amháin ar mhaithe le treoir chinnte a chur ar na scoláirí faoin mbealach le plé leis an aimsir chaite. I gcás eile rinneadh iarracht an aimsir fháistineach a chleachtadh trí chomhrá ar ábhar fúthu féin a chur ar bun san aimsir sin. Fiafraíodh de na scoláirí céard a dhéanfadh siad an lá dar gcionn. Arís eile léirigh na scoláirí cumas teoranta leis na freagraí ach ghlac siad leis an treoir a cuireadh orthu agus rinneadh cleachtadh ar na freagraí sin.

 

Bhí raon na n-acmhainní a bhí in úsáid teoranta go leor. Ba iad an t-osteilgeoir agus téipthaifeadán an t-aon dá eiseamláir d’acmhainní closamharc ar baineadh úsáid astu sna ceachtanna a breathnaíodh. Bhí sraith de na foclóirí póca Gaeilge-Béarla in úsáid le rang amháin. Bhí fáil ar theilifíseán agus seinnteoir DVD agus b’fhiú deiseanna a thapú le míreanna den Ghaeilge bheo ó TG4 a chur faoi bhráid scoláirí, fiú má bhíonn dúshlán mór rompu an chaint sin a thuiscint. Ar mhaithe leis an nGaeilge a chur i láthair mar theanga ar féidir cumarsáid a dhéanamh inti go saoráideach ba chóir eiseamláirí dílse cumarsáide a chur ar fáil do na scoláirí. Míreanna dea-roghnaithe ó chláir de chuid TG4 ar ábhair a mbeadh spéis ag na scoláirí féin iontu an bealach is fearr chuige sin. Tá fiúntas teoranta ag baint le míreanna cluastuisceana na scrúduithe teistiméireachta mar nach caint nádúrtha a bhíonn ar siúl ach cainteoirí ag léamh píosaí réamhchumtha. Is maith ann iad áfach ar mhaithe le scileanna éisteachta agus foghraíochta a ghéarú. Baineadh dea-úsáid i gcás amháin as mír chluastuisceana mar threisiú ar an aimsir fháistineach a cleachtadh roimhe sin.

 

Rinneadh an-iarracht leis an nGaeilge a chur i láthair ar bhealach taitneamhach le rang a bhí ag gabháil den Ardteistiméireacht Fheidhmeach. Bhí moladh ar leith ag dul do na hiarrachtaí seo mar nach raibh staidéar ar an nGaeilge déanta ag an gcuid ba mhó de na scoláirí seo ó thosaigh siad sa chéad bhliain mar go raibh díolúine acu. Bhí tionscnamh déanta ag na scoláirí ar a gcuid laethanta saoire i bhfoirm póstaeir, maisithe le grianghrafanna agus foclóir Gaeilge scríofa isteach. Litir le scríobh abhaile an tasc a cuireadh rompu. Rinneadh an obair sin agus an múinteoir ag gabháil ina measc ag cur treorach orthu. Críochnaíodh an tasc le crosfhocal a bhí déanta amach ag an múinteoir mar athmheabhrú ar an bhfoclóir a bhí in úsáid i rith an cheachta. Rinne na scoláirí na tascanna seo go díograiseach.

 

Cleachtadh obair ghníomhach le dhá rang sa tsraith shinsearach agus bhí na hiarrachtaí sin le moladh. Dán ó chúrsa na hArdteistiméireachta a bhí i gceist i rang amháin. Mhínigh an múinteoir cúlra an fhile agus cúlra an dáin go mion agus taispeánadh nótaí ar an méid sin ar an osteilgeoir. Ullmhaíodh dáileán mar thaca leis an eolas seo. Míníodh brí línte an dáin i nGaeilge gan dul i muinín an aistriúcháin. Cuireadh ceisteanna ó bhéal ar na scoláirí ansin leis an eolas sin a dhaingniú. Rinneadh an obair seo go rí-chúramach. Tuigeadh gur mar sin a chuirtear an prós agus an fhilíocht i láthair, an t-iomlán ag brath ar an eolas a thugann an múinteoir faoin téacs agus an cúram a bhí ar na scoláirí ná an t-eolas sin a fhoghlaim.

 

I rang eile sa tsraith shinsearach rinneadh cleachtadh ó bhéal leis na scoláirí ar chur síos a dhéanamh orthu féin. Scríobhadh amach an cuntas agus iarradh ar scoláirí áirithe an méid sin a léamh amach os comhair an ranga. Rinneadh taifeadadh ar na hiarrachtaí sin le dul siar orthu ó thaobh na foghraíochta a cheartú, cur chuige a bhí le moladh. Obair an-teoranta a bhí i gceist mar chleachtadh do na ceisteanna a bheadh ag teacht aníos sa bhéaltriail Ardteistiméireachta. I rang eile sa tsraith shinsearach bhí an cleachtadh céanna ar cheisteanna béaltrialach ar siúl i rith an cheachta ar fad. Bhain na ceisteanna leis na scoláirí féin, na hábhair scoile, rialacha na scoile, cluichí na scoile agus caitheamh aimsire na scoláirí um lóin. Níl dabht ach go mbeadh na scoláirí seo réitithe go maith do riachtanais na béaltrialach. B’iad na ceisteanna céanna áfach, a bheag nó a mhór, is a bhí á gcleachtadh leis na scoláirí ab óige dá bhfacthas sa tsraith shóisearach.

 

Níor léir go raibh cumas chun saorchomhrá a chleachtadh forbartha le líon suntasach scoláirí agus bhí an bhéim i gcónaí sna ceachtanna ar riachtanais na scrúduithe teistiméireachta seachas leis an teanga féin a shealbhú chun críche saorchumarsáide. Tuigeadh ó na múinteoirí go raibh cumas agus suim theoranta mórán scoláirí san ábhar le cur san áireamh leis an gcur chuige a cleachtadh sa rang agus go mba é gnóthachtáil sna scrúduithe teistiméireachta an príomhchúram a bhí le comhlíonadh.

 

Bhí an cúram sin de riachtanais na scrúduithe teistiméireachta á chur i bhfeidhm ag na múinteoirí ar fad agus bhí fianaise le fáil go raibh ag éirí le cuid mhór de na scoláirí dul i ngleic leis na dúshláin sin ag leibhéal ar leith san ábhar. Bhí na múinteoirí le moladh as a gcuid iarrachtaí. Ar mhaithe le sásamh níos mó a chinntiú do na scoláirí agus do na múinteoirí in imeachtaí ranga moltar tabhairt faoin teanga a chur i láthair agus a chleachtadh níos mó ón tús mar theanga labhartha chumarsáide. B’fhiú iarrachtaí móra a dhéanamh ar chaint agus ar chumarsáid a chleachtadh ón tús sa chéad bhliain ar ábhair a mbíonn spéis ag na scoláirí iontu seachas díriú ar thopaicí a meastar a thiocfaidh aníos sa bhéaltriail. Bhainfeadh dúshlán mór leis an gcur chuige seo agus is geall leis an ábhar a athsheoladh ar chlár na scoile a bheadh i gceist. Is i dtreo na teanga labhartha áfach a bheidh an bhéim sna scrúduithe teistiméireachta don Ghaeilge go luath agus ba chóir ullmhúchán a dhéanamh ina comhair.

 

B’fhiú cuimhneamh ar scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta a chur siar go ceann píosa sa chéad bhliain chun díriú ar na scoláirí a thumadh sa chaint agus san éisteacht. Theastódh clár comónta teagaisc chuige seo agus an-chomhoibriú idir na múinteoirí, rud a maíodh mar cheann de na buanna atá i roinn na Gaeilge. Nior mhór acmhainní maithe teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC) a bheith ar fáil do na múinteoirí chun gur féidir leo clár tarraingteach ábhar a chur le chéile a thabharfaidh aird ar raon ábhar spéise na scoláirí le plé sna ceachtanna. Níor mhór chomh maith tacaíocht na scoile uile don athrú treo seo agus fáilte a chur roimh gach duine sa scoil atá toilteanach an Ghaeilge labhartha a chur chun cinn ar bhealach éigin i saol na scoile a bheith páirteach sa tionscnamh sin.

 

Déantar na moltaí seo ar mhaithe leis an ábhar a dhéanamh níos taitneamhaí agus níos éifeachtaí ó thaobh an teagaisc agus na foghlama agus le spriocanna na siollabas a chur chun cinn. Tá múinteoirí cumasacha i roinn na Gaeilge inniúil ar an dúshlán seo a thabhairt. 

 

 

Measúnú

 

Ní dhéantar measúnú ar inniúlacht Ghaeilge scoláirí nua na chéad bhliana san am i láthair. Moltar measúnú ar an méid sin a dhéanamh cothrom le spriocanna foghlama churaclam leasaithe na bunscoile don Ghaeilge. Moltar inniúlacht chainte a chur san áireamh ansin agus eolas ar na trialacha sin a roinnt leis na bunscoileanna friothálacha. Moltar torthaí na dtrialacha sin a chlárú i bplean an ábhair don Ghaeilge mar fhoinse tagartha ar ghnóthachtáil go dtí sin agus mar threoir don phleanáil. Moltar measúnú ar labhairt na Gaeilge a chur mar chuid dhílis den mheasúnú a dhéantar ar scileanna teanga sa tsraith shóisearach a luaithe agus is féidir. Moltar an t-athrú béime sin a chlárú sa pholasaí scoile don mheasúnú atá á fhorbairt faoi láthair. Moltar an t-athrú béime i dtreo labhairt na Gaeilge a chur in iúl do thuismitheoirí agus fógra ina thaobh a chur ar an gcuid sin de shuíomh gréasáin na scoile a bhainfidh leis an nGaeilge mar ábhar.

 

Moltar machnamh a dhéanamh ar scoláirí na chéad bhliana reatha (2007/08) a chur isteach ar an mbéaltriail roghnach i scrúdú an Teastais Shóisearaigh 2010. Moltar an céatadán céanna de mharcanna a bheidh le bronnadh ar an mbéaltriail roghnach sin (daichead faoin gcéad) a chur ar fáil ar bhonn céimnithe sna scrúduithe tí a bheidh ar siúl idir an dá linn do scoláirí na chéad bhliana reatha.

 

San am i láthair is sa samhradh amháin a bhíonn scrúduithe foirmeálta tí ann. Tuigeadh ó na múinteoirí go raibh cleachtais éagsúla i bhfeidhm maidir le measúnú leanúnach. Moltar cleachtais chomónta a aontú maidir le measúnú ar an ábhar. Moltar an chuid sin de phlean roinn na Gaeilge a bhaineann le measúnacht ar an ábhar a shoiléiriú agus na scileanna teanga uile a chur san áireamh.

 

Breathnaíodh rátaí rannpháirtíochta na scoláirí ag na leibhéil éagsúla sna scrúduithe teistiméireachta san ábhar in imeacht na cigireachta. Bhí treoir le léamh sna staitisticí seo ar mhéid an dúshláin a bhí roimh na múinteoirí chun na scoláirí a chur i ngleic leis an ábhar thar leibhéal ar leith. Ba chóir taifead ar an eolas seo a chlárú i bplean roinn na Gaeilge agus díriú ar na staitisticí sin a fheabhsú thar thréimhse réasúnta. Leis an athrú treo a thiocfaidh i bhfeidhm ar mheasúnú an ábhair sna scrúduithe teistiméireachta go luath is tráthúil an t-am é le plean uaillmhianach a leagadh amach le cur le seasamh na Gaeilge sa scoil agus le sásamh a bhronnadh ar fhoghlaimeoirí agus ar mhúinteoirí i bpróiseas an teagaisc agus na foghlama.

 

 

Achoimre ar na Príomhchinntí agus Moltaí

 

Is iad seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh sa mheastóireacht:

 

·         Bhí inniúlacht Ghaeilge ag baill roinn na Gaeilge ar fad agus múinteoirí ar de bhunadh na Gaeltachta iad ina measc.

·         Sa phlé a bhí ag an gcigire leis na múinteoirí Gaeilge faoi phleanáil don ábhar bhí féinmhuinín na múinteoirí as a gcumais féin agus fonn chun feabhsúcháin a chur i bhfeidhm san ábhar do mhúinteoirí agus do

      scoláirí in uachtar.

·         Tá iarrachtaí na múinteoirí leis an líon scoláirí a thugann faoin mbonnleibhéal a choimeád chomh híseal agus is féidir le moladh.

·         Déantar iarratas ar scoláireachtaí Gaeltachta thar ceann na scoláirí faoi scéim an Choiste Ghairmoideachais agus tá iarratas breise á dhéanamh faoi scéim scoláireachtaí Gaeltachta an Chumainn Lúthchleas

      Gael.

·         Tá na socruithe do chruinnithe foirmeálta pleanála san ábhar go maith – trí nó ceithre chruinniú in aghaidh na bliana a mhaireann thart ar uair an chloig an ceann.

·         Léirigh na múinteoirí féinmhuinín sa teagasc, bhí obair chuí ar siúl leis na ranganna ar fad agus bhain ord agus eagar le bainistiú na gceachtanna.

 

 

Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint:

 

·         Teagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal (STDL) don Ghaeilge agus múinteoirí a chlárú do na cúrsaí inseirbhíse atá ar bun.

·         Athmhachnamh a dhéanamh ar an tús áite atá á bhronnadh i bplean an ábhair ar an bhfoghlaim de ghlanmheabhair mar mhodheolaíocht éifeachtach teagaisc.

·         Spriocanna teagaisc agus foghlama a leagadh amach sa phlean don ábhar atá ag teacht ar an gcéad dul síos le haidhmeanna na siollabas agus nach ar na scrúduithe amháin a dhéantar an phleanáil a dhíriú.

·         Go dtiocfadh na múinteoirí Gaeilge ar aon fhocal maidir le cur chuige chun scileanna labhartha a fhorbairt níos mó ón gcéad bhliain amach.

·         Measúnú ar labhairt na Gaeilge a chur mar chuid dhílis den mheasúnú a dhéantar ar scileanna teanga sa tsraith shóisearach a luaithe agus is féidir.

·         Machnamh a dhéanamh ar scoláirí na chéad bhliana reatha (2007/08) a chur isteach ar an mbéaltriail roghnach i scrúdú an Teastais Shóisearaigh 2010.

·         Tabhairt faoi scéimeanna nuálacha ó am go chéile leis an nGaeilge a chur chun cinn sa scoil lasmuigh den seomra ranga.

·         Clár réasúnta acmhainní agus athnuachana do roinn na Gaeilge a leagadh amach agus a chur faoi bhráid na bainistíochta ag deireadh gach bliana scoile mar aon le meastacháin ar chostas.

·         Líon na dtréimhsí don Ghaeilge ar an tráthchlár a athbhreithniú ar mhaithe le líon níos mó tréimhsí a chur ar fáil, más féidir, sa tsraith shóisearach go háirithe do rang ardleibhéal.

 

Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Gaeilge agus leis an bpríomhoide ag deireadh an meastóireachta áit ar cuireadh i láthair agus ar pléadh na dréacht-chinntí agus moltaí.

 

 

 

 

Foilsithe Samhain 2008