An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Department of Education and Science
Cigireacht Ábhair ar an nGaeilge
TUAIRISC
Pobalscoil na hAbhann Móire
Lios Mór Mochuda, Contae Phort Láirge
Uimhir rolla: 91509E
Dátaí na cigireachta: 28ú – 29ú Samhain 2007
Soláthar
an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile
Achoimre
ar na Príomhchinntí agus Moltaí
Tuairisc ar Cháilíocht na Foghlama agus an Teagaisc sa Ghaeilge
Scríobhadh an tuairisc seo tar éis chigireacht ábhair i bPobalscoil na hAbhann Móire. Leagann sé amach tátail mheasúnachta maidir le cáilíocht na foghlama agus an teagaisc sa Ghaeilge agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht seo, inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an fhoghlaim agus an teagasc, thar dhá lá. Bhí caidreamh ag an gcigire leis na scoláirí agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis na múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúcháin scríofa na múinteoirí. Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na measúnachta don phríomhoide, don phríomhoide tánaisteach agus do na múinteoirí Gaeilge.
Cailíní agus buachaillí a dheineann freastal ar Phobalscoil na hAbhann Móire, scoil ina dtugann gach ball de phobal na scoile tacaíocht láidir do chur chun cinn na Gaeilge. Níl an scoil ar an bhfód ach le ceithre bliana agus is suntasach a bhfuil déanta ag na múinteoirí Gaeilge go dtí seo chun seasamh na Gaeilge i saol na scoile a dhaingniú. Is mór an chabhair é an Ghaeilge a bheith ag bainistíocht shinsearach na scoile agus iad an-bháidhiúil leis an teanga agus leis an gcultúr Gaelach.
Tugann an clár ama tacaíocht mhaith don Ghaeilge sa mhéid is go gcinntítear teagmháil rialta leis an nGaeilge do gach foghlaimeoir. Chomh maith leis seo, eagraítear ranganna Gaeilge na rang-ghrúpaí ón dara go dtí an séú bliain ag an am céanna chun gur féidir le scoláirí bogadh ó leibhéal amháin go dtí leibhéal eile más gá.
Tá a seomraí féin ag formhór na múinteoirí. Tá ríomhaire i ngach ceann de na seomraí seo agus bíonn teacht ar theileagóir sonraí, ach é a lorg. Is gluaiseacht de chuid na scoile uile é an bhéim a leagtar ar úsáid Theicneolaíocht na Faisnéise (TF) agus tugtar deis do mhúinteoirí na scileanna cuí a fhorbairt i dtaca leis seo. Tá leabharlann sa scoil agus bhí athchoiriú á dhéanamh uirthi aimsir na cigireachta. Tugadh le tuiscint go bhfuil cnuasach leabhar Gaeilge ag an scoil ach iad pas beag seanaimseartha mar ábhar léitheoireachta do dhéagóirí an lae inniu. Moladh go gcuirfí le bailiúchán leabhar Gaeilge na leabharlainne trí chóipeanna de ghearrscéalta, d’úrscéalta agus de dhrámaí nua-aimseartha a chur ar fáil ann.
Tá díolúine ag beirt scoláire is daichead ó staidéar na Gaeilge. Tá deacrachtaí foghlama ag ochtar is fiche de na scoláirí seo agus is eachtrannaigh iad an fuílleach. Tugadh le tuiscint go bhfuil líon na scoláirí a bhfuil díolúine acu ag dul i méid. Moladh go gcoimeádfaí súil ghéar, ó bhliain go bliain, ar líon na ndíolúintí agus go ndéanfaí gach iarracht ar bhlaiseadh éigin den Ghaeilge agus den chultúr Gaelach a chinntiú dóibh siúd nach ndeineann staidéar foirmeálta ar an nGaeilge.
Is minic a thugtar an deis do mhúinteoirí teacht le chéile ar bhonn foirmeálta chun nithe a bhaineann leis an nGaeilge a phlé. De bhreis air seo, tá sé de nós acu bualadh lena chéile go neamhfhoirmeálta nuair is gá. I measc na n-ábhar cainte a bhíonn acu le linn cruinnithe áirítear scrúduithe, scagadh scoláirí, dáileadh múinteoirí, roghnú téacsleabhar agus imeachtaí seach-churaclaim. Cuirtear cóip de mhiontuairiscí na gcruinnithe seo ar aghaidh go dtí bainistíocht na scoile.
Tá an Ghaeilge feiceálach mórthimpeall na scoile agus tuairiscítear go dtapaítear oiread deiseanna agus is féidir chun go mbeadh sí le cloisteáil sa scoil freisin. Tá Clár na bhFógraí Gaeilge curtha ar crochadh ar a mbíonn eolas ar imeachtaí éagsúla Gaeilge agus tionóltar ciorcal comhrá do lucht na chéad bhliana am lóin. Is mór-ócáid do phobal uile na scoile í Seachtain na Gaeilge tráth a eagraítear oíche chultúrtha mar aon le comórtais éagsúla. Is nós le scoláirí áirithe dul chun na Gaeltachta sa samhradh agus mar thaca leis seo deineann múinteoirí iad a spreagadh le cur isteach ar scoláireachtaí de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael. Bronntar bonn óir agus duais airgid ar Ghaeilgeoir na Bliana ag ócáid bhliantúil bhronnadh na nduaiseanna. Tá moladh ar leith tuillte ag na múinteoirí ar fad as an am agus as an bhfuinneamh a chaitheann siad le cur chun cinn na Gaeilge in imeachtaí seach-churaclaim.
Is iomaí togra atá curtha ar bun sa scoil a thugann le tuiscint gur suntasach an plé a dheineann múinteoirí, go neamhfhoirmeálta, ar shlite ar a bhféadfaí an Ghaeilge a chur chun cinn le linn ranganna agus taobh amuigh díobh. Ta comhad pleanála ag an Roinn ina bhfuil cóipeanna de shiollabais éagsúla, scéimeanna bliantúla rang-ghrúpaí áirithe agus miontuairiscí cruinnithe. Moladh go ndéanfaí an t-eolas ar fad a bhaineann leis an nGaeilge a thaifead i gcomhad na Gaeilge, go mór mór aon cháipéisíocht a eascraíonn as an gcomhphlé a dheintear ar straitéisí foghlama agus teagaisc: a bhfuil pléite acu maidir leis an múinteoireacht i bpáirt atá á thriail sa séú bliain i mbliana, cuir i gcás. Dúradh le múinteoirí go mba chóir go mbeadh teacht lárnach ar nótaí ó cheardlanna oiliúna nó ó aoichainteoirí agus ar an gcomhphlé a dheineann siad ar na seisiúin chéanna.
B’fhónta an toradh ar an gcomhphleanáil é dá n-áireofaí spriocanna teanga sna cuspóirí a leagtar síos do na rang-ghrúpaí éagsúla. Chomh maith leis seo, deineadh an moladh go ndéanfaí comhphlé ar an gcaoi is éifeachtaí chun na spriocanna teanga seo a bhaint amach agus go gcoimeádfaí cúntas foirmeálta ar an éispeireas foghlama a ghabh le cur i bhfeidhm na straitéisí ar baineadh leas astu.
Moladh eile a deineadh ná go ndéanfaí plean na hidirbhliana a fhorbairt trí chlár sainiúil teanga a dhearadh ina dtabharfaí tús áite d’úsáid fheidhmiúil phraiticiúil na Gaeilge. Cuireadh i gcuimhne do mhúinteoirí nár mhiste athbhreithniú rialta a dhéanamh ar bhaint amach chuspóirí na bpleananna éagsúla.
Ba léir ón gcáipéisíocht a cuireadh ar fáil gur mór an dua a chaitheann múinteoirí áirithe leis an bpleanáil aonair. B’iomaí duine díobh a raibh riar maith dá nótaí pearsanta acu agus ba mhór mar a chuaigh an phleanáil chríochnúil ar chéimeanna an cheachta, bíodh gníomhaíochtaí nó úsáid acmhainní i gceist, i bhfeidhm ar an dtaithí foghlama. Tugadh ardmholadh do dhíograis na múinteoirí seo. Tugadh suntas ar leith don nós atá ag múinteoir amháin nóta a bhreacadh ar conas a d’éirigh leis an gceacht – na dúshláin a bhí le sárú nó seifteanna/gníomhaíochtaí ar éirigh go maith leo. Deineadh moladh láidir go ndéanfadh gach múinteoir, agus ceachtanna á bpleanáil acu, dianmhachnamh ar na gnéithe den teanga a ndéanfar cleachtadh orthu le linn an cheachta agus ar na gníomhaíochtaí a chuirfear ar siúl chun go ndéanfaidh na scoláirí sealbhú ar an teanga de réir a n-acmhainne.
Bhí atmaisféar na cúirtéise le brath sna ranganna ar fad ar tugadh cuairt orthu, léiriú ar an gcaidreamh maith atá cothaithe ag múinteoirí leis na scoláirí atá faoina gcúram. Léiriú eile ar an gcaidreamh dearfach seo ab ea an chaoi inar thug na scoláirí ar fad faoi ghníomhaíochtaí éagsúla na gceachtanna le fonn agus le díograis. Tá moladh tuillte ag na scoláirí ar fad as an sáriarracht a dhein siad ar a bheith rannpháirteach sna ceachtanna.
Bhí an Ghaeilge i dtreis sna ranganna ar fad a breathnaíodh go háirithe sa mhéid gurbh í an Ghaeilge an meán teagaisc. Ba léir cleachtadh a bheith ag roinnt mhaith scoláirí ar an nósmhaireacht seo: thuig siad treoracha an mhúinteora agus bhí ar chumas cuid mhaith díobh freagraí, a bhí cuimsitheach go maith dá raon cumais, a sholáthar i nGaeilge. Tá moladh ag dul do na múinteoirí úd a bhfuil éirithe leo an mhuinín agus an cumas cainte seo a chothú sna scoláirí faoina gcúram. Ba chóir go mbeadh scoláirí uile na scoile ar an dtuiscint gur i nGaeilge amháin a thugann múinteoirí Gaeilge treoracha agus gur i nGaeilge is cóir dóibh féin ceisteanna a chur, soiléiriú a lorg agus freagraí a sholáthar, chomh mór agus is féidir, le linn an ranga. Ní miste do mhúinteoirí Gaeilge é seo a chur in iúl ar theacht isteach chun na scoile do scoláirí na chéad bhliana chomh maith lena chinntiú go bhfuil an Ghaeilge a bhíonn ag teastáil chuige seo sealbhaithe acu go luath sa scoilbhliain.
Cuireadh formhór na gceachtanna i láthair go críochnúil. Ba léir a gcur chuige féin a bheith forbartha ag tromlach na múinteoirí agus taithí, dá bharr, ag na scoláirí ar chórais oibre na ranganna. I gcás amháin, bhí beirt mhúinteoirí ag obair i gcomhpháirt agus plé á dhéanamh sa rang ar chúrsaí ceoil. Seo togra atá á thriail i mbliana agus maítear gur ar chumas labhartha na scoláirí is mó a leagtar béim le linn na ranganna seo. Moladh an chaoi inar éirigh le múinteoirí, tríd is tríd, raon gníomhaíochtaí a chur ar siúl chun mórspriocanna na gceachtanna a bhaint amach. Meabhraíodh do gach múinteoir an fhíorthábhacht a bhaineann le sainspriocanna teanga an cheachta a shainaithint agus an ceacht á phleanáil acu. Is ina fhianaise seo a moladh go mbeadh spriocanna teanga sainithe ag múinteoirí i gcás gach ceachta agus go ndéanfaidís breithiúnas ag deireadh an cheachta ar bhaint amach na spriocanna a leag siad síos: is é sin leibhéal sealbhaithe na scoláirí ar na gnéithe den teanga a bhí á gcleachtadh a mheas.
Tá na seomraí Gaeilge maisithe go tarraingteach le cairteanna ar a bhfuil obair na scoláirí, cnuasaigh focal, léaráidí de mhórphointí na saothar litríochta, pointí teanga agus mar sin de. Tugadh ardmholadh d’iarracht na múinteoirí ar thimpeallacht spreagúil foghlama a chruthú. Cuireadh i gcuimhne do mhúinteoirí an fiúntas a bhaineann le cairteanna ar a bhfuil na struchtúir teanga is coitianta ar taispeáint a úsáid mar áis thagartha agus ábhair éagsúla á bplé.
I measc na n-áiseanna ar baineadh leas astu bhí bileoga oibre, grianghraif, bróisiúir, bileoga eolais, míreanna léitheoireachta, an téacsleabhar, an téipthaifeadán, an clár bán, an teileagóir sonraí agus ríomhairí. Baineadh leas éifeachtach as na hacmhainní seo chun gnéithe nua den teanga a chur i láthair agus chun caint, tuairimíocht agus idirphlé a spreagadh. Ba mhór mar a chuaigh an leas a baineadh as TF i bhfeidhm ar an eispéireas foghlama agus teagaisc. I gcás amháin deineadh plé ar ghrianghraif a bhí ar láithreán idirlín agus i gcás eile soilsíodh radhairc tíre éagsúla ar chlár idirghníomhach fad is a seinneadh ceol a chuir atmaisféir na suíomh seo i dtuiscint don rang.
Ar an iomlán, bhí ceangal téamúil ag baint leis an teanga a bhí á cleachtadh agus na gníomhaíochtaí a cuireadh ar bun le linn ceachtanna. B’iad an obair ghrúpa agus an obair bheirte na himeachtaí idirghníomhacha ba mhó a cuireadh ar bun. Chruthaigh na gníomhaíochtaí seo mórán deiseanna ar an gcaint agus ar an gcomhoibriú chomh maith le treisiú a dhéanamh ar a raibh foghlamtha sa chuid fhoirmeálta den cheacht. Is cleachtas inmholta é seo. Cuireadh i gcuimhne do mhúinteoirí nár mhiste tasc cinnte a thabhairt do scoláirí agus iad i mbun tascanna idirghníomhacha chun go dtuigfidís go bhfuiltear ag súil le toradh fónta ar an obair. Smaoineamh eile a cuireadh faoina mbráid ná go leathnóidís rogha na n-imeachtaí idirghníomhacha trí bhreis úsáide a bhaint as cluichí teanga, suirbhéanna ranga, tionscnaimh thaighde agus tascanna praiticiúla eile dá leithéid.
Bhain ábhair na gceachtanna le raon suime agus taithí na scoláirí. I measc na n-ábhar ar deineadh plé orthu bhí cúrsaí spóirt, coirmeacha ceoil, seomraí an tí agus taithí oibre. I gcás na ranganna inar pléadh saothair litríochta tugadh suntas don chaoi ina raibh sé ar chumas na scoláirí a gcuid tuairimí i leith na saothar a nochtadh. Tá moladh tuillte ag múinteoirí as aitheantas a thabhairt do thuairimí agus do thaithí na scoláirí agus ábhair éagsúla á bplé sa rang. Is cinnte go gcuireann sé go mór leis an eispéireas foghlama. Is dá bharr seo a iarradh ar mhúinteoirí deimhin a dhéanamh de go bhfuil na huirlisí ag na scoláirí ar fad chun iad féin a chur in iúl; ‘sé sin go bhfuil ar a gcumas briathra agus múnlaí cainte a ionramháil chomh maith leis an stór cuí focal (nó téarmaí) a bheith sealbhaithe acu.
Breathnaíodh ar obair scríofa na scoláirí. Chomh maith leis na nótaí ranga atá breactha acu tá mórán ceachtanna scríofa déanta acu agus iad ceartaithe ag múinteoirí. Bhí ceachtanna áirithe clóscríofa agus iad cnuasaithe i bhfoirm tionscnaimh. I gcás scoláirí na hArdteiste bhí marcanna bronnta ar an obair chun go dtuigfí an caighdeán atá á ghnothú. Moladh do gach múinteoir iachall a chur ar scoláirí na mórbhotúin teanga a cheartú agus am a chaitheamh sa rang leis seo de réir mar is cuí.
Tá polasaí measúnaithe ag an scoil a leagann amach na córais éagsúla atá i bhfeidhm chun dul chun cinn na scoláirí a thomhas agus chun na rannpháirtithe ar fad a choimeád ar an eolas.
Tugtar obair bhaile do na scoláirí ar bhonn rialta agus deineann múinteoirí monatóireacht ar chaighdeán na hoibre seo tríd an obair scríofa a cheartú agus trí cheistiú le linn ranganna. Bíonn sé de nós ag múinteoirí áirithe marc a bhronnadh, de réir scéimeanna marcála na státscrúduithe, ar obair scríofa na scoláirí teistiméireachta. Moladh go leathnófaí an cleachtas seo chun go dtuigfeadh na scoláirí ar fad a dheineann státscrúdú i Mí an Mheithimh an caighdeán atá á ghnóthú acu i gcaitheamh na scoilbhliana céanna.
Is cuid fhoirmeálta den chóras measúnaithe é an measúnú leanúnach agus bíonn tríocha faoin gcéad de mharc iomlán mórscrúduithe na Nollag agus an tsamhraidh ag dul do nithe cosúil leis an iarracht a dheintear sa rang, obair bhaile nó obair thionscnaimh. Is cleachtas inmholta é seo agus moladh go ndéanfaí deimhin de go mbeadh céadatán cinnte ag dul don iarracht a dheintear ar an nGaeilge a labhairt sa rang. Ní hamháin go dtugann a leithéid le tuiscint do scoláirí go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le forbairt a gcuid scileanna cainte ach is seift éifeachtach é chun labhairt na Gaeilge a spreagadh.
Tionóltar mórscrúduithe aimsir na Nollag agus sa samhradh. Tugann na scoláirí teistiméireachta faoi réamhscrúduithe san earrach. Is maith ann iad na scrúduithe seo chun cleachtadh a thabhairt do scoláirí ar bhainistíocht ama, ar leagan amach scrúdpháipéar agus ar rúibricí na státscúduithe. Chomh maith le scrúduithe scríofa agus cluastuisceana, cuirtear scrúdú cainte ar scoláirí na cúigiú agus na séú bliana, cleachtas atá inmholta. Tá sé i gceist ag múinteoirí tástáil fhoirmeálta a dhéanamh ar chumas labhartha scoláirí na chéad bhliana agus tá plé á dhéanamh ar an gcur chuige is fearr chuige seo.
Is iomaí slí ina dtugtar aiseolas do scoláirí agus dá dtuismitheoirí ar dhul chun cinn scoláirí. Seoltar tuairiscí abhaile ceithre huaire sa bhliain ina mbíonn marc nó grád agus nóta beag ón múinteoir. Baintear leas as dialann phearsanta na scoláirí chun comhfhreagras a dhéanamh le múinteoirí agus eagraítear cruinnithe idir tuismitheoirí agus múinteoirí uair sa bhliain.
Is iad seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh le linn na meastóireachta:
· Is mór atá déanta ó bhunadh na scoile chun seasamh láidir a chinntiú don Ghaeilge i saol na scoile.
· Tugann an clár ama tacaíocht mhaith don Ghaeilge.
· Tá teacht ag múinteoirí ar a lán áiseanna a thacaíonn le foghlaim agus le teagasc na Gaeilge, go mór mór áiseanna TF.
· Is nós leis na múinteoirí Gaeilge teacht le chéile go minic chun cúrsaí a phlé.
· Tá gach iarracht déanta ar an nGaeilge a bheith le cloisteáil agus le feiceáil mórthimpeall na scoile.
· Eagraítear raon imeachtaí seach-churaclaim chun an Ghaeilge a chur chun cinn.
· Ba chríochnúil agus ba chuimsitheach an phleanáil aonair a bhí déanta ag roinnt mhaith múinteoirí.
· Ghlac na scoláirí ar fad páirt ghníomhach in imeachtaí na ranganna agus tá moladh ag dul dóibh as an gcaighdeán Gaeilge atá bainte amach acu de réir a n-acmhainne.
· Cuireadh formhór na gceachtanna i gcrích go céimniúil córasach. Cruthaíodh deiseanna ar chleachtadh scileanna cumarsáide agus bhí toradh fónta, ó thaobh na foghlama de, le haithint ar na gníomhaíochtaí seo ag deireadh na gceachtanna.
· Bhí idirghníomhaíocht idir na scoláirí, i bhfoirm obair bheirte nó grúpobair, ar siúl i ngach rang a breathnaíodh.
· Baineadh leas éifeachtach as áiseanna chun gnéithe nua den teanga a chur i láthair agus chun caint agus comhoibriú idir na scoláirí a spreagadh.
· Tá na seomraí Gaeilge maisithe go tarraingteach ar mhaithe le timpeallacht spreagúil foghlama a chruthú.
· Tá córas cuimsitheach measúnaithe i bhfeidhm a thugann aitheantas don dul chun cinn a dheineann scoláirí i gcás gach scil teanga.
Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint:
· Moltar go mbeadh sé de nós ag múinteoirí cuspóirí foghlama, go mór mór spriocanna teanga, gach ceachta a shainiú roimh an gceacht agus, machnamh a dhéanamh i ndiaidh an cheachta ar bhaint amach na gcuspóirí seo.
· Moltar go ndéanfaí clár na hidirbhliana a fhorbairt trí bhreis béime a leagadh ar úsáid fheidhmiúil na Gaeilge. Ba chóir go mbeadh an cur chuige cumarsáideach mar phríomh-mhodh teagaisc agus an clár seo á chur i bhfeidhm.
Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Gaeilge, leis an bpríomhoide agus leis an bpríomhoide tánaisteach ag deireadh na meastóireachta mar ar cuireadh i láthair agus mar ar pléadh na dréachtchinntí agus na moltaí thuas.
Foilsithe Meitheamh 2008