An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Department of Education and Science
Cigireacht Ábhair ar an nGaeilge
TUAIRISC
Meánscoil na nUrsalach
An Charraig Dhubh, Corcaigh.
Uimhir rolla: 62650P
Dátaí na cigireachta: 21-22 Eanáir 2008
Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile
Achoimre ar na Príomhchinntí agus Moltaí
Tuairisc ar Cháilíocht na Foghlama agus an Teagaisc sa Ghaeilge
Scríobhadh an tuairisc seo tar éis chigireacht ábhair i Meánscoil na nUrsalach. Leagann sé amach tátail mheasúnachta maidir le cáilíocht na foghlama agus an teagaisc sa Ghaeilge agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht seo, inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an fhoghlaim agus an teagasc, thar dhá lá. Bhí caidreamh ag an gcigire leis na scoláirí agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis na múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúcháin scríofa na múinteoirí. Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na measúnachta don phríomhoide agus do na múinteoirí Gaeilge.
Léiríodh dearcadh dearfach i leith na Gaeilge i Meánscoil na nUrsalach. Tá ardchaighdeán Gaeilge ag formhór mór na múinteoirí agus tá tuiscint mhaith acu ar a mbíonn i gceist le múineadh na dara teanga. Léiriú air seo is ea cumas na scoláirí, de réir a n-acmhainne, i dtuiscint agus i labhairt na Gaeilge.
Tacaíonn an tráthchlár le foghlaim agus le teagasc na Gaeilge. Ranganna ilchumais a bhíonn ann sa chéad bhliain. Sruthaítear na scoláirí ó thaobh cumais de ón dara go dtí an séú bliain agus tionóltar ranganna Gaeilge na rang-ghrúpaí seo ag an am céanna chun gur féidir le scoláirí bogadh ó leibhéal amháin go dtí leibhéal eile de réir mar is gá. Moladh go mbainfí triail as scoláirí na hidirbhliana a chur i ranganna ilchumais leis toisc nach dtagann an córas sruthaithe le fealsúnacht oideachasúil an chláir.
Tá díolúine ó staidéar na Gaeilge ag seisear scoláire is tríocha. Tá deacrachtaí foghlama ag aon duine dhéag de na scoláirí seo agus is eachtrannaigh iad an fuílleach. Tá scoláirí a bheadh i dteideal díolúine ach a bheartaíonn ar staidéar foirmeálta a dhéanamh ar an nGaeilge. Tá moladh ag dul do na múinteoirí as na scoláirí seo a spreagadh agus as an gcúnamh breise a thugann siad dóibh.
Tá an Ghaeilge feiceálach mórthimpeall na scoile sa mhéid go bhfuil comharthaí sealadacha Gaeilge curtha ar crochadh. Tugadh moladh do na múinteoirí as a gcuid acmhainneachta i dtaca leis seo. Ar an ábhar céanna moladh go ndéanfadh bainistíocht iarracht ar roinnt Gaeilge a chur ar stáiseanóireacht na scoile, sa dialann scoile agus ar an gcomhartha lasmuigh den scoil ar a mbeidh ainm na scoile amach anseo. Moladh leis go n-úsáidfí roinnt Gaeilge sa chomhfhreagras scríofa a dheineann an scoil le tuismitheoirí.
Is mór an tsuim a chuireann na múinteoirí i bhforbairt a gcuid scileanna gairmiúla agus fáiltíonn siad roimh dheiseanna ar fhreastal ar cheardlanna oiliúna agus ar éisteacht le haoi-chainteoirí. Tuigeann siad an tábhacht a ghabhann le bheith ar an eolas maidir lena bhfuil á chleachtadh agus á chur chun cinn go náisiúnta. Chomh maith leis seo, aithníonn siad an deis a chruthaíonn teacht le chéile foirmeálta chun cleachtas ranga agus ábhair eile a phlé le múinteoirí ó scoileanna eile. Údar díomá is ea é gur chaill siad an deis chun freastal ar cheardlann de chuid na seirbhíse tacaíochta don Gaeilge a bhí ann le déanaí. Moladh go seachnófaí a leithéid amach anseo trí dhuine ar leith díobh a ainmniú mar chomhfhreagraí le gníomhairí seachtracha.
Buntáiste ar leith a bhaineann le córas na scoile seo, ina mbíonn a seomra féin ag múinteoir, ná gur féidir leis an múinteoir pé cruth is mian léi a chur ar an seomra. Tá fáil ag múinteoirí ar théipthaifeadáin/sheinnteoirí dlúthdhioscaí agus ar uasteileagóirí, áiseanna atá riachtanach do mhúinteoirí teanga ach go háirithe. Chomh maith le téipthaifeadán/seinnteoir dlúthdhioscaí dá gcuid féin a bheith ag múinteoirí, moladh go mbeadh teacht furasta acu go léir ar theilifís, ar uasteileagóir agus ar sheinnteoir DVDanna. Moladh chomh maith go mbeadh teacht furasta ag múinteoirí agus ag scoláirí ar ríomhairí atá ceangailte den idirlíon chun go bhféadfaí dul i mbun taighde nó cleachtadh a fháil ar a bheith ag clóscríobh i nGaeilge. Cé go bhfuil seomra teangacha sa scoil tugadh le tuiscint nach minic a bhaineann lucht na Gaeilge leas as toisc nach bhfuil bogearra oiriúnach acu go fóill. Moladh go gcuirfí an scéal seo ina cheart agus go dtabharfaí scoláirí ann idir an dá linn chun na suímh idirlín Ghaeilge a thaispeáint dóibh, chun iad a chur i mbun taighde agus chun cleachtadh a thabhairt dóibh ar scil na clóscríbhneoireachta.
Tagann múinteoirí le chéile chun plé a dhéanamh ar chúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge sa scoil. I measc na n-ábhar a ndeintear plé orthu áirítear scrúduithe comónta, roghnú téacsleabhar, scagadh scoláirí agus pleanáil. Cruinniú foirmeálta amháin in aghaidh na bliana a bhíonn ag múinteoirí agus tugadh le tuiscint gur deacair dóibh ar fad freastal leanúnach a dhéanamh ar an gcruinniú seo toisc go dtionóltar cruinnithe a bhaineann leis na hábhair eile a mhúineann siad ag an am céanna. Cuireann líon íseal na gcruinnithe seo teorainn leis an raon ábhar ar féidir leo plé foirmeálta a dhéanamh orthu. Moladh go bhfeabhsófaí an soláthar seo ar mhaithe leis an gcomhphleanáil agus leis an malartú cleachtais a thabhairt ar aghaidh.
Eagraítear imeachtaí seach-churaclaim ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn. Tugtar scoláirí go dtí drámaí agus tacaítear leo agus iad ag cur isteach ar mhaoiniú chun freastal ar choláistí Gaeilge. Cuireann roinnt scoláirí isteach ar chomórtais fhilíochta agus óráidíochta Feis Maitiú.
Tá comhad pleanála ag roinn na Gaeilge ina bhfuil ráiteas misin na scoile, ráiteas misin don Ghaeilge, léargas ar struchtúir tacaíochta na scoile, nótaí ó cheardlanna, cóipeanna de shiollabais agus pleananna fadtéarmacha don ábhar. D’eascair an cháipéisíocht seo ón gcomhphleanáil agus ón gcomhphlé atá déanta ag múinteoirí go dtí seo. Míníodh dóibh an tábhacht a bhaineann leis an gcomhad seo mar léargas ar a bhfuil ar siúl sa scoil i dtaca leis an nGaeilge. Is dá bharr seo a moladh go mbeadh liosta ann de na hacmhainní ar fad atá ar fáil sa scoil a bhféadfadh múinteoirí Gaeilge leas a bhaint astu. Ní miste a thuiscint nach fearas teicniúil amháin atá i gceist ach luaschártaí, grianghraif, téacsanna dílse, bileoga oibre, físeáin, cluichí agus mar sin de.
Tugadh le tuiscint gur beag den chomhphleanáil fhoirmeálta ar bhonn na roinne uile atá tarlaithe go dtí seo de bharr easpa ama (féach Soláthar don Ábhar agus Tacaíocht Scoile Uile). Moladh go dtosnódh múinteoirí aonair ar a gcuid saineolais féin a roinnt lena gcomhleacaithe. Ba chóir go mbeadh caint agus comhphlé ag cruinnithe ar an gcleachtas ranga, ar na cuspóirí foghlama atá leagtha síos do gach téarma agus ar impleachtaí ábhar na gceardlann oiliúna ar an bpróiseas foghlama agus teagaisc. Iarradh ar mhúinteoirí miontuairiscí na gcruinnithe a bhreacadh síos agus iad a chur ar aghaidh go dtí bainistíocht na scoile. Meabhraíodh dóibh leis an gá a bhíonn le hathbhreithniú rialta a dhéanamh ar bhaint amach na gcuspóirí foghlama a sainíodh ag tús an téarma/na bliana. Moladh do mhúinteoirí na moltaí seo a thriail leis an gcéad bhliain agus leis an idirbhliain i dtús báire trí chlár feidhmiúil teanga a leagadh síos dóibh ina leagtar béim ar leith ar fhorbairt na ceithre scil teanga.
Tugann gach múinteoir faoin pleanáil aonair agus chuir an chuid is mó acu a gcuid fillteán pearsanta ar fáil. Ba léir ó na ranganna a breathnaíodh go raibh dianmhachnamh déanta ag a bhformhór mór ar chéimeanna na gceachtanna a bhí le múineadh, ar an gcaoi ab éifeachtaí chun ábhar an cheachta a chur i láthair na scoláirí, ar na hacmhainní a mbainfidís leas astu agus ar na gníomhaíochtaí a chuirfidís ar siúl. Cleachtas den scoth is ea é seo. Mar threoir dóibh agus iad ag pleanáil ceachtanna amach anseo iarradh orthu na struchtúir teanga a bhfuiltear ag súil leis go ndéanfaidh scoláirí sealbhú orthu a shainiú roimh ré agus iarracht a dhéanamh ar na ceithre scil teanga a chomhtháthú sa chleachtadh a dheintear ar ionnramháil na struchtúr seo.
Ba í an Ghaeilge a bhí i dtreis i dtromlach na ranganna ar tugadh cuairt orthu. Sna cásanna seo ba í an Ghaeilge an meán teagaisc agus dhein na scoláirí sáriarracht ar fhreagraí a sholáthar agus tuairimí a nochtadh i nGaeilge. Tugadh suntas do mhuinín na scoláirí seo agus iad ag labhairt na Gaeilge. Tá moladh ag dul dá gcuid múinteoirí as an gcumas labhartha agus an mhuinín seo a chothú iontu. Tugadh le tuiscint go n-éilítear caighdeán ard oibre ó scoláirí agus tá a rian sin le haithint ar an líon íseal scoláirí a thugann faoin gcúrsa bonnleibhéil.
Bhí eitic mhaith oibre agus atmaisféar na cúirtéise le sonrú i bhformhór na ranganna a breathnaíodh. Bhí fonn ar an gcuid ba mhó de na scoláirí páirt a ghlacadh in imeachtaí an cheachta agus sna cásanna seo bhí toradh fónta foghlama le haithint ar an obair.
Tá a seomraí féin ag na múinteoirí Gaeilge rud a éascaíonn stóráil acmhainní agus a chuireann ar chumas an mhúinteora timpeallacht foghlama spreagúil a chruthú. Tugadh moladh do chrot na seomraí ranga, go mór mór don chaoi ina bhfuil mórán díobh maisithe le cairteanna agus le póstaeir. Comharthaí eolais agus cnuasaigh focal is mó a bhí curtha ar crochadh. Moladh do mhúinteoirí níos mó d’obair na scoláirí féin a chur ar taispeáint. D’fhéadfaí, cuir i gcás, obair ealaíne a thacódh leis an bhfoghlaim nó leis an dteagasc a chur ar crochadh nó cairteanna ar a mbeadh nathanna cainte nó mórphointí na saothar litríochta, nó, samplaí d’obair scríofa na scoláirí féin.
I measc na n-acmhainní ar baineadh leas astu bhí bileoga oibre, téacsleabhair, uasteileagóirí, léaráidí agus téipthaifeadán. Chuir úsáid na n-acmhainní seo le héagsúlacht na ngníomhaíochtaí a cuireadh ar bun. Aontaíonn na múinteoirí leis an tuairim go mbíonn gá le raon gníomhaíochtaí a chur ar siúl le linn ceachta chun an rang a choimeád beo. Is dá bharr seo a moladh dóibh breis leasa a bhaint as ábhar beo ar nós grianghraf ó irisleabhar nó as bróisiúir eolais. Ar an ábhar céanna moladh dóibh oiread tascanna idirghníomhacha agus is féidir a chur ar bun: obair bheirte, grúpobair, suirbhéanna, cluichí teanga agus obair thaighde, cuir i gcás. Meabhraíodh dóibh nár mhiste sprioc chinnte a cheangal de na tascanna seo chun go mbeadh toradh fónta ar an obair.
Deineadh plé ar réimse leathan ábhar sna ranganna. Saothair litríochta a bhí á bplé i mórán de na ceachtanna a breathnaíodh. Léirigh na scoláirí tuiscint mhaith ar phríomhphointí na saothar seo. Ba léir óna gcuid rannpháirtíochta go raibh tuairimí acu i leith na saothar agus bhí an téarmaíocht agus an stór focal acu chun na tuairimí seo a chur in iúl. Ceol, an t-earrach agus an scoil a bhí á bplé i ranganna eile. Ba dheacair don mhúinteoir cuid de na scoláirí a spreagadh chun plé a dhéanamh ar na hábhair seo agus moladh dóibh réimse de thascanna beaga feidhmiúla a thabhairt dóibh a dhéanfadh treisiú ar an teanga a bhí á cleachtadh.
I gcás nó dhó deineadh tagairt do chruinneas na Gaeilge trí mhórphointí gramadaí a chomhtháthú go héifeachtach sa cheacht teanga. Glactar leis go forleathan gurb é an cur chuige comhtháite an chaoi is fearr chun na ceithre scil teanga a fhorbairt i bhfoghlaimeoirí agus is éifeachtaí fós mar chur chuige é nuair a dhírítear aird na bhfoghlaimeoirí ar úsáid fheidhmiúil na gramadaí.
Breathnaíodh ar chóipleabhair agus ar fhillteáin na scoláirí. Tá cuid mhaith ceachtanna scríofa comhlíonta agus iad ceartaithe ag na múinteoirí. I gcás na ranganna teistiméireachta tá taithí mhaith faighte ag scoláirí ar fhreagairt na gceisteanna ar na scrúdpháipéir agus tugann aiseolas an mhúinteora le tuiscint dóibh cad é an caighdeán atá á ghnóthú acu.
Tá córas measúnaithe i bhfeidhm ina n-áirítear trialacha ranga agus scrúduithe tí. Deintear iarracht ar na ceithre scil teanga a mheas oiread agus is féidir.
Scrúduithe comónta a bhíonn sna scrúduithe tí oiread agus is féidir. Tionóltar na scrúduithe seo um Nollaig agus sa samhradh. Deineann na scoláirí teistiméireachta réamhscrúduithe san earrach freisin. Is maith ann iad na mórscrúduithe seo mar thaithí ar bhainistíocht ama, ar leagan amach scrúdpháipéar agus ar rúibricí na státscrúduithe.
Fágtar faoin múinteoir é más mian léi cumas labhartha a cuid scoláirí féin a mheas. Sa chás go gcuirtear scrúdú foirmeálta cainte ar scoláirí, áirítear an marc seo san iomlán a bhronntar sna mórscrúduithe. Sa chás nach n-éiríonn le múinteoir scrúdú foirmeálta a chur ar scoláirí, moladh go mbronnfaí marc ar an iarracht a dheineann an scoláire ar an nGaeilge a labhairt sa rang.
Bíonn measúnú leanúnach i gceist sa mhéid go mbronntar marc dhá uair sa bhliain ar phoncúlacht, iompar agus ar thinreamh an scoláire. Deineadh an moladh go n-áireofaí obair bhaile mar cheann eile de na táscairí.
Eagraítear cruinnithe idir tuismitheoirí agus múinteoirí uair sa bhliain agus seoltar tuairisc abhaile dhá uair sa bhliain chun a chinntiú go bhfuil na rannpháirtithe ar fad ar an eolas i dtaobh an dul chun cinn atá déanta/á dhéanamh.
Is iad seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh le linn na meastóireachta:
· Léiríodh dearcadh dearfach i leith na Gaeilge sa scoil.
· Tá ardchaighdeán Gaeilge ag formhór mór na múinteoirí Gaeilge.
· Tugadh suntas do chumas na scolairí i labhairt na Gaeilge.
· Tá suim ar leith ag múinteoirí i bhforbairt a gcuid scileanna mar theagascóirí agus tá tuiscint mhaith acu ar a mbíonn i gceist le múineadh na dara teanga. Fáiltíonn siad le hionchur ó aoi-chainteoirí agus d’fháiltigh siad roimh an gcuairt cigireachta mar dheis chun plé a dhéanamh ar an gcleachtas ranga.
· Tá a seomraí féin ag na múinteoirí agus tá gach iarracht déanta acu ar thimpeallacht spreagúil foghlama a chruthú.
· Eagraítear raon imeachtaí seach-churaclaim chun tacú leis an nGaeilge.
· Bhí pleanáil chuimsitheach déanta ag an gcuid ba mhó de na múinteoirí faoi réir na gceachtanna a breathnaíodh.
· Bhí an Ghaeilge i dtreis i bhformhór na ranganna ar tugadh cuairt orthu agus bhí eitic mhaith oibre le sonrú iontu.
· Baineadh leas as raon acmhainní agus cuireadh gníomhaíochtaí éagsúla ar siúl le linn ceachtanna.
· Cuireadh obair bheirte ar bun i roinnt ranganna.
· Bhain ábhar na gceachtanna le raon suime agus taithí na scoláirí. Léirigh na scoláirí tuiscint mhaith ar na hábhair seo agus bhí sé de mhuinín acu agus de chumas iontu a gcuid tuairimí a chur in iúl.
· Deineadh cúram do chruinneas na Gaeilge i roinnt ceachtanna.
· Tugtar obair scríofa do scoláirí ar bhonn rialta.
· Tá córas cuimsitheach measúnaithe i bhfeidhm sa scoil a choimeádann na rannpháirtithe ar fad ar an eolas i dtaobh dul chun cinn an scoláire.
Deintear na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint:
· Moltar go mbeadh teacht go héasca ag múinteoirí Gaeilge ar théipthaifeadán/sheinnteoir dlúthdhioscaí agus ar acmhainní ilmheán.
· Moltar go bhfeabhsófaí an soláthar do chruinnithe um phleanáil ábhair.
· Moltar go leagfadh múinteoirí amach cuspóirí comónta foghlama sna scéimeanna bliantúla agus go ndéanfaidís comhphlé ar na straitéisí a chuirfidh siad i bhfeidhm sa rang chun na cuspóirí seo a bhaint amach.
· Moltar go n-áireofaí cumas labhartha gach scoláire sa mheasúnú a dheintear orthu.
Eagraíodh cruinniú leis na múinteoirí Gaeilge agus leis an bpríomhoide mar ar cuireadh i láthair agus mar ar pléadh na dréachtchinntí agus na moltaí thuas.
Foilsithe, Meitheamh 2008